22.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 374/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1847 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Deireadh Fómhair 2021

maidir le hionadú reachtúil a ainmniú le haghaidh aibíochtaí áirithe LIBOR CHF

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 23b(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá LIBOR CHF, an Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan fhranc na hEilvéise, ar cheann de na 5 ráta airgeadra LIBOR atá á riar ag ICE Benchmark Administration (IBA). Is léiriú é LIBOR CHF ar an ráta úis is féidir le príomhbhainc mhóra atá gníomhach go hidirnáisiúnta agus a bhfuil rochtain acu ar an margadh mórdhíola maoinithe neamhurraithe, iad féin a mhaoiniú sa mhargadh sin i bhfrainc na hEilvéise. Ríomhann IBA an ráta bunaithe ar shonraí a chuireann painéal banc in iúl dó.

(2)

D’fhógair Údarás um Iompar Airgeadais (FCA) na Ríochta Aontaithe go scoirfí tagarmharcanna áirithe LIBOR, LIBOR CHF san áireamh, faoi dheireadh 2021. An scor sin, is ábhar imní i dtaca le cé acu an bhfuil LIBOR, ó thaobh cuid dá aibíochtaí de, ionadaíoch a dhóthain ar mhargadh foluiteach nó ar réaltacht eacnamaíoch ina léirítear margadh maoinithe mórdhíola neamhurraithe, nó nach bhfuil. Is é an bunús atá leis an ábhar imní sin an neamhthoilteanas i measc fhormhór na mbanc ar phainéal LIBOR leanúint de bheith ag rannchuidiú le haibíochtaí LIBOR lena mbaineann, mar a d’fhógair IBA an 5 Márta 2021 i Ráiteas Aiseolais LIBOR ICE ar Chomhairliúchán maidir le Scor Féideartha.

(3)

Roimhe seo, d’úsáid roinnt banc LIBOR CHF san Aontas mar ráta tagartha i líon mór morgáistí miondíola gan íoc, morgáistí a rachaidh a bhformhór díobh in éag tar éis dheireadh 2021. De réir na bhfreagraí ar chomhairliúchán poiblí arna reáchtáil ag an gCoimisiún, tá luach EUR 35 bhilliún de chonarthaí morgáiste san Aontas ina ndéantar tagairt do LIBOR CHF. Tá an líon is mó de na conarthaí sin gan íoc sa Pholainn, agus tá an chuid eile atá fós gan íoc san Ostair, sa tSlóivéin, san Ísiltír agus sa Fhrainc.

(4)

Méid na míshocrachta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar scor LIBOR CHF, agus an gá le scor conarthaí ina ndéantar tagairt do LIBOR CHF a mhaolú le seachaint go mbeadh ann don mhíshocracht sin, cuireadh i dtábhacht iad i roinnt malartuithe idir an Coimisiún agus na húdaráis phoiblí lena mbaineann. Chuir an Coimisiún na gnéithe fíorasacha a soláthraíodh san áireamh mar is cuí chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach faoi Airteagal 23b de Rialachán (AE) 2016/1011 nó nár comhlíonadh agus, dá bhrí sin, chun an gá leis an gCoimisiún beart a dhéanamh a bhunú.

(5)

Luaitear i dTuarascáil Cobhsaíochta Airgeadais 2021 a d’eisigh Banc Náisiúnta na Polainne (2) go raibh níos mó ná 410 000 teaghlach sa Pholainn a raibh morgáistí a bhaineann le LIBOR CHF acu ag deireadh 2020, bunaithe ar aibíochtaí éagsúla LIBOR CHF. Isteach agus amach le 20 % de phunann iasachta morgáiste iomlán na Polainne is ea é sin, méid ar fiú luach iomlán PLN 100 mbilliún é (ca. EUR 22 bhilliún) de réir sonraí eile arna soláthar ag na húdaráis ábhartha. Morgáistí fadtéarmacha atá ina bhformhór agus beidh siad fós gan íoc tar éis 2030. Cuireann an tuarascáil i dtábhacht na rioscaí a bhaineann le scor LIBOR CHF, agus an gá le leanúnachas na gconarthaí le haghaidh iasachtaí tithíochta arna n-ainmniú i bhfranc na hEilvéise a áirithiú chun nach mbeidh ann de rioscaí den sórt sin. Cuireann an tuarascáil i dtábhacht freisin go bhféadfadh easpa forálacha cúltaca agus gníomhartha dlí lena n-ainmnítear an t-ionadú do thagarmharc LIBOR CHF leanúnachas na gconarthaí sin a chur i mbaol, agus, mar iarmhairt air sin, go bhféadfadh caillteanais airgeadais le haghaidh na mbanc a bheith mar thoradh orthu. Chuir Aireacht Airgeadais na Polainne sonraí ar an dul céanna faoi bhráid an Choimisiúin.

(6)

San Ostair, amhail ó mhí an Mheithimh 2021, tá idir 50 000 agus 60 000 iasacht mhorgáiste a tugadh do theaghlaigh na hOstaire ina ndéantar tagairt do LIBOR CHF, méid arb ionann é agus EUR 9,6 mbilliún, agus thart ar 5,7 % d’fhiachas teaghlaigh iomlán na hOstaire. Tá thart ar 400 banc san Ostair páirteach i bpunanna morgáiste ina ndéantar tagairt do LIBOR CHF. Chuir Banc Náisiúnta na hOstaire agus Údarás Margaí Airgeadais na hOstaire sonraí comhchosúla tacaíochta isteach i litir a seoladh chuig an gCoimisiún.

(7)

Sa tSlóivéin, tá os cionn 6 700 comhaontú creidmheasa do thomhaltóirí ar luach iomlán os cionn EUR 300 milliún a rinne tagairt do LIBOR CHF an 31 Nollaig 2020, agus ní rachaidh an bhaisc dheireanach de na conarthaí sin in éag go dtí 2043. Ina theannta sin, tá 9 mbanc as 15 neamhchosanta ar LIBOR CHF. Sna 9 mbanc sin, is é 6,34 % sciar na n-iasachtaí tithíochta in LIBOR CHF i gcomparáid leis na hiasachtaí tithíochta uile agus is é 7,13 % sciar na n-iasachtaí morgáiste in LIBOR CHF i gcomparáid leis na hiasachtaí morgáiste uile.

(8)

San Ísiltír, meastar go bhfuil tuairim is luach EUR 500 milliún de mhorgáistí miondíola gan clásail chúltaca ina ndéantar tagairt do LIBOR CHF na hEilvéise.

(9)

Sa Fhrainc, tá thart ar 6 400 conradh iasachta miondíola ag na bainc réigiúnacha ina ndéantar tagairt do LIBOR CHF a thiocfaidh in aibíocht tar éis 2021.

(10)

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2016/1011 go ndéanfaidh úsáideoirí tagarmharcanna pleananna láidre i scríbhinn a tháirgeadh agus a choinneáil ar bun ina leagfar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfadh siad i gcás ina n-athróidh tagarmharc go hábhartha nó ina scoirfear de bheith á sholáthar agus, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, go ndéanfaidh siad tagarmharc malartach amháin nó roinnt tagarmharcanna malartacha a ainmniú mar chúltacaí le haghaidh tagarmharc nach ndéanfaí a fhoilsiú a thuilleadh. Cuireadh conarthaí ina dtagraítear do LIBOR CHF i gcrích i bhfad sula bhféadfaí a bheith ag súil le scor LIBOR CHF agus sular cuireadh tús le feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/1011. Dá bhrí sin níl forálacha cúltaca sna conarthaí sin, forálacha a thugann aghaidh ar an teagmhas nach féidir le riarthóir tagarmharcanna tagairt chonarthach a fhoilsiú a thuilleadh tar éis dáta áirithe.

(11)

Mar gheall ar an deacracht a bhain le hionadú iomchuí a shainaithint le haghaidh LIBOR CHF sula ndearna an Mheitheal Náisiúnta maidir le Rátaí Tagartha Fhranc na hEilvéise (MN na hEilvéise) moltaí soiléire a thairiscint don mhargadh, níl forálacha cúltaca ná forálacha cúltaca oiriúnacha sna conarthaí a tugadh i gcrích tar éis dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1011 (an 1 Eanáir 2018) ach oiread.

(12)

Gan conarthaí ina ndéantar tagairt do LIBOR CHF a aistriú chuig ionadú ainmnithe le haghaidh an tagarmhairc sin, tá baol tromchúiseach ann go mbeidh dírathú conarthaí i roinnt Ballstát. Le hainmniú an ionadaithe sin, dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfaí riosca den sórt sin a mhaolú, riosca a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar fheidhmiú na margaí airgeadais san Aontas dá dtarlódh sé.

(13)

An 5 Márta 2021, d’fhógair FCA na Ríochta Aontaithe go gcaillfear ionadaíochas LIBOR CHF agus go scorfaí gach aibíocht dá chuid amach anseo. Truicear atá i ráiteas den sórt sin le haghaidh an Choimisiúin chun a chumhacht a fheidhmiú chun ionadú reachtúil a ainmniú le haghaidh LIBOR CHF de bhun Airteagal 23b(8) de Rialachán (AE) 2016/1011.

(14)

Bhunaigh toradh an chomhairliúcháin phoiblí a rinne an Coimisiún an ról tábhachtach a bhí ag aibíochtaí áirithe de chuid LIBOR CHF i gconarthaí morgáiste, go háirithe na haibíochtaí 1 mhí, 3 mhí, 6 mhí agus 12 mhí. Bheadh éiginnteacht dhlíthiúil ann mar thoradh ar an easpa ráta ionadaithe atá soiléir agus gan débhrí i gconarthaí morgáiste ina ndéantar tagairt do LIBOR CHF, rud a d’fhéadfadh dlíthíocht agus dírathú conarthaí a spreagadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, don Choimisiún ionadú reachtúil le haghaidh na gceithre aibíocht sin de chuid LIBOR CHF a ainmniú atá le húsáid in aon chonradh, agus in aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena n-áirítear cuntais choigiltis, morgáistí agus iasachtaí, lena n-áirítear comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus iasachtaí beaga gnó, ach gan a bheith teoranta dóibh sin, arna rialú ag dlíthe ceann de na Ballstáit nach bhfuil forálacha cúltaca ná forálacha cúltaca oiriúnacha iontu.

(15)

In 2017, mhol MN na hEilvéise an Swiss Average Rate Overnight (SARON) arna riar ag SIX Swiss Exchange Financial Information AG (SIX) mar an ráta ionadaithe le haghaidh LIBOR CHF (4). I mí Mheán Fómhair 2020, tar éis a aithint nach féidir ráta téarma réamhbhreathnaitheach a chruthú bunaithe ar SARON, mhol MN na hEilvéise gur cheart ráta SARON iolraithe a úsáid mar bhonn le ráta cúltaca le haghaidh tagairtí do LIBOR CHF le haghaidh táirgí airgid. Ba cheart, dá bhrí sin, ionadú ainmnithe le haghaidh aibíochtaí ábhartha LIBOR CHF i gconarthaí airgid leagáide a ríomh mar ráta SARON iolraithe.

(16)

Léirigh toradh an chomhairliúcháin phoiblí a rinne an Coimisiún tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht ó údaráis phoiblí ó na Ballstáit is mó lena mbaineann ainmniú athsholáthair reachtúil le haghaidh gach aibíocht LIBOR CHF i gcomhréir le moltaí MN na hEilvéise. Cé gur ráta réamhbhreathnaitheach é LIBOR CHF, lena mbíonn a fhios ag an gcliant roimh ré an t-ús atá dlite don tréimhse atá le teacht, is ráta siarbhreathnaitheach é ráta SARON iolraithe. Ciallaíonn sé sin nach mbíonn eolas ar an ráta úis thar thréimhse ar leith ach ag deireadh na tréimhse sin. Chun úsáid an ráta úis ag tús na tréimhse úis a éascú, réiteach amháin a d’fhéadfadh a bheith ann an ráta úis a chinneadh ar bhonn tréimhse bhreathnóireachta roimh an tréimhse úis. An 29 Meán Fómhair 2020, mhol MN na hEilvéise, i gcásanna nach mór a bheith ar an eolas faoin íocaíocht úis ag tús na tréimhse úis, úsáid a bhaint as ráta SARON iolraithe i gcomhréir le modheolaíocht an “athshocraithe is déanaí”. Is éard atá i modheolaíocht den sórt sin an ráta úis a chinneadh le haghaidh na tréimhse atá le teacht ar bhonn an ráta úis iolraithe arna bhreathnú le haghaidh tréimhse a tháinig roimhe sin, ar tréimhse í atá ar comhfhad le fad an tréimhse atá i gceist.

(17)

De réir mholadh MN na hEilvéise an 1 Feabhra 2021, ba cheart d’úsáideoirí Ráta SARON Iolraithe 1 Mhí a ghlacadh mar ráta ionadaithe le haghaidh LIBOR CHF 1 mhí agus Ráta SARON Iolraithe 3 Mhí a ghlacadh le haghaidh LIBOR CHF 3 mhí arna gcinneadh faoi mhodheolaíocht an ionadaithe is déanaí, is é sin ráta SARON iolraithe arna ríomh ar bhonn na tréimhse 1 mhí agus 3 mhí faoi seach díreach roimh an tréimhse úis.

(18)

Sa mholadh uaidh an 11 Bealtaine 2021, thug Meitheal Ráta Saor ó Riosca an Euro le fios go bhféadfadh modheolaíocht an athshocraithe is déanaí le haghaidh tréimhsí níos faide ná 3 mhí dúshláin chuntasaíochta agus fálúcháin a chruthú arb iad is cúis leo na difríochtaí struchtúracha idir IBOR (de chineál réamhbhreathnaitheach) agus SARON (de chineál siarbhreathnaitheach), difríochtaí a bhfuil suntas ar leith ag baint leo i gcás aibíochtaí níos sine. Mar mhodheolaíocht mhalartach, mhol MN na hEilvéise an 1 Iúil 2021 úsáid a bhaint as modheolaíocht an “athshocraithe is déanaí” le tréimhse breathnóireachta 1 mhí. Is éard atá i modheolaíocht den sórt sin an ráta úis a chinneadh le haghaidh na tréimhse atá le teacht ar bhonn an ráta úis iolraithe arna bhreathnú le haghaidh tréimhse a tháinig roimhe sin, ar tréimhse í atá níos giorra ná an tréimhse atá i gceist. Agus breithniú á dhéanamh ar mholtaí Mheitheal Ráta Saor ó Riosca an Euro, agus d’fhonn fanacht chomh gar agus is féidir don tréimhse thagartha bhunaidh le haghaidh gach aibíochta, measadh go raibh Ráta SARON Iolraithe 3 Mhí níos oiriúnaí ná an Ráta SARON Iolraithe 1 Mhí le haghaidh aibíochtaí LIBOR CHF 3 mhí nó aibíochtaí LIBOR CHF níos faide ná sin. Meastar gur iomchuí, dá bhrí sin, Rátaí SARON Iolraithe 1 Mhí agus 3 Mhí a úsáid mar ionadú, faoi seach, le haghaidh LIBOR CHF 1 Mhí agus LIBOR CHF 3 Mhí agus Ráta SARON Iolraithe 3 Mhí a úsáid freisin mar ionadú le haghaidh LIBOR CHF 6 Mhí agus 12 Mhí.

(19)

Tá difríocht ó thaobh luacha de idir LIBOR CHF agus ráta SARON iolraithe. Chun an difríocht sin a léiriú agus chun an tionchar eacnamaíoch a bheadh ag ionadú a íoslaghdú, ba cheart coigeartú raon difríochta seasta a chur le Ráta SARON iolraithe i ndáil le gach ceann d’aibíochtaí LIBOR CHF a dhéanann sé a ionadú.

(20)

Leis an gcomhairliúchán poiblí a rinne an Coimisiún, deimhníodh a iomchuí atá sé coigeartú raon difríochta seasta a ríomh bunaithe ar an raon difríochta airmheáin stairiúil idir LIBOR fhranc na hEilvéise agus an Ráta SARON Iolraithe lena mbaineann le linn tréimhse aisamhairc 5 bliana go dtí an 5 Márta 2021.

(21)

Is iomchuí, dá bhrí sin, maidir leis na rátaí arna n-ainmniú ag an gCoimisiún chun aibíochtaí ábhartha LIBOR CHF lena mbaineann a athsholáthar, go bhfreagróidís don Ráta SARON Iolraithe móide an coigeartú raon difríochta ábhartha mar a fhoilsítear é le haghaidh gach ceann d’aibíochtaí ábhartha SARON iolraithe lena mbaineann (1 mhí, 3 mhí, 6 mhí agus 12 mhí).

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 23b(3) de Rialachán (AE) 2016/1011, déanfar ionadú le haghaidh LIBOR CHF a chur in ionad na dtagairtí ar fad don tagarmharc sin, trí fheidhmiú an dlí, in aon chonradh agus in aon ionstraim airgeadais dá dtagraítear i dTreoir 2014/65/AE, ar choinníoll nach ann d’fhorálacha cúltaca ná nach ann d’fhorálacha cúltaca oiriúnacha. Dá bhrí sin, ní dhéanann an t-ionadú sin difear do chonarthaí a ndearnadh athchaibidliú rathúil orthu chun freastal ar scor LIBOR CHF, faoi mar a foráladh faoi Airteagal 23b(11) de Rialachán (AE) 2016/1011.

(23)

Ós rud é go scoirfear de LIBOR a fhoilsiú an 1 Eanáir 2022, ba cheart do na rátaí ainmnithe teacht in ionad na dtagairtí do LIBOR CHF amhail ón dáta sin.

(24)

Thug FCA na Ríochta Aontaithe, mar mhaoirseoir ar riarthóir LIBOR CHF, Banc Náisiúnta na hEilvéise ina ról mar rúnaí ar MN na hEilvéise agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a dtuairimí maidir leis an Rialachán seo.

(25)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Eorpach um Urrúis,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

LIBOR CHF a ionadú

1.   Tá na rátaí seo a leanas ainmnithe mar rátaí ionadaithe le haghaidh LIBOR CHF i dtagairtí do LIBOR CHF in aon chonradh, agus in aon ionstraim airgeadais dá dtagraítear i dTreoir 2014/65/AE:

(a)

Déantar LIBOR CHF 1 mhí a ionadú le Ráta SARON Iolraithe 1 mhí, mar a bhreathnaítear le linn na tréimhse 1 mhí roimh an tréimhse úis;

(b)

Déantar LIBOR CHF 3 mhí a ionadú le Ráta SARON Iolraithe 3 mhí, mar a bhreathnaítear le linn na tréimhse 3 mhí roimh an tréimhse úis;

(c)

Déantar LIBOR CHF 6 mhí a ionadú le Ráta SARON Iolraithe 3 mhí, mar a bhreathnaítear le linn na tréimhse 3 mhí roimh an tréimhse úis;

(d)

Déantar LIBOR CHF 12 mhí a ionadú le Ráta SARON Iolraithe 3 mhí, mar a bhreathnaítear le linn na tréimhse 3 mhí roimh an tréimhse úis.

2.   Cuirfear coigeartú raon difríochta seasta leis na rátaí ionadaithe arna n-ainmniú de bhun mhír 1. An coigeartú raon difríochta seasta sin, beidh sé coibhéiseach leis an raon difríochta arna fhoilsiú do gach aibíocht ábhartha agus déanfar é a ríomh an 5 Márta 2021 mar raon difríochta airmheáin stairiúil idir an LIBOR CHF lena mbaineann agus an ráta SARON sonrach a ndearnadh iolrú air le linn tréimhse aisamhairc 5 bliana i ndáil le gach tréimhse ar leith.

3.   Déanfar na rátaí ionadaithe le haghaidh LIBOR CHF a ainmniú i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

LIBOR

AIBÍOCHT

Ráta Ionadaithe

Luach Coigeartaithe Raon Difríochta (%)

CHF

1M

Ráta SARON Iolraithe 1 mhí (SAR1MC)

ISIN CH0477123886

-0,0571

CHF

3M

Ráta SARON Iolraithe 3 mhí (SAR3MC)

ISIN CH0477123902

0,0031

CHF

6M

Ráta SARON Iolraithe 3 mhí (SAR3MC)

ISIN CH0477123902

0,0741

CHF

12M

Ráta SARON Iolraithe 3 mhí (SAR3MC)

ISIN CH0477123902

0,2048

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 171, 29.6.2016, lch. 1.

(2)  Narodowy Bank Polski (Banc Náisiúnta na Polainne), Tuarascáil Cobhsaíochta Airgeadais, mí an Mheithimh 2021.

https://www.nbp.pl/en/systemfinansowy/fsr202106.pdf?v=2

(3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(4)  Foilsítear SARON ar leathanach gréasáin ábhartha a riarthóra: https://www.six-group.com/exchanges/indices/data_centre/swiss_reference_rates/compound_rates_en.html.