7.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 436/26


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2156 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meán Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh a bhunú le haghaidh an heipitíteas eansótach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a rinneadh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 92(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An galar veicteoir-iompartha zónóiseach heipitíteas eansótach (RVF), galar a bhíonn ar an athchogantach fiáin agus ar an athchogantach clóis, is galar é atá ag teacht chun cinn, is víreas is cúis leis, agus d’fhéadfadh sé gur bagairt trasteorann a bheadh ann. Rátaí arda mairfeachta agus mortlaíochta mortlaíocht laonna nuabheirthe, sin í an tsaintréith a bhaineann leis an heipitíteas eansótach i gcás an athchogantaigh clóis. I gcás an duine, is ina thinneas atá cosúil le fliú a bhíonn an galar seo den chuid is mó, agus beagán de na daoine a thógann é, is féidir go dtiocfadh einceifealaíteas orthu, sin nó galar heipiteach tromchúiseach lena ngabhann comharthaí fuilreatha. Tá an heipitíteas eansótach ar liosta na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) de ghalair ainmhíocha is gá a chur in iúl (2).

(2)

I Márta 2019, d’fhoilsigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) mear-mheasúnú riosca chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol a bhí ann go dtiocfadh víreas an heipitítis eansótaigh thar tír isteach agus go scaipfeadh sé a thuilleadh laistigh den Aontas agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) i bhfianaise an mhéadaithe ar chásanna a tuairiscíodh in Mayotte (3). Is éard a tugadh chun suntais sa mheasúnú sin, cé gur baol an-bheag don Aontas agus do LEE a bhí sna ráigeanna sin ó thaobh víreas an heipitítis eansótaigh a thabhairt isteach trí thrádáil dhleathach na n-ainmhithe agus na dtáirgí ainmhíocha, is rud a bhféadfadh baol a bheith ag baint leis atá in iompar mídhleathach na feola úire, an bhainne neamhphaistéaraithe agus táirgí neamhchóireáilte de thionscnamh cogantaigh a bhfuil an víreas orthu. Is é an chonclúid ar ar tháinig ECDC, dá mba rud é go dtabharfaí an víreas isteach i gcuid na Mór-Roinne den Aontas agus de LEE, níorbh fhéidir a chur as an áireamh go dtarlódh tarchur breise veicteoir-iompartha i measc ainmhithe.

(3)

Ina theannta sin, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) tuairim eolaíoch maidir leis an heipitíteas eansótach an 23 Eanáir 2020 (4), tuairim inar cuireadh in iúl nár cheart neamhaird a thabhairt ar an mbaol go leathfadh an heipitíteas eansótach isteach i dtíortha atá i gcomharsanacht an Aontais ná ar an mbaol go dtabharfaí veicteoirí ionfhabhtaithe isteach san Aontas.

(4)

An baol atá ann go dtiocfadh an heipitíteas eansótach isteach san Aontas, is rud é a fhágann gur cheart don Aontas bearta leordhóthanacha faireachais agus rialaithe i gcoinne an ghalair sin a bhunú, rud atá i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) lena mbunaítear creat reachtach um chosc agus rialú galar liostaithe. I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (6), meastar gur galar de na catagóirí A, D agus E atá sa heipitíteas eansótach, agus gur gá a luaithe a bhraitear é dul i muinín bearta díothaithe ina leith.

(5)

Tá bearta leormhaithe um fhaireachas ar ghalar agus um chosc galair i bhfeidhm ag an Aontas i leith an heipitítis eansótaigh ionas gur cinnte go ndíothófar láithreach é má thagann sé isteach san Aontas. Chun gur bearta éifeachta a bheidh iontu feasta, ba cheart an ullmhacht iomchuí a chur leo, sin agus acmhainní a d’fhéadfaí tarraingt orthu chun an galar a chomhrac, acmhainní lena gcuirfí poitéinseal zónóiseach an ghalair san áireamh. I ndáil leis sin, meastar gur gá cumas leordhóthanach tástála saotharlainne a sholáthar, ós rud é go bhfuil ardchaighdeán an chumais tástála sin riachtanach chun na bearta faireachais agus rialaithe galar a chur chun feidhme agus a áirithiú dá bhrí sin nach dtiocfaidh an galar isteach san Aontas.

(6)

Níl saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh bunaithe ag an Aontas go fóill maidir leis an heipitíteas eansótach. Saotharlann tagartha a ainmniú, sin rud nach mór a dhéanamh ionas go mbeifear i riocht bearta faireacháin agus bearta rialála galar a chur i bhfeidhm ar bhonn eolaíoch agus ar bhealach aonchineálach ar fud chríocha an Aontais.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh maidir leis an heipitíteas eansótach a bhunú leis an Rialachán seo, saotharlann a rannchuideodh le héifeachtacht rialuithe oifigiúla a áirithiú agus le cúnamh do shaotharlanna oifigiúla a chomhordú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis seo saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh maidir leis an heipitíteas eansótach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Liosta OIE de ghalair ainmhíocha talún agus de ghalair ainmhíocha uisceacha is gá a chur in iúl (https://www.oie.int/en/what-we-do/animal-health-and-welfare/animal-diseases).

(3)  An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Mearmheasúnú riosca: Ráig den heipitíteas eansótach in Mayotte na Fraince – 7 Márta 2019. Stócólm: ECDC; 2019.

(4)  Iris EFSA 2020;18(3):6041.

(5)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 i ndáil le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí de ghalair liostaithe agus lena mbunaítear liosta de speicis agus grúpaí speiceas a bhfuil an-bhaol ann go scaipfidís na galair liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).