29.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 426/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2081 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Samhain 2021

maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí iondocsacarb, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1)(b) agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2006/10/CE ón gCoimisiún (2) áirítear iondocsacarb mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

An formheas ar an tsubstaint ghníomhach iondocsacarb, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé sin in éag an 31 Deireadh Fómhair 2022.

(4)

Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar iondocsacarb a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 28 Samhain 2016.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Rinne an tÚdarás na barúlacha a fuarthas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 15 Nollaig 2017 chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún i dtaobh an bhféadfaí coinne a bheith aige go gcomhlíonfaidh iondocsacarb na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Leasaíodh roinn éiceatocsaineolaíochta na conclúide sin in 2018 chun an measúnú riosca maidir le beacha a shoiléiriú de réir na Treorach ábhartha ón gCoimisiún Eorpach (SANCO/10329/2002-rev.2). An 15 Bealtaine 2019, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás athbhreithniú piaraí nuashonraithe maidir leis an riosca a bhaineann le hiondocsacarb do mhamaigh agus do bheacha. An 28 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an tÚdarás ráiteas i ndáil leis an athbhreithniú piaraí nuashonraithe maidir leis an riosca do mhamaigh agus do bheacha a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach iondocsacarb (7), rud a léiríodh sa dara nuashonrú ar chonclúid an Údaráis i dtaobh an bhféadfaí coinne a bheith aige go gcomhlíonfaidh iondocsacarb na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Shainaithin an tÚdarás príomhréimse imní i ndáil leis an ardriosca fadtéarmach do mhamaigh fiáine, go háirithe do mhamaigh luibhiteacha bheaga.

(10)

Ina theannta sin, sainaithníodh ardriosca do thomhaltóirí agus d’oibrithe maidir leis an úsáid ionadaíoch i leitís, agus sainaithníodh ardriosca do bheacha maidir leis an úsáid ionadaíoch i ngrán buí, i ngrán milis agus i leitís le haghaidh táirgeadh síolta.

(11)

Thairis sin, ní fhéadfaí roinnt réimsí den mheasúnú riosca a thabhairt chun críche de dheasca easpa sonraí sa sainchomhad. Ní fhéadfaí, go háirithe, an measúnú riosca do thomhaltóirí a thabhairt chun críche de dheasca easpa sonraí maidir le meitibileacht na mbarr uainíochta, sonraí maidir leis an meitibileacht in éanlaith chlóis, leis an méid iarmhar i bpríomhbharra agus i mbarra uainíochta, agus sonraí maidir le tionchar na bpróiseas cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce óil. Ina theannta sin, ní fhéadfaí an measúnú ar theagmháil screamhuisce leis an meitibilít ithreach IN-U8E24 a thabhairt chun críche de dheasca easpa sonraí maidir le díghrádú agus asúchán ithreach. Ar an dóigh chéanna, ní fhéadfaí an measúnú riosca éiceatocsaineolaíoch le haghaidh roinnt meitibilítí a thabhairt chun críche.

(12)

An 14 Samhain 2018, chuir an t-iarratasóir an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh an úsáid ionadaíoch i leitís a tharraingt siar ón iarratas ar athnuachan.

(13)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis, i leith na conclúide athbhreithnithe agus i leith an ráitis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith na dréacht-tuarascála athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(14)

Mar sin féin, d’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach a chur as an áireamh.

(15)

Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí iondocsacarb a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 20(1)(b) den Rialachán sin.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(17)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil iondocsacarb a tharraingt siar.

(18)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil iondocsacarb, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin a bheith chomh gearr agus is féidir.

(19)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1449 ón gCoimisiún (8) cuireadh síneadh le dáta éaga iondocsacarb go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh formheas na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag don dáta éaga sin lenar cuireadh síneadh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo a luaithe agus is féidir.

(20)

Leis an Rialachán seo ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir le hiondocsacarb a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(21)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí

Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí iondocsacarb a athnuachan.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 119 maidir le hiondocsacarb.

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil iondocsacarb mar shubstaint ghníomhach faoin 19 Márta 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Tréimhse chairde

Aon tréimhse cairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 19 Meán Fómhair 2022.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2006/10/CE ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun forclóirfeanúrón agus iondocsacarb a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 25, 28.1.2006, lch. 24).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(1):5140, 36 lch. doi:10.2903/j.efsa.2018.5140. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

(7)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2019. Statement on the updated peer review concerning the risk to mammals and bees for the active substance indoxacarb [Ráiteas i ndáil leis an athbhreithniú piaraí nuashonraithe maidir leis an riosca do mhamaigh agus do bheacha a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach iondocsacarb]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(10):5866, 10 lch.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1449 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, clóirmeacuat, clóratolúrón, clóifeintisín, clómasón, cipirmeitrin, daimínisíd, deiltemheitrin, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, eatafeanprocs, feanocsapróp-P, feanpróipidín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, iondocsacarb, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, sulfar, teitreaconasól, trí-alláit, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón (IO L 313, 6.9.2021, lch. 20).