29.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 426/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2077 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Samhain 2021
maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 7.366 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le L-vailín a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas. |
(3) |
Baineann an t-iarratas le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 7.366 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán atá le haicmiú sa chatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga”. |
(4) |
Sa tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 17 Márta 2021 (2), chinn sé nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 7.366 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe agus aistí bia á bhforlíonadh le méideanna iomchuí de. Maidir le sábháilteacht úsáideoir an bhreiseáin sin, ní fhéadfadh an tÚdarás a chur as an áireamh go mbaineann riosca le L-vailín a ionanálú, ná go bhféadfadh sé gur greamaitheoir craicinn nó súl, nó gur íogróir deirmeach atá ann. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Ina theannta sin, chinn an tÚdarás go meastar gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-vailín é an breiseán le haghaidh cothú ainmhithe, agus gur cheart an breiseán a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin na tuarascálacha ar an modh anailíse a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha, tuarascálacha arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(5) |
An measúnú ar L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 7.366, léiríonn sin go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga”, údaraítear í mar bhreiseán beathaithe i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(4):6521.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||
Catagóir breiseán cothaitheach Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga |
|||||||||||||||||
3c371i |
- |
L-vailín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Púdar inarb é 98 % an t-íosmhéid L-vailín (ar bhonn ábhar tirim) agus 1,5 % an t-uaschion uisce. |
Gach speiceas |
- |
|
|
|
19 Nollaig 2031 |
||||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí L-vailín (aigéad (2S)-2-aimínea-3-meitiolbútánóch) arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 7.366 Foirmle cheimiceach: C5H11NO2 Uimhir CAS: 72-18-4 |
|||||||||||||||||
Modh anailíse (1) Maidir le L-vailín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le vailín i réamh-mheascáin, in ábhair bheatha agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú:
Maidir le vailín in uisce a chainníochtú:
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports