4.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 389/11


RIALACHÁN (AE) 2021/1916 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad 4-aimínea-5-(3-(iseapróipiolaimínea)-2,2-démheitil-3-ocsóprópocsa)-2-meitiolcuineoilín-3-carbocsaileach a áireamh i liosta an Aontais de bhlastáin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3) glacadh an liosta de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach an liosta sin i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

(3)

Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(4)

An 24 Feabhra 2015, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húdarú le haigéad 4-aimínea-5-(3-(iseapróipiolaimínea)-2,2-démheitil-3-ocsóprópocsa)-2-meitiolcuineoilín-3-carbocsaileach, (FL Uimh. 16.130) agus ceann dá shalainn, is é sin a shalann monaihiodráite heimeasulfáite, a úsáid mar shubstaintí blaistithe i mbianna éagsúla a thagann, go bunúsach, faoi roinnt catagóirí bia dá dtagraítear i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bunábhair. De réir an iarratais, níl sé beartaithe ach amháin an tsubstaint sin agus a salann monaihiodráite heimeasulfáite, agus gan salainn eile den tsubstaint sin, a chur le bia mar bhlastáin. Thug an Coimisiún fógra don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus d’iarr sé tuairim air. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit freisin, de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

Ina thuairim uaidh a glacadh an 30 Samhain 2016 (4), rinne an tÚdarás meastóireacht ar shábháilteacht na substainte agus ar shábháilteacht a salainn monaihiodráite heimeasulfáite faoi FL Uimh. 16.130 araon. Thug sé faoi deara gur substaint í an tsubstaint sin a bhfuil airíonna a mhodhnaíonn an blaistiú aici agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil úsáid na substainte sin, ná úsáid a salainn monaihiodráite heimeasulfáite, ina cúis imní sábháilteachta nuair a bhaintear úsáid astu ag na leibhéil mheasta ionghabhála cothaithe.

(6)

I bhfianaise na tuairime ón Údaráis, is iomchuí úsáid na substainte FL Uimh. 16.130 agus úsáid a salainn monaihiodráite heimeasulfáite a údarú mar shubstaintí blaistithe faoi na coinníollacha sonraithe úsáide ós rud é nach nach cúis imní sábháilteachta í a n-úsáid faoi na coinníollacha sin agus go meastar nach gcuirfear an tomhaltóir amú Ós rud é nach bhfuil sé beartaithe ach an salann monaihiodráite heimeasulfáite den tsubstaint lena mbaineann a chur le bia mar bhlastán, is iomchuí freisin a chur in iúl ar bhealach soiléir, ar mhaithe le soiléireacht, nach bhfuil feidhm ag Cuid A, Roinn 2, Nóta 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 maidir leis an tsubstaint sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I, Cuid A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I, Cuid A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(1):4660.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn 2, Tábla 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas maidir le FL Uimh. 16.130, i ndiaidh iontráil 16.127:

“16.130

Aigéad 4-aimínea-5-(3-(iseapróipiolaimínea)-2,2-démheitil-3-ocsóprópocsa)-2-meitiolcuineoilín-3-carbocsaileach

1359963-68-0

2204

 

99 % ar a laghad, measúnacht íosta (IR NMR MS)

Nóta: Níl feidhm ag Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn 2, Nóta 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 maidir leis an tsubstaint sin.

Srianta ar a úsáid mar shubstaint bhlaistithe arna sloinneadh mar shuim an aigéid charbocsailigh agus an tsalainn monaihiodráite heimeasulfáite i dteannta a chéile, arna sloinneadh mar an t-aigéad féin:

I gcatagóir 1.4. – cion nach mó ná 10 mg/kg.

I gcatagóir 1.6.3. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 1.8. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóirí 2.2.1. agus 2.2.2. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 3. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 4.2.3. – cion nach mó ná 10 mg/kg.

I gcatagóir 4.2.4.1. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 4.2.4.2. – cion nach mó ná 10 mg/kg.

I gcatagóirí 4.2.5.1., 4.2.5.2., 4.2.5.3. agus 4.2.5.4. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóirí 5.1. agus 5.2. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 5.3. – cion nach mó ná 300 mg/kg.

I gcatagóir 5.4. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 6.3. – cion nach mó ná 45 mg/kg.

I gcatagóir 7.2. – cion nach mó ná 15 mg/kg.

I gcatagóirí 8.3.1, 8.3.2. agus 8.3.3. – cion nach mó ná 15 mg/kg.

I gcatagóirí 8.3.4.1., 8.3.4.2. agus 8.3.4.3. – cion nach mó ná 15 mg/kg.

I gcatagóir 11.2. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 12.4. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 12.5. – cion nach mó ná 10 mg/l.

I gcatagóirí 14.1.2., 14.1.3. agus 14.1.4. – cion nach mó ná 7 mg/l.

I gcatagóirí 14.1.5.1. agus 14.1.5.2. – cion nach mó ná 7 mg/kg.

I gcatagóir 14.2.1. – cion nach mó ná 7 mg/l.

I gcatagóirí 14.2.2. agus 14.2.5. – cion nach mó ná 10 mg/l.

I gcatagóir 15.1. – cion nach mó ná 30 mg/kg.

I gcatagóir 16 (gan táirgí a chumhdaítear i gcatagóirí 1, 3 agus 5 a áireamh) – cion nach mó ná 15 mg/kg.

 

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia”

Salann monaihiodráite heimeasulfáite d’aigéad 4-aimínea-5-(3-(iseapróipiolaimínea)2-, 2-démheitil-3-ocsóprópocsa)-2-meitiolcuineoilín-3-carbocsaileach

1460210-04-1

2204.1

 

Comhchiallach: Aigéad 3-cuineoilíncarbocsaileach, 4-aimínea-5-[2,2-démheitil-3-[(1-meitileitil)aimínea]-3-ocsóprópocsa]-2meitil-, sulfáit, hiodráit (2:1:2).

99 % ar a laghad, measúnacht íosta (HPLC).