27.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 461/30


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2307 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le doiciméid agus fógraí a cheanglaítear le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 39(2), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 43(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848, féadfar táirge a allmhairiú ó thríú tír chun an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú. Dá bhrí sin, is gá rialacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh oibreoirí áirithe san Aontas i leith coinsíneachtaí ar an teacht isteach san Aontas agus tar éis coinsíneacht nó cuid de choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas. Is iad na hoibreoirí sin na hallmhaireoirí a chuireann an choinsíneacht i láthair lena scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas nó oibreoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, agus na céadchoinsínithe agus na coinsínithe a gheobhaidh an choinsíneacht nó cuid den choinsíneacht.

(2)

D’fhonn córas rialuithe oifigiúla a eagrú ar choinsíneachtaí lena n-áirithítear inrianaitheacht, ba cheart don allmhaireoir réamhfhógra a thabhairt don údarás inniúil agus dá údarás rialaithe nó dá chomhlacht rialaithe féin maidir le teacht isteach coinsíneachta tríd an bhfaisnéis ábhartha maidir leis an deimhniú cigireachta dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (2).

(3)

Ina theannta sin, is gá rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir lena mbeidh i sliocht an deimhnithe cigireachta agus, chomh maith leis sin, maidir leis na modhanna teicniúla trína mbeidh sé le heisiúint.

(4)

Ba cheart don allmhaireoir, don chéadchoinsíní agus don choinsíní an deimhniú cigireachta nó sliocht an deimhnithe cigireachta a sholáthar arna iarraidh sin do na húdaráis rialaithe nó do na comhlachtaí rialaithe. Is gá oibleagáidí breise a leagan síos a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le háireamh ag an allmhaireoir, ag an gcéadchoinsíní agus ag an gcoinsíní, faoi seach, sa tuairisc ar an aonad táirgthe orgánach nó ar an aonad atá á thiontú dá dtagraítear in Airteagal 39(1), pointe (d)(i), de Rialachán (AE) 2018/848.

(5)

Chun a áirithiú go ndéantar obair leantach cheart ar chásanna neamhchomhlíontachta, maidir le faisnéis faoi aon neamhchomhlíonadh amhrasta nó neamhchomhlíonadh a shuitear a bheith ann le linn an fhíoraithe a dhéanann údarás inniúil Ballstáit ar choinsíneacht, ba cheart í a chomhroinnt idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus úsáid á baint as Córas Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí.

(6)

I ndáil leis an deimhniú páipéir cigireachta agus leis an sliocht páipéir as deimhnithe cigireachta, a fhormhuinítear ar pháipéar le síniú lámhscríofa i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, is gá ceanglais idirthréimhseacha a leagan síos chun go n-úsáidfidh an céadchoinsíní agus an coinsíní deimhniú den sórt sin agus sleachta astu, chomh maith leis an gceanglas chun go mbeidh deimhniú den sórt sin agus sleachta astu ag gabháil leis na hearraí chuig áitreabh an chéadchoinsíní agus an choinsíní.

(7)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na dearbhuithe agus an chumarsáid ó allmhaireoirí, ó oibreoirí atá freagrach as na coinsíneachtaí, ó chéadchoinsínithe agus ó choinsínithe chun táirgí a allmhairiú ó thríú tíortha chun na táirgí sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú; agus

(b)

an fógra ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le neamhchomhlíonadh amhrasta coinsíneachtaí nó neamhchomhlíonadh coinsíneachtaí a shuitear a bheith ann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “allmhaireoir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhunaítear san Aontas agus atá faoi réir an chórais rialaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848, a chuireann an choinsíneacht i láthair lena scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas as féin, nó trí ionadaí;

(2)

ciallaíonn ‘oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht’, chun críocha Airteagal 6(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 (3) ón gCoimisiún, an t-allmhaireoir nó duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a chuireann an choinsíneacht i láthair ag an bpoist rialaithe teorann thar ceann an allmhaireora;

(3)

ciallaíonn “céadchoinsíní” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhunaítear san Aontas agus atá faoi réir an chórais rialaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848 a ndéanann an t-allmhaireoir an choinsíneacht a sheachadadh air tar éis na scaoilte i saorchúrsaíocht agus a fhaigheann í chun tuilleadh ullmhúcháin agus/nó margaíochta a dhéanamh uirthi;

(4)

ciallaíonn “coinsíní” duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá faoi réir an chórais rialaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848 a ndéanann an t-allmhaireoir an bhaisc a fhaightear tar éis coinsíneacht a dheighilt a sheachadadh air tar éis na scaoilte i saorchúrsaíocht agus a fhaigheann í chun tuilleadh ullmhúcháin nó margaíochta a dhéanamh uirthi;

(5)

ciallaíonn “coinsíneacht” coinsínseacht, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (37), de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), de tháirgí a bheartaítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú; i gcás táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú, áfach, agus atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún (5), ciallaíonn sé cainníocht táirgí faoi chód Ainmníochta Comhcheangailte amháin nó níos mó, a chumhdaítear le deimhniú cigireachta aonair, a iompraítear leis an modh iompair céanna agus a allmhairítear ón tríú tír chéanna.

Airteagal 3

Réamhfhógra maidir le teacht isteach

1.   Maidir le gach coinsíneacht, tabharfaidh an t-allmhaireoir nó, i gcás inarb iomchuí, an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht, réamhfhógra maidir le teacht isteach na coinsíneachta ag an bpost rialaithe teorann nó ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht tríd an gcuid ábhartha den deimhniú cigireachta a líonadh isteach sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (36), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (6) agus a chur faoi bhráid na n-eintiteas seo a leanas leis an gcóras sin i gcomhréir leis an tsamhail agus leis na nótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306:

(a)

an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306;

(b)

údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an allmhaireora.

2.   Maidir le gach coinsíneacht atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, beidh feidhm ag mír 1 i dteannta na gceanglas maidir le réamhfhógra a thabhairt do na húdaráis inniúla ag na poist rialaithe teorann maidir le teacht na gcoinsíneachtaí de bhun Airteagal 56(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625.

3.   Tabharfar réamhfhógra de bhun mhír 1 i gcomhréir leis na híoscheanglais ama a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1013 ón gCoimisiún (7).

Airteagal 4

Deimhniú cigireachta agus sliocht as an deimhniú cigireachta

1.   Líonfaidh an t-allmhaireoir agus an céadchoinsíní an deimhniú cigireachta isteach in TRACES mar a leanas:

(a)

i mbosca 23 maidir le nósanna imeachta custaim speisialta, líonfaidh an t-allmhaireoir an fhaisnéis uile isteach in TRACES, seachas an fhaisnéis maidir leis an bhfíorú a dhéanann an t-údarás inniúil ábhartha;

(b)

i mbosca 24 maidir leis an gcéadchoinsíní, líonfaidh an t-allmhaireoir an fhaisnéis isteach in TRACES mura bhfuil an fhaisnéis líonta isteach ag an údarás rialaithe ná ag an gcomhlacht rialaithe sa tríú tír sula ndéanann an t-údarás inniúil an choinsíneacht a fhíorú agus an deimhniú cigireachta a fhormhuiniú; agus

(c)

maidir le bosca 31 i ndáil le dearbhú an chéadchoinsíní líonfaidh an céadchoinsíní isteach in TRACES é ag pointe glactha na coinsíneachta tar éis a scaoilte i saorchúrsaíocht.

2.   Más rud é go léirítear leis an gcinneadh a dhéantar ar an gcoinsíneacht i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 go bhfuil an choinsíneacht le scaoileadh i saorchúrsaíocht, tuairisceoidh an t-allmhaireoir uimhir an deimhnithe cigireachta sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht dá dtagraítear in Airteagal 158(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

3.   I gcás ina ndeighltear coinsíneacht i mbaisceanna éagsúla faoi mhaoirseacht custaim agus roimh an scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir le hAirteagal 6(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, líonfaidh an t-allmhaireoir isteach sliocht as an deimhniú cigireachta agus cuirfidh sé isteach trí TRACES é le haghaidh gach ceann de na baisceanna i gcomhréir leis an tsamhail agus leis na nótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Tá feidhm ag an méid céanna má dheighltear coinsíneacht i mbaisceanna éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 tar éis fhíorú agus fhormhuiniú an deimhnithe cigireachta.

Más rud é go léirítear leis an gcinneadh i ndáil le baisc a thaifeadtar i sliocht an deimhnithe cigireachta i gcomhréir le hAirteagail 6(6) agus 7(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 go bhfuil an bhaisc le scaoileadh i saorchúrsaíocht, tuairisceofar uimhir shliocht an deimhnithe cigireachta sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht dá dtagraítear in Airteagal 158(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Déanfaidh an coinsíní, ag pointe glactha baisce, bosca 13 de shliocht an deimhnithe cigireachta a líonadh isteach in TRACES, á dheimhniú cé acu, ag pointe glactha na baisce, atá nó nach bhfuil an phacáistíocht nó an coimeádán agus, i gcás inarb ábhartha, an deimhniú cigireachta i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.

4.   Is i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an bhaisc le scaoileadh i saorchúrsaíocht a tharraingeofar suas an sliocht as an deimhniú cigireachta. Féadfaidh Ballstát toiliú le tarraingt suas sleachta as na deimhnithe i dteanga oifigiúil eile den Aontas agus aistriúchán fíordheimhnithe ag gabháil leis, más gá.

Airteagal 5

Cuntais dhoiciméadacha

Arna iarraidh sin don údarás inniúil ábhartha, ag an údarás rialaithe ábhartha nó ag an gcomhlacht rialaithe ábhartha, soláthróidh an t-allmhaireoir, an céadchoinsíní nó an coinsíní an deimhniú cigireachta nó, i gcás inarb ábhartha, sliocht an deimhnithe cigireachta ina luaitear iad.

Airteagal 6

Tuairisc ar na haonaid táirgthe agus ar na gníomhaíochtaí

I gcás ina ndearbhaíonn allmhaireoir an choinsíneacht lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, i dtuairisc iomlán an aonaid táirgthe orgánaigh nó an aonaid atá á thiontú agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 39(1), pointe (d)(i), de Rialachán (AE) 2018/848, áireofar:

(a)

an t-áitreabh;

(b)

na gníomhaíochtaí, lena léirítear na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht san Aontas;

(c)

aon saoráid eile a bheartaíonn an t-allmhaireoir a úsáid chun na táirgí allmhairithe a stóráil go dtí go ndéantar iad a sheachadadh ar an gcéadchoinsíní; agus

(d)

gealltanas lena áirithiú go mbeidh aon saoráid a úsáidfear chun táirgí allmhairithe a stóráil faoi réir rialú, atá le déanamh ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe nó, i gcás ina bhfuil na saoráidí stórála suite i mBallstát nó réigiún eile, ag údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a aithnítear le haghaidh rialuithe sa Bhallstát nó sa réigiún sin.

I gcás an chéadchoinsíní agus an choinsíní, áireofar sa tuairisc na saoráidí a úsáideadh chun na coinsíneachtaí a fháil agus a stóráil.

Airteagal 7

Fógra a thabhairt maidir le neamhchomhlíonadh amhrasta nó neamhchomhlíonadh a shuitear a bheith ann

Más rud é, le linn comhlíontacht coinsíneachta a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, go ndéantar cásanna neamhchomhlíontachta amhrasta nó cásanna neamhchomhlíontachta a shuitear a bheith ann a shainaithint, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus úsáid á baint as Córas Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí (OFIS) agus as an teimpléad a leagtar amach i Roinn 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 ón gCoimisiún (9). Cuirfidh an Coimisiún an t-údarás inniúil, nó i gcás inarb ábhartha, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an tríú tír lena mbaineann ar an eolas.

Airteagal 8

Forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe páipéir cigireachta agus sleachta astu

1.   Beidh an deimhniú páipéir cigireachta a fhormhuinítear le síniú lámhscríofa i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 agus an sliocht páipéir as an deimhniú cigireachta a fhormhuinítear le síniú lámhscríofa i gcomhréir le hAirteagal 11(5) den Rialachán sin ag gabháil leis na hearraí chuig áitreabh an chéadchoinsíní nó an choinsíní.

2.   Ar an deimhniú páipéir cigireachta dá dtagraítear i mír 1 a fháil, fíoróidh an céadchoinsíní cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis a thuairiscítear sa deimhniú sin don fhaisnéis a líontar isteach sa deimhniú sin in TRACES.

Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann leis an líon pacáistí dá dtagraítear i mbosca 13 den deimhniú cigireachta agus leis an bhfaisnéis i mboscaí 16 agus 17 den deimhniú sin, i gcás nach mbeidh sí líonta isteach ar an deimhniú páipéir cigireachta, nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin éagsúil leis an bhfaisnéis a líontar isteach sa deimhniú in TRACES, ní mheasfaidh an céadchoinsíní go bhfuil an fhaisnéis líonta isteach sa deimhniú in TRACES.

3.   Tar éis an fhíoraithe dá dtagraítear i mír 2, síneoidh an céadchoinsíní an deimhniú páipéir cigireachta i mbosca 31 de lámh agus seolfaidh sé an deimhniú sin chuig an allmhaireoir a luaitear i mbosca 12 de sin.

4.   Coimeádfaidh an t-allmhaireoir an deimhniú páipéir cigireachta dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe ar feadh ar a laghad dhá bhliain.

5.   I gcás sliocht páipéir den deimhniú cigireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an coinsíní, ag pointe glactha na baisce, an sliocht páipéir sin i mbosca 13 a shíniú de lámh.

6.   Coimeádfaidh coinsíní na baisce an sliocht páipéir den deimhniú cigireachta dá dtagraítear i mír 5 ar fáil do na húdarás rialaithe agus/nó do na comhlachtaí rialaithe ar feadh ar a laghad 2 bhliain.

7.   Féadfaidh an céadchoinsíní nó, i gcás inarb ábhartha, an t-allmhaireoir cóip den deimhniú páipéir cigireachta dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh chun na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 5. Ar aon chóip den sórt sin, beidh an léiriú “CÓIP” priontáilte nó stampáilte.

8.   Féadfaidh an coinsíní nó, i gcás inarb ábhartha, an t-allmhaireoir cóip a dhéanamh de shliocht páipéir an deimhnithe cigireachta dá dtagraítear i mír 5 chun na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 5. Ar aon chóip den sórt sin, beidh an léiriú “CÓIP” priontáilte nó stampáilte.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (féach leathanach 13 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na gcásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).

(4)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na cásanna ina bhfuil táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla agus na coinníollacha faoina bhfuil na táirgí sin díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, áit na rialuithe oifigiúla le haghaidh na dtáirgí sin agus lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124 (féach leathanach 5 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1013 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2019 maidir le réamhfhógra faoi choinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas (IO L 165, 21.6.2019, lch. 8).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe agus bearta eile lena n-áirithítear inrianaitheacht agus comhlíontacht i dtáirgeadh orgánach agus i lipéadú táirgí orgánacha (IO L 62, 23.2.2021, lch. 6).


IARSCRÍBHINN

CUID I

SLIOCHT Uimh. ...........DEN DEIMHNIÚ CIGIREACHTA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ORGÁNACHA AGUS TÁIRGÍ ATÁ Á dTIONTÚ A ALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH

1.

An t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a d’eisigh an deimhniú cigireachta foluiteach

2.

Nósanna imeachta de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1):

Comhlíontacht (Airteagal 46);

Tríú tír choibhéiseach (Airteagal 48);

Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe coibhéiseach (Airteagal 57); nó

Coibhéis faoi chomhaontú trádála (Airteagal 47).

3.

Uimhir thagartha an deimhnithe cigireachta

4.

Údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe

5.

Allmhaireoir

6.

Tír thionscnaimh

7.

Tír is onnmhaireoir

8.

Post rialaithe teorann/pointe rialaithe/pointe scaoilte i saorchúrsaíocht

9.

Tír cinn scríbe

10.

Coinsíní na baisce a fuarthas ó dheighilt

11.

Tuairisc ar tháirgí

Orgánach nó atá á dtiontú Cóid AC Catagóir An líon pacáistí Uimhir luchtóige Glanmheáchan na baisce agus glanmheáchan

na coinsíneachta bunaidh

12.

Dearbhú an údaráis inniúil ábhartha a fhíoraíonn agus a fhormhuiníonn sliocht an deimhnithe.

Comhfhreagraíonn an sliocht seo don bhaisc ar a dtugtar tuairisc thuas agus a fhaightear trí choinsíneacht a dheighilt, rud a chumhdaítear le deimhniú cigireachta bunaidh le huimhir a luaitear i mbosca 3.

Le scaoileadh mar tháirgí orgánacha;

Le scaoileadh mar tháirgí atá á dtiontú;

Le scaoileadh mar tháirgí neamhorgánacha;

Ní féidir an bhaisc a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Faisnéis bhreise:

Údarás agus Ballstát:

Dáta:

Ainm agus síniú an duine údaraithe/ríomhshéala cáilithe

 

13.

Dearbhú choinsíní na baisce

Maidir leis an bpacáistíocht nó leis an gcoimeádán agus, i gcás inarb ábhartha, an deimhniú cigireachta, deimhnítear leis seo ag pointe glactha na dtáirgí gurb amhlaidh:

atá siad i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848; nó

nach bhfuil siad i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.

 

Ainm agus síniú an duine údaraithe

Dáta:

 

CUID II

NÓTAÍ CHUN SAMHAIL SHLIOCHT AN DEIMHNITHE CIGIREACHTA A LÍONADH ISTEACH

Sliocht Uimh. ….:

Comhfhreagraíonn an uimhir shleachta d’uimhir na baisce a fuarthas ón gcoinsíneacht bhunaidh a dheighilt.

Bosca 1

:

Ainm, seoladh agus cód an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe sa tríú tír a d’eisigh an deimhniú cigireachta foluiteach.

Bosca 2

:

Leis an mbosca seo léirítear forálacha Rialachán (AE) 2018/848 atá ábhartha maidir le heisiúint agus úsáid an tsleachta seo; léirigh an fhoráil ábhartha faoinar allmhairíodh an choinsíneacht fholuiteach, féach bosca 2 den deimhniú cigireachta foluiteach.

Bosca 3

:

Uimhir an deimhnithe cigireachta a shanntar go huathoibríoch don deimhniú foluiteach ag an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES).

Bosca 4

:

Ainm, seoladh agus cód an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe atá i gceannas ar na rialuithe i leith an oibreora a dheighil an choinsíneacht.

Boscaí 5, 6 agus 7

:

Féach faisnéis ábhartha maidir leis an deimhniú cigireachta foluiteach.

Bosca 8

:

Is é seo an cód alfa-uimhriúil uathúil atá sannta le TRACES don phost rialaithe teorann nó don phointe rialaithe nach post rialaithe teorann é mar a thagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó don phointe scaoilte i saorchúrsaíocht san Aontas Eorpach, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear an tír ina ndéantar rialuithe oifigiúla maidir le fíorú na baisce i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 (3) ón gCoimisiún agus ina ndéantar an cinneadh maidir leis an gcoinsíneacht a thaifead i mbosca 30 den deimhniú cigireachta.

Bosca 9

:

Ciallaíonn tír cinn scríbe tír an chéadchoinsíní san Aontas Eorpach.

Bosca 10

:

Coinsíní na baisce (a fuarthas ón deighilt) san Aontas Eorpach.

Bosca 11

:

Tuairisc ar na táirgí, lena n-áirítear:

an táscaire lena léirítear cibé acu an táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú atá iontu;

an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (4) le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann (leibhéal 8 ndigit i gcás inar féidir);

catagóir an táirge i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 (5) ón gCoimisiún;

an líon pacáistí (an líon boscaí, cartán, málaí, buicéad, etc.);

an glanmheáchan a shloinntear in aonaid iomchuí (kg glanmhais, lítear, etc.) agus an glanmheáchan a léirítear i mbosca 13 den deimhniú cigireachta foluiteach.

Bosca 12

:

Ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach le haghaidh gach ceann de na baisceanna a thagann as an oibríocht deighilte dá dtagraítear in Airteagail 6(6) agus 7(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306.

Ní mór don údarás inniúil an rogha iomchuí a roghnú agus, más gá, aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith ábhartha a chur isteach. Go háirithe, má tá an rogha ‘Ní féidir an bhaisc a scaoileadh i saorchúrsaíocht’ roghnaithe, ní mór an fhaisnéis ábhartha a sholáthar faoi ‘Faisnéis bhreise’.

I gcás ina bhfuil táirgí faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, ní mór don údarás inniúil an bosca seo a líonadh isteach ag an bpost rialaithe teorann.

Ní cheanglaítear síniú lámhscríofa an duine údaraithe ach amháin i gcás sleachta deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún.

Bosca 13

:

Ní mór don choinsíní an bosca seo a líonadh isteach ag an bpointe glactha trí rogha amháin a roghnú tar éis na seiceálacha dá bhforáiltear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a dhéanamh.

Ceanglaítear síniú lámhscríofa an choinsíní le haghaidh sleachta deimhnithe cigireachta a fhormhuinítear ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún.


(1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).

(4)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisítear d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le hallmhairiú táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).