3.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 387/133


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1904 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena nglactar dearadh lógó choitinn le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a mhiondíol go cianda

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (1), agus go háirithe Airteagal 104(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Daoine a bhfuil cead acu táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 103 de Rialachán (AE) 2019/6, féadfaidh siad táirgí den sórt sin a thairiscint lena gciandíol faoi choinníollacha áirithe. Glacfar lógó coiteann, lena n-áirítear hipearnasc chuig liosta údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha de na miondíoltóirí a bhfuil cead acu táirgí íocshláinte tréidliachta a thairiscint lena gciandíol, d’fhonn cuidiú leis an bpobal a fháil amach an bhfuil sé de cheart de réir an dlí ag suíomh gréasáin a bhfuil táirgí den sórt sin á dtairiscint aige iad a chur ar ciandíol.

(2)

I ndearadh an lógó choitinn chun táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar ar ciandíol, áireofar dearadh grafach agus hipearnasc chuig liosta na miondíoltóirí a bhfuil cead acu táirgí íocshláinte tréidliachta a thairiscint lena gciandíol ar shuíomh gréasáin údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha.

(3)

I gcomhréir le tuairimí tromlaigh ó na Ballstáit arna gcur in iúl ag cruinniú an Bhuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta an 2 Nollaig 2019, agus le comhairliúchán spriocdhírithe le geallsealbhóirí tríd an ríomhphost an 26 Samhain 2019, ba cheart an lógó coiteann a mhúnlú ar an lógó coibhéiseach le haghaidh táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (2). Léiríodh go bhfuil an lógó seo éifeachtach sa chleachtas trí chead a thabhairt don phobal a fhíorú go bhfuil miondíoltóir i dteideal de réir an dlí táirgí íocshláinte a dhíol ar líne. Chun idirdhealú a dhéanamh idir an dearadh grafach agus an lógó atá ann cheana maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, ba cheart dath eile a úsáid agus ba cheart na litreacha “vet”, ar giorrúchán é ar “veterinary”, a chur leis.

(4)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 28 Eanáir 2022 i gcomhréir le hAirteagal 153(1) de Rialachán (AE) 2019/6.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh dearadh an lógó choitinn dá dtagraítear in Airteagal 104(6) de Rialachán (AE) 2019/6 i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 4, 7.1.2019, lch. 43.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 699/2014 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2014 maidir le dearadh an lógó choitinn chun daoine a thairgeann táirgí íocshláinte lena gciandíol leis an bpobal a shainaithint agus na ceanglais theicniúla, leictreonacha agus chripteagrafacha chun a bharántúlacht a fhíorú (IO L 184, 25.6.2014, lch. 5).


IARSCRÍBHINN

(1)

Is é seo a leanas an tsamhail don lógó coiteann dá dtagraítear in Airteagal 1:

Image 1

(2)

Is iad seo a leanas na dathanna tagartha:

PANTONE 647 CMYK 88/50/12/0 RGB 63/107/162; PANTONE 2925 CMYK 78/28/0/0 RGB 78/138/224; PANTONE 2905 CMYK 45/10/0/0 RGB 159/195/239; PANTONE 421 CMYK 13/11/8/26 RGB 204/204/204.

(3)

An Ballstát ina bhfuil an miondíoltóir bunaithe, ar miondíoltóir é a sholáthraíonn táirgí íocshláinte tréidliachta go cianda don phobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, cuirfear bratach náisiúnta an Bhallstáit sin isteach sa dronuilleog bhán i lár an lógó choitinn (ar chlé).

(4)

Is é an Ballstát sin a leagfaidh síos teanga an téacs a bheidh sa lógó coiteann, arb é sin an Ballstát ina bhfuil an miondíoltóir bunaithe, ar miondíoltóir é a sholáthraíonn táirgí íocshláinte tréidliachta go cianda don phobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise.

(5)

Beidh 90 picteilín ar leithead ar a laghad sa lógó coiteann.

(6)

Beidh an lógó coiteann statach.

(7)

Má úsáidtear an lógó ar chúlra daite, rud a fhágfaidh go mbeidh sé deacair é a dhéanamh amach, féadfar imlíne teormharcála a úsáid timpeall an lógó chun an chodarsnacht leis an dath cúlra a fheabhsú.

Image 2

(8)

Beidh an hipearnasc, a luaitear in Airteagal 104(5)(c) de Rialachán (AE) 2019/6, idir suíomh gréasáin an mhiondíoltóra atá ceadaithe táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar go cianda don phobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise agus an tsuímh gréasáin a sholáthraíonn an liosta náisiúnta a luaitear in Airteagal 104(8)(c) den Rialachán, socraithe agus cómhalartach.