21.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 259/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1199 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Iúil 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) i ngráinníní nó i mótaí a úsáidtear mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha nó i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i saoráidí spóirt

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(1) de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

In iontráil 50 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tá srianta maidir le hocht hidreacarbón iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) (2).

(2)

Úsáidtear gráinníní rubair mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha. Úsáidtear gráinníní rubair agus mótaí i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i saoráidí spóirt, amhail cúrsaí gailf, airéiní lúthchleasaíochta, gróigeáin in airéiní capaill, conairí dúlra, nó raonta lámhaigh. Is de bhunús Boinn a bhfuil a Ré Caite (ELT) a bhíonn na gráinníní agus na mótaí sin den chuid is mó. Ar cheann de na hábhair imní is mó maidir leis an úsáid a bhaintear as gráinníní agus mótaí ELT tá láithreacht na n-ocht PAH sa mhaitrís rubair. Is meascáin iad gráinníní agus mótaí de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus, dá bhrí sin, ní chumhdaítear iad le hiontráil 50 atá ann cheana d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin. Mar sin féin, liostaítear na hocht PAH mar shubstaintí carcanaigineacha de chatagóir 1B in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, le hiontráil 28 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, cuirtear srian le soláthar gráinníní agus mótaí don phobal i gcoitinne, má tá PAHanna ag tiúchan atá cothrom le 100 mg/kg nó os a chionn sin le haghaidh BaP nó DBAhA, nó 1 000 mg/kg le haghaidh na sé PAH eile.

(3)

Chun an tréithriú riosca a dhéanamh ar na gráinníní agus ar na mótaí ina bhfuil na hocht PAH, ní féidir teorainneacha tiúchana na PAHanna aonair in iontráil 28 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a achoimriú go simplí. Trí chur chuige suimitheachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Treoir maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (4) agus rannchuidiú coibhneasta na PAHanna éagsúla sa chion PAH i ngráinníní agus mótaí rubair á thabhairt ar aird, is féidir an uasteorainn tiúchana maidir le suim na n-ocht PAH a liostaítear a ríomh agus is é atá inti tuairim agus 387 mg/kg (5). Tháinig Rijksinstituut voor Volksgezondheid en Milieu (RIVM) (6) agus ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht” anseo feasta) (7) ar an gconclúid in 2017 go bhfuil an teorainn tiúchana ríofa sin maidir le meascáin de na hocht PAH ró-ard chun soláthar agus úsáid shábháilte na ngráinníní sin a ráthú i bpáirceanna scraithe sintéiseacha. Sa mheastóireacht a rinne an Ghníomhaireacht, mhol sí teorainn tiúchana na n-ocht PAH i ngráinníní a úsáidtear i bpáirceanna scraithe sintéiseacha a ísliú trí bhíthin sriain faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar gur measadh go raibh na teorainneacha tiúchana reatha ró-ard chun cosaint leordhóthanach a thabhairt do shláinte an duine.

(4)

Bunaithe ar na conclúidí agus ar na meastóireachtaí sin, chuir an Ísiltír (“Aighnitheoir an tSainchomhaid” anseo feasta) sainchomhad Iarscríbhinn XV faoi bhráid na Gníomhaireachta (8) an 17 Meán Fómhair 2018, lena moltar srian a chur ar ocht PAH i ngráinníní lena n-úsáid mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha agus úsáid gráinníní nó mótaí i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i saoráidí spóirt.

(5)

Is é carcanaigineacht na n-ocht PAH sin agus a n-acmhainneacht éifeachtaí géineatocsaineacha a ionduchtú an chúis is mó imní maidir le críochphointe shláinte an duine. Maidir leis na carcanaiginí neamhthairsí, ní féidir dáileog nach bhfuil riosca ailse ag baint léi a dhíorthú. Dá bhrí sin, maidir le tiúchan na n-ocht PAH i ngráinníní a úsáidtear mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha agus a úsáidtear i ngráinníní agus mótaí i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i saoráidí spóirt, ba cheart é a bheith chomh híseal agus is féidir.

(6)

Chuir Aighnitheoir an tSainchomhaid cásanna nochta éagsúla san áireamh, cásanna a bhaineann leis an úsáid a bhaintear as gráinníní i bpáirceanna scraithe sintéiseacha, na hoibrithe a chuireann na páirceanna isteach agus a choinníonn ar bun iad agus na daoine a imríonn spórt orthu (imreoirí gairmiúla agus amaitéaracha amuigh sa pháirc agus báireoirí), agus cásanna a bhaineann le gráinníní agus mótaí a úsáidtear i bhfeidhmeanna scaoilte ar chlóis súgartha nó i saoráidí spóirt, áit a bhféadfadh daoine agus leanaí go háirithe a bheith nochta. Bunaithe ar na torthaí samplála ó RIVM, meastar go mbeidh rioscaí ailse iomarcacha ann ar bhonn tiúchan iomlán shuim na n-ocht PAH a aimsítear faoi láthair i líonadh ELT. Idir 6,7 mg/kg agus 21 mg/kg an raon tiúchana a aimsíodh maidir leis na meascáin sin.

(7)

Léirigh Aighnitheoir an tSainchomhaid go bhfuil riosca ailse iomarcach ann d’oibrithe agus don phobal i gcoitinne atá nochta do ghráinníní rubair inarb é 387 mg/kg teorainn tiúchana ríofa shuim na n-ocht PAH, agus ar leibhéal tiúchana i bhfad níos ísle, meastar go bhfuil an dóchúlacht níos ísle ná sin arís go bhféadfadh ailse a bheith mar thoradh ar nochtadh duine do na PAHanna a liostaítear. Is é conclúid Aighnitheoir an tSainchomhaid go bhfuil tiúchan shuim na n-ocht PAH idir 15 mg/kg agus 21 mg/kg in ábhar líonta ELT indéanta ar bhonn teicniúil agus eacnamaíoch, agus mhol sé teorainn tiúchana 17 mg/kg a chur i bhfeidhm. Mheas Aighnitheoir an tSainchomhaid go gcomhlíonfadh 95 % den ábhar líonta díorthaithe ó ELT an teorainn tiúchana sin.

(8)

Chun a áirithiú go n-úsáidfear aon ghráinnín nó aon mhóta ar bhealach sábháilte agus chun nach mbainfear úsáid as roghanna malartacha a d’fheadfadh cúis imní chomh mór céanna, nó níos mó ná sin, a bheith ag baint leo agus a bhaineann le rubar athchúrsáilte, mhol Aighnitheoir an tSainchomhaid gur cheart a chumhdach leis an srian na meascáin atá déanta de rubar athchúrsáilte agus d’ábhair eile, bídís sin ina n-óghábhair nó ina n-ábhair athchúrsáilte, ina n-ábhair shintéiseacha nó ina n-ábhair nádúrtha.

(9)

De dhroim go bhfuil an teorainnluach 17 mg/kg atá molta ag Aighnitheoir an tSainchomhaid i bhfad níos ísle ná na teorainnluachanna 100 mg/kg go dtí 1 000 mg/kg is infheidhme faoi láthair maidir le gráinníní, bheadh ar roinnt táirgeoirí gráinníní atá díorthaithe ó ELT ráta na tástála comhlíontachta a mhéadú agus bheadh orthu aistriú chuig ionchur táirgeachta níos glaine nó scor d’ábhar líonta a tháirgeadh. De thoradh an tsriain sin, bheadh 5 % de na gráinníní a tháirgtear faoi láthair neamhchomhlíontach i gcás ina mbeadh feidhm ag an srian a luaithe a chuirfear i bhfeidhm é. Dá bhrí sin, mhol Aighnitheoir an tSainchomhaid idirthréimhse 12 mhí lena dtabharfaí tréimhse theoranta ach réasúnach d’úsáideoirí iartheachtacha (táirgeoirí, dáileoirí agus cuideachtaí scraithe a chuireann an scraith isteach) chun leanúint d’úsáid a bhaint as gráinníní atá curtha ar fáil dóibh cheana, ach nach gcomhlíonann an teorainnluach 17 mg/kg atá beartaithe.

(10)

An 7 Meitheamh 2019, ghlac Coiste um Measúnú Riosca (RAC) na Gníomhaireachta tuairim (9) lena gcinntítear nach féidir glacadh le hábhar PAH i ngráinníní rubair a chomhfhreagraíonn don teorainn tiúchana ríofa le haghaidh meascán i gcomhréir le hiontráil 28 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus nár cheart leibhéil den sórt sin a cheadú le haghaidh substaintí agus nach gcuireann siad leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil d’oibrithe agus don phobal i gcoitinne. Chomhaontaigh RAC gur cheart ábhar PAH a ísliú agus mhol sé teorainn tiúchana 20 mg/kg le haghaidh shuim na n-ocht PAH i ngráinníní rubair. D’athdhearbhaigh RAC nach bhfuil an teorainn 20 mg/kg atá beartaithe bunaithe ar an riosca measta ach d’athdhearbhaigh sé gur beart é atá dírithe ar thiúchan an-ard PAH a sheachaint agus sin amháin. Thairis sin, i ndáil le laghdú riosca, thug RAC le fios nach bhfuil aon difríocht shuntasach ann idir 17 mg/kg a roghnú thar 20 mg/kg a roghnú, agus ag aithint dó, cé is moite de dhaoine a chaitheann tobac, nach ó ghráinníní ná mótaí a thagann an nochtadh is mó don phobal i gcoitinne ach ó fhoinsí bia agus aer ionanálaithe.

(11)

Cé nach bhfuil aon fhaisnéis tacaíochta ar fáil faoi ábhar na n-ocht PAH i gcorc, tá leaistiméirí teirmeaplaisteacha (TPE) agus rubar dé-éine próipiléine eitiléine (EPDM) curtha ar fáil, chomhaontaigh RAC le hAighnitheoir an tSainchomhaid gur cheart feidhm a bheith ag an teorainn PAH atá beartaithe maidir le haon chineál eile ábhair líonta ar pháirceanna sintéiseacha chun riosca comhchosúil nó riosca níos mó a sheachaint trí ionadú a dhéanamh ar cúis aiféala é.

(12)

Ar chúiseanna forfheidhmithe, mhol RAC go gceanglófaí leis an srian maidir le gráinníní nó mótaí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha agus i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i saoráidí spóirt, go gceanglófaí leis an srian sin marcáil shonrach a thagraíonn do bhaiscuimhir uathúil. Maidir leis an ábhar a bhaineann leis an mbaisc a bhfuil tástáil déanta uirthi agus atá curtha ar an margadh, is féidir é a rianú leis an mbaiscuimhir sin. Thairis sin, maidir le sainmhínithe maidir le gráinníní, le mótaí, leis an ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha agus a úsáidtear i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i bhfeidhmeanna spóirt, mhol RAC iad a chuimsiú.

(13)

An 20 Meán Fómhair 2019, ghlac Coiste na Gníomhaireachta um Anailís Shocheacnamaíoch (SEAC) a thuairim (10) ina léirítear gurb é an srian beartaithe, arna mhodhnú ag RAC, an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta, agus na sochair shocheacnamaíocha agus na costais shocheacnamaíocha a bhaineann leis á gcur san áireamh. Thug SEAC dá aire freisin cineál coisctheach an tsriain.

(14)

Chomhaontaigh SEAC, maidir le cur i bhfeidhm an tsriain a beartaíodh ar dtús i sainchomhad Iarscríbhinn XV le haghaidh leibhéal tiúchana 17 mg/kg, dá gcuirfí siar é ar feadh tréimhse 12 mhí, bheadh sin iomchuí freisin le haghaidh leibhéal tiúchana 20 mg/kg, chun cur ar a gcumas do na geallsealbhóirí uile lena mbaineann na bearta riachtanacha maidir le comhlíonadh a dhéanamh.

(15)

Le linn an phróisis déanta tuairimí, chuathas i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú agus cuireadh a mholtaí san áireamh.

(16)

An 12 Samhain 2019, chuir an Ghníomhaireacht tuairimí RAC agus SEAC faoi bhráid an Choimisiúin. Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV agus na tuairimí ó RAC agus ó SEAC á gcur san áireamh, measann an Coimisiún go bhfuil riosca do-ghlactha do shláinte an duine ag baint le gráinní nó mótaí ina bhfuil PAH a chur ar an margadh nó iad a úsáid mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha nó i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i bhfeidhmeanna spóirt, ar riosca é nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais. Cinneann an Coimisiún gurb é an srian a bheartaítear i sainchomhad Iarscríbhinn XV, mar aon leis na modhnuithe a mhol RAC agus SEAC, an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a sainaithníodh do shláinte an duine agus gur teoranta an tionchar socheacnamaíoch atá aige.

(17)

Níl feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le dramhaíl mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). I gcomhréir leis an Treoir sin, in éagmais critéir dheiridh dramhaíola chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, is ag na Ballstáit atá an inniúlacht a chinneadh an bhfuil stádas deiridh dramhaíola bainte amach ag gráinníní agus mótaí atá díorthaithe ó ELT nó ó tháirgí eile a bhfuil a ré caite.

(18)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do gheallsealbhóirí bearta iomchuí a dhéanamh chun an srian atá beartaithe a chomhlíonadh. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an tsriain sin a chur siar 12 mhí.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Beinsi[a]piréin (BaP), Beinsi[e]piréin (BeP), Beinsea[a]antraicéin (BaA), Criséin (CHR), Beinsea[b]fluaraintéin (BbFA), Beinsea[j]fluaraintéin (BjFA), Beinsea(k)fluaraintéin [BkFA), Dibeinsi[a,h]antraicéin (DBAhA).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(4)  https://www.echa.europa.eu/documents/10162/23036412/clp_en.pdf

(5)  Níor cheart breathnú ar an luach sin mar dhearbhluach, mar d’fhéadfadh athrú teacht air ag brath ar thiúchan agus ar rannchuidiú coibhneasta na PAHanna aonair i líonadh ELT.

(6)  https://www.rivm.nl/bibliotheek/rapporten/2017-0017.pdf

(7)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13563/annex-xv_report_rubber_granules_en.pdf/dbcb4ee6-1c65-af35-7a18-f6ac1ac29fe4

(8)  https://www.echa.europa.eu/documents/10162/9777e99a-56fb-92da-7f0e-56fcf848cf18

(9)  https://echa.europa.eu/documents/10162/0a91bee3-3e2d-ea2d-3e33-9c9e7b9e4ec5

(10)  https://echa.europa.eu/documents/10162/53688823-bf28-7db7-b9eb-9807773b2109

(11)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3)


IARSCRÍBHINN

I gcolún 2 d’iontráil 50 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

 

“9.

Ní chuirfear gráinníní ná mótaí ar an margadh lena n-úsáid mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha nó i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i bhfeidhmeanna spóirt má tá níos mó ná 20 mg/kg (0,002 % de réir meáchain) de shuim na PAHanna uile a liostaítear iontu.

10.

Ní úsáidfear gráinníní ná mótaí mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha nó i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i bhfeidhmeanna spóirt má tá iontu níos mó ná 20 mg/kg (0,002 % de réir meáchain) de shuim na PAHanna uile a liostaítear.

11.

Déanfar gráinníní nó mótaí a chuirfear ar an margadh lena n-úsáid mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha nó i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i bhfeidhmeanna spóirt a mharcáil le baiscuimhir aitheantais uathúil.

12.

Beidh feidhm ag míreanna 9 go 11 ón 10 Lúnasa 2022.

13.

Na gráinníní nó na mótaí a bhíonn á n-úsáid san Aontas an 9 Lúnasa 2022 mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha nó i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i bhfeidhmeanna spóirt, féadfar iad a choinneáil agus féadfar leanúint dá n-úsáid ansin chun na críche céanna.

14.

Chun críocha mhíreanna 9 go 13:

(a)

is éard is ‘gráinníní’ ann meascáin a thaispeántar mar cháithníní soladacha sa réimse méide idir 1 mm agus 4 mm, a dhéantar as rubar nó as ábhar bolcánaithe eile nó as ábhar polaiméireach eile de bhunús athchúrsáilte nó ó óghábhar, nó a fhaightear ó fhoinse nádúrtha;

(b)

is éard is ‘mótaí’ ann meascáin a thaispeántar mar cháithníní soladacha calóg-chruthacha sa réimse méide idir 4 mm agus 130 mm ar fad agus leithead idir 10 mm agus 15 mm, a dhéantar as rubar nó as ábhar bolcánaithe eile nó as ábhar polaiméireach eile de bhunús athchúrsáilte nó ó óghábhar, nó a fhaightear ó fhoinse nádúrtha;

(c)

is éard atá in ‘ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha’ gráinníní a úsáidtear i bpáirceanna scraithe sintéiseacha chun feabhas a chur ar shaintréithe feidhmíochta teicniúla spóirt an chórais scraithe;

(d)

‘úsáid i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó i bhfeidhmeanna spóirt’ is é sin, aon úsáid a bhaint as gráinníní nó as mótaí i bhfoirm scaoilte ar chlóis súgartha nó chun críoch spóirt seachas iad a úsáid mar ábhar líonta i bpáirceanna scraithe sintéiseacha.”