20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1190 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Iúil 2021

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice “úsáid TCF agus ríomhthráchtáil” le haghaidh na bliana tagartha 2022, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An topaic “úsáid teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TCF) agus ríomhthráchtáil” a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme mar is ceart an topaic sin, ba cheart don Choimisiún na hathróga, an t-aonad tomhais, an pobal staidrimh, na haicmiúcháin agus na miondealuithe, agus an sprioc-am le haghaidh tharchur na sonraí a shonrú chun go nginfear sonraí maidir le húsáid TCF agus ríomhthráchtáil a bheidh inchomparáide agus comhchuibhithe ar fud na mBallstát.

(2)

Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil meiteashonraí agus tuarascáil cháilíochta a chur ar fáil le haghaidh na gclár náisiúnta um staidreamh gnó agus na gclár um staidreamh gnó i gcoitinne. Dá bhrí sin, is gá ábhar na dtuarascálacha sin a shainiú mar aon leis na socruithe agus na sprioc-amanna a bhaineann leo.

(3)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás na topaice “úsáid TCF agus an ríomhthráchtáil” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, déanfaidh na Ballstáit na sonraí a tharchur de réir shonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na bliana tagartha 2022, faoi mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

An tuarascáil meiteashonraí bhliantúil ar an topaic “úsáid TCF agus ríomhthráchtáil” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 31 Bealtaine 2022.

An tuarascáil cháilíochta bhliantúil ar an topaic “úsáid TCF agus ríomhthráchtáil” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 5 Samhain 2022.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 17.12.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice “úsáid TCF agus ríomhthráchtáil”

Sainordaitheach/roghnach

Raon feidhme (scagaire)

Athróg

Athróga sainordaitheacha

(i)

i gcás gach fiontair:

(1)

príomhghníomhaíocht eacnamaíoch an fhiontair le linn na bliana féilire roimhe sin

(2)

an meánlíon fostaithe agus daoine féinfhostaithe le linn na bliana féilire roimhe sin

(3)

luach iomlán an láimhdeachais (gan CBL a áireamh) le linn na bliana féilire roimhe sin

(4)

an líon fostaithe nó daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó

(5)

fostú speisialtóirí TCF

(6)

aon chineál oiliúna arna soláthar do speisialtóirí TCF chun scileanna a bhaineann le TCF a fhorbairt, le linn na bliana féilire roimhe sin

(7)

aon chineál oiliúna arna soláthar d’fhostaithe eile chun scileanna a bhaineann le TCF a fhorbairt, le linn na bliana féilire roimhe sin

(8)

speisialtóirí TCF a earcaíodh nó ar iarradh iad a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin

(9)

feidhmeanna TCF (amhail bonneagar TCF a chothabháil, tacaíocht le haghaidh bogearraí oifige, córais nó bogearraí um bainistiú gnó agus/nó réitigh gréasáin a fhorbairt nó tacaíocht a thabhairt dóibh, slándáil agus cosaint sonraí), arna bhfeidhmiú ag fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear daoine atá fostaithe i máthairghnóthais nó i bhfiontair chleamhnaithe), le linn na bliana féilire roimhe sin

(10)

feidhmeanna TCF (amhail bonneagar TCF a chothabháil, tacaíocht le haghaidh bogearraí oifige, córais nó bogearraí um bainistiú gnó agus/nó réitigh gréasáin a fhorbairt nó tacaíocht a thabhairt dóibh, slándáil agus cosaint sonraí), arna bhfeidhmiú ag soláthróirí seachtracha, le linn na bliana féilire roimhe sin

(11)

úsáid róbat tionsclaíoch

(12)

úsáid róbat seirbhíse

(13)

bearta a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar a imirt ar an méid seo a leanas san fhiontar: An méid páipéir a úsáideadh le haghaidh clódóireachta agus cóipeála

(14)

bearta a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar a imirt ar an méid seo a leanas san fhiontar: Ídiú fuinnimh an trealaimh TCF

(15)

an aird a thugann an fiontar ar an tionchar a imríonn seirbhísí TCF nó trealamh TCF ar an gcomhshaol agus iad á roghnú (ídiú fuinnimh, mar shampla)

(16)

trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a dhiúscairt i mbailiú/athchúrsáil dramhaíola leictreonaí (lena n-áirítear é a fhágáil faoin miondíoltóir é a dhiúscairt) nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é

(17)

trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a choinneáil san fhiontar nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é (chun é a úsáid mar pháirteanna spártha mar shampla, nó i ngeall ar an imní go scaoilfear faisnéis íogair)

(18)

trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a dhíol, a dheonú nó a thabhairt ar ais d’fhiontar léasúcháin nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é

(ii)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(19)

ceangal idirlín: ceangal líne seasta d’aon saghas a úsáidtear

(20)

cianchruinnithe a reáchtáil

(21)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar chóras ríomhphoist an fhiontair

(22)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar dhoiciméid de chuid an fhiontair (amhail comhaid, scarbhileoga, cuir i láthair, cairteacha, grianghraif)

(23)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar fheidhmchláir ghnó nó bogearraí de chuid an fhiontair (amhail rochtain ar chuntasaíocht, díolacháin, orduithe, bainistíocht ar chaidreamh le custaiméirí (seachas feidhmchláir a úsáidtear le haghaidh cumarsáid inmheánach))

(24)

díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir (lena n-áirítear eislíonta) an fhiontair, le linn na bliana féilire roimhe sin

(25)

díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin

(26)

díolacháin earraí nó seirbhísí ar díolacháin de chineál Idirmhalartaithe Leictreonaigh Sonraí (EDI) iad (orduithe a fháil trí theachtaireachtaí EDI), le linn na bliana féilire roimhe sin

(27)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: fíordheimhniú trí phasfhocal láidir (amhail fad íosta an phasfhocail, úsáid uimhreacha agus carachtar speisialta, an pasfhocal a athrú go tráthrialta)

(28)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: fíordheimhniú trí mhodhanna bithmhéadracha a úsáidtear chun rochtain a fháil ar chóras TCF an fhiontair (amhail fíordheimhniú bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh)

(29)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: fíordheimhniú bunaithe ar theaglaim de dhá mheicníocht fíordheimhniúcháin ar a laghad (i.e. teaglaim de phasfhocal atá sainithe ag an úsáideoir, pasfhocal aonuaire (OTP), cód a ghintear trí cheadchomhartha slándála nó a fhaightear trí fhón cliste, modh bithmhéadrach (bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh, mar shampla));

(30)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: sonraí, doiciméid nó ríomhphoist a chriptiú

(31)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: cúltaca sonraí a chóipeáil go suíomh ar leithligh (lena n-áirítear iad a chóipeáil go dtí an néal)

(32)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: rialú ar rochtain ar an líonra (bainistiú chearta na n-úsáideoirí i líonra an fhiontair)

(33)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: VPN (Líonra Príobháideach Fíorúil a chuireann an líonra príobháideach i bhfeidhm thar líonra poiblí chun gur féidir sonraí a mhalartú ar bhealach slán thar líonra poiblí);

(34)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: córas faireacháin slándála TCF trínar féidir gníomhaíocht amhrasach sna córais TCF a bhrath agus foláireamh a thabhairt don fhiontar ina leith, seachas bogearraí neamhspleácha frithvíreas

(35)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: comhaid loga a choinneáil chun gur féidir anailís a dhéanamh tar éis teagmhais slándála TCF

(36)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: measúnú riosca TCF, i.e. measúnú tráthrialta ar dhóchúlacht agus ar iarmhairtí teagmhais slándála TCF

(37)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: tástálacha slándála TCF (amhail tástálacha bréagionsaí, an córas foláirimh a thástáil, na córais chúltaca a thástáil)

(38)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TCF de trí oiliúint dheonach nó trí fhaisnéis atá ar fáil go hinmheánach (amhail faisnéis ar an inlín)

(39)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TCF de trí chúrsaí oiliúna éigeantacha nó trí ábhar féachana éigeantach

(40)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TCF de trí bhíthin conartha (amhail conradh fostaíochta)

(41)

doiciméad/doiciméid a bheith ar fáil ar bhearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TCF, amhail doiciméid maidir le slándáil TCF agus rúndacht sonraí a chuimsíonn oiliúint le haghaidh fostaithe ar úsáid TCF, bearta slándála TCF, measúnú ar bhearta slándála TCF agus pleananna chun doiciméid maidir le slándáil TCF a thabhairt cothrom le dáta

(42)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TCF gan bheith ar fáil i ngeall ar chliseadh crua-earraí nó bogearraí

(43)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TCF gan bheith ar fáil i ngeall ar ionsaí seachtrach amhail ionsaithe bogearraí éirice, ionsaithe Diúltaithe Seirbhíse

(44)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar chliseadh crua-earraí nó bogearraí

(45)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar ionfhabhtú ó bhogearraí mailíseacha nó ionradh neamhúdaraithe

(46)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ionradh, atreorú mailíseach, ionsaí fioscaireachta, nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair d’aon ghnó

(47)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair nár ghníomhaíochtaí a rinneadh d’aon ghnó iad

(48)

gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil TCF amhail tástáil slándála, oiliúint TCF maidir le slándáil, teagmhais slándála TCF a réiteach (seachas uasghrádú bogearraí réamhphacáistithe) arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear daoine atá fostaithe i máthairghnóthais nó i bhfiontair chleamhnaithe)

(49)

gníomhaíochtaí TCF amhail tástáil slándála, oiliúint TCF maidir le slándáil, teagmhais slándála TCF a réiteach (seachas uasghrádú bogearraí réamhphacáistithe) arna ndéanamh ag soláthróirí seachtracha

(50)

árachas i gcoinne teagmhais slándála TCF a bheith ann

(iii)

i gcás fiontair a úsáideann ceangal idirlín líne seasta d’aon saghas:

(51)

luas íoslódála uasta conraithe an cheangail idirlín líne seasta is tapúla sna raonta seo: [0 Mbit/s, < 30 Mbit/s], [30 Mbit/s, < 100 Mbit/s], [100 Mbit/s, < 500 Mbit/s], [500 Mbit/s, < 1 Gbit/s], [≥ 1 Gbit/s]

(iv)

i gcás fiontair a reáchtálann cianchruinnithe

(52)

aon treoirlínte slándála TCF atá ann maidir le cianchruinnithe a reáchtáil tríd an idirlíon, amhail riachtanas pasfhocail, criptiú ó cheann ceann

(53)

treoirlínte a bheith ar fáil maidir le tús áite a thabhairt do chianchruinnithe tríd an idirlíon seachas taisteal gnó

(v)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe nó daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar chóras ríomhphoist an fhiontair

(54)

an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar chóras ríomhphoist an fhiontair

(vi)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe nó daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar dhoiciméid nó feidhmchláir ghnó nó bogearraí de chuid an fhiontair

(55)

an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar dhoiciméid, ríomhchláir ghnó nó bogearraí de chuid an fhiontair

(vii)

i gcás fiontair ina bhfuil fosaithe nó daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar chóras ríomhphoist an fhiontair nó ar dhoiciméid de chuid an fhiontair nó ar fheidhmchláir nó bogearraí de chuid an fhiontair

(56)

aon treoirlínte slándála TCF atá ann maidir le cianrochtain amhail ceanglas cianchruinnithe atá daingnithe le pasfhocal a reáchtáil, toirmeasc ar Wi-Fi poiblí a úsáid le haghaidh na hoibre, úsáid VPN, ceanglais maidir le príobháideachas sonraí

(viii)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(57)

luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán, le linn na bliana féilire roimhe sin

(58)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le tomhaltóirí príobháideacha (Gnó le Tomhaltóirí: B2C), le linn na bliana féilire roimhe sin

(59)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le fiontair eile (Gnó le Gnó: B2B) agus leis an earnáil phoiblí (Gnó le Rialtas: B2G), le linn na bliana féilire roimhe sin

(ix)

i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(60)

an céatadán de luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán arna ghiniúint ag díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair, le linn na bliana féilire roimhe sin

(61)

an céatadán de luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán arna ghiniúint ag díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin

(x)

i gcás fiontair a raibh díolacháin de chineál EDI acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(62)

luach na ndíolachán earraí nó seirbhísí de chineál EDI, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán arna ghiniúint ag díolacháin earraí nó seirbhísí de chineál EDI, le linn na bliana féilire roimhe sin

(xi)

i gcás fiontair a d’earcaigh speisialtóirí TCF nó a rinne iarracht iad a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin

(63)

folúntais do speisialtóirí TCF a raibh sé deacair iad a líonadh

(xii)

i gcás fiontair a bhfuil doiciméid acu ar bhearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TCF

(64)

an sainmhíniú nó an t-athbhreithniú is déanaí a rinneadh ar dhoiciméid an fhiontair maidir le bearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TCF: laistigh den 12 mhí dheireanacha, níos mó na 12 mhí agus suas le 24 mhí ó shin, níos mó ná 24 mhí ó shin

(xiii)

i gcás fiontair a úsáideann róbait thionsclaíocha nó róbait seirbhíse

(65)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: costas ard saothair

(66)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: deacrachtaí i leith baill foirne a earcú

(67)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: sábháilteacht ag an obair a fheabhsú

(68)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: ardleibhéal beachtais nó cáilíocht chaighdeánaithe a áirithiú maidir le próisis agus/nó earraí agus seirbhísí a tháirgtear

(69)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: an réimse earraí a tháirgeann an fiontar nó an réimse seirbhísí a chuireann sé ar fáil a mhéadú

(70)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: dreasacht cánach nó dreasachtaí eile ón Rialtas

Athróga roghnacha

(i)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(1)

an líon fostaithe nó daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a úsáideann gléas iniompartha a thugann an fiontar dóibh lenar féidir ceangal den idirlíon trí líonraí teileafón soghluaiste chun críoch gnó

(ii)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(2)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i dtír an fhiontair féin, le linn na bliana féilire roimhe sin

(3)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(4)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe sa chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin

(iii)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu le custaiméirí atá lonnaithe in dhá cheann ar a laghad de na ceantair gheografacha seo a leanas: tír an fhiontair féin, Ballstáit eile, nó an chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(5)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i dtír an fhiontair féin, le linn na bliana féilire roimhe sin

(6)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(7)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe sa chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin

(iv)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(8)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: costais arda a bhain le táirgí a sheachadadh nó a thabhairt ar ais, le linn na bliana féilire roimhe sin

(9)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: deacrachtaí a bhain le gearáin nó díospóidí a réiteach, le linn na bliana féilire roimhe sin

(10)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: lipéid na dtáirgí a choigeartú le haghaidh díolacháin le Ballstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(11)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: easpa eolais ar theangacha iasachta chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(12)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: srianta a chuir páirtithe gnó an fhiontair ar dhíolacháin le Ballstáit áirithe, le linn na bliana féilire roimhe sin

(13)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: deacrachtaí a bhain leis an gcóras CBL i mBallstáit eile (amhail éiginnteacht maidir le cóireáil CBL i dtíortha eile), le linn na bliana féilire roimhe sin

(v)

i gcás fiontair ina bhfuil folúntais do speisialtóirí TCF a raibh sé deacair iad líonadh nuair a bhí iarracht á déanamh speisialtóirí TCF a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin:

(14)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TCF a earcú i ngeall ar easpa iarratas, le linn na bliana féilire roimhe sin

(15)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TCF a earcú toisc nach raibh na cáilíochtaí ábhartha oideachais agus/nó oiliúna maidir le TCF ag na hiarratasóirí, le linn na bliana féilire roimhe sin

(16)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TCF a earcú i ngeall ar easpa thaithí oibre ábhartha na n-iarratasóirí, le linn na bliana féilire roimhe sin

(17)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TCF a earcú toisc go raibh ionchais tuarastail na n-iarratasóirí ró-ard

 

(vi)

i gcás fiontair a bhfuil róbait thionsclaíocha nó róbait seirbhíse acu

(18)

an líon róbat tionsclaíoch nó róbat seirbhíse a úsáideann an fiontar


Aonad tomhais

Dearbhfhigiúirí, seachas gnéithe a bhaineann le láimhdeachas san airgeadra náisiúnta (mílte) nó an céatadán den láimhdeachas (iomlán)

An pobal staidrimh

Cumhdach na ngníomhaíochtaí:

Ranna NACE C go J, L go N agus grúpa 95.1

Cumhdach na haicme méide:

Fiontair a bhfuil 10 nduine d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe nó níos mó iontu. Maidir le fiontair a bhfuil níos lú ná 10 nduine d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe iontu, féadfar iad a chuimsiú go roghnach

Miondealuithe

Miondealú ar ghníomhaíochtaí

chun comhiomláin náisiúnta a ríomh

comhiomláin ranna NACE agus grúpaí C+D+E+F+G+H+I+J+L+M+N+95.1, D+E

ranna NACE: C, F, G, H, I, J, L, M, N

rannáin NACE: 47, 55

comhiomláin rannáin NACE: 10 + 11 + 12 + 13 + 14 + 15 + 16 + 17 + 18, 19 + 20 + 21 + 22 + 23, 24 + 25, 26 + 27 + 28 + 29 + 30 + 31 + 32 + 33

comhiomlán na rannán agus na ngrúpaí: 26.1 + 26.2 + 26.3 + 26.4 + 26.8 + 46.5 + 58.2 + 61 + 62 + 63.1 + 95.1

le bheith mar chuid de na hiomláin Eorpacha amháin

ranna NACE: D, E

rannáin NACE: 19, 20, 21, 26, 27, 28, 45, 46, 61, 72, 79

grúpa NACE: 95.1

comhiomláin rannáin NACE: 10 + 11 + 12, 13 + 14 + 15, 16 + 17 + 18, 22 + 23, 29 + 30, 31 + 32 + 33, 58 + 59 + 60, 62 + 63, 69 + 70 + 71, 73 + 74 + 75, 77 + 78 + 80 + 81 + 82

Aicme mhéide an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe: 10+, 10-49, 50-249, 250+; roghnach: 0-9, 0-1, 2-9

An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

5 Deireadh Fómhair 2022