4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/1


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/382 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Márta 2022

lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit a bhfuil na daoine sin a ghlacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann sin (1), agus go háirithe Airteagal 5 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Feabhra 2022, sheol fórsaí armtha na Rúise ionradh mórscála ar an Úcráin ag roinnt áiteanna isteach ó Chónaidhm na Rúise, ón mBealarúis agus ó limistéir laistigh den Úcráin nach bhfuil faoi smacht an rialtais.

(2)

Dá thoradh sin, tá roinnt mhaith limistéar ar chríoch na hÚcráine atá anois ina limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha ar siúl, limistéir as ar theith na mílte nó as a bhfuil siad ar a dteitheadh.

(3)

Tar éis an ionraidh, lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, cháin an Chomhairle Eorpach a láidre is féidir, ina conclúidí an 24 Feabhra 2022, an fogha míleata a thug an Rúis gan cúis gan údar faoin Úcráin, agus cuireadh i dtábhacht gur sárú tromchúiseach é ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. D’éiligh an Chomhairle Eorpach go n-urramódh an Rúis iomláine críche, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear an ceart atá ag an Úcráin a cinniúint féin a roghnú. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin gur ar rialtas na Rúise atá an fhreagracht iomlán as an bhfogha a thug sé, fogha is cúis le fulaingt dhaonna agus bás daoine, agus go dtabharfar chun cuntais é as a chuid gníomhaíochtaí. I ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach smachtbhannaí breise, d’éiligh sí go leanfaí ar aghaidh leis an obair ar ullmhacht ar gach leibhéal agus d’iarr sí ar an gCoimisiún bearta teagmhasacha a chur ar aghaidh.

(4)

Léirigh an tAontas a thacaíocht dhaingean, agus leanfaidh sé dá thacaíocht dhaingean a léiriú don Úcráin agus dá saoránaigh, agus iad ag déileáil le fogha ó Chónaidhm na Rúise nach bhfacthas a leithéid riamh. Is cuid d’fhreagairt an Aontais ar an mbrú imirce a d’eascair as ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin an Cinneadh seo.

(5)

Tá impleachtaí ag an gcoinbhleacht don Aontas cheana féin, lena n-áirítear an dóchúlacht go mbeidh brú mór imirce ag a theorainneacha thoir de réir mar a théann an choinbhleacht ar aghaidh. Faoin 1 Márta 2022, bhí breis agus 650 000 duine easáitithe tagtha isteach san Aontas ón Úcráin tríd an bPolainn, an tSlóvaic, an Ungáir agus an Rómáin. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an líon seo.

(6)

Liostaítear an Úcráin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 (2), agus tá náisiúnaigh na hÚcráine díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180-lá. Ar bhonn na taithí a fuarthas ó iarmhairtí ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol arna déanamh ag an Rúis in 2014, agus ón gcogadh in oirthear na hÚcráine, tá coinne leis gur i gcás leath de na hÚcránaigh a thiocfaidh isteach san Aontas, agus iad ag tairbhiú den taisteal gan víosa le haghaidh gearrfhanachtaí, beidh siad ag teacht le chéile le baill teaghlaigh nó ag lorg fostaíochta san Aontas Eorpach, ach beidh an leath eile díobh ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta. Ag brath ar an gcaoi a bhforbróidh an choinbhleacht, ar bhonn na meastachán reatha, is dócha go mbeidh líon an-mhór daoine easáitithe ag teacht go dtí an tAontas, idir 2,5 milliún agus 6,5 milliún duine, b'fhéidir, mar thoradh ar an gcoinbhleacht armtha, agus meastar go mbeadh idir 1,2 milliún agus 3,2 milliún duine as an méid sin ag lorg cosaint idirnáisiúnta. Measann Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhféadfadh, sa chás is measa, suas le 4 mhilliún duine teitheadh ón Úcráin.

(7)

Léiríonn na figiúirí sin gur dócha go mbeidh ar an Aontas déileáil le staid inarb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin nach féidir leo filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh mar gheall ar an bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin. Ba dhóchúil go mbeadh t-insreabhadh chomh mór sin go bhfuil baol soiléir ann nach mbeidh córais tearmainn na mBallstát in ann na daoine a bheidh tar éis teacht isteach a phróiseáil gan drochéifeachtaí a bheith ann dá n-oibriú éifeachtúil, do leasanna na daoine lena mbaineann nó do leasanna dhaoine eile a bhfuil cosaint á iarraidh acu.

(8)

Sheol na Náisiúin Aontaithe Flais-Achainí Daonnúil le haghaidh riachtanais chosanta agus chúnamh san Úcráin, agus Plean Freagartha Réigiúnach um Dhídeanaithe le haghaidh na hÚcráine lena gcuirtear sonraí ar fáil maidir leis an líon daoine atá i ngátar agus na daoine a mbeidh an cúnamh dírithe orthu.

(9)

Chuir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe fáilte roimh an tacaíocht a léirigh roinnt Ballstát maidir leis an gcosaint shealadach dá bhforáiltear i Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú chun dídean láithreach sealadach a chur ar fáil san Aontas, agus chun é a dhéanamh níos éasca an fhreagracht as daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a roinnt i measc na mBallstát.

(10)

Chun freagairt ar an staid sin, ba cheart a shuí gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe de réir bhrí Threoir 2001/55/CE, chun cosaint shealadach a chur ar fáil dóibh.

(11)

Is é is cuspóir don Chinneadh seo cosaint shealadach a thabhairt isteach le haghaidh náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhfuil cónaí orthu san Úcráin agus ar easáitíodh iad an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin mar thoradh ar ionradh míleata fhórsaí armtha Rúiseacha a thosaigh ar an dáta sin. Ba cheart cosaint shealadach a thabhairt isteach freisin le haghaidh náisiúnaigh tríú tír nach ón Úcráin dóibh, a easáitíodh ón Úcráin an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin, agus a raibh stádas dídeanaí nó cosaint choibhéiseach acu roimh an 24 Feabhra 2022. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach aontacht na dteaghlach a chaomhnú agus stádais éagsúla i measc baill éagsúla den teaghlach céanna a sheachaint. Dá bhrí sin, ní mór cosaint shealadach a thabhairt isteach do bhaill teaghlaigh na ndaoine sin, i gcás ina raibh a dteaghlaigh san Úcráin cheana, agus ina gcónaí san Úcráin, tráth na n-imeachtaí ba chúis leis an insreabhadh ollmhór daoine easáitithe.

(12)

Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh chun cosaint a thabhairt do dhaoine gan stát, agus do náisiúnaigh tríú tíortha nach ón Úcráin dóibh, a bhfuil cruthúnas acu go raibh cónaí dlíthiúil orthu san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe bailí a eisíodh i gcomhréir le dlí na hÚcráine, agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha. Ba cheart an chosaint sin a thabhairt tríd an gCinneadh seo a fheidhmiú ina leith nó trí chosaint leordhóthanach eile faoin dlí náisiúnta, a bheidh le cinneadh ag gach Ballstát. Ba cheart dóibh siúd ar mian leo tairbhe a bhaint as an gcosaint a bheith in ann a chruthú go bhfuil na critéir incháilitheachta á gcomhlíonadh acu trí na doiciméid ábhartha a thíolacadh do na húdaráis inniúla sa Bhallstát lena mbaineann. Mura bhfuil siad in ann na doiciméid ábhartha a thíolacadh, ba cheart do na Ballstáit iad a atreorú chuig an nós imeachta iomchuí.

(13)

I gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, féadfaidh na Ballstáit cosaint shealadach a leathnú chuig gach duine gan stát eile nó chuig gach náisiúnach tríú tír eile seachas an Úcráin a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil san Úcráin agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha. D’fhéadfadh a bheith san áireamh leis na daoine sin náisiúnaigh tríú tír a bhí ag déanamh staidéir nó a bhí ag obair san Úcráin ar bhonn gearrthéarmach tráth na n-imeachtaí ba chúis leis an insreabhadh ollmhór daoine easáitithe. I gcás ar bith, ba cheart na daoine sin a ligean isteach san Aontas ar fhorais dhaonnúla gan ceanglas a bheith orthu, go háirithe, víosa bailí a bheith ina seilbh acu nó cóir mhaireachtála leordhóthanach nó doiciméid taistil bhailí a bheith acu, d’fhonn gluaiseacht shábháilte a áirithiú dóibh chun go bhfillfidh siad ar a dtír nó a réigiún tionscnaimh.

(14)

Féadfaidh na Ballstáit cosaint shealadach a leathnú chuig catagóirí breise de dhaoine easáitithe seachas iad sin a bhfuil feidhm ag an gCinneadh seo maidir leo, i gcás ina n-easáitítear na daoine sin ar na cúiseanna céanna agus ón tír chéanna nó ón réigiún tionscnaimh céanna dá dtagraítear sa Chinneadh seo. Sa chás sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún láithreach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mholadh do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí an chosaint shealadach a leathnú chuig na daoine sin a theith ón Úcráin tráth nach fada roimh an 24 Feabhra 2022 agus an teannas ag dul i méid nó a bhí i gcríoch an Aontais (e.g. ar laethanta saoire nó ar chúiseanna oibre) díreach roimh an dáta sin agus nach féidir leo, mar thoradh ar an gcoinbhleacht armtha, filleadh ar an Úcráin.

(15)

Tugtar d'aird gur chomhaontaigh na Ballstáit i ráiteas nach gcuirfidh siad Airteagal 11 de Threoir 2001/55/CE i bhfeidhm.

(16)

Is í an chosaint shealadach an ionstraim is iomchuí sa chás reatha. I bhfianaise a neamhghnáiche agus a eisceachtúla atá an staid, lena n-áirítear ionradh míleata Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus scála insreabhadh ollmhór daoine easáitithe, ba cheart, leis an gcosaint shealadach, go gceadófaí dóibh leas a bhaint as cearta comhchuibhithe ar fud an Aontais, ar cearta iad a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Táthar ag súil go rachaidh sé chun tairbhe do na Ballstáit freisin cosaint shealadach a thabhairt isteach, toisc gur i ngeall ar na cearta a ghabhann le cosaint shealadach, ní bheidh an oiread gá ag na daoine easáitithe cosaint idirnáisiúnta a lorg láithreach agus, ar an gcaoi sin, ní bheidh a gcórais tearmainn á sárú, mar go mbeidh na foirmiúlachtaí á laghdú go dtí an méid is lú mar gheall ar phráinn na staide. Thairis sin, tá sé de cheart ag náisiúnaigh na hÚcráine, agus iad ina dtaistealaithe atá saor ó cheanglas víosa, gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas tar éis dóibh a bheith ligthe isteach sa chríoch ar feadh tréimhse 90 lá. Ar an mbonn sin, is féidir leo an Ballstát a roghnú ar mian leo leas a bhaint as na cearta a ghabhann leis an gcosaint shealadach ann agus is féidir leo teacht le chéile lena dteaghlach agus lena gcairde ar fud na líonraí diaspóra suntasacha atá ann faoi láthair ar fud an Aontais. Go praiticiúil, cabhróidh sé sin le cothromaíocht na n-iarrachtaí idir Ballstáit, agus laghdófar an brú ar chórais ghlactha náisiúnta dá réir. A luaithe a bheidh cead cónaithe eisithe ag Ballstát i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, cé go mbeidh sé de cheart ag an duine atá faoi chosaint shealadach taistil laistigh den Aontas ar feadh 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá, níor cheart dó a bheith in ann leas a bhaint as na cearta a thagann as an gcosaint shealadach ach amháin sa Bhallstát a d’eisigh an cead cónaithe. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag Ballstát cinneadh a dhéanamh cead cónaithe a eisiúint, tráth ar bith, do dhaoine atá faoi chosaint shealadach faoin gCinneadh seo.

(17)

Tá an Cinneadh seo i gcomhréir le scéimeanna cosanta sealadacha náisiúnta agus d’fhéadfaí é a chur i bhfeidhm i gcomhlántacht leo, a bhféadfaí a mheas go bhfuil Treoir 2001/55/CE á cur chun feidhme acu. Má tá scéim náisiúnta ag an mBallstát atá níos fabhraí ná na socruithe a leagtar amach i dTreoir 2001/55/CE, ba cheart don Bhallstát a bheith in ann leanúint dá cur i bhfeidhm, toisc go bhforáiltear leis an Treoir sin go bhféadfaidh na Ballstáit coinníollacha níos fabhraí le haghaidh daoine atá cumhdaithe faoi chosaint shealadach a ghlacadh nó a choinneáil ar bun. Mar sin féin, más rud é nach bhfuil an scéim náisiúnta chomh fabhrach céanna, ba cheart don Bhallstát na cearta breise dá bhforáiltear i dTreoir 2001/55/CE a áirithiú.

(18)

Le Treoir 2001/55/CE, tugtar aird chuí ar na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú, toisc go gceadaíonn sí do na Ballstáit duine easáitithe a eisiamh ó chosaint shealadach i gcás ina bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ann lena mheas go ndearna an duine: coir in aghaidh na síochána, coir chogaidh, nó coir in aghaidh na daonnachta, mar a shainítear sna hionstraimí idirnáisiúnta a tarraingíodh suas chun foráil a dhéanamh i ndáil leis na coireanna sin; go ndearna sé coir thromchúiseach neamhpholaitiúil lasmuigh den Bhallstát glactha sular ligeadh isteach é sa Bhallstát sin mar dhuine atá faoi chosaint shealadach; nó go bhfuarthas ciontach é i ngníomhartha atá contrártha do chuspóirí agus do phrionsabail na Náisiún Aontaithe. Leis an Treoir, ceadaítear do na Ballstáit freisin duine easáitithe a eisiamh ó chosaint shealadach i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an duine ina chontúirt do shlándáil an Bhallstáit óstaigh nó ina chontúirt do phobal an Bhallstáit óstaigh.

(19)

Agus cosaint shealadach á cur ar fáil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaítear, leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta na ndaoine atá faoi chosaint shealadach, na ceanglais a leagtar síos in acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(20)

Leis an gCinneadh, ba cheart don Aontas a bheith in ann comhordú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an acmhainneacht ghlactha sna Ballstáit chun gníomhaíocht a dhéanamh agus tacaíocht bhreise a chur ar fáil de réir mar is gá. Le Treoir 2001/55/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhoibriú le chéile agus faisnéis a mhalartú chun cur chun feidhme na cosanta sealadaí a éascú. Ba cheart é sin a dhéanamh trí ‘Ardán Dlúthpháirtíochta’ trína malartaíonn na Ballstáit faisnéis maidir lena n-acmhainneachtaí glactha agus maidir le líon na ndaoine atá faoi chosaint shealadach ar a gcríocha. Go dtí seo, ar bhonn na faisnéise a thuairiscigh roinnt Ballstát i gcomhthéacs an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéime i ndáil leis an Imirce, is 310 000 áit atá i gceist leis na hacmhainneachtaí glactha, de bhreis ar acmhainneacht ionsúcháin an diaspóra ón Úcráin a bhfuil cónaí orthu san Aontas. Chun críoch an mhalartaithe faisnéise sin, ba cheart don Choimisiún ról comhordúcháin a bheith aige. Ina theannta sin, bunaíodh ardáin éagsúla le blianta beaga anuas d’fhonn comhar a áirithiú idir na Ballstáit, arb é an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéime i ndáil leis an Imirce (i gcomhréir le Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún (4)) an líonra is iomchuí don chomhar riaracháin dá bhforáiltear i dTreoir 2001/55/CE. Ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú freisin le feasacht staide choiteann de chuid an Aontais trí fhaisnéis ábhartha a roinnt trí bhíthin shocruithe na freagartha comhtháite polaitiúla ar ghéarchéimeanna (5). Ba cheart dul i gcomhairle leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i gcás inarb ábhartha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe.

(21)

I gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, maidir le fad na cosanta sealadaí, ba cheart tréimhse tosaigh aon bhliana amháin a bheith i gceist léi. Mura rud é go bhfoirceannfar í faoi théarmaí Airteagal 6(1), pointe (b), den Treoir sin, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse sin go huathoibríoch, le tréimhsí sé mhí, ar feadh aon bhliana amháin ar a mhéad. Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus athbhreithniú leanúnach ar an staid. Féadfaidh sé a mholadh don Chomhairle, tráth ar bith, deireadh a chur leis an gcosaint shealadach, más rud é gurb amhlaidh atá an staid san Úcráin go bhféadfar na daoine a dtugtar cosaint shealadach dóibh a chur ar ais go sábháilte marthanach, nó féadfaidh sé a mholadh go gcuirfeadh an Chomhairle síneadh bliana amháin ar a mhéad leis an gcosaint shealadach.

(22)

Chun críoch Airteagal 24 de Threoir 2001/55/CE, ba cheart an tagairt don Chiste Eorpach um Dhídeanaithe a bunaíodh le Cinneadh 2000/596/CE ón gComhairle (6) a léamh mar thagairt don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Tabharfar tacaíocht airgeadais ó Chistí an Aontais d’iarrachtaí uile na mBallstát na hoibleagáidí a eascraíonn as an gCinneadh seo a chomhlíonadh. Féadfaidh sásraí éigeandála agus solúbthachta laistigh de Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 cistí a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais éigeandála shonracha laistigh de na Ballstáit. Ina theannta sin, táthar tar éis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (8) a ghníomhachtú (9). Tríd an Sásra sin, féadfaidh na Ballstáit earraí a iarraidh atá ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais na ndaoine easáitithe ón Úcráin atá i láthair ar a gcríoch agus féadfaidh siad tairbhiú de chómhaoiniú chun an cúnamh sin a sholáthar.

(23)

Ó glacadh Treoir 2001/55/CE, bunaíodh roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, nó neartaíodh sainorduithe na ngníomhaireachtaí a bunaíodh roimhe sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), d’fhonn faireachán agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an staid. Ina theannta sin, ba cheart do Frontex, don Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) agus do Europol tacaíocht oibríochtúil a thabhairt do na Ballstáit a d’iarr cúnamh chun cabhrú leo dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, lena n-áirítear chun an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm.

(24)

Urramaíonn an Cinneadh seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(25)

Tá Éire faoi cheangal ag Treoir 2001/55/CE agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(26)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(27)

I bhfianaise a phráinní atá cúrsaí faoi láthair, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Suitear leis seo gurb ann d’insreabhadh ollmhór isteach san Aontas de dhaoine easáitithe a raibh orthu an Úcráin a fhágáil mar thoradh ar choinbhleacht armtha.

Airteagal 2

Na daoine a bhfuil feidhm ag an gcosaint shealadach maidir leo

1.   Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir leis na catagóirí daoine seo a leanas, ar daoine iad a easáitíodh ón Úcráin an 24 Feabhra 2022 nó dá éis sin, mar thoradh ar an ionradh míleata a rinne fhórsaí armtha na Rúise a thosaigh ar an dáta sin:

(a)

náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhí ina gcónaí san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022;

(b)

daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin, a thairbhigh de chosaint idirnáisiúnta nó de chosaint náisiúnta choibhéiseach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022; agus,

(c)

baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Cinneadh seo i bhfeidhm nó cuirfidh siad cosaint leordhóthanach i bhfeidhm faoina ndlí náisiúnta, i ndáil le daoine gan stát, agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin, ar féidir leo a chruthú go raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe bailí arna eisiúint i gcomhréir le dlí na hÚcráine, agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2001/55/CE, féadfaidh na Ballstáit an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le daoine eile, lena n-áirítear daoine gan stát agus náisiúnaigh tríú tíortha seachas an Úcráin, a bhí ina gcónaí go dleathach san Úcráin agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh, ar choinníollacha sábháilte marthanacha.

4.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), measfar gur cuid de theaghlach iad na daoine seo a leanas, a mhéid a bhí an teaghlach i láthair nó ina chónaí cheana san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022:

(a)

céile duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) nó (b), nó an páirtí neamhphósta i gcaidreamh seasmhach, i gcás ina ndéileáiltear i reachtaíocht nó i gcleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar dhóigh is inchomparáide leis an dóigh a ndéileáiltear le lánúineacha pósta faoina dhlí náisiúnta maidir le heachtrannaigh;

(b)

maidir le duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) nó (b) nó a chéile nó a céile, a leanaí mionaoiseacha neamhphósta sin, gan idirdhealú i dtaobh ar rugadh de chuing an phósta iad, nó ar uchtaíodh iad;

(c)

garghaolta eile a bhí ina gcónaí le chéile mar chuid den aonad teaghlaigh tráth na n-imthosca a bhaineann leis an insreabhadh ollmhór daoine easáitithe, ar garghaolta iad a bhí ag brath go hiomlán nó go formhór ar an duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) nó (b) an tráth sin.

Airteagal 3

Comhar agus faireachán

1.   Chun críocha Airteagal 27 de Threoir 2001/55/CE, úsáidfidh na Ballstáit an Líonra AE um Ullmhacht Imirce agus Bainistiú Géarchéimeanna i gcomhréir le Moladh (AE) 2020/1366. Ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú freisin le feasacht staide choiteann de chuid an Aontais trí fhaisnéis ábhartha a roinnt trí na socruithe trí bhíthin na freagartha comhtháite polaitiúla ar ghéarchéimeanna (IPCR)

2.   Déanfaidh an Coimisiún an comhar agus an malartú faisnéise a chomhordú idir na Ballstáit, go háirithe i ndáil le faireachán a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí glactha i ngach Ballstát agus maidir le haon ghá le tacaíocht bhreise a shainaithint.

Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), faireachán agus athbhreithniú leanúnach ar an staid, agus úsáid á baint aige as an Líonra AE um Ullmhacht Imirce agus Bainistiú Géarchéimeanna.

Ina theannta sin, tabharfaidh Frontex, EUAA agus Europol tacaíocht oibríochtúil do na Ballstáit a iarrann cúnamh orthu chun dul i ngleic leis an staid, lena n-áirítear chun an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann le hImirce (IO L 317, 1.10.2020, lch. 26).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).

(6)  Cinneadh 2000/596/CE ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2000 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe (IO L 252, 6.10.2000, lch. 12).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).

(9)  Ón 28 Feabhra 2022, an tSlóvaic.