23.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 336/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1697 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Iúil 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na critéir chun aitheantas a thabhairt d’údaráis rialúcháin agus do chomhlachtaí rialúcháin atá inniúil ar rialuithe a dhéanamh ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha, agus chun a n-aitheantas a tharraingt siar
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 46(7), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848, féadfaidh an Coimisiún aitheantas a thabhairt do na húdaráis rialúcháin agus do na comhlachtaí rialúcháin atá inniúil ar rialuithe a dhéanamh ar tháirgí orgánacha allmhairithe agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha. |
(2) |
Ag tógáil ar thaithí an Choimisiúin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar údaráis rialúcháin agus ar chomhlachtaí rialúcháin a oibríonn i dtríú tíortha, agus d’fhonn stóinseacht na rialuithe a dhéanann údaráis rialúcháin agus comhlachtaí rialúcháin a áirithiú agus chun sláine na dtáirgí orgánacha a allmhairítear ó thríú tíortha a ráthú, is gá atreisiú a dhéanamh ar inniúlacht na n-údarás rialúcháin agus na gcomhlachtaí rialúcháin rialuithe éifeachtacha a dhéanamh ar oibreoirí a tháirgeann táirgí orgánacha i dtríú tíortha. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart critéir bhreise a thabhairt isteach maidir le haitheantas a thabhairt d’údaráis rialúcháin agus do chomhlachtaí rialúcháin. |
(3) |
Go háirithe, ceanglaítear le hAirteagal 46(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848 go mbeidh údaráis rialúcháin agus comhlachtaí rialúcháin inniúil ar rialuithe a dhéanamh lena áirithiú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45(1), pointe (a), pointe (b)(i) agus pointe (c), den Rialachán sin go gcomhlíontar iad i ndáil le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú. Ós rud é go bhfuil na rialuithe sin riachtanach chun comhlíontacht le Rialachán (AE) 2018/848 a áirithiú, níor cheart cead a bheith ag údarás rialúcháin ná ag comhlacht rialúcháin cúraimí rialúcháin a tharmligean. Mar sin féin, d’fhonn an tsolúbthacht is gá a thabhairt d’údaráis rialúcháin nó do chomhlachtaí rialúcháin, níor cheart an tsampláil a chuimsiú sa toirmeasc faoi chúraimí rialúcháin a tharmligean. |
(4) |
I gcás sáruithe tromchúiseacha nó leanúnacha a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar oibreoirí nó ar na rialuithe agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-údarás rialúcháin nó an comhlacht rialúcháin, nó i gcás nach ndearna an t-údarás rialúcháin nó an comhlacht rialúcháin gníomhaíocht cheartaitheach thráthúil iomchuí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aitheantas an údaráis rialúcháin nó an chomhlachta rialúcháin a tharraingt siar. Dá bhrí sin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart critéir a leagan síos maidir le haitheantas na n-údarás rialúcháin agus na gcomhlachtaí rialúcháin a tharraingt siar. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir. |
(6) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Déanfar na húdaráis rialúcháin agus na comhlachtaí rialúcháin a aithint i gcomhréir le mír 1 maidir le hallmhairiú na gcatagóirí táirgí a liostaítear in Airteagal 35(7) a rialú, más rud é go gcomhlíonann siad na critéir seo a leanas:
(a) |
bunófar iad go dleathach i mBallstát amháin nó i dtríú tír amháin; |
(b) |
beidh sé d’acmhainn acu rialuithe a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45(1), pointe (a), pointe (b)(i) agus pointe (c), agus san Airteagal seo a chomhlíonadh maidir le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú ar beartaíodh iad a allmhairiú isteach san Aontas, gan cúraimí rialúcháin a tharmligean; chun críocha an phointe seo, cúraimí rialúcháin a dhéanann daoine a oibríonn faoi chonradh aonair nó faoi chomhaontú foirmiúil lena gcuirtear iad faoi rialú bainistíochta agus faoi nósanna imeachta na n-údarás rialúcháin nó na gcomhlachtaí rialúcháin conarthacha, ní mheasfar gur cúraimí tarmligthe iad, agus ní bheidh feidhm ag an toirmeasc faoi chúraimí rialúcháin a tharmligean maidir le sampláil; |
(c) |
tabharfaidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta agus beidh siad saor ó aon choinbhleacht leasa maidir le feidhmiú a gcúraimí rialaithe; go háirithe, beidh nósanna imeachta i bhfeidhm acu lena áirithiú go mbeidh na baill foirne a dhéanfaidh rialuithe agus gníomhaíochtaí eile saor ó aon choinbhleacht leasa, agus nach mó ná 3 bliana as a chéile a dhéanfaidh na cigirí céanna iniúchadh ar na hoibreoirí; |
(d) |
i gcás na gcomhlachtaí rialúcháin, déanfar iad a chreidiúnú chun nach bhfaighidh siad aitheantas ach ó aon chomhlacht creidiúnaithe amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha um ‘Measúnú comhréireachta — Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’, ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; |
(e) |
beidh an saineolas, an trealamh agus an bonneagar is gá acu chun cúraimí rialúcháin a dhéanamh agus beidh go leor ball foirne acu a mbeidh an cháilíocht agus an taithí chuí acu; |
(f) |
beidh an cumas agus an inniúlacht acu lena ngníomhaíochtaí deimhniúcháin agus rialúcháin a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus go háirithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (*1) i gcás gach cineáil oibreora (oibreoir aonair nó grúpa oibreoirí) i ngach tríú tír agus i gcás gach catagóire táirgí ar mian leo go dtabharfaí aitheantas dóibh; |
(g) |
beidh nósanna imeachta agus socruithe i bhfeidhm acu chun neamhchlaontacht, cáilíocht, comhsheasmhacht, éifeachtacht agus oiriúnacht a áirithiú maidir leis na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanann siad; |
(h) |
beidh go leor ball foirne acu leis an gcáilíocht agus leis an taithí chuí chun na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanamh go héifeachtach agus in am trátha; |
(i) |
beidh saoráidí agus trealamh atá iomchuí agus coinnithe go cuí acu lena áirithiú gur féidir leis na baill foirne rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh go héifeachtach agus in am trátha; |
(j) |
beidh na nósanna imeachta i bhfeidhm acu lena áirithiú go mbeidh rochtain ag na baill foirne ar áitreabh, agus ar dhoiciméid, na n-oibreoirí, chun go mbeidh siad in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích; |
(k) |
beidh scileanna, oiliúint agus nósanna imeachta inmheánacha acu a bheidh oiriúnach chun rialuithe éifeachtacha a dhéanamh, cigireacht san áireamh, ar oibreoirí chomh maith le córas rialúcháin inmheánaigh de chuid oibreoirí grúpa, más ann dóibh; |
(l) |
an t-aitheantas a tugadh cheana dóibh i dtaca le tríú tír shonrach agus/nó i dtaca le catagóir táirgí, i gcomhréir le mír 2a, ní bheidh sin aistarraingthe, ná a gcreidiúnú, ní bheidh sin aistarraingthe ná curtha ar fionraí ag aon chomhlacht creidiúnaithe i gcomhréir lena nósanna imeachta maidir le fionraí nó aistarraingt arna mbunú i gcomhréir leis an gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe le caighdeán 17011 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) – Measúnú comhréireachta – ceanglais ghinearálta maidir le comhlachtaí creidiúnaithe lena ndéantar comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú, le linn na 24 mhí roimh na rudaí seo a leanas:
|
(m) |
i gcás údaráis rialúcháin, is eagraíochtaí riaracháin poiblí iad sa tríú tír a bhfuil aitheantas iarrtha acu ina leith; |
(n) |
comhlíonfaidh siad na ceanglais nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698; agus |
(o) |
comhlíonfaidh siad aon chritéar breise a d’fhéadfaí a leagan síos i ngníomh tarmligthe a ghlacfaí de bhun mhír 7. |
2a. Féadfaidh an Coimisiún aitheantas údaráis rialúcháin nó comhlachta rialúcháin i dtaca le tríú tír ar leith agus/nó i dtaca le catagóir táirgí a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:
(a) |
ní chomhlíontar a thuilleadh ceann de na critéir aitheantais a leagtar amach i mír 2; |
(b) |
ní bheidh an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 faighte ag an gCoimisiún faoin sprioc-am a shonraítear san Airteagal sin nó an fhaisnéis a áirítear sa tuarascáil bhliantúil, beidh sí neamhiomlán nó míchruinn, nó ní chomhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin; |
(c) |
an fhaisnéis ar fad a bhaineann leis an sainchomhad teicniúil dá dtagraítear i mír 4, leis an gcóras rialúcháin a chuirtear i bhfeidhm leis, leis an liosta cothrom le dáta d’oibreoirí nó de ghrúpaí oibreoirí nó leis na táirgí orgánacha a chumhdaítear faoi raon feidhme a aitheantais, ní sholáthróidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin í ná ní chuirfidh sé in iúl í; |
(d) |
ní thabharfaidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin fógra don Choimisiún laistigh de 30 lá féilire ó rinneadh athruithe ar a shainchomhad teicniúil dá dtagraítear i mír 4; |
(e) |
ní sholáthróidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin faisnéis a d’iarr an Coimisiún nó Ballstát roimh na spriocdhátaí arna leagan síos, nó beidh an fhaisnéis neamhiomlán, míchruinn nó ní chomhlíonfar léi na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 agus i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh de bhun mhír 8, nó ní chomhoibreoidh sé leis an gCoimisiún, go háirithe le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar i dtaca le neamh-chomhlíontacht; |
(f) |
ní aontóidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin dul faoi scrúdú ar an láthair a thionscain an Coimisiún; |
(g) |
le toradh an scrúdaithe ar an láthair nó le toradh an iniúchta léireofar mífheidhmiú córasach na mbeart rialúcháin nó ní bheidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin in ann na moltaí ar fad a rinne an Coimisiún tar éis an scrúdaithe ar an láthair nó tar éis an iniúchta a chur i bhfeidhm ina bplean gníomhaíochta atá beartaithe agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin; |
(h) |
ní dhéanfaidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin bearta ceartaitheacha leordhóthanacha mar fhreagairt ar na neamh-chomhlíontachtaí agus ar na sáruithe a breathnaíodh laistigh de sprioc-am a leag an Coimisiún síos i gcomhréir lena thromchúisí atá an cás, sprioc-am nach giorra ná 30 lá féilire; |
(i) |
i gcás ina n-athróidh oibreoir a údarás rialúcháin nó a chomhlacht rialúcháin, ní chuirfidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin in iúl don údarás rialúcháin nua nó don chomhlacht rialúcháin nua gnéithe ábhartha den chomhad rialúcháin, lena n-áirítear taifid i scríbhinn de chuid an oibreora laistigh de 30 lá féilire ar a mhéad ó fuarthas an iarraidh ar aistriú ón oibreoir nó ón údarás rialúcháin nua nó ón gcomhlacht rialúcháin nua; |
(j) |
beidh baol ann go gcuirfear an tomhaltóir amú maidir le fíorchineál na dtáirgí a chumhdaítear le raon feidhme an aitheantais; nó; |
(k) |
ní bheidh aon oibreoir deimhnithe ag an údarás rialúcháin nó ag an gcomhlacht rialúcháin ar feadh tréimhse 48 mí as a chéile sa tríú tír ina bhfuil sé aitheanta. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN