5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 462/3 |
TUAIRIM ÓN GCOIMISIÚN
an 1 Nollaig 2022
a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as an Halla Ullmhúcháin Iompair (Saoráid Stórála Dramhaíola Radaighníomhaí agus Iarmhair Radaighníomhaigh), atá suite ar shuíomh ghléasra cumhachta núicléiche Grohnde i Stát Cónaidhme na Sacsaine Íochtaraí, an Ghearmáin
(is é an téacs sa Ghearmáinis amháin atá barántúil)
(2022/C 462/02)
Déantar an measúnú thíos faoi fhorálacha Chonradh Euratom, gan dochar d’aon mheasúnú breise atá le déanamh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná do na hoibleagáidí a eascraíonn as agus as an reachtaíocht thánaisteach (1).
An 24 Feabhra 2022, fuair an Coimisiún Eorpach ó Rialtas na Gearmáine, i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chonradh Euratom, na Sonraí Ginearálta a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí (2) a eascraíonn as an “Halla Ullmhúcháin Iompair le haghaidh dramhaíl radaighníomhach agus iarmhair radaighníomhacha” (TBH).
Ar bhonn na sonraí sin agus na faisnéise breise a d’iarr an Coimisiún an 25 Bealtaine 2022 agus a chuir údaráis na Gearmáine ar fáil an 11 Iúil 2022 agus an 15 Iúil 2022 agus tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe, dhréachtaigh an Coimisiún an tuairim seo a leanas:
1. |
Is é 160 km an t-achar ón suíomh go dtí an teorainn is gaire do Bhallstát eile, sa chás seo an Ísiltír. |
2. |
Le linn gnáthdhálaí oibríochtúla, ní scaoilfidh an Halla Ullmhúcháin Iompair (saoráid stórála) eisiltigh radaighníomhacha leachtacha nó ghásacha isteach sa chomhshaol. Dá bhrí sin, ní bheidh an tsaoráid sin faoi réir údarú um urscaoileadh rialála maidir le heisiltigh den sórt sin. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeidh an tsaoráid ina cúis le nochtadh an daonra i mBallstát eile, a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i leith na dteorainneacha dáileoige a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta (3). |
3. |
Aistreofar dramhaíl radaighníomhach sholadach thánaisteach chuig Gléasra Cumhachta Núicléiche Grohnde (KWG) nó seolfar chuig saoráidí cóireála ceadúnaithe í. |
4. |
I gcás scaoileadh neamhphleanáilte eisilteach radaighníomhach a d’fhéadfadh tarlú tar éis na dtionóiscí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta, ní bheadh na dáileoga is dócha a gheobhaidh daonra Ballstáit eile suntasach ó thaobh na sláinte de, i leith na leibhéal tagartha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha. |
Mar fhocal scoir, i dtaca le cur chun feidhme an phlean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí i cibé foirm a eascraíonn as an Halla Ullmhúcháin Iompair (TBH, saoráid stórála le haghaidh dramhaíl radaighníomhach agus iarmhair radaighníomhacha), atá suite ar shuíomh Ghléasra Cumhachta Núicléiche Grohnde (KWG) i Stát Cónaidhme na Sacsaine Íochtaraí, an Ghearmáin, sa ghnáthoibriú agus i gcás tionóiscí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta araon, tá an Coimisiún den tuairim nach dócha go mbeidh an cur chun feidhme sin ina chúis le héilliú radaighníomhach a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte, an uisce, na hithreach nó an aerspáis i mBallstát eile de, i leith na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Sábháilteachta Bhunúsacha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) Mar shampla, faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart measúnú breise a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil. Mar sin de, ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar fhorálacha Threoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE; ar Threoir 2001/42/CE maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol, agus ar Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú agus ar Threoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.
(2) Diúscairt dramhaíola radaighníomhaí de réir bhrí phointe 1 de Mholadh 2010/635/Euratom ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37 de Chonradh Euratom (IO L 279, 23.10.2010, lch. 36).
(3) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).