26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1873 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2021

maidir le síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 118, an chéad mhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Deacrachtaí teicniúla maidir le pórú, de dheasca cúlraí géiniteacha casta nó atáirgeadh an speicis Asparagus officinalis L. agus atáirgeadh na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha a bheith mall nó casta go teicniúil, ní mór dul i ngleic leis na deacrachtaí sin trí bhíthin infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha. Chomh luath agus a thugtar cosaint do chearta maidir le cineálacha plandaí don speiceas sin agus do na speiceasghrúpaí sin, glacann sé roinnt blianta chun na plandaí a iolrú agus stoc a charnadh atá mór go leor chun ioncam réasúnta a shaothrú. Dá réir sin, an tréimhse ama ar féidir le sealbhóir na gceart maidir le cineálacha plandaí ioncam a shaothrú atá bunaithe ar an gcosaint sin lena linn, tá an tréimhse sin teoranta. Chun infheistíochtaí i dtaighde agus i bhforbairt i leith chineálacha na speiceas sin agus na speiceasghrúpaí sin a spreagadh, is gá síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart maidir le cineálacha plandaí agus is gá gníomhaíochtaí pórúcháin a dhreasú chun cineálacha nua a fhorbairt chun riachtanais na bhfeirmeoirí agus na dtomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide. Bíonn tréimhse ama níos faide de dhíth ar na hinfheistíochtaí sin chun brabús a dhéanamh i gcomparáid leis an gcuid is mó de na speicis eile, amhail barra talmhaíochta, ar minic a bhíonn saolré níos giorra agus raon tomhaltóirí níos mó agus níos leithne acu.

(2)

Maidir le cineál nua an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha a thabhairt isteach ar an margadh agus a ghlacadh ar an margadh, bíonn tréimhse ama níos faide de dhíth ina leith sin ionas go mbeidh an cineál nua sin brabúsmhar ná mar a bhíonn de dhíth i leith speicis eile, toisc gur léir ón taithí a fuarthas nach nochtar an luach tráchtála atá ar chineál nua den sórt sin ach amháin san fhadtéarma. Ar na cúiseanna sin, ní féidir aisíocaíocht chothrom a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtaighde agus san fhorbairt ach amháin ag céim réasúnta déanach i gcosaint an speicis sin agus na speiceasghrúpaí sin i gcomparáid le speicis eile.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle (3), bunaítear córas ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí mar an t-aon fhoirm eisiach amháin ceart maoine tionsclaíocha de chuid an Chomhphobail le haghaidh cineálacha plandaí. I gcomhréir le hAirteagal 19(1) den Rialachán sin, tá tréimhse chosanta an chirt Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le maireachtáil go dtí deireadh an 25ú bliain féilire nó, i gcás cineálacha speiceas fíniúna nó crainn, go dtí deireadh an 30ú bliain féilire, tar éis bhliain an deonaithe.

(4)

Chun timpeallacht dhlíthiúil a bhunú a chabhródh le haisíocaíocht chothrom a bhaint amach, is iomchuí síneadh 5 bliana eile a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha. Ba cheart feidhm a bheith ag an síneadh sin maidir le cearta a deonaíodh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar an dáta sin nó ina dhiaidh.

(5)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart feidhm a bheith ag síneadh den sórt sin maidir leis na cearta Comhphobail uile maidir le cineálacha plandaí le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha.

(6)

Ba cheart tréimhse an tsínte a laghdú más rud é go raibh éifeacht i mBallstát ag cearta maoine náisiúnta i leith na gcineálacha sin sular deonaíodh ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí agus, dá réir sin, gur ceadaíodh do phóraitheoirí a gcuid cineálacha a shaothrú cheana féin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí

1.   Cuirfear síneadh 5 bliana le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí, dá bhforáiltear in Airteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha.

2.   Ní dochar mír 1 den Airteagal seo d’Airteagal 116(4), an ceathrú fleasc, de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94.

Airteagal 2

An síneadh a laghdú

I gcás cineálacha plandaí ar deonaíodh ceart náisiúnta amháin nó níos mó maidir le cineálacha plandaí dóibh sular deonaíodh ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí dóibh, ach nach bhfuil feidhm ag Airteagal 116(4), an ceathrú fleasc, de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 maidir leo, déanfar an síneadh dá bhforáiltear in Airteagal 1 den Rialachán seo a laghdú faoin tréimhse is faide i mblianta féilire iomlána, tréimhse ar lena linn a bhí feidhm i mBallstát ag aon cheart nó aon chearta náisiúnta maidir le cineálacha plandaí a deonaíodh i leith an chineáil chéanna sular deonaíodh na cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 20 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 86.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí (IO L 227, 1.9.1994, lch. 1).