11.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 398/21 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1951 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Samhain 2021
lena leasaítear Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do lamháltais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is ionstraim ilpháirtithe é an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (“an Comhaontú”) agus is é is cuspóir leis margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc a chuid pháirtithe. Baineann an Comhaontú le haon chonradh soláthair lena mbaineann luach a shroicheann na méideanna (“tairsí”) a leagtar amach amach ann nó a sháraíonn na méideanna sin, méideanna a shloinntear mar chearta tarraingthe speisialta. |
(2) |
Ceann de chuspóirí Threoir 2014/23/AE is ea cead a thabhairt do na heintitis chonarthacha agus do na húdaráis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh ag an am céanna. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach a leagtar amach sa Treoir sin chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn an tairseach do lamháltais a leagtar amach in Airteagal 8(1) de Threoir 2014/23/AE don tairseach do lamháltais arna bunú sa Chomhaontú. |
(3) |
Ceanglaítear le hAirteagal 9(1) de Threoir 2014/23/AE go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na tairseacha gach dhá bhliain le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha do na blianta 2022-2023 ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/23/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 8(1) de Threoir 2014/23/AE, cuirtear “EUR 5 382 000” in ionad “EUR 5 350 000”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.
(2) Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).