12.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 400/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1959 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Samhain 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/2063. |
(2) |
An 12 Samhain 2020, i bhfianaise na géarchéime leanúnaí polaitiúla, eacnamaíche, sóisialta agus daonnúla i Veiniséala agus na ngníomhaíochtaí leanúnacha a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den urraim do chearta an duine, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1700 (2), a rinne na bearta sriantacha a bhí i bhfeidhm a athnuachan go dtí an 14 Samhain 2021, lena n-áirítear gach uile ainmniúchán. An lá céanna, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1696 (3), lenar leasaíodh an ráiteas ar chúiseanna don 14 duine atá liostaithe. |
(3) |
An 22 Feabhra 2021, i bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Veiniséala, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/275 (4), inar ainmníodh 19 duine. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2017/2063, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha atá i bhfeidhm. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine ar an liosta a choimeád agus ba cheart an ráiteas ar chúiseanna atá le 26 duine a thabhairt cothrom le dáta. |
(5) |
Ní dhéanann na bearta sin difear don phobal i gcoitinne agus is féidir iad a fhreaschur i bhfianaise an dul chun cinn a dhéanfar chun an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine a athbhunú i Veiniséala. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. POČIVALŠEK
(1) IO L 295, 14.11.2017, lch. 21.
(2) Cinneadh (CBSE) 2020/1700 ón gComhairle an 12 Samhain 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (IO L 381, 13.11.2020, lch. 24).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1696 ón gComhairle an 12 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 381, 13.11.2020, lch. 8).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/275 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (IO L 60 I, 22.2.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IV, a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 4, 7, 10, 12, 18, 20, 25, 27, 28, 29, 34, 35, 36, 37, 41, 42, 43, 44, 45, 46, 47, 48, 51, 53 agus 55:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“1. |
Néstor Luis REVEROL TORRES |
Dáta breithe: 28 Deireadh Fómhair 1964 Inscne: fireann |
An tAire Electrical Energy ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 i leith, ina Leas-Uachtarán ar Public Works and Services, agus ina Rúnaí Feidhmiúcháin ar Electrical General Staff ó mhí Aibreáin 2019 i leith. An tAire Interior, Justice and Peace ó 2016 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2020. An Ginearál i gCeannas ar an Bolivarian National Guard ó mhí Lúnasa 2020 i leith. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh príosúnach (polaitiúil), agus as cos ar bolg ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala, lena n-áirítear trí chosc agus bac a chur ar léirithe polaitiúla, ag fórsaí slándála atá faoina cheannas. |
22.1.2018 |
4. |
Antonio José BENAVIDES TORRES |
Dáta breithe: 13 Meitheamh 1961 Inscne: fireann |
Comhalta den Tionól Náisiúnta nár toghadh go daonlathach. Ceannaire an Capital District (Distrito Capital) Government go dtí mí Eanáir 2018. Ceannasaí Ginearálta an Bolivarian National Guard go dtí an 21 Meitheamh 2017. Bainteach le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala, agus freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne ag an Bolivarian National Guard faoina cheannas. Baineadh an bonn den smacht reachta i Veiniséala lena chuid gníomhaíochtaí agus beartas mar Cheannasaí Ginearálta an Bolivarian National Guard, lena n-áirítear an Bolivarian National Guard a ghlac ceannaireacht ar phóilíneacht a dhéanamh ar léirsithe sibhialta agus a mhol go poiblí gur cheart dlínse a bheith ag cúirteanna míleata ar shibhialtaigh. |
22.1.2018 |
7. |
Diosdado CABELLO RONDÓN |
Dáta breithe: 15 Aibreán 1963 Inscne: fireann |
Comhalta den National Assembly – nár toghadh go daonlathach – Iar-Uachtarán ar an Constituent Assembly agus an Chéad Leas-Uachtarán ar an United Socialist Party of Venezuela (PSUV). Bainteach le bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as na meáin chun an freasúra polaitiúil, na meáin eile, agus an tsochaí shibhialta a ionsaí agus a bhagairt go poiblí. |
22.1.2018 |
10. |
Jesús Rafael SUÁREZ CHOURIO |
Dáta breithe: 19 Iúil 1962 Inscne: fireann |
An tUachtarán ar Defence and Security Committee an National Assembly nár toghadh go daonlathach ó mhí Eanáir 2021 i leith. Iar-Cheannasaí Cheannfhoireann an Ardcheannasaí ar na Fórsaí Armtha (idir mí Iúil 2019 agus Meán Fómhair 2020). Iar-Ardcheannasaí an Venezuelan Bolivarian National Army (go dtí mí Iúil 2019). Iar-Cheannasaí Ginearálta an Venezuelan Bolivarian National Army agus iar-Cheannasaí an Comprehensive Defence Region of the Central Zone (REDI Central) Veiniséala. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne fórsaí faoina cheannas le linn dó a bheith ina Cheannasaí Ginearálta ar an Venezuelan Bolivarian National Army, lena n-áirítear úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Dhírigh sé ar an bhfreasúra daonlathach agus thacaigh sé le cúirteanna míleata a úsáid chun agóideoirí sibhialtacha a thriail. |
25.6.2018 |
12. |
Delcy Eloina RODRÍGUEZ GÓMEZ |
Dáta breithe: 18 Bealtaine 1969 Inscne: baineann |
Leas-Uachtarán Veiniséala, An tAire Economy, Finances and Trade. Iar Uachtarán ar an Constituent Assembly neamhdhlisteanach agus iarchomhalta den Presidential Commission don National Constituent Assembly neamhdhlisteanach. Lena cuid gníomhaíochtaí sa Presidential Commission agus ina dhiaidh sin mar Uachtarán ar an Constituent Assembly neamhdhlisteanach, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear cumhachtaí an National Assembly a fhorghabháil agus iad a úsáid chun díriú ar an bhfreasúra agus chun cosc a chur orthu páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil. |
25.6.2018 |
18. |
Xavier Antonio MORENO REYES |
Inscne: fireann |
Ard-Rúnaí an National Electoral Council (CNE) ó 2009 go dtí Meitheamh 2020. Sa ról sin, rinne Moreno Reyes éascaíocht, dlisteanú agus thug sé creidiúnacht do chinntí CNE, ós rud é go bhfuil ról ag Ardrúnaí CNE i socrú clár oibre agus i gcinntí a chur ar bhonn foirmiúil. Ba é Moreno Reyes a bhí ina Ard-Rúnaí ar CNE agus an bonn á bhaint go mór den daonlathas agus cuireadh isteach ar ról neamhspleách CNE laistigh den phróiseas toghchánach. Mar sin, is é atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas i Veiniséala, lena n-áirítear bunú an Constituent Assembly neamhdhlisteanach agus ionramháil an phróisis toghcháin a éascú. |
25.6.2018 |
20. |
Rafael Ramón BLANCO MARRERO |
Dáta breithe: 28 Feabhra 1968 Uimhir Aitheantais: V-6250588 Inscne: fireann |
Rannán-Ghinearál an Venezuelan Bolivarian National Army ón 5 Iúil 2019 i leith. IarLeas-Stiúrthóir an Directorate General of Military Counter Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM). Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt i saoráidí DGCIM ag baill DGCIM faoina cheannas do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaen Acosta. |
27.9.2019 |
25. |
Hannover Esteban GUERRERO MIJARES |
Dáta breithe: 14 Eanáir 1971 Inscne: fireann |
An Dara Ceannasaí agus an Ceann Foirne ar an 35ú Military Police Brigade ó mhí Lúnasa 2020 i leith. Ceann Imscrúduithe ag an Directorate-General of Military Counter-Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó, ar a laghad, mí Aibreáin 2019 go dtí mí Lúnasa 2019. Mar Cheann Imscrúduithe, rinne sé maoirseacht ar shaoráid DGCIM in Boleita. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt aige féin agus ag oifigigh faoina cheannas, go háirithe in Boleita, do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaen Acosta |
27.9.2019 |
27. |
Gladys DEL VALLE REQUENA |
Dáta breithe: 9 Samhain 1952 Áit bhreithe: Puerto Santo, Sucre, Veiniséala Uimhir Aitheantais: V-4114842 Inscne: baineann |
Comhalta den National Assembly nár toghadh go daonlathach agus iarchomhalta agus an Dara Leas-Uachtarán den National Constituent Assembly (ANC) nach n-aithnítear. Sa ról ceannasach a bhí aici san ANC, nach n-aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán an National Assembly of Venezuela, Juan Guaidó. |
29.6.2020 |
28. |
Tania Valentina DÍAZ GONZÁLEZ |
Dáta breithe: 18 Meitheamh 1963 Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala Uimhir Aitheantais: V-6432672 Inscne: baineann |
Comhalta den National Assembly nár toghadh go daonlathach agus iar-Chéad Leas-Uachtarán den National Constituent Assembly (ANC) nach n-aithnítear. Sa ról ceannasach a bhí aici san ANC, nach n aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán National Assembly of Venezuela, Juan Guaidó. |
29.6.2020 |
29. |
Elvis Eduardo HIDROBO AMOROSO |
Dáta breithe: 4 Lúnasa 1963 Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital Veiniséala Uimhir Aitheantais: V-7659695 Inscne: fireann |
Ard-Reachtaire ar an National Constituent Assembly (ANC), nach n-aithnítear, ón 23 Deireadh Fómhair 2018 i leith agus iar Chéad agus iar-Dhara Leas-Uachtarán air. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear, trí thoirmeasc a chur ar chomhaltaí an fhreasúra bheith i bhfeidhmeannas poiblí go ceann 15 bliana, trína bheith i gceannas ar an ANC, nach n aithnítear, an dlí i gcoinne an fhuatha a shíniú, údar a thabhairt le gobharnóir freasúra a toghadh go dlíthiúil a chur as oifig agus toirmeasc a chur ar Juan Guaidó seasamh d’aon oifig phoiblí. |
29.6.2020 |
34. |
Luis Eduardo PARRA RIVERO |
Dáta breithe: 7 Iúil 1978 Uimhir Aitheantais: V-14211633 Inscne: fireann |
Comhalta den National Assembly nár toghadh go daonlathach. Mar chomhalta den National Assembly a toghadh in 2015, reáchtáil sé toghchán bréige inar toghadh é mar Uachtarán ar an National Assembly an 5 Eanáir 2020, agus lenar baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní míleata bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach in áitreabh an National Assembly. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an National Assembly chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán air. Go gairid tar éis an toghcháin bréige, lenar thacaigh páirtí polaitiúil an réimis (PSUV), chuir Maduro agus an National Constituent Asembly (ANC), nach n-aithnítear, fáilte roimh Parra Rivero. |
29.6.2020 |
35. |
Franklyn Leonardo DUARTE |
Dáta breithe: 15 Bealtaine 1977 Uimhir Aitheantais: V-3304045 Inscne: fireann |
Comhalta den National Assembly nár toghadh go daonlathach. Iarchomhalta den National Assembly agus an chéad Leas Uachtarán air, a toghadh in 2015, go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den National Assembly a toghadh in 2015, reáchtáil sé toghchán bréige inar toghadh é mar an chéad Leas-Uachtarán ar an National Assembly an 5 Eanáir 2020, agus lenar baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní míleata bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach in áitreabh an National Assembly. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an National Assembly chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán air. Go gairid tar éis an toghcháin bréige inar toghadh Duarte, lenar thacaigh páirtí polaitiúil an réimis (PSUV), dúirt Maduro agus an National Constituent Assembly (ANC), nach n-aithnítear, gur dhíol sásaimh dóibh gur toghadh Bord Stiúrtha an National Assembly. |
29.6.2020 |
36. |
José Gregorio NORIEGA FIGUEROA |
Dáta breithe: 21 Feabhra 1969 Uimhir Aitheantais: V-8348784 Inscne: fireann |
Comhalta den National Assembly nár toghadh go daonlathach. Iarchomhalta den National Assembly agus an dara Leas Uachtarán air, a toghadh go neamhdhlisteanach in 2015. Ceapadh é go neamhdhlisteanach ina stiúrthóir ar bhord ad hoc an pháirtí pholaitiúil Voluntad Popular. Mar chomhalta den National Assembly a toghadh in 2015, reáchtáil sé toghchán bréige inar toghadh é mar an dara Leas-Uachtarán ar an National Assembly an 5 Eanáir 2020, agus lenar baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní míleata bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach in áitreabh an National Assembly. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an National Assembly chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán air. Go gairid tar éis an toghcháin bréige inar toghadh Noriega, lenar thacaigh páirtí polaitiúil an réimis (PSUV), dúirt Maduro agus an National Constituent Asembly (ANC), nach n-aithnítear, gur dhíol sásaimh dóibh é gur toghadh Bord Stiúrtha an National Assembly. I mí Iúil 2020, le cabhair ó Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)), ghlac Noriega ceannaireacht an pháirtí pholaitiúil Voluntad Popular chuige féin go neamhdhlisteanach, lenar baineadh an bonn den daonlathas i Veiniséala a thuilleadh. |
29.6.2020 |
37. |
Remigio CEBALLOS ICHASO |
Dáta breithe: 1 Bealtaine 1963 Uimhir Aitheantais: V-6557495 Inscne: fireann |
Iarcheannasaí ar Operational and Strategic Command de na Bolivarian National Armed Forces of Venezuela (Comando Estratégico Operacional Fuerzas Armadas Nacionales Bolivarianas (CEOFANB)), an t-orgán is airde sa Venezuelan Armed Forces, (Meitheamh 2017 - Iúil 2021). Rialaíonn CEOFANB na Bolivarian National Armed Forces (FANB) agus an Bolivarian National Guard. Tá CEOFANB freagrach freisin as idirghábhálacha FANB i léirsithe a chomhordú. Agus é ina cheannasaí ar CEOFANB, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear forneart iomarcach a bheith á úsáid agus íde mhídhaonna, tháireach á tabhairt ag oifigigh FANB agus ag fo-fhórsaí faoina cheannas, lena n-áirítear an Bolivarian National Guard. Dar le foinsí éagsúla, an Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala ina measc, tá FANB agus an Bolivarian National Guard freagrach as sáruithe ar chearta an duine. |
22.2.2021 |
41. |
Luis Fernando DAMIANI BUSTILLOS |
Dáta breithe: 27 Aibreán 1946 Inscne: fireann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin. |
22.2.2021 |
42. |
Lourdes Benicia SUÁREZ ANDERSON |
Dáta breithe: 7 Márta 1965 Inscne: baineann |
Uachtarán an Constitutional Chamber agus an chéad Leas-Uachtarán ar an Supreme Court ón 5 Feabhra 2021 i leith. Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) ó mhí na Nollag 2005 i leith. Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sí freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sí leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sí é sin. |
22.2.2021 |
43. |
Calixto Antonio ORTEGA RÍOS |
Dáta breithe: 12 Deireadh Fómhair 1950 Inscne: fireann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin. |
22.2.2021 |
44. |
René Alberto DEGRAVES ALMARZA |
Inscne: fireann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin. |
22.2.2021 |
45. |
Arcadio DELGADO ROSALES |
Dáta breithe: 23 Meán Fómhair 1954 Inscne: fireann |
Breitheamh agus Leas-Uachtarán ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin. |
22.2.2021 |
46. |
Carmen Auxiliadora ZULETA DE MERCHÁN |
Dáta breithe: 13 Nollaig 1947 Inscne: baineann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sí freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sí leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sí é sin. |
22.2.2021 |
47. |
Indira Maira ALFONZO IZAGUIRRE |
Dáta breithe: 29 Aibreán 1968 Áit bhreithe: La Guaira (La Guaira State, Venezuela) Uimhir Aitheantais: V-6978710 Inscne: baineann |
Uachtarán ar an Electoral Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) ó mhí Bealtaine 2021 i leith. Iarchathaoirleach ar an National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) a ceapadh an 13 Meitheamh 2020. Iarchomhalta den Electoral Chamber agus den Plenary Chamber of the Supreme Court (TSJ), an Dara Leas-Chathaoirleach ar TSJ ó 2015 go dtí an 24 Feabhra 2017, Leas Chathaoirleach ar TSJ ón 24 Feabhra 2017 go dtí an 12 Meitheamh 2020. Mar chomhalta den Electoral Chamber de TSJ, tá Alfonzo Izaguirre freagrach as na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcoinne an National Assembly a bhí nuathofa ag an am i mí na Nollag 2015, arb é ba thoradh leo nárbh fhéidir leis an National Assembly a chumhacht reachtach a fheidhmiú. Thairis sin, ghlac sí lena ceapachán mar chathaoirleach ar CNE i mí an Mheithimh 2020, ceapachán a rinne TSJ cé gurb é sin sainphribhléid an National Assembly. Sa ról sin, d’eagraigh sí agus mhaoirsigh sí toghcháin neamhdhaonlathacha an National Assembly a tionóladh an 6 Nollaig 2020 agus ghlac sí páirt san athrú a rinneadh, an 30 Meitheamh 2020, ar na noirm thoghchánacha do na toghcháin sin, gan TSJ a fhágáil go foirmiúil (cead sealadach chun CNE a chomhtháthú). Tar éis athnuachan CNE i mBealtaine 2021, d’fhill sí ar TSJ. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. |
22.2.2021 |
48. |
Leonardo Enrique MORALES POLEO |
Inscne: fireann |
Iar-Leas-Uachtarán ar an National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) agus Uachtarán ar an Political Participation and Financing Commission (Lúnasa 2020 - Bealtaine 2021). Cheap an Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) Morales Poleo ina Leas-Uachtarán ar CNE agus ina Uachtarán ar an Political Participation and Financing Commission an 7 Lúnasa 2020 cé gurb é sin sainphribhléid an National Assembly. Thairis sin, díreach sular ceapadh é, bhí sé sa Advanced Progressive Party (Avanzada progresista). Mar chomhalta de CNE, ghlac sé páirt iomlán i maoirsiú an phróisis thoghchánaigh as a d’eascair toghcháin neamhdhaonlathacha an National Assembly an 6 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. |
22.2.2021 |
51. |
Carlos Ramón Enrique CARVALLO GUEVARA |
Uimhir Aitheantais: V-10132041 Inscne: fireann |
Uachtarán ar an bhfiontar stáit Corporación Ecosocialista Ezequiel Zamora (CORPOEZ) ó mhí an Mhárta 2021 i leith. Rannán-Ghinearál, agus Leas-Stiúrthóir an Military Counter-Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ón 21 Lúnasa 2020 go dtí an 11 Márta 2021. Comharba an Ghinearáil Rafael Ramón Blanco Marrero. Roimhe seo, bhí Carvallo Guevara ar fiannas le DGCIM i réigiún Los Andes agus bhí post uaschéime aige sa Bolivarian National Guard. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Veiniséala a rinne oifigigh de chuid DGCIM a bhí faoina cheannas. Sna torthaí a d’fhoilsigh an Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala le déanaí, cuirtear síos ar DGCIM mar institiúid atá freagrach go díreach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. |
22.2.2021 |
53. |
Carlos Enrique TERÁN HURTADO |
Uimhir Aitheantais: V-8042567 Inscne: fireann |
Briogáidire-Ghinearál ón 5 Iúil 2019 i leith agus ceann ar an Special Directorate of Criminal Investigation of the Directorate General of Military Counter Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó 2019 go dtí 2021. I bhfeidhmeanna roimhe seo, bhí an Briogáidire-Ghinearál Terán Hurtado ina cheann ar na póilíní in Falcón State agus ina cheann ar DGCIM in Táchira State. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear íde chruálach mhídhaonna ar dhaoine a bhí á gcoinneáil, a rinne oifigigh de chuid DGCIM a bhí faoina cheannas. Sna torthaí mionsonraithe ón Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala, luaitear go sonrach go bhfuil an Briogáidire-Ghinearál Terán Hurtado ar cheann de na gníomhaithe freagracha, agus go bhfuil baint aige le cás chaptaen de la Sotta. |
22.2.2021 |
55. |
Douglas Arnoldo RICO GONZÁLEZ |
Dáta breithe: 28 Meán Fómhair 1969 Uimhir Aitheantais: V-6864238 Inscne: fireann |
Stiúrthóir ar an Bureau for Scientific, Penal, and Criminal Investigation (Cuerpo de Investigaciones Científicas, Penales y Criminalísticas (CICPC)) ón 5 Feabhra 2016 i leith. Roimhe sin, bhí sé ina leas stiúrthóir ar CICPC. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Veiniséala a rinne oifigigh de chuid DGCIM a bhí faoina cheannas. Sa tuarascáil ón Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala, cuirtear síos ar CICPC mar institiúid a dhéanann sáruithe córasacha ar chearta an duine i Veiniséala. Tá baint ag CICPC le maruithe seachbhreithiúnacha chomh maith, de réir thuarascáil Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a eisíodh an 16 Meitheamh 2021. |
22.2.2021”. |