13.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 291/9 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1350 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Bealtaine 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh socruithe rialachais riarthóra sách láidir
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 4(9) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun a bheith láidir, le socruithe rialachais riarthóirí tagarmharcanna ba cheart foráil a dhéanamh maidir le struchtúr eagraíochtúil lena sonraítear, ar bhealach soiléir agus doiciméadaithe, nósanna imeachta um chinnteoireacht bainistíochta, línte tuairiscithe inmheánacha agus leithdháileadh fheidhmeanna agus fhreagrachtaí na ndaoine ag a bhfuil baint le soláthar tagarmhairc. |
(2) |
Le socruithe rialachais láidre ba cheart a bheith in ann coinbhleachtaí leasa féideartha a shainaithint agus a bhainistiú, ar coinbhleachtaí iad a fhéadfaidh eascairt laistigh de struchtúr eagraíochtúil riarthóirí tagarmharcanna. Dá bhrí sin, le socruithe rialachais riarthóirí tagarmharcanna ba cheart go háirithe struchtúr an chomhlachta bainistíochta agus a róil agus a fhreagrachtaí a shonrú. |
(3) |
Le himthoisc a bhféadfaidh coinbhleacht leasa eascairt aisti ní dhéantar duine, ag a bhfuil baint leis an gcoinbhleacht leasa sin, a eisiamh go huathoibríoch ó bheith bainteach le soláthar tagarmhairc. Mar sin féin, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna na himthosca uile a shainaithint, ar imthosca iad a bhféadfaidh coinbhleacht leasa fhéideartha nó iarbhír eascairt astu, measúnú a dhéanamh orthu agus cinneadh a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar bhearta maolaitheacha. |
(4) |
Ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna atá mar chuid de ghrúpa measúnú iomchuí a dhéanamh ar aon impleacht a bhaineann le struchtúr an ghrúpa le haghaidh a socruithe rialachais féin. Leis an measúnú sin ba cheart a mheas cibé acu an bhféadfar dochar a dhéanamh, leis na coinbhleachtaí leasa a thagann chun cinn, dá gcumas a n-oibleagáidí rialála a chomhlíonadh. Ina theannta sin, leis an measúnú sin ba cheart measúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfaí dochar a dhéanamh do neamhspleáchas na riarthóirí le struchtúr an ghrúpa nó de dheasca go bhfuil comhalta de chomhlacht bainistíochta na riarthóirí ina chomhalta freisin den bhord de chuid eintitis eile den ghrúpa céanna. Ba cheart do na riarthóirí tagarmharcanna sin nósanna imeachta sonracha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa, a fhéadfaidh eascairt as an struchtúr grúpa sin, a chosc agus a bhainistiú. |
(5) |
Ba cheart do riarthóirí a oibríonn mar chuid de ghrúpa a bheith in ann sineirgí a lorg ar leibhéal grúpa. Mar sin féin, le feidhmeanna a sheachfhoinsítear laistigh de ghrúpa ba cheart Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/1011, agus na forálacha ábhartha uile eile den Rialachán sin, a chomhlíonadh. |
(6) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart do riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha a bheith faoi réir ualach riaracháin iomarcach. Maidir lena dtagarmharcanna neamhshuntasacha, ba cheart do na riarthóirí sin a bheith in ann, dá bhrí sin, diúltú do cheanglais áirithe maidir lena struchtúr eagraíochtúil. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil údar leis i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a ngníomhaíochtaí, na dóchúlachta go n-eascródh coinbhleacht leasa idir soláthar an tagarmhairc agus aon ghníomhaíocht eile de chuid an riarthóra, agus an leibhéal discréide a bhaineann le próiseas sholáthar an tagarmhairc, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna áirithe a bheith in ann diúltú don cheanglas a bhaineann leis an nós imeachta um cheapadh an chomhlachta bainistíochta a shonrú ina socruithe rialachais. |
(7) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) faoi bhráid an Choimisiúin. |
(8) |
Reáchtáil ÚEUM comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
(9) |
Chun comhsheasmhacht le dáta chur i bhfeidhm Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a áirithiú, rud a thug isteach i Rialachán (AE) 2016/1011 Airteagal 4(9) den Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Nósanna imeachta cinnteoireachta, leithdháileadh feidhmeanna agus freagrachtaí agus línte tuairiscithe inmheánacha
1. Maidir le socruithe rialachais riarthóirí tagarmharcanna formheasfaidh an comhlacht bainistíochta iad, más ann, agus sonrófar leo, ar bhealach soiléir agus dea-dhoiciméadaithe, na nithe uile seo a leanas:
(a) |
na nósanna imeachta um chinnteoireacht na bainistíochta; |
(b) |
cairt eagraíochtúil de chuid an riarthóra tagarmhairc, lena leagtar amach conas a leithdháiltear feidhmeanna agus freagrachtaí ar na daoine ag a bhfuil baint dhíreach le soláthar tagarmhairc; |
(c) |
línte tuairiscithe inmheánacha. |
2. Leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), cumhdófar na nithe uile seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
(a) |
comhdhéanamh, róil agus freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta agus aon choistí gaolmhara; |
(b) |
struchtúr an chomhlachta bainistíochta; |
(c) |
ceapachán an chomhlachta bainistíochta. |
3. Leis an gcairt eagraíochtúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), sonrófar aon fheidhm atá seachfhoinsithe laistigh agus lasmuigh de ghrúpa an riarthóra agus aon chomhalta comhroinnte den fhoireann laistigh de ghrúpa an riarthóra. Le linn feidhmeanna agus freagrachtaí a leithdháileadh, áiritheofar le socruithe rialachais riarthóirí, i gcás ina gcomhlíonann daoine feidhmeanna iomadúla nó ina bhfuil baint acu le coistí éagsúla, go mbeidh siad in ann am leordhóthanach a chaitheamh i mbun na bhfeidhmeanna agus na bhfreagrachtaí arna leithdháileadh orthu agus nach gcuirfear cosc orthu a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go stuama, go hionraic agus go gairmiúil.
Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh riarthóirí san áireamh an líon cruinnithe nach mór don duine ábhartha freastal orthu, cineál an phoist shonraigh agus na bhfreagrachtaí gaolmhara agus cibé acu an gcuireann an duine lena mbaineann aon fheidhm nó gníomhaíocht eile i gcrích.
4. Le socruithe rialachais riarthóirí tagarmharcanna déanfar foráil maidir le creat luacha saothair soiléir do na daoine uile ag a bhfuil baint dhíreach le soláthar an tagarmhairc, agus na feidhmeanna agus na freagrachtaí arna leithdháileadh orthu á gcur san áireamh.
5. Féadfaidh riarthóirí tagarmharcanna a roghnú gan mír 2, pointe (c), ná mír 4 a chur i bhfeidhm maidir lena dtagarmharcanna neamhshuntasacha.
6. Féadfaidh riarthóirí tagarmharcanna a roghnú gan mír 2, pointe (c) ná mír 4 a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil an rogha diúltaithe sin iomchuí agus comhréireach, ag féachaint don mhéid seo a leanas:
(a) |
cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an riarthóra; |
(b) |
an dóchúlacht go n-eascródh coinbhleacht leasa idir soláthar an tagarmhairc agus aon ghníomhaíocht eile de chuid an riarthóra; |
(c) |
an leibhéal discréide a bhaineann le próiseas sholáthar an tagarmhairc. |
Airteagal 2
Cuntasacht
1. Maidir le socruithe rialachais riarthóirí tagarmharcanna sonrófar leo, ar bhealach soiléir agus dea-dhoiciméadaithe, mar chuid dá struchtúr eagraíochtúil, cuntasacht na ndaoine seo a leanas:
(a) |
na daoine atá freagrach as cinntí a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar sholáthar an tagarmhairc, go háirithe i gcás ina ndéantar an chinnteoireacht sin a tharmligean. |
(b) |
na daoine atá freagrach as coinbhleachtaí leasa atá ann nó as coinbhleachtaí leasa féideartha a fhoilsiú nó a nochtadh de bhun Airteagal 4(5) de Rialachán (AE) 2016/1011; |
(c) |
na daoine atá freagrach as nósanna imeachta rialaithe sonracha inmheánacha a bhunú chun sláine agus iontaofacht an fhostaí nó an duine ag a bhfuil an tagarmharc á chinneadh a áirithiú, dá dtagraítear in Airteagal 4(8) de Rialachán (AE) 2016/1011; |
(d) |
na daoine atá freagrach as tuairisciú inmheánach aon imthoisce as a bhféadfaidh coinbhleachtaí leasa eascairt. |
2. Féadfaidh riarthóirí tagarmharcanna a roghnú gan mír 1, pointe (d), a chur i bhfeidhm maidir lena dtagarmharcanna neamhshuntasacha.
Airteagal 3
Ceanglais trédhearcachta
1. Le socruithe rialachais riarthóirí tagarmharcanna áiritheofar go mbeidh a mbainisteoirí nó a bhfostaithe uile, agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil dóibh nó faoina rialú agus ag a bhfuil baint dhíreach le soláthar tagarmhairc, ar an eolas faoina bhfreagrachtaí agus faoi na nósanna imeachta nach mór a leanúint chun go gcomhlíonfar na freagrachtaí sin go hiomchuí.
2. I gcás ina bhfuil riarthóir tagarmhairc mar chuid de ghrúpa, le socruithe rialachais an riarthóra sin mionsonrófar aon fheidhm a bhaineann le haon seirbhís agus gníomhaíocht lena mbaineann i soláthar an tagarmhairc a seachfhoinsíodh, lena n-áirítear chuig grúpeintitis, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/1011.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 171, 29.6.2016, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(3) Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).