1.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 307/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1422 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 i dtaca le deimhniú i gcás marú a dhéantar ar láthair an ghabháltais bunáitíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a rinneadh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 18(7)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/625, leagtar síos rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh na rialacha le reachtaíocht an Aontais a fhorchur i réimsí an bhia na sábháilteachta bia ag gach céim den phróiseas táirgthe, próiseála agus dáileacháin, i measc réimsí eile. Áirítear ar na rialuithe oifigiúla sin an chigireacht ante-mortem ar ainmhithe atá le marú.

(2)

Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 (2) ón gCoimisiún na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain a fhéadfar cigireachtaí réamhbháis a dhéanamh ar láthair an ghabháltais bunáitíochta.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1374 (3) ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ceadaítear bó-ainmhithe clóis agus muc-ainmhithe clóis agus each-ainmhithe clóis a mharú ar láthair an ghabháltais bunáitíochta faoi choinníollacha áirithe. Áirítear ar na coinníollacha sin cigireacht ante-mortem a dhéanamh ar ainmhithe sula maraítear iad agus toradh na cigireachta sin a fhianú i ndeimhniú oifigiúil a bheidh ag gabháil le corp na n-ainmhithe a maraíodh chuig seamlas formheasta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624.

(4)

Ba cheart raon feidhme Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a leathnú chun bó-ainmhithe clóis, muc-ainmhithe clóis agus each-ainmhithe clóis a thabhairt faoina scáth chun a áirithiú, i gcás ina maraítear iad ar láthair an ghabháltais bunáitíochta, nach gcuirfear sábháilteacht na feola i mbaol.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1   Cuirfidh na húdaráis inniúla na critéir shonracha agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos san Airteagal seo i bhfeidhm i gcásanna ábhartha na héanlaithe clóis, na géime feirme, na mbó-ainmhithe clóis, na muc-ainmhithe agus na n-each-ainmhithe clóis.”

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 3:

“3   I gcás bó-ainmhithe clóis agus muc-ainmhithe clóis, each-ainmhithe clóis agus géim feirme a mharaítear ar láthair an ghabháltais bunáitíochta i gcomhréir le Caibidil VIa de roinn I nó le pointe 3 de Roinn III d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, beidh an deimhniú oifigiúil a chuirtear i gcrích i gcomhréir leis an deimhniú oifigiúil eiseamláireach a leagtar amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (*) ón gCoimisiún in éineacht leis na hainmhithe chuig an seamlas, sin nó seolfar é roimh ré in aon fhormáid, in ionad an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(f) chuig an seamlas.

(*)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).”"

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 maidir le rialacha sonracha i dtaca le rialuithe oifigiúla a dhéanamh faoi tháirgeadh na feola agus le haghaidh limistéir táirgthe agus athsheachadta na moileasc débhlaoscach beo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 17.5.2019, lch. 1)

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1374 an 12 Aibreán 2021 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 297, 20.8.2021, lch. 1)

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55)