8.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 356/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1767 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is Páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus”) (3), agus a oibleagáidí agus freagrachtaí dílse féin agus oibleagáidí agus freagrachtaí roinnte ag gach ceann acu faoin gCoinbhinsiún sin.

(2)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme na n-oibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún Aarhus trí rialacha a leagan síos maidir lena chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh.

(3)

Ina theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, thug an Coimisiún gealltanas go ndéanfadh sé a mharana maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a athbhreithniú chun rochtain ar athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach ar leibhéal an Aontais a fheabhsú do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a bhfuil údair imní sonracha acu faoi chomhoiriúnacht dhlí an chomhshaoil le gníomhartha riaracháin a bhfuil tionchair acu ar an gcomhshaol. Thug an Coimisiún gealltanas gníomhaíocht a dhéanamh chun rochtain saoránach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar cheartas os comhair cúirteanna náisiúnta i ngach Ballstát a fheabhsú. Chuige sin d’eisigh sé teachtaireacht an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Improving access to justice in environmental matters in the EU and its Member States, [Rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus na Ballstáit], ina ndearbhaíonn sé gur “beart tacaíochta tábhachtach é rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, trí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta araon mar chúirteanna an Aontais, chun cabhrú leis an aistriú faoin gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus mar bhealach chun an ról faire is féidir a bheith ag an tsochaí shibhialta sa spás daonlathach a neartú”.

(4)

Gan dochar do shaincheart CBAE costais a chionroinnt, níl imeachtaí cúirte faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 le bheith róchostasach, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Choinbhinsiún Aarhus. Dá réir sin, déanfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais gach iarracht gan ach costais réasúnta a thabhú agus sa chaoi sin gan aisíocaíocht a iarraidh ach i gcomhair costais réasúnta le linn imeachtaí cúirte den sórt sin.

(5)

Ag cur san áireamh forálacha Airteagal 9(3) agus (4) de Choinbhinsiún Aarhus agus na torthaí agus an chomhairle ón gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32, ba cheart dlí an Aontais a thabhairt i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar bhealach atá comhoiriúnach le prionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais agus a chóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh.

(6)

Le Cinneadh (AE) 2018/881 (5), d’iarr an Chomhairle go ndéanfaí staidéar ar roghanna an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32, agus ina dhiaidh sin, más iomchuí, togra a dhéanamh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006. Thairis sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a leasú sna rúin uaithi an 15 Samhain 2017 maidir le Plean gníomhaíochta don dúlra, don phobal agus don gheilleagar (6) agus an 16 Samhain 2017 maidir le hAthbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil (EIR) (7) agus an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (8).

(7)

In Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus, foráiltear, laistigh de chreat a dhlí náisiúnta, nach mór do gach Páirtí a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine den phobal, i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos ina dlí náisiúnta, ar nósanna imeachta breithiúnacha nó nósanna imeachta athbhreithniúcháin eile chun agóid a dhéanamh in aghaidh dlíthiúlacht shubstainteach agus dlíthiúlacht nós imeachta aon chinnidh, gnímh nó neamhghnímh lena sáraítear forálacha an dlí náisiúnta i ndáil leis an gcomhshaol. Leis an nós imeachta athbhreithnithe riaracháin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, comhlánaítear córas foriomlán an Aontais maidir le hathbhreithniú breithiúnach lena gcumasaítear daoine den phobal a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar ghníomhartha riaracháin trí agóidí breithiúnacha díreacha ar leibhéal an Aontais, eadhon faoi Airteagal 263, an ceathrú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus, i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, trí chúirteanna náisiúnta. Is gnéithe ríthábhachtacha den chóras sin iad ceart agus oibleagáid na gcúirteanna náisiúnta iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE a chur faoi bhráid CBAE. Faoi Airteagal 267 CFAE, arna léirmhíniú ag CBAE, is cuid dhílis de chóras cosanta bhreithiúnaigh an Aontais iad cúirteanna náisiúnta na mBallstát mar ghnáthchúirteanna dhlí an Aontais (9).

(8)

Is é teorannú an athbhreithnithe inmheánaigh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme aonair acu an bonn is mó le haghaidh iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a bheith neamh-inghlactha arna ndéanamh ag eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha faoi Airteagal 10 den Rialachán sin lena n-áirítear maidir le gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme níos leithne acu. Dá bhrí sin, is gá raon feidhme nós imeachta an athbhreithnithe inmheánaigh a leagtar síos sa Rialachán sin a leathnú chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a chur san áireamh.

(9)

Cumhdaítear le raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 gníomhartha a ghlacfar faoi dhlí an chomhshaoil. Os a choinne sin, cumhdaítear le hAirteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus agóidí i gcoinne gníomhartha nó neamhghníomhartha “a sháraíonn” an dlí i dtaca leis an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú gur cheart athbhreithniú inmheánach a dhéanamh d’fhonn a dheimhniú cé acu an sáraítear nó nach sáraítear dlí an chomhshaoil le gníomh riaracháin.

(10)

Nuair atáthar ag measúnú an bhfuil forálacha ag baint le gníomh riaracháin a d’fhéadfadh, de dheasca a dtionchair, dlí an chomhshaoil a shárú, is gá a bhreithniú cibé acu an mbeadh éifeacht dhíobhálach ag forálacha den chineál sin nó nach mbeadh ar chuspóirí a bhaint amach a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE. I gcás gurb amhlaidh an cás, ba cheart go gcumhdófaí leis an nós imeachta um athbhreithniú inmheánach gníomhartha arna nglacadh i gcur chun feidhme beartas eile seachas beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol.

(11)

Faoi Airteagal 263 CFAE, arna léirmhíniú ag CBAE, measfar go bhfuil éifeachtaí seachtracha ag gníomh, agus dá bhrí sin gur féidir leis a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, má tá sé ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i leith tríú páirtithe. Maidir le gníomhartha ullmhúcháin, moltaí, tuairimí agus gníomhartha neamhcheangailteacha eile nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu i leith tríú páirtithe, agus nach féidir dá bhrí sin a mheas go bhfuil éifeachtaí seachtracha acu, i gcomhréir le cásdlí CBAE, níor cheart a mheas, dá bhrí sin, gurbh ionann agus gníomhartha riaracháin iad faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (10).

(12)

D’fhonn comhsheasmhacht dhlíthiúil a áirithiú, measfar go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag gníomh, agus dá bhrí sin gur féidir leis a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, arna léirmhíniú ag CBAE (11). Má mheasfar go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag gníomh, tugtar le tuiscint gur féidir é a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, beag beann ar a fhoirm, toisc go ndéantar a chineál a mheas i ndáil lena éifeachtaí, lena chuspóir agus lena inneachar (12).

(13)

D’fhonn dóthain ama a bheith ann chun próiseas athbhreithnithe ceart a dhéanamh, is iomchuí fadú a dhéanamh ar na teorainneacha ama a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le hathbhreithniú riaracháin a iarraidh agus na teorainneacha ama is infheidhme maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais chun freagra a thabhairt ar iarratais den sórt sin.

(14)

I gcomhréir le cásdlí CBAE (13), ceanglaítear ar eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha nó ar dhaoine eile den phobal a iarrann athbhreithniú inmheánach ar ghníomh riaracháin, agus forais iarratais an athbhreithnithe á gcur in iúl, fíorais nó argóintí dlíthiúla a chur chun cinn a bhfuil bunús leordhóthanach leo chun bheith ina gcúis amhrais thromchúisigh.

(15)

Ba cheart go gcumhdófaí i raon feidhme na n-imeachtaí athbhreithnithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 dlíthiúlacht shubstainteach agus dlíthiúlacht nós imeachta araon an ghnímh a bhfuil agóid á déanamh ina choinne. I gcomhréir le cásdlí CBAE, ní féidir le nósanna imeachta faoi Airteagal 263, an ceathrú mír, CFAE agus Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a bheith fothaithe ar fhorais ná fianaise nach bhfuil san iarraidh ar athbhreithniú, toisc go mbeadh an cuspóir don cheanglas, in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, a bhaineann le ráiteas maidir leis an bhforais ar a bhfuil iarraidh den chineál sin bunaithe, curtha as feidhm agus go ndéanfaí aidhm an nós imeachta a tionscnaíodh leis an iarraidh a athrú (14).

(16)

Ní thagann gníomhartha arna nglacadh ag údaráis phoiblí na mBallstát, lena n-áirítear bearta cur chun feidhme atá glactha ar leibhéal na mBallstát a éilítear le gníomh neamhreachtach arna ghlacadh faoi dhlí an Aontais, faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, i gcomhréir leis na Conarthaí agus prionsabal neamhspleáchas na gcúirteanna náisiúnta.

(17)

Ba cheart é a bheith de cheart ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus ag daoine eile den phobal athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar ghníomhartha agus neamhghníomhartha riaracháin arna ndéanamh ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, arna leasú leis an Rialachán seo.

(18)

Agus bac ar a gcearta á léiriú acu, ba cheart do dhaoine den phobal sárú ar a gcearta a léiriú. D’fhéadfadh sé go mbeadh srian nó constaic gan údar ar fheidhmiú na gceart sin san áireamh.

(19)

Ní cheanglaítear ar dhaoine den phobal a léiriú go ndéantar difear dóibh go díreach agus go leithleach de réir bhrí Airteagal 263, an ceathrú mír, CFAE, arna léirmhíniú ag CBAE (15). Mar sin féin, ionas nach mbeidh ceart neamhcháilithe ag daoine den phobal athbhreithniú inmheánach (“actio popularis”) a iarraidh, rud nach bhfuil de dhíth faoi Choinbhinsiún Aarhus, ba cheart dóibh a léiriú go ndéantar difear díreach dóibh i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne, mar shampla i gcás garbhaol ar a sláinte agus ar a sábháilteacht féin, nó dochar do cheart a bhfuil teideal acu chuige de bhun reachtaíocht an Aontais, mar thoradh ar an sárú líomhnaithe ar dhlí an chomhshaoil, i gcomhréir le cásdlí CBAE (16).

(20)

Agus leas leordhóthanach poiblí á léiriú, ba cheart do dhaoine den phobal a thaispeáint i dteannta a chéile gurb ann do leas an phobail maidir le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha, nó maidir le hathrú aeráide a chomhrac, agus go dtacaíonn líon leordhóthanach daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fud an Aontais lena n-iarraidh ar athbhreithniú trína sínithe a bhailiú go fisiciúil nó go digiteach.

(21)

D’fhonn nósanna imeachta athbhreithnithe inmheánacha éifeachtacha a áirithiú, agus go háirithe go gcomhlíonann na hiarrataí ar athbhreithniú, i gcás inarb infheidhme, na critéir a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 agus go gcuireann siad chun cinn fíricí nó argóintí dlíthiúla a bhfuil substaint leordhóthanach iontu chun bheith ina gcúis amhrais thromchúisigh maidir leis an measúnú arna dhéanamh ag institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais (17), ba cheart d’eagraíocht neamhrialtasach chomhshaoil a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, arna leasú leis an Rialachán seo, nó do dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt Bhallstáit ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine den phobal.

(22)

I gcás ina bhfaighidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais iarrataí éagsúla ar athbhreithniú ar an ngníomh nó ar an neamhghníomh céanna agus go gcomhcheanglóidh sé iarrataí den sórt sin chun measúnú a dhéanamh orthu in aon nós imeachta amháin, ba cheart don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais gach iarraidh a mheas ar a bhfiúntas féin ina freagra/fhreagra. Go háirithe, má mheastar aon iarraidh den sórt sin a bheith neamh-inghlactha ar fhorais nós imeachta nó má dhiúltaítear di de bharr substainte, níor cheart go ndéanfadh sé sin dochar do bhreithniú na n-iarrataí eile ar athbhreithniú ar déileáladh leo sa nós imeachta céanna.

(23)

D’fhonn láimhseáil éifeachtach cásanna a áirithiú, ba cheart d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais iarracht a dhéanamh na critéir a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach.

(24)

Ar mhaithe le trédhearcacht agus láimhseáil éifeachtach cásanna, ba cheart institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a bheith in ann córais ar líne a bhunú chun iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a fháil.

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus, a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(26)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), go háirithe an gá le hardleibhéal cosanta comhshaoil a chomhcheangal i mbeartais an Aontais (Airteagal 37), an ceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil (Airteagal 47). Rannchuidítear leis an Rialachán seo le héifeacht chórais an Aontais maidir le hathbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach, agus dá thoradh sin, neartaítear leis cur i bhfeidhm Airteagal 37, Airteagal 41 agus Airteagal 47 den Chairt agus ar an gcaoi sin rannchuidítear leis an smacht reachta a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE.

(27)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) agus phointe (h):

“(g)

ciallaíonn ‘gníomh riaracháin’ aon ghníomh neamhreachtach a ghlacann institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla agus seachtracha aige agus ina bhfuil forálacha lena bhféadfar dlí an chomhshaoil a shárú de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (f);

(h)

ciallaíonn ‘neamhghníomh riaracháin’ aon mhainneachtain ag institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais gníomh neamhreachtach a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla agus seachtracha aige, i gcás ina bhféadfar dlí an chomhshaoil a shárú de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (f), le mainneachtain den sórt sin.”;

(2)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Beidh aon eagraíocht neamhrialtasach nó daoine eile den phobal a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 11 i dteideal athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh riaracháin, nó i gcás neamhghníomh riaracháin líomhnaithe, ar cheart gníomh den chineál sin a bheith glactha aici, ar fhorais go sáraítear dlí an chomhshaoil de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (f), le gníomh nó neamhghníomh den chineál sin.

Déanfar iarrataí den chineál sin i scríbhinn agus laistigh de thréimhse ama nach faide ná 8 seachtaine tar éis an gníomh riaracháin a ghlacadh, a fhógairt nó a fhoilsiú, cibé acu is déanaí, nó, i gcás neamhghníomh riaracháin líomhnaithe, 8 seachtaine tar éis an dáta a rinneadh an gníomh riaracháin a cheangal. Cuirfear in iúl leis an iarraidh forais an athbhreithnithe.

2.   Déanfaidh institiúid nó comhlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 aon iarraidh den chineál sin a mheas, ach amháin i gcás gur léir go bhfuil sé gan bhunús nó nach bhfuil cruthú ar bith leis. I gcás ina bhfaighidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais iarrataí iomadúla ar athbhreithniú ar an ngníomh riaracháin nó ar an neamhghníomh riaracháin céanna, féadfaidh an institiúid nó an comhlacht na hiarrataí sin a chur le chéile agus déileáil leo mar iarraidh amháin. Cuirfidh institiúid nó comhlacht an Aontais na cúiseanna leis an bhfreagra i scríbhinn a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná 16 seachtaine tar éis don sprioc-am 8 seachtaine a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, dul in éag.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás ar bith, gníomhóidh an institiúid nó an comhlacht de chuid an Aontais laistigh de 22 sheachtain tar éis don sprioc-am 8 seachtaine a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, dul in éag.”;

(3)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.

Féadfaidh daoine eile den phobal iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh freisin, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

léireoidh siad go ndearnadh bac ar a gcearta de dheasca an tsáraithe líomhnaithe ar dhlí comhshaoil an Aontais agus go ndéanann an bac sin difear go díreach dóibh siúd i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne; nó

(b)

léireoidh siad go bhfuil leas leordhóthanach poiblí ann agus go dtacaíonn ar a laghad 4 000 ball den phobal a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i gcúig Bhallstát ar a laghad, agus go bhfuil 250 ball den phobal ar a laghad ag teacht ó gach ceann de na Ballstáit sin.

Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh eagraíocht neamhrialtasach a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i mír 1 nó dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt Bhallstáit ionadaíocht ar son an phobail. Comhoibreoidh an eagraíocht neamhrialtasach nó an dlíodóir sin leis an institiúid nó leis an gcomhlacht lena mbaineann de chuid an Aontais chun a shuíomh go gcomhlíontar na coinníollacha cainníochtúla sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcás inarb infheidhme, agus soláthróidh siad tuilleadh fianaise ina leith sin arna iarraidh sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.

Glacfaidh an Coimisiún na forálacha a bhfuil gá leo chun a áirithiú go ndéanfar na critéir agus na coinníollacha a luaitear i mír 1 agus i mír 1a, an dara fomhír, a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus comhsheasmhach.”;

(4)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

Iarrataí agus cinntí críochnaitheacha a fhoilsiú, agus córais ar líne chun iarrataí a fháil

1.   Iarrataí agus cinntí críochnaitheacha a fhoilsiú, agus córais ar líne chun iarrataí a fháil. Foilseoidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais gach iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a luaithe agus is féidir tar éis dóibh iad a fháil, chomh maith le gach cinneadh críochnaitheach maidir leis na hiarrataí sin a luaithe agus is féidir tar éis a nglactha.

2.   Féadfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais córais ar líne a bhunú chun iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a fháil agus féadfaidh siad a éileamh go gcuirfear gach iarraidh ar athbhreithniú inmheánach isteach trína gcórais ar líne.”;

(5)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 12(2):

“2.   I gcás go mainneoidh institiúid nó comhlacht an Aontais gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó (3), féadfaidh an eagraíocht neamhrialtasach nó daoine eile den phobal a rinne an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach de bhun Airteagal 10 imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha.”;

(6)

ar fud théacs an Rialacháin, in ionad tagairtí d’fhorálacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, cuirfear tagairtí do na forálacha comhfhreagracha CFAE agus cuirfear i bhfeidhm aon athruithe gramadaí is gá;

(7)

ar fud théacs an Rialacháin, lena n-áirítear sa teideal, cuirfear an focal “Aontas” in áit an fhocail “Comhphobal” agus cuirfear i bhfeidhm aon athruithe gramadaí is gá.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3)(a), ón 29 Aibreán 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 66.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021.

(3)  Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirteachas an phobail sa phróiseas cinnteoireachta agus rochtain ar cheartas in ábhair chomhshaoil (IO L 124, 17.5.2005, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

(5)  Cinneadh (AE) 2018/881 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018 lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh faoi roghanna an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32 agus, más iomchuí i bhfianaise thorthaí an staidéir, togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (IO L 155, 19.6.2018, lch. 6).

(6)  IO C 356, 4.10.2018, lch. 38.

(7)  IO C 356, 4.10.2018, lch. 84.

(8)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(9)  Tuairim na Cúirte an 8 Márta 2011, Córas dlíthíochta paitinní aontaithe a chruthú, 1/09, ECLI:EU:C:2011:123, mír 80.

(10)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2013, Inuit Tapiriit Kanatami agus Eile v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C-583/11 P, ECLI:EU:C:2013:625, mír 56.

(11)  Féach Breithiúnas i gCás C-583/11 P, mír 56.

(12)  Breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Nollaig 1957, Usines à tubes de la Sarre v an tArd Údarás, 1/57 agus 14/57, ECLI:EU:C:1957:13, lch. 114; an 31 Márta 1971, an Coimisiún v an Chomhairle, 22/70, ECLI:EU:C:1971:32, mír 42; an 16 Meitheamh 1993, an Fhrainc v an Coimisiún, C-325/91, ECLI:EU:C:1993:245, mír 9; an 20 Márta 1997, an Fhrainc v an Coimisiún, C-57/95, ECLI:EU:C:1997:164, mír 22; agus an 13 Deireadh Fómhair 2011, Deutsche Post agus an Ghearmáin v an Coimisiún, C-463/10 P agus C-475/10 P, ECLI:EU:C:2011:656, mír 36.

(13)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Meán Fómhair 2019, TestBioTech v An Coimisiún, C-82/17 P, ECLI:EU:C:2019:719, mír 69.

(14)  Féach Breithiúnas i gCás C-82/17 P, mír 39.

(15)  Breithiúnas ón gCúirt an 15 Iúil 1963, Plaumann v an Coimisiún, Cás 25/62, ECLI:EU:C:1963:17.

(16)  Breithiúnais ón gCúirt an 25 Iúil 2008, Janecek, C-237/07, ECLI:EU:C:2008:447; an 1 Meitheamh 2017, Folk, C-529/15, ECLI:EU:C:2017:419, agus an 3 Deireadh Fómhair 2019, Wasserleitungsverband Nördliches Burgenland agus Eile, C-197/18, ECLI:EU:C:2019:824.

(17)  Féach Breithiúnas i gCás C-82/17 P, mír 69.