26.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 421/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2062 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Lúnasa 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 ina sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach áirithe sa Mhuir Thuaidh le haghaidh na tréimhse 2021-2023
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil le haghaidh stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus le haghaidh na n-iascach a shaothraíonn na stoic sin, Rialachán lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 ón gCoimisiún (2), tugtar sonraí maidir leis an mbealach chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe sa Mhuir Thuaidh a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse 2021-2023, tar éis moladh comhpháirteach a fháil ón mBeilg, ón Danmhairg, ón nGearmáin, ón bhFrainc, ón Ísiltír agus ón tSualainn (“Grúpa Scheveningen”). |
(2) |
Faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014, beidh feidhm ag díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír go sealadach go dtí an 31 Nollaig 2021. Sna cásanna sin, na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu, ba cheart dóibh fianaise eolaíoch bhreise a thacaíonn leis an díolúine a chur isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2021. Ba cheart don Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) an fhianaise a thíolacfar a mheasúnú faoin 31 Iúil 2021. |
(3) |
Tar éis do Ghrúpa Scheveningen dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach na Mara Thuaidh agus leis an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach, cuireadh moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021, moladh inar iarradh go leanfaí le díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír tar éis 2021 agus go gcuirfí faisnéis eolaíoch bhreise ar fáil. Thíolaic Grúpa Scheveningen leagan athbhreithnithe den mholadh comhpháirteach an 26 Iúil 2021. |
(4) |
Rinne CETEI (3) athbhreithniú ar an moladh comhpháirteach i mí na Bealtaine 2021. Chuir an Coimisiún an Dréachtghníomh Tarmligthe faoi bhráid sainghrúpa ina raibh ionadaithe ó na Ballstáit an 16 Iúil 2021 ag cruinniú ar a raibh Parlaimint na hEorpa i láthair mar bhreathnóir. |
(5) |
In Airteagal 6(1), pointe (c)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 tá díolúine inmharthanachta le haghaidh leathóga ballacha a ghabhtar le tráil ghrinnill (OTB, PTB) ar idir 90 agus 119 mm a mogallmhéid agus atá feistithe le painéil áirithe in uiscí an Aontais de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“ICES”), roinn 3a. D’iarr Grúpa Scheveningen an díolúine a leathnú chun painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a cheadú ar thráil i bhforoinn Kattegat ICES ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig gach bliain. Thug CETEI dá aire (4) go ndearbhaíonn an fhaisnéis eolaíoch bhreise a chuir an Danmhairg ar fáil go mbeidh marthanas leathóg aischurtha cosúil lena mbíonn i gceist i gcás mogallmhéideanna níos mó, lena n-áirítear painéil Seltra agus mogaill chearnógacha 120 mm, i gcomparáid leis an mogallmhéid 80-99 a cheadaítear i gcás iascach trál dobharchú. Dá bhrí sin, ba cheart an díolúine a leathnú chun painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a chuimsiú ar thráil i bhforoinn Kattegat. |
(6) |
In Airteagal 11, mír 11, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 tá díolúine de minimis le haghaidh faoitíní is lú ná an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil bhíoma ar idir 80 agus 119 mm a mogallmhéid i bhfolimistéar 4 ICES. D’iarr Grúpa Scheveningen go gcuirfí síneadh leis an díolúine go dtí an 31 Nollaig 2023 agus thíolaic sé faisnéis eolaíoch nua. Rinne CETEI an fhianaise sin a mheasúnú agus bhain sé de thátal (5) as go dtugann an moladh comhpháirteach aghaidh, den chuid is mó, ar na saincheisteanna a shainaithin CETEI ina mheasúnuithe roimhe seo. Is suntasach iad na costais mheasta a bhaineann le gabhálacha de thaisme a thabhairt i dtír go háirithe, agus theastódh saothar breise substainteach ar bord le haghaidh na ngabhálacha sin. D’aithin CETEI freisin na saincheisteanna agus na dúshláin a bhaineann le feabhas a chur ar roghnaíocht san iascach sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a choinneáil ar bun go dtí an 31 Nollaig 2023. |
(7) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta maidir le soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe, Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2022, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 mar a leanas:
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(ii) de mhír 1 d’Airteagal 6:
|
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11) d’Airteagal 11:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 179, 16.7.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 ina sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach áirithe sa Mhuir Thuaidh le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (IO L 415, 10.12.2020, lch. 10).
(3) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d
(4) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d, lch. 23–24.
(5) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d, lch. 20–21.