|
25.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 46/95 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/306 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Feabhra 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(2) |
Ba cheart an iontráil do dhuine éagtha amháin a scriosadh. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. PANNIER-RUNACHER
IARSCRÍBHINN
Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
|
32. |
Mohammed Makhlouf. |