16.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 253/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1165 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Iúil 2021

lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 24(9) agus Airteagal 39(2), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin táirgí agus substaintí a údaraítear faoi Airteagal 24 den Rialachán sin a úsáid i dtáirgeadh orgánach ar choinníoll gur údaraíodh a n-úsáid i dtáirgeadh neamhorgánach freisin i gcomhréir le forálacha ábhartha de dhlí an Aontais. Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún cheana ar úsáid táirgí agus substaintí áirithe i dtáirgeadh orgánach ar bhonn na gcuspóirí agus na bprionsabal a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (2). Údaraíodh na táirgí agus na substaintí roghnaithe dá réir sin faoi choinníollacha sonracha le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (3) agus liostaíodh in Iarscríbhinní áirithe a ghabhann leis an Rialachán sin iad. Tá na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/848 cosúil leo sin i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007. Ós rud é gur gá leanúnachas an táirgthe orgánaigh a áirithiú, ba cheart na táirgí agus na substaintí sin a áireamh sna liostaí sriantacha atá le bunú ar bhonn Rialachán (AE) 2018/848.

(2)

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 24(7) de Rialachán (AE) 2018/848, tá sainchomhaid maidir le táirgí agus substaintí áirithe curtha faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile ag na Ballstáit, d’fhonn iad a údarú agus a áireamh sna liostaí atá le bunú faoin Rialachán sin.

(3)

Faoi imthosca agus coinníollacha áirithe a leagtar amach, go háirithe, i bpointe 1.10.2. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, féadfar táirgí agus substaintí údaraithe áirithe a úsáid chun plandaí a chosaint. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún substaintí gníomhacha a údarú lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848 agus liosta na substaintí gníomhacha sin a bhunú.

(4)

Faoi imthosca agus coinníollacha áirithe a leagtar amach, go háirithe, i bpointe 1.9.3 de Chuid I, pointí 1.9.1.2(b), 1.9.2.2(d), 1.9.3.2(b) agus 1.9.5.2(a) de Chuid II agus pointe 2.2.2(c) agus pointe 2.3.2 agus an dara fleasc den cheathrú mír de phointe 3.1.5.3 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, féadfar leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh áirithe a úsáid le haghaidh cothú plandaí, feabhsú agus saibhriú easrach, saothrú algaí nó comhshaol feirmeoireachta ainmhithe dobharshaothraithe. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh a údarú dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848 agus a liosta a bhunú.

(5)

Faoi imthosca agus coinníollacha áirithe a leagtar amach, go háirithe, i bpointe 1.4.1(i) agus pointe 1.5.2.3 de Chuid II, pointe 3.1.3.1(d) de Chuid III agus pointe 2.3 de Chuid V d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, féadfar ábhair bheatha neamhorgánacha áirithe de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhíoch nó giosta, ábhair bheatha de thionscnamh miocróbach nó mianrach, breiseáin bheatha agus áiseanna próiseála a úsáid le haghaidh cothú ainmhithe. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún údarú a thabhairt d’ábhair bheatha neamhorgánacha de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhíoch nó giosta, ábhair bheatha de thionscnamh miocróbach nó mianrach agus breiseáin bhia agus áiseanna próiseála dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (c) agus pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/848 agus a liostaí a bhunú.

(6)

Ina theannta sin, údaraítear ábhair bheatha neamhorgánacha áirithe go díreach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na hábhair bheatha sin a liostú freisin i dteannta na n-ábhar beatha a údaraítear leis an Rialachán seo, le tagairt do na forálacha sonracha de Rialachán (AE) 2018/848.

(7)

Faoi imthosca agus coinníollacha áirithe a leagtar amach, go háirithe, i bpointe 1.11 de Chuid I, pointe 1.5.1.6, pointe 1.5.1.7 agus pointe 1.9.4.4(c) de Chuid II, pointe 3.1.4.1(f) de Chuid III, pointe 2.2.3 de Chuid IV, pointe 2.4 de Chuid V agus pointe 1.4 de Chuid VII d’Iarscríbhinn II agus pointe 4.2 agus pointe 7.5 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin táirgí agus substaintí áirithe a úsáid le haghaidh glantacháin agus díghalrú. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún táirgí glantacháin agus díghalraithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (e), pointe (f) agus pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/848 a údarú agus a liostaí a bhunú.

(8)

Maidir le táirgí áirithe chun foirgnimh agus suiteálacha le haghaidh beostoic, ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgeadh feamainne a ghlanadh agus a dhíghalrú, rinneadh meastóireacht orthu agus liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 iad. Mar sin féin, maidir le táirgí chun foirgnimh agus suiteálacha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh plandaí agus saoráidí próiseála agus stórála a ghlanadh agus dhíghalrú, go dtí seo is iad na Ballstáit, agus na Ballstáit amháin, a dhéanann meastóireacht orthu agus a údaraíonn iad. Sula n-údaraítear na táirgí sin i dtáirgeadh orgánach, ba cheart don Choimisiún, ar leibhéal an Aontais, meastóireacht a dhéanamh agus ba cheart don Sainghrúpa um Chomhairle Theicniúil maidir le Táirgeacht Orgánach cúnamh a thabhairt dó. Ba cheart athbhreithniú ar na táirgí agus na substaintí glantacháin agus díghalraithe údaraithe uile atá ann cheana a bheith sa mheastóireacht sin.

(9)

Ar mhaithe le leanúnachas an táirgthe orgánaigh a áirithiú, go dtí an 31 Nollaig 2023 ba cheart leanúint d’údarú a thabhairt do na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 agus dóibh sin a údaraítear ar leibhéal na mBallstát chun go mbeifear in ann na liostaí táirgí glantacháin agus díghalraithe a bhunú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (e), pointe (f) agus pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/848. Mar sin féin, leis na táirgí sin ní mór na ceanglais ábhartha de dhlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus na critéir orgánacha a leagtar síos i gCaibidil II agus in Airteagal 24(3), Caibidil II agus pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848.

(10)

Faoi imthosca agus coinníollacha áirithe a leagtar amach, go háirithe, i bpointe 2.2.1 agus pointe 2.2.2(a) de Chuid IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, féadfar breiseáin bhia áirithe, lena n-áirítear einsímí bia atá le húsáid mar bhreiseáin bhia, agus áiseanna próiseála a úsáid agus bia orgánach próiseáilte á tháirgeadh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún breiseáin bhia agus áiseanna próiseála dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848 a údarú agus a liosta a bhunú.

(11)

Rinneadh breiseáin bhia agus áiseanna próiseála bia a úsáidtear chun bia orgánach próiseáilte a tháirgeadh a liostú faoi seach i Roinn A, Roinn B agus Roinn C d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008. Mar sin féin, de réir a n-úsáidí agus a bhfeidhmeanna sa táirge deiridh, is féidir go mbeidh roinnt de na táirgí sin aicmithe mar bhreiseáin seachas mar áiseanna próiseála. Le haghaidh an aicmiúcháin sin is gá anailís shonrach agus uileghabhálach a dhéanamh ar na táirgí sin agus bia orgánach próiseáilte á tháirgeadh. Ba cheart an anailís sin a dhéanamh ar na táirgí uile a liostaítear mar áiseanna próiseála i Rialachán (CE) Uimh. 889/2008. Próiseas fadálach é sin agus ní féidir é a chur i gcrích roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848. Dá réir sin, déanfar na táirgí a liostaítear faoi láthair mar áiseanna próiseála i Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 a liostú mar áiseanna próiseála sa Rialachán seo go dtí go mbeidh anailís shonrach agus uileghabhálach déanta.

(12)

Faoi imthosca agus coinníollacha áirithe a leagtar amach, go háirithe, i bpointe 2.2.1 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, féadfar comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha áirithe a úsáid chun bia orgánach próiseáilte a tháirgeadh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún na comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha sin dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848 a údarú agus a liosta a bhunú. Na sainchomhaid maidir le comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha atá le húsáid chun bia orgánach próiseáilte a tháirgeadh a chuir na Ballstáit isteach i gcomhréir le hAirteagal 24(7) de Rialachán (AE) 2018/848, rinneadh meastóireacht orthu laistigh den Choiste um Tháirgeadh Orgánach. Na táirgí agus na substaintí roghnaithe lena gcomhlíontar na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart iad a áireamh ar an liosta sriantach atá le bunú leis an Rialachán seo, i gcás inar gá faoi choinníollacha sonracha.

(13)

Mar sin féin, chun a ndóthain ama a thabhairt d’oibreoirí chun oiriúnú don liosta sriantach nua de chomhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha údaraithe agus, go háirithe, chun foinse comhábhar talmhaíochta a táirgeadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 a aimsiú, is iomchuí go mbeadh feidhm ag an liosta de chomhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha a údaraítear lena n-úsáid chun bia orgánach a phróiseáil leis an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2024.

(14)

I bhfianaise comhdhéanamh comhábhar talmhaíochta neamhorgánach áirithe, is féidir go mbeidh cuid dá n-úsáidí i mbia orgánach próiseáilte ag freagairt dá n-úsáid mar bhreiseáin bhia, áiseanna próiseála bia nó táirgí agus substaintí dá dtagraítear i bpointe 2.2.2 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Éilítear údarú sonrach le haghaidh na n-úsáidí sin i gcomhréir le pointe 2.2. de Chuid IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 agus níor cheart na húsáidí sin a cheadú trí údarú comhábhar talmhaíochta neamhorgánach.

(15)

Faoi imthosca agus coinníollacha áirithe a leagtar amach, go háirithe, i bpointe 1.3(a) de Chuid VII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, féadfar áiseanna próiseála áirithe a úsáid chun giosta agus táirgí giosta a tháirgeadh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún áiseanna próiseála a údarú chun giosta agus táirgí giosta a tháirgeadh dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/848 agus a liosta a bhunú.

(16)

I gcomhréir le pointe 2.2 de Chuid VI d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin táirgí agus substaintí, a údaraítear de bhun Airteagal 24 den Rialachán sin lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, a úsáid chun táirgí ó earnáil an fhíona a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún na táirgí agus na substaintí sin a údarú agus a liosta a bhunú.

(17)

Le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/848 cumhachtaítear don Choimisiún údaruithe sonracha a dheonú chun táirgí agus substaintí a úsáid i dtríú tíortha agus sna réigiúin is forimeallaí den Aontas. Leagtar amach an bealach chun tús a chur leis an nós imeachta atá le leanúint ag na Ballstáit i leith na réigiún is forimeallaí den Aontas in Airteagal 24(7) den Rialachán sin. Mar sin féin, níl an nós imeachta atá le leanúint le haghaidh na n-údaruithe sin i leith tríú tíortha mionsonraithe i Rialachán (AE) 2018/848. Dá bhrí sin, is iomchuí an nós imeachta sin a bhunú sa Rialachán seo, i gcomhréir leis an nós imeachta atá le leanúint chun táirgí agus substaintí a údarú lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach san Aontas, mar a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/848. Ós rud é go bhféadfar na húdaruithe sin a dheonú ar feadh tréimhse in-athnuaite 2 bhliain, is iomchuí, chun go seachnófar aon mhearbhall maidir le táirgí agus substaintí arna n-údarú gan teorainn ama, na táirgí agus na substaintí ábhartha a liostú in Iarscríbhinn thiomnaithe.

(18)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 a aisghairm. Mar sin féin, ós rud é nach mbunófar na liostaí táirgí glantacháin agus díghalraithe roimh an 1 Eanáir 2024, ba cheart feidhm a bheith ag Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 go dtí an 31 Nollaig 2023. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí a shonrú nach féidir táirgí, a liostaítear san Iarscríbhinn sin agus nach bhfuil údaraithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, a úsáid mar tháirgí bithicídeacha. Thairis sin, maidir leis an liosta de chomhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha atá le húsáid chun bia orgánach próiseáilte a úsáid, rud a bhunaítear leis an Rialachán seo, ní bheidh feidhm aige ach amháin ón 1 Eanáir 2024. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfar bia orgánach próiseáilte, a táirgeadh roimh an 1 Eanáir 2024 le comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008, a chur ar an margadh tar éis an dáta sin go dtí go n-ídeofar na stoic.

(19)

An deimhniú sin atá le heisiúint chuig oibreoirí ag na húdaráis inniúla, nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848, is féidir é a eisiúint ón 1 Eanáir 2022. Mar sin féin, ní sholáthrófar é do na hoibreoirí uile lena mbaineann an lá sin. Ar mhaithe le leanúnachas an táirgthe orgánaigh a áirithiú agus de mhaolú ar Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2018/848, an fhianaise dhoiciméadach arna heisiúint chuig oibreoirí ag na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 roimh an 1 Eanáir 2022, ba cheart í a bheith fós bailí go dtí deireadh na tréimhse bailíochta. Mar sin féin, ós rud é, de bhun Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2018/848, go bhfuil oibreoirí le bheith faoi réir fíorú comhlíontachta ar a laghad uair sa bhliain agus, i gcomhréir le hAirteagal 38(5) den Rialachán sin, go bhfuil seachadadh an deimhnithe le bheith bunaithe ar thorthaí an fhíoraithe sin, níor cheart an bhailíocht sin dul thar an 31 Nollaig 2022.

(20)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848. Mar sin féin, mar gheall ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris 18 den Rialachán seo, maidir leis na forálacha lena dtagraítear do na liostaí táirgí glantacháin agus díghalraithe agus don liosta de chomhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha atá le húsáid chun bia orgánach próiseáilte a tháirgeadh, ba cheart feidhm a bheith acu ón 1 Eanáir 2024.

(21)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Substaintí gníomhacha i dtáirgí cosanta plandaí

Chun críocha Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfaidh ach amháin na substaintí gníomhacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bheith i dtáirgí cosanta plandaí a úsáidtear i dtáirgeadh orgánach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll, maidir leis na táirgí cosanta sin:

(a)

gur údaraíodh iad de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(b)

go n-úsáidtear iad i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide mar a shonraítear in údaruithe na dtáirgí ina bhfuil siad, arna ndeonú ag na Ballstáit; agus

(c)

go n-úsáidtear iad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (8).

Airteagal 2

Leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh

Chun críocha Airteagal 24(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí agus na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid i dtáirgeadh orgánach mar leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh le haghaidh cothú plandaí, feabhsú agus saibhriú easrach nó saothrú algaí nó comhshaol riar ainmhithe dobharshaothraithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar leo na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), na hAirteagail infheidhme ábhartha de Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (12) agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Airteagal 3

Ábhar beatha neamhorgánach de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhíoch nó giosta nó ábhar beatha de thionscnamh miocróbach nó mianrach

Chun críocha Airteagal 24(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí agus na substaintí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid i dtáirgeadh orgánach mar ábhar beatha neamhorgánach de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhíoch nó giosta nó mar ábhar beatha de thionscnamh miocróbach nó mianrach, ar choinníoll go bhfuil a n-úsáid i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Airteagal 4

Breiseáin bhia agus áiseanna próiseála

Chun críocha Airteagal 24(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí agus na substaintí a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid i dtáirgeadh orgánach mar bhreiseáin bheatha agus áiseanna próiseála a úsáidtear i gcothú ainmhithe, ar choinníoll go bhfuil a n-úsáid i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Airteagal 5

Táirgí glantacháin agus díghalraithe

1.   Chun críocha Airteagal 24(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid chun linnte, cásanna, umair, rásbhealaí, foirgnimh nó suiteálacha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh ainmhithe a ghlanadh agus a dhíghalrú, ar choinníoll go gcomhlíonfar leis na táirgí sin forálacha dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

2.   Chun críocha Airteagal 24(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid chun foirgnimh agus suiteálacha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh plandaí, lena n-áirítear le haghaidh stóráil ar ghabháltas talmhaíochta, a ghlanadh agus a dhíghalrú, ar choinníoll go gcomhlíonfar leis na táirgí sin forálacha dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

3.   Chun críocha Airteagal 24(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid le haghaidh glantacháin agus díghalrú i saoráidí próiseála agus stórála, ar choinníoll go gcomhlíonfar leis na táirgí sin forálacha dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

4.   Go dtí go n-áireofar iad i gCuid A, Cuid B nó Cuid C d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, táirgí glantacháin agus díghalraithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (e), pointe (f) agus pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/848 a údaraíodh lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 nó faoin dlí náisiúnta roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, féadfar leanúint dá n-úsáid má chomhlíontar leo na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Airteagal 6

Breiseáin bhia agus áiseanna próiseála

Chun críocha Airteagal 24(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí agus na substaintí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid mar bhreiseáin bheatha, lena n-áirítear einsímí bia atá le húsáid mar bhreiseáin bhia, agus áiseanna próiseála agus bia orgánach próiseáilte á tháirgeadh, ar choinníoll go bhfuil a n-úsáid i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Airteagal 7

Comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha atá le húsáid chun bia orgánach próiseáilte a tháirgeadh

Chun críocha Airteagal 24(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid chun bia orgánach próiseáilte a tháirgeadh, ar choinníoll go bhfuil a n-úsáid i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Tá an chéad mhír gan dochar do na ceanglais mhionsonraithe maidir le táirgeadh orgánach bia phróiseáilte dá bhforáiltear i Roinn 2 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Go háirithe, ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír maidir le comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha a úsáidtear mar bhreiseáin bhia, áiseanna próiseála nó táirgí agus substaintí dá dtagraítear i bpointe 2.2.2 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.

Airteagal 8

Áiseanna próiseála chun giosta agus táirgí giosta a tháirgeadh

Chun críocha Airteagal 24(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí agus na substaintí a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid mar áiseanna próiseála chun giosta agus táirgí giosta a tháirgeadh le haghaidh bia agus beatha, ar choinníoll go bhfuil a n-úsáid i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Airteagal 9

Táirgí agus substaintí lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach fíona

Chun críocha phointe 2.2. de Chuid VI d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar ach amháin na táirgí agus na substaintí a liostaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid chun táirgí fíniúna orgánacha a tháirgeadh agus a chaomhnú dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar choinníoll go bhfuil a n-úsáid i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, go háirithe laistigh de na teorainneacha agus de na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún (16) agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Airteagal 10

Nós imeachta maidir le húdaruithe sonracha a dheonú chun táirgí agus substaintí a úsáid i limistéir áirithe de thríú tíortha

1.   I gcás ina measann údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a aithnítear faoi Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 gur cheart údarú sonrach a dheonú do tháirge nó do shubstaint lena úsáid nó lena húsáid i limistéar áirithe lasmuigh den Aontas de thoradh na gcoinníollacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 45(2) den Rialachán sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh. Chun na críche sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi shainchomhad ina dtugtar tuairisc ar an táirge nó ar an tsubstaint lena mbaineann, ag tabhairt cúiseanna leis an údarú sonrach sin agus míniú ar an bhfáth nach bhfuil na táirgí ná na substaintí a údaraítear faoin Rialachán seo leordhóthanach lena n-úsáid de dheasca na gcoinníollacha sonracha sa limistéar ábhartha. Áiritheoidh sé go bhfuil an sainchomhad oiriúnach lena chur ar fáil go poiblí faoi réir reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta na mBallstát maidir le cosaint sonraí.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chuig na Ballstáit agus foilseoidh sé aon iarraidh den sórt sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an sainchomhad dá dtagraítear i mír 1. Ní údaróidh an Coimisiún an táirge ná an tsubstaint i bhfianaise na gcoinníollacha sonracha dá dtagraítear sa sainchomhad ach amháin más rud é gurb é conclúid na hanailíse ina hiomláine:

(a)

go bhfuil údar leis an údarú sonrach sin sa limistéar lena mbaineann;

(b)

go gcomhlíontar leis an táirge nó leis an tsubstaint ar a dtugtar tuairisc sa sainchomhad na prionsabail a leagtar síos i gCaibidil II, na critéir a leagtar amach in Airteagal 24(3) agus an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2018/848; agus

(c)

go bhfuil úsáid an táirge nó na substainte i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, go háirithe le haghaidh substaintí gníomhacha atá i dtáirgí cosanta plandaí, le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

Áireofar an táirge nó an tsubstaint údaraithe in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Nuair a rachaidh an tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/848 in éag, déanfar an t-údarú a athnuachan go huathoibríoch ar feadh tréimhse 2 bhliain eile, ar choinníoll nach mbeidh aon eilimint nua ar fáil ná nach mbeidh agóid déanta ag aon Bhallstát ná údarás rialaithe ná comhlacht rialaithe a aithnítear faoi Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848, agus údar á thabhairt aige gur gá athmheasúnú a dhéanamh ar chonclúid an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 11

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 889/2008.

Mar sin féin, leanfaidh feidhm de bheith ag Iarscríbhinní VII agus IX go dtí an 31 Nollaig 2023.

Airteagal 12

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Chun críocha Airteagal 5(4) den Rialachán seo, na táirgí glantacháin agus díghalraithe a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008, féadfar leanúint dá n-úsáid go dtí an 31 Nollaig 2023 chun linnte, cásanna, umair, rásbhealaí, foirgnimh nó suiteálacha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh ainmhithe a ghlanadh agus a dhíghalrú, faoi réir Chuid D d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Chun críocha Airteagal 24(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848, na comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008, féadfar leanúint dá n-úsáid chun bia orgánach próiseáilte a tháirgeadh go dtí an 31 Nollaig 2023. Bia orgánach próiseáilte a táirgeadh roimh an 1 Eanáir 2024 leis na comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha sin, féadfar iad a chur ar an margadh tar éis an dáta sin go dtí go n-ídeofar na stoic.

3.   Leanfaidh fianaise dhoiciméadach, a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 roimh an 1 Eanáir 2022, de bheith bailí go dtí deireadh a tréimhse bailíochta ach gan dul thar an 31 Nollaig 2022.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 5(1), (2) agus (3) agus Airteagal 7 ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (IO L 104, 8.4.2004, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 a bhaineann le leasacháin (IO L 304, 21.11.2003, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus míreanna áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, le cleachtais fíoneolaíochta údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, leis an íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú comhad de chuid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de thionscnamh plandaí nó de thionscnamh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Substaintí gníomhacha atá i dtáirgí cosanta plandaí atá údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848

Féadfar na substaintí gníomhacha a liostaítear san Iarscríbhinn seo a bheith i dtáirgí cosanta plandaí a úsáidtear i dtáirgeadh orgánach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, ar choinníoll go bhfuil na táirgí cosanta plandaí sin údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Úsáidfear na táirgí cosanta plandaí sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear sna húdaruithe arna ndeonú ag na Ballstáit ina n-úsáidtear iad. Déantar coinníollacha níos sriantaí maidir le húsáid i dtáirgeadh orgánach a shonrú sa cholún deireanach de gach tábla thíos.

I gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2018/848, teorantóirí, sineirgígh agus comhfhoirmligh mar chomhpháirteanna de tháirgí cosanta planda, agus aidiúvaigh atá le meascadh le táirgí cosanta plandaí, ceadófar iad lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní fhéadfar na substaintí san Iarscríbhinn seo a úsáid ach amháin chun lotnaidí a rialú mar a shainmhínítear in Airteagal 3(24) de Rialachán (AE) 2018/848.

I gcomhréir le pointe 1.10.2 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ní fhéadfar na substaintí sin a úsáid ach amháin i gcás nach féidir plandaí a chosaint go leordhóthanach ar lotnaidí le bearta dá bhforáiltear i bpointe 1.10.1 den Chuid I sin, go háirithe le húsáid oibreán rialaithe bhitheolaíoch, amhail feithidí, fíneoga agus néimeatóidí tairbheacha lena gcomhlíontar forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, déantar substaintí gníomhacha a roinnt sna fochatagóirí seo a leanas:

1.   Substaintí bunata

Maidir leis na substaintí bunata a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 de thionscnamh plandaí nó ainmhíoch agus bunaithe ar bhia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), féadfar iad a úsáid le haghaidh cosaint plandaí i dtáirgeadh orgánach. Tá na substaintí bunata sin marcáilte le réiltín sa tábla thíos. Úsáidfear iad i gcomhréir leis na húsáidí, leis na coinníollacha agus leis na srianta a shocraítear sna tuarascálacha athbhreithniúcháin ábhartha (3), agus na srianta breise, más ann, sa cholún deireanach den tábla á gcur san áireamh.

Maidir le substaintí bunata eile a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, ní fhéadfar iad a úsáid le haghaidh cosaint plandaí i dtáirgeadh orgánach ach amháin nuair a liostaítear sa tábla thíos iad. Úsáidfear na substaintí bunata sin i gcomhréir leis na húsáidí, leis na coinníollacha agus leis na srianta a shocraítear sna tuarascálacha athbhreithniúcháin ábhartha3, agus na srianta breise, más ann, sa cholún deas den tábla á gcur san áireamh.

Ní úsáidfear substaintí bunata mar luibhicídí.

Uimhir agus Cuid den Iarscríbhinn (4)

CAS

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

1C

 

Equisetum arvense L.*

 

2C

9012-76-4

Hidreaclóiríd chiotósáin*

arna fáil ó Aspergillus nó ó dhobharshaothrú orgánach nó ó iascaigh inbhuanaithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)

3C

57-50-1

Siúcrós*

 

4C

1305-62-0

Hiodrocsaíd Chailciam

 

5C

90132-02-8

Fínéagar*

 

6C

8002-43-5

Leicitiní*

 

7C

-

Salix spp. Cortex*

 

8C

57-48-7

Fruchtós*

 

9C

144-55-8

Hidrigincharbónáit sóidiam

 

10C

92129-90-3

Meadhg*

 

11C

7783-28-0

Fosfáit dé-amóiniam

i ngaistí amháin

12C

8001-21-6

Ola lus na gréine*

 

14C

84012-40-8

90131-83-2

Urtica spp. (eastóscánUrtica dioica) (eastóscánUrtica urens)*

 

15C

7722-84-1

Sárocsaíd hidrigine

 

16C

7647-14-5

Clóiríd sóidiam

 

17C

8029-31-0

Beoir*

 

18C

-

Púdar síolta mustaird*

 

20C

8002-72-0

Ola oinniúin*

 

21C

52-89-1

L-cistéin (E 920)

 

22C

8049-98-7

Bainne bó*

 

23C

-

eastóscán bleibe Allium cepa* L.

 

 

 

Substaintí bunata eile de thionscnamh plandaí nó ainmhíoch agus bunaithe ar bhia*

 

2.   Substaintí gníomhacha íseal-riosca

Féadfar substaintí gníomhacha íseal-riosca, seachas miocrorgánaigh, a liostaítear i gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a úsáid le haghaidh cosaint plandaí i dtáirgeadh orgánach nuair a liostaítear sa tábla thíos nó in áit eile san Iarscríbhinn seo iad. Úsáidfear na substaintí gníomhacha íseal-riosca sin i gcomhréir leis na húsáidí, leis na coinníollacha agus leis na srianta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus na srianta breise, más ann, sa cholún deireanach den tábla á gcur san áireamh.

Uimhir agus Cuid den Iarscríbhinn (6)

CAS

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

2D

 

COS-OGA

 

3D

 

Ceirvíosán agus táirgí eile bunaithe ar ruainní de chealla de mhiocrorgánaigh

Gan bheith de thionscnamh OGM

5D

10045-86-6

Fosfáit fheireach (ortafosfáit iarainn (III))

 

12D

9008-22-4

Lamanáirin

Gheofar ceilp ó dhobharshaothrú orgánach nó baileofar ar bhealach inbhuanaithe i gcomhréir le pointe 2.4 de Chuid III d’Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2018/848

3.   Miocrorgánaigh

Féadfar na miocrorgánaigh uile a liostaítear i gCuid A, Cuid B agus Cuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a úsáid i dtáirgeadh orgánach, ar choinníoll nach de thionscnamh OGM iad agus nuair a úsáidtear iad i gcomhréir leis na húsáidí, leis na coinníollacha agus leis na srianta a shocraítear sna tuarascálacha athbhreithniúcháin ábhartha3, agus sna cásanna sin amháin. Is oibreáin rialaithe bhitheolaíoch iad miocrorgánaigh lena n-áirítear víris a mheastar a bheith ina substaintí gníomhacha le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

4.   Substaintí gníomhacha nach n-áirítear in aon cheann de na catagóirí thuas

Ní fhéadfar na substaintí gníomhacha mar atá formheasta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus a liostaítear sa tábla thíos a úsáid mar tháirgí cosanta plandaí i dtáirgeadh orgánach ach amháin nuair a úsáidtear iad i gcomhréir leis na húsáidí, leis na coinníollacha agus leis na srianta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus na srianta breise, más ann, sa cholún deas den tábla thíos á gcur san áireamh.

Uimhir agus cuid den Iarscríbhinn (7)

CAS

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

139A

131929-60-7

131929-63-0

Spioneasad

 

225A

124-38-9

Dé-ocsaíd charbóin

 

227A

74-85-1

Eitiléin

ar bhananaí agus prátaí amháin; mar sin féin, féadfar an méid sin a úsáid ar chitreas freisin mar chuid de straitéis chun damáiste cuile torthaí a chosc

230A

i.a. 67701-09-1

Aigéid shailleacha

gach úsáid údaraithe, seachas luibhicíd

231A

8008-99-9

Eastóscán gairleoige (Allium sativum)

 

234A

Uimh. CAS gan bheith leithdháilte

Uimh. CIPAC 901

Próitéiní hidrealaithe seachas geilitín

 

244A

298-14-6

Carbónáit hidrigine potaisiam

 

249A

98999-15-6

Éarthaigh le boladh de thionscnamh ainmhíoch nó plandaí/saill caorach

 

255A agus eile

 

Fearamóin agus séimiceimiceáin eile

i ngaistí agus rannóirí amháin

220A

1332-58-7

Sileacáit alúmanaim (caoilín)

 

236A

61790-53-2

Kieselgur (cré dhiatómúil)

 

247A

14808-60-7

7637-86-9

Gaineamh grianchloiche

 

343A

11141-17-6

84696-25-3

Asadaraictin (eastóscán Margosa)

eastósctha ó shíolta den líológ Indiach (Azadirachta indica)

240A

8000-29-1

Ola naird

gach úsáid údaraithe, seachas luibhicíd

241A

84961-50-2

Ola chlóibh

gach úsáid údaraithe, seachas luibhicíd

242A

8002-13-9

Ola ráibe

gach úsáid údaraithe, seachas luibhicíd

243A

8008-79-5

Ola cartlainne garraí

gach úsáid údaraithe, seachas luibhicíd

56A

8028-48-6

5989-27-5

Ola oráiste

gach úsáid údaraithe, seachas luibhicíd

228A

68647-73-4

Ola an chrainn tae

gach úsáid údaraithe, seachas luibhicíd

246A

8003-34-7

Comhdhúile pireatraim eastósctha ó phlandaí

 

292A

7704-34-9

Sulfar

 

294A 295A

64742-46-7

72623-86-0

97862-82-3

8042-47-5

Olaí pairifín

 

345A

1344-81-6

Sulfar aoil (polasuilfíd chailciam)

 

44B

9050-36-6

Maltaideistrin

 

45B

97-53-0

Eoigeanól

 

46B

106-24-1

Geréiniól

 

47B

89-83-8

Tíomól

 

10E

20427-59-2

Hiodrocsaíd chopair

i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, ní fhéadfar a údarú ach amháin úsáidí as a n-úsáidtear uasmhéid iomlán 28 kg copar in aghaidh an heicteáir thar thréimhse 7 mbliana

10E

1332-65-6

1332-40-7

Ocsaclóiríd chopair

10E

1317-39-1

Ocsaíd chopair

10E

8011-63-0

Meascán Bordeaux

10E

12527-76-3

Sulfáit chopair thríbhunata

40A

52918-63-5

Deiltemheitrin,

ach amháin i ngaistí a bhfuil mealltaí sonracha in aghaidh Bactrocera oleae agus Ceratitis capitata orthu

5E

91465-08-6

Lambda-ciahalaitrin

ach amháin i ngaistí a bhfuil mealltaí sonracha in aghaidh Bactrocera oleae agus Ceratitis capitata orthu


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(3)  Le fáil sa Bhunachar Sonraí Lotnaidí: https://ec.europa.eu/food/plant/pesticides/eu-pesticides-database/active-substances/?event=search.as

(4)  Liostú de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, uimhreacha agus cén chatagóir: Cuid A, substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, B, substaintí gníomhacha atá formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, C, substaintí bunata, D, substaintí gníomhacha íseal-riosca agus E, substaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(6)  Liostú de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, uimhreacha agus cén chatagóir: Cuid A, substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, B, substaintí gníomhacha atá formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, C, substaintí bunata, D, substaintí gníomhacha íseal-riosca agus E, substaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú.

(7)  Liostú de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, uimhreacha agus cén chatagóir: Cuid A, substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, B, substaintí gníomhacha atá formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, C, substaintí bunata, D, substaintí gníomhacha íseal-riosca agus E, substaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú.


IARSCRÍBHINN II

Leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848

Féadfar leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh (1) a liostaítear san Iarscríbhinn seo a úsáid i dtáirgeadh orgánach, ar choinníoll go gcomhlíontar leo

an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le táirgí leasacháin, go háirithe, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 agus Rialachán (AE) 2019/1009; agus

Reachtaíocht de chuid an Aontais ar sheachtháirgí ainmhithe, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, go háirithe Iarscríbhinní V agus XI.

I gcomhréir le pointe 1.9.6 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, féadfar ullmhóidí miocrorgánach a úsáid chun feabhas a chur ar riocht na hithreach ina hiomláine, nó chun feabhas a chur ar infhaighteacht cothaitheach san ithir nó sna barra.

Ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin de réir shonraíochtaí úsáide agus shrianta úsáide na reachtaíochta ábhartha sin de chuid an Aontais agus na reachtaíochta náisiúnta ábhartha faoi seach. Déantar coinníollacha níos sriantaí maidir le húsáid i dtáirgeadh orgánach a shonrú sa cholún deas de na táblaí.

Ainm

Táirgí comhdhúile nó táirgí nach bhfuil ach amháin na hábhair a liostaítear thíos iontu

Tuairisc, coinníollacha agus teorainneacha sonracha

Aoileach

táirge lena gcuimsítear meascán de thuartha ainmhithe agus d’ábhar plandúil (easair ainmhithe agus ábhar beatha)

toirmeasc ar an méid sin más de thionscnamh na feirmeoireachta monarchan é

Aoileach triomaithe agus aoileach éanlaithe clóis díhiodráitithe

toirmeasc ar an méid sin más de thionscnamh na feirmeoireachta monarchan é

Tuartha ainmhithe múirínithe, lena n-áirítear aoileach éanlaithe clóis agus aoileach múirínithe san áireamh

toirmeasc ar an méid sin más de thionscnamh na feirmeoireachta monarchan é

Tuartha ainmhithe leachtacha

lena n-úsáid tar éis coipeadh rialaithe agus/nó caolú iomchuí

toirmeasc ar an méid sin más de thionscnamh na feirmeoireachta monarchan é

Meascán múirínithe nó coipthe de dhramhaíl tí

táirge arna fháil ó dhramhaíl tí réamhdheighilte, a cuireadh faoi mhúiríniú nó coipeadh anaeróbach le haghaidh táirgeadh bithgháis

dramhaíl tí de bhunadh plandúil agus ainmhíoch amháin

ach amháin nuair a tháirgtear an méid sin i gcóras bailithe dúnta agus ar a ndéantar faireachán, inghlactha ag an mBallstát

uas-tiúcháin de réir mg/kg d’ábhar tirim: caidmiam: 0,7; copar: 70; nicil: 25; luaidhe: 45; sinc: 200; mearcair: 0,4; cróimiam (iomlán): 70; cróimiam (VI): nach bhfuil inbhraite

Móin

úsáid theoranta don ghairneoireacht (garraíodóireacht margaidh, bláthshaothrú, crannadóireacht, plandlann)

Dramhaíl saothrúcháin muisiriúin

beidh comhdhéanamh tosaigh na substráite teoranta do tháirgí na hIarscríbhinne seo

Tuartha de phéisteanna (péistmhúirín) agus meascán substráite tuartha feithide

i gcás inarb ábhartha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009

Guanó

 

Meascán múirínithe nó coipthe d’ábhar plandúil

táirge arna fháil ó mheascáin d’ábhar plandúil, a cuireadh faoi mhúiríniú nó coipeadh anaeróbach le haghaidh táirgeadh bithgháis

Díleáiteán bithgháis ina bhfuil seachtháirgí ainmhithe comhdhíleáite le hábhar de thionscnamh plandaí nó ainmhíoch mar a liostaítear san Iarscríbhinn seo

seachtháirgí ainmhithe (lena n-áirítear seachtháirgí ó ainmhithe fiáine) a bhaineann le catagóir 3 agus ábhar ó chonair an díleá a bhaineann le catagóir 2 (catagóirí mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009)

toirmeasc ar an méid sin más de thionscnamh na feirmeoireachta monarchan é

ní mór na próisis a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011

gan bheith le cur i bhfeidhm maidir le codanna inite den bharr

Táirgí nó seachtháirgí de thionscnamh ainmhíoch mar atá thíos:

 

Min fola

 

Min crúb

 

Min adharc

 

Min cnámh nó min cnámh dhígheilitínithe

 

Min éisc

 

Min feola

 

Min cleite, min fionnaidh agus min craicinn (“chiquette”)

 

Olann

 

Fionnadh (1)

 

Fionnadh

 

Táirgí déiríochta

 

Próitéiní hidrealaithe (2)

(1)

Uas-tiúchan de réir mg/kg d’ábhar tirim cróimiam (VI): gan bheith inbhraite

(2)

Gan bheith le cur i bhfeidhm maidir le codanna inite den bharr

Táirgí agus seachtháirgí de thionscnamh plandaí le haghaidh leasachán

e.g.: mín cáca olashíl, crotail chócó, cosa braiche

Próitéiní hidrealaithe de thionscnamh plandaí

 

Algaí agus táirgí algaí

a mhéid a fhaightear go díreach leis an méid seo a leanas:

(i)

próisis fhisiceacha lena n-áirítear díhiodráitiú, reo agus meilt

(ii)

eastóscadh le huisce nó haigéad uiscí agus/nó tuaslagán alcaileach

(iii)

coipeadh

ach amháin ó tháirgeadh orgánach nó bailithe ar bhealach inbhuanaithe i gcomhréir le pointe 2.4 de Chuid III d’Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2018/848

Min sáibh agus sliseanna adhmaid

adhmad nár cóireáladh go ceimiceach tar éis é a leagan

Coirt mhúirínithe

adhmad nár cóireáladh go ceimiceach tar éis é a leagan

Luaith adhmaid

ó adhmad nár cóireáladh go ceimiceach tar éis é a leagan

Fosfáit charraige mheilte bhog

táirge arna fháil ó fhosfáití mianracha boga a mheilt agus ina bhfuil fosfáit tríchailciam agus carbónáit chailciam mar chomhábhair fhíor-riachtanacha

íoschion cothaitheach (céatadán de réir meáchain):

 

25 % P2O5

 

fosfar arna shloinneadh mar P2O5 is intuaslagtha in aigéid mhianracha, ar a laghad 55 % den chion fógartha de P2O5 is intuaslagtha in aigéad formach 2 %

méid cháithnín:

ar a laghad 90 % de réir meáchain in ann dul trí chriathar mogaill 0,063 mm

ar a laghad 99 % de réir meáchain in ann dul trí chriathar mogaill 0,125 mm

go dtí an 15 Iúil 2022, cion an chaidmiam níos lú ná 90 mg/kg de P205nó cothrom leis sin;

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009

Fosfáit alúmanam-cailciam

táirge arna fháil i bhfoirm éagruthach le cóireáil teasa agus meilt, ina bhfuil fosfáití alúmanaim agus cailciam mar chomhábhair fhíor-riachtanacha

íoschion cothaitheach (céatadán de réir meáchain):

 

30 % P2O5

 

fosfar arna shloinneadh mar P2O5 is intuaslagtha in aigéid mhianracha, ar a laghad 75 % den chion fógartha de P2O5 is intuaslagtha i gciotráit amóiniam alcaileach (Joulie)

méid cháithnín:

ar a laghad 90 % de réir meáchain in ann dul trí chriathar mogaill 0,160 mm

ar a laghad 98 % de réir meáchain in ann dul trí chriathar mogaill 0,630 mm

go dtí an 15 Iúil 2022, cion an chaidmiam níos lú ná 90 mg/kg de P205nó cothrom leis sin;

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009

úsáid theoranta d’ithreacha bunata (pH > 7,5)

Slaig bhunata (fosfáití Thomas nó slaig Thomas)

táirge arna fháil i mbruithniú iarainn trí na leátáin fosfair a chóireáil agus ina bhfuil sileacafosfáití cailciam mar a chomhábhair fhíor-riachtanacha

íoschion cothaitheach (céatadán de réir meáchain):

 

12 % P2O5

 

fosfar arna shloinneadh mar pheantocsaíd fosfair is intuaslagtha in aigéid mhianracha, ar a laghad 75 % den chion fógartha de pheantocsaíd fosfair is intuaslagtha in aigéad citreach 2 %

10 % P2O5

fosfar arna shloinneadh mar pheantocsaíd fosfair is intuaslagtha in aigéad citreach 2 %

méid cháithnín:

ar a laghad 75 % in ann dul trí chriathar mogaill 0,160 mm

ar a laghad 96 % in ann dul trí chriathar mogaill 0,630 mm

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009

Salann potaisiam amh

táirge arna fháil ó shalainn potaisiam amha

íoschion cothaitheach (céatadán de réir meáchain):

 

9 % K2O

 

potaisiam arna shloinneadh mar uiscethuaslagtha K2O

 

2 % MgO

 

maignéisiam i bhfoirm salainn uiscethuaslagtha, arna shloinneadh mar ocsaíd mhaignéisiam

 

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009

Sulfáit photaisiam, ina bhfuil salann maignéisiam b’fhéidir

táirge arna fháil ó shalann potaisiam amh le próiseas eastósctha fhisicigh, ina bhfuil salainn mhaignéisiam freisin b’fhéidir

Stileáiste agus eastóscán stileáiste

stileáiste amóiniam eisiata

Carbónáit chailciam, mar shampla: cailc, marla, aolchloch mheilte, oibreán feabhsúcháin Breton (méarla), cailc fosfáite

de thionscnamh nádúrtha amháin

Dramhaíl moileasc

ó dhobharshaothrú orgánach nó ó iascaigh inbhuanaithe amháin, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

Blaoscanna uibhe

toirmeasc ar an méid sin más de thionscnamh na feirmeoireachta monarchan é

Maignéisiam agus carbónáit chailciam

de thionscnamh nádúrtha amháin

e.g. cailc mhaignéiseach, maignéisiam meilte, aolchloch

Sulfáit mhaignéisiam (cíosairít)

de thionscnamh nádúrtha amháin

Tuaslagán clóiríde cailciam

ach amháin le haghaidh cóireáil dhuilleach ar chrainn úll, chun easnamh cailciam a chosc

Sulfáit chailciam (gipseam)

táirge de thionscnamh nádúrtha ina bhfuil sulfáit chailciam ag méideanna éagsúla híodráitithe

íoschion cothaitheach (céatadán de réir meáchain):

 

25 % CaO

 

35 % SO3

cailciam agus sulfar arna sloinneadh mar iomlán CaO + SO3

míne meilte:

ar a laghad 80 % in ann dul trí chriathar mogaill 2 mm ar leithead,

ar a laghad 99 % in ann dul trí chriathar mogaill 10 mm ar leithead

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009

Aol tionsclaíoch ó tháirgeadh siúcra

seachtháirge ó tháirgeadh siúcra ó bhiatas siúcra agus siúcra cána

Aol tionsclaíoch ó tháirgeadh salainn folúis

seachtháirgí ón táirgeadh salainn folúis ó sháile a fhaightear sna sléibhte

Sulfar eiliminteach

go dtí an 15 Iúil 2022: mar a liostaítear i gcomhréir le Cuid D d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009

Leasachán Micreachothaitheach Neamhorgánach

go dtí an 15 Iúil 2022: mar a liostaítear i gcomhréir le Cuid E d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003;

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009

Clóiríd sóidiam

 

Min cloch, créanna agus mianraí cré

 

Lionairdít (Dríodar orgánach amh ar mhórán aigéid húmasacha)

ach amháin má fhaightear an méid sin mar sheachtháirge de ghníomhaíochtaí mianadóireachta

Aicéid húmasacha agus fhulvacha

ach amháin má fhaightear an méid sin le salainn/tuaslagáin neamhorgánacha seachas salainn amóiniam; nó má fhaightear an méid sin ó íonú uisce óil

Xilít

ach amháin má fhaightear an méid sin mar sheachtháirge de ghníomhaíochtaí mianadóireachta (e.g. seachtháirge de mhianadóireacht guail dhoinn)

Citin (Polaisiúicríd arna fáil ó bhlaosc crústach)

arna fáil ó dhobharshaothrú orgánach nó ó iascaigh inbhuanaithe, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

Dríodar an-orgánach (2) ó dhobharlaigh úra arna bhfoirmiú faoi eisiamhocsaigine

(e.g. sapraipéal)

ach amháin dríodair orgánacha ar seachtháirgí iad de bhainistíocht dobharlach úr nó arna n-eastóscadh ó iarlimistéir fionnuisce

i gcás inarb infheidhme, ba cheart eastóscadh a dhéanamh ar bhealach lena n-áiritheofar go n-imreofar tionchar íosta ar an gcóras uisceach

ach amháin dríodair atá díorthaithe ó fhoinsí atá saor ó éillithe lotnaidí, truailleáin orgánacha leanúnacha agus substaintí peitril den sórt

go dtí an 15 Iúil 2022: uas-tiúcháin de réir mg/kg d’ábhar tirim: caidmiam: 0,7; copar: 70; nicil: 25; luaidhe: 45; sinc: 200; mearcair: 0,4; cróimiam (iomlán): 70; cróimiam (VI): nach bhfuil inbhraite

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009

Bithghualach - táirge pirealaithe déanta as réimse leathan d’ábhair orgánacha de thionscnamh plandaí agus arna úsáid mar oiriúntóir ithreach

ach amháin ó ábhair plandaí, nuair a dhéantar iad a chóireáil iarbhuainte leis na táirgí a áirítear in Iarscríbhinn I, agus leis na táirgí sin amháin

go dtí an 15 Iúil 2022: uasluach 4 mg de hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha (PAHanna) in aghaidh an kg d’ábhar tirim (DM)

ón 16 Iúil 2022, tá feidhm ag na teorainneacha ábhartha le haghaidh éilleán a shocraítear i Rialachán (AE) 2019/1009


(1)  Lena gcumhdaítear go háirithe na catagóirí feidhme táirge uile a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009.

(2)  Úsáidtear “orgánach” anseo i gciall na ceimice orgánaí, seachas an fheirmeoireacht orgánach


IARSCRÍBHINN III

Táirgí agus substaintí údaraithe lena n-úsáid mar bheatha nó agus beatha á tháirgeadh

CUID A

Ábhar beatha neamhorgánach údaraithe de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhíoch nó giosta nó ábhar beatha de thionscnamh miocróbach nó mianrach dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/848

(1)   ÁBHAIR BHEATHA DE THIONSCNAMH MIANRACH

Uimhir sa chatalóg bheatha (1)

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

11.1.1

Carbónáit chailciam

 

11.1.2

Blaoscanna muirí cailcreacha

 

11.1.4

Méarla

 

11.1.5

Liotataimnian

 

11.1.13

Glúcónáit chailciam

 

11.2.1

Ocsaíd mhaignéisiam

 

11.2.4

Sulfáit mhaignéisiam ainhidriúil

 

11.2.6

Clóiríd mhaignéisiam

 

11.2.7

Carbónáit mhaignéisiam

 

11.3.1

Fosfáit déchailciam

 

11.3.3

Fosfáit mhonacailciam

 

11.3.5

Fosfáit chailciam-maignéisiam

 

11.3.8

Fosfáit mhaignéisiam

 

11.3.10

Fosfáit mhonasóidiam

 

11.3.16

Fosfáit sóidiam chailciam

 

11.3.17

Fosfáit mhona-amóiniam (Ortafosfáit dé-hidrigine amóiniam)

ach amháin le haghaidh dobharshaothrú

11.4.1

Clóiríd sóidiam

 

11.4.2

Décharbónáit sóidiam

 

11.4.4

Carbónáit sóidiam

 

11.4.6

Sulfáit sóidiam

 

11.5.1

Clóiríd photaisiam

 

(2)   ÁBHAIR BHEATHA EILE

Uimhir sa chatalóg bheatha (2)

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

10

Min, ola agus ábhair bheatha eile de thionscnamh éisc nó ainmhithe uiscí eile

ar choinníoll go bhfaightear iad ó iascaigh atá deimhnithe mar iascaigh inbhuanaithe faoi scéim atá aitheanta ag an údarás inniúil i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

ar choinníoll go ndéantar iad a tháirgeadh nó a ullmhú gan tuaslagóirí atá sintéisithe go ceimiceach

níl a n-úsáid údaraithe ach amháin do bheostoc nach luibhiteoirí iad

níl úsáid hidrealasáite próitéine éisc údaraithe ach amháin do bheostoc óg nach luibhiteoirí iad

10

Min, ola agus ábhair bheatha eile de thionscnamh éisc, moileasc nó crústach

le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe feoiliteacha

ó iascaigh atá deimhnithe mar iascaigh inbhuanaithe faoi scéim atá aitheanta ag an údarás inniúil i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcomhréir le pointe 3.1.3.1(c) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848

díorthaithe ó fhuílleach éisc, crústach nó moileasc a gabhadh cheana féin mar bhia don duine i gcomhréir le pointe 3.1.3.3(c) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, nó díorthaithe ó iasc, crústaigh nó moilisc ina n-iomláine a gabhadh agus nár úsáideadh mar bhia don duine i gcomhréir le pointe 3.1.3.3(d) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848

10

Min éisc agus ola éisc

le linn chéim an ramhraithe, le haghaidh iasc in uiscí intíre, séaclaí peinéideacha agus cloicheáin fionnuisce agus iasc fionnuisce trópaiceach

ó iascaigh atá deimhnithe mar iascaigh inbhuanaithe faoi scéim atá aitheanta ag an údarás inniúil i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcomhréir le pointe 3.1.3.1(c) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848

ach amháin i gcás nach bhfuil beatha nádúrtha i linnte ná lochanna ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha, uasmhéid 25 % de mhin éisc agus 10 % d’ola éisc sa chiondáil bheatha de shéaclaí peinéideacha agus de chloicheáin fionnuisce (Macrobrachium spp.) agus uasmhéid 10 % de mhin éisc nó d’ola éisc sa chiondáil bheatha de chait mhara Shiamacha (Pangasius spp.), i gcomhréir le pointe 3.1.3.4 (c)(i) agus (ii) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848

ex 12.1.5

Giostaí

giostaí arna bhfáil ó Sa ccharomyces cerevisiaeSaccharomyces carlsbergensis, dhíghníomhaithe as a dtagann easpa miocrorgánach

nuair nach bhfuil an méid sin ar fáil ó tháirgeadh orgánach

ex 12.1.12

Táirgí giosta

táirgeadh coipthe arna fháil ó Sa ccharomyces cerevisiae, Saccharomyces carlsbergensis, dhíghníomhaithe as a dtagann easpa miocrorgánach beo ina bhfuil codanna giostaí

nuair nach bhfuil an méid sin ar fáil ó tháirgeadh orgánach

 

Colaistéaról

táirge arna fháil ó shail caorach (lanailin) le gallúnú, deighiltí agus criostalú, ó shliogiasc nó foinsí eile

chun na riachtanais aiste bia chainníochtúla de shéaclaí peinéideacha agus cloicheáin fionnuisce (Macrobrachium spp.) a áirithiú le linn chéim an ramhraithe agus céimeanna beatha níos luaithe in iasclanna agus i ngorlanna

nuair nach bhfuil an méid sin ar fáil ó tháirgeadh orgánach

 

Luibheanna

i gcomhréir le hAirteagal 24(3), pointe (e)(iv), de Rialachán (AE) 2018/848, go háirithe:

nuair nach bhfuil an méid ar fáil i bhfoirm orgánach

arna dtáirgeadh/arna n-ullmhú gan tuaslagóirí ceimiceacha

uasmhéid 1 % sa chiondáil bheatha

 

Moláis

i gcomhréir le hAirteagal 24(3), pointe (e)(iv), de Rialachán (AE) 2018/848, go háirithe:

nuair nach bhfuil an méid ar fáil i bhfoirm orgánach

arna dtáirgeadh/arna n-ullmhú gan tuaslagóirí ceimiceacha

uasmhéid 1 % sa chiondáil bheatha

 

Fíteaplanctón agus zóplanctón

ach amháin i dtógáil larbhach planctón den sórt sin atá óg

 

comhdhúile próitéine sonracha

I gcomhréir le pointe 1.9.3.1 (c) agus 1.9.4.2 (c) de Rialachán (AE) 2018/848, go háirithe:

go dtí an 31 Nollaig 2026,

nuair nach bhfuil an méid ar fáil i bhfoirm orgánach,

arna dtáirgeadh/arna n-ullmhú gan tuaslagóirí ceimiceacha,

chun bainbh atá suas le 35 kg nó éanlaith chlóis óg a bheathú,

uasmhéid 5 % d’ábhar tirim beatha de thionscnamh talmhaíochta in aghaidh na tréimhse 12 mhí

 

Spíosraí

i gcomhréir le hAirteagal 24(3), pointe (e)(iv), de Rialachán (AE) 2018/848, go háirithe:

nuair nach bhfuil an méid ar fáil i bhfoirm orgánach

arna dtáirgeadh/arna n-ullmhú gan tuaslagóirí ceimiceacha

uasmhéid 1 % sa chiondáil bheatha

CUID B

Breiseáin bheatha agus áiseanna próiseála údaraithe arna n-úsáid i gcothú ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/848

Ní mór breiseáin bheatha a liostaítear sa Chuid seo a bheith údaraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

Tá na coinníollacha sonracha a leagtar amach anseo le cur i bhfeidhm i dteannta choinníollacha na n-údaruithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(1)   BREISEÁIN THEICNEOLAÍOCHA

(a)   Leasaithigh

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

E 200

Aigéad sorbach

 

E 236

Aigéad formach

 

E 237

Formáit sóidiam

 

E 260

Aigéad aicéiteach

 

E 270

Aigéad lachtach

 

E 280

Aigéad próipianach

 

E 330

Aigéad citreach

 

(b)   Frithocsaídeoirí

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

1b306(i)

Eastóscáin tócaifearóil ó olaí plandúla

 

1b306(ii)

Eastóscáin ar mhórán tócaifearól ó olaí plandúla (ar mhórán deilte)

 

(c)   Eiblitheoirí, cobhsaitheoirí, tiúsóirí agus oibreáin ghlóthúcháin

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

1c322, 1c322i

Leicitiní

ach amháin nuair atá siad díorthaithe ó amhábhar orgánach

úsáid theoranta do bheatha ainmhithe dobharshaothraithe

(d)   Táthuithe agus oibreáin frithstolptha

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

E 412

Guma guair

 

E 535

Fearóiciainíd sóidiam

uaschion: 20 mg/kg NaCl arna ríomh mar ainian fearóiciainíde

E 551b

Silice chollóideach

 

E 551c

Kieselgur (cré dhiatómúil, íonaithe)

 

1m558i

Beintinít

 

E 559

Meallchréanna, saor ó aispeist

 

E 560

Meascáin nádúrtha de stéitítí agus clóirít

 

E 561

Veirmicilít

 

E 562

Séipiailít

 

E 566

Natrailít-Fónailít

 

1g568

Clinitililít de thionscnamh dríodair

 

E 599

Péirlít

 

(e)   Breiseáin sadhlais

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

1k

Einsímí, miocrorgánaigh

gan bheith údaraithe ach amháin chun coipeadh leordhóthanach a áirithiú

1k236

Aigéad formach

1k237

Formáit sóidiam

1k280

Aigéad próipianach

1k281

Próipianáit sóidiam

(2)   BREISEÁIN CHÉADFACHA

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

ex2a

Astaxaintin

ach amháin nuair atá sí díorthaithe ó fhoinsí orgánacha, amhail sliogáin crústach orgánacha

ach amháin sa chiondáil bheatha le haghaidh bradán agus breac laistigh de theorainn a riachtanas fiseolaíoch

mura bhfuil aon astaxaintin atá díorthaithe ó fhoinsí orgánacha ar fáil, féadfar astaxaintin ó fhoinsí nádúrtha a úsáid amhail Phaffia rhodozyma ar mhórán Astaxaintin

ex2b

Comhdhúile blaistithe

ach amháin eastóscáin ó tháirgí talmhaíochta, lena n-áirítear eastóscán Castáin (Castanea sativa Mill.)

(3)   BREISEÁIN CHOTHAITHEACHA

(a)   Vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

ex3a

Vitimíní agus Próivitimíní

díorthaithe ó tháirgí talmhaíochta

mura bhfuil an méid sin ar fáil ó tháirgí talmhaíochta:

díorthaithe go sintéiseach, ní fhéadfar ach amháin iad sin atá comhionann le vitiminí atá díorthaithe ó tháirgí talmhaíochta a úsáid le haghaidh ainmhithe monagastracha agus ainmhithe dobharshaothraithe

díorthaithe go sintéiseach, ní fhéadfar ach amháin vitiminí A, D agus E atá comhionann le vitiminí atá díorthaithe ó tháirgí talmhaíochta a úsáid le haghaidh athchogantach; tá an úsáid faoi réir réamhúdarú ó na Ballstáit bunaithe ar an measúnú ar an bhféidearthacht go bhfaigheadh athchogantaigh orgánacha na cainníochtaí is gá de na vitiminí sin trína gciondálacha beatha

3a920

Béitín ainhidriúil

i gcás ainmhithe monagastracha amháin

ó tháirgeadh orgánach; mura bhfuil sin ar fáil, de thionscnamh nádúrtha

(b)   Comhdhúile de riandúile

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

3b101

Carbónáit (sidirít) iarainn (II)

 

3b103

Sulfáit iarainn (II) mhonaihiodráite

 

3b104

Sulfáit iarainn (II) heiptihiodráite

 

3b201

Iaidíd photaisiam

 

3b202

Iadáit chailciam, ainhidriúil

 

3b203

Gráinníní brataithe d’iadáit chailciam ainhidriúil

 

3b301

Cóbalt aicéatáite (II) teitrihiodráite

 

3b302

Carbónáit chóbailt (II)

 

3b303

Hiodrocsaíd charbónáite (2:3) chóbailt (II) mhonaihiodráite

 

3b304

Gráinníní brataithe de charbónáit chóbailt (II)

 

3b305

Sulfáit chóbailt (II) heiptihiodráite

 

3b402

Déhiodrocsacarbónáit chopair (II) mhonaihiodráite

 

3b404

Ocsaíd chopair (II)

 

3b405

Peintihiodráit sulfáite copair (II)

 

3b409

Tríhiodrocsaíd chlóiríde déchopair

 

3b502

Ocsaíd mhangainéise (II)

 

3b503

Sulfáit mhangainéise, mhonaihiodráite

 

3b603

Ocsaíd since

 

3b604

Sulfáit since heiptihiodráite

 

3b605

Sulfáit since mhonaihiodráite

 

3b609

Hiodrocsaíd clóiríde since mhonaihiodráite

 

3b701

Molabdáit sóidiam déhiodráite

 

3b801

Seiléinít sóidiam

 

3b802

3b803

Gráinníní brataithe de sheiléinít sóidiam

Seiléinít sóidiam

 

3b810

Giosta seiléinithe, Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060, díghníomhaithe

 

3b811

Giosta seiléinithe, Saccharomyces cerevisiae NCYC R397, díghníomhaithe

 

3b812

Giosta seiléinithe, Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3399, díghníomhaithe

 

3b813

Giosta seiléinithe, Saccharomyces cerevisiae NCYC R646, díghníomhaithe

 

3b817

Giosta seiléinithe, Saccharomyces cerevisiae NCYC R645, díghníomhaithe

 

(c)   Aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

3c3.5.1 agus 3c352

Monai-hidreaclóiríd L-histidín mhonaihiodráite

arna táirgeadh trí choipeadh

féadfar an méid sin a úsáid sa chiondáil bheatha le haghaidh salmainidí nuair is amhlaidh nach soláthraítear leis na foinsí beatha a liostaítear i bpointe 3.1.3.3 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 méid leordhóthanach histidín chun riachtanais aiste bia an éisc a chomhlíonadh

(4)   BREISEÁIN ZÓITEICNIÚLA

Uimhir aitheantais nó feidhmghrúpa

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

4a, 4b, 4c agus 4d

Einsímí agus miocrorgánaigh

 


(1)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha (IO L 29, 30.1.2013, lch. 1).

(2)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013.


IARSCRÍBHINN IV

Táirgí glantacháin agus díghalraithe údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (e), pointe (f) agus pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/848

CUID A

Táirgí chun linnte, cásanna, umair, rásbhealaí, foirgnimh nó suiteálacha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh ainmhithe a ghlanadh agus a dhíghalrú

CUID B

Táirgí chun foirgnimh agus suiteálacha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh plandaí, lena n-áirítear stóráil ar ghabháltas talmhaíochta, a ghlanadh agus a dhíghalrú

CUID C

Táirgí le haghaidh glantacháin agus díghalrú i saoráidí próiseála agus stórála

CUID D

Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán seo

Na táirgí seo a leanas nó táirgí ina bhfuil na substaintí gníomhacha seo a leanas mar a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008, ní féidir iad a úsáid mar tháirgí bithicídeacha:

sóid loiscneach;

potais loiscneach;

aigéad ocsalach;

úscraí nádúrtha plandaí cé is moite d’ola rois lín, ola labhandair agus ola lus an phiobair;

aigéad nítreach;

aigéad fosfarach;

carbónáit sóidiam;

sulfáit chopair;

sármhanganáit photaisiam;

cáca síl tae déanta as síol caiméilia nádúrtha;

aigéad húmasach;

aigéid shárocsa-aicéiteacha cé is moite d’aigéad sáraicéiteach.


IARSCRÍBHINN V

Táirgí agus substaintí údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh bia orgánaigh phróiseáilte agus giosta a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha

CUID A

Breiseáin bhia agus áiseanna próiseála údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848

ROINN A1 — BREISEÁIN BHIA, LENA nÁIRÍTEAR IOMPRÓIRÍ

Tá na hearraí bia orgánacha a bhféadfar breiseáin bhia a chur leo laistigh de theorainn na n-údaruithe a thugtar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

Tá na coinníollacha agus na srianta sonracha a leagtar amach anseo le cur i bhfeidhm i dteannta choinníollacha na n-údaruithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

Chun críche ríomh na gcéatadán dá dtagraítear in Airteagal 30(5) de Rialachán (AE) 2018/848, déanfar na breiseáin bhia atá marcáilte le réiltín i gcolún na códuimhreach a ríomh mar chomhábhair de thionscnamh talmhaíochta.

Cód

Ainm

Na hearraí bia a bhféadfar an méid sin a chur leo

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

E 153

Carbón plandúil

craiceann cáise inite de cháis gabhair luaithriúil

Cáis Morbier

 

E 160b(i)*

Bicsin annatto

Cáis Red Leicester

Cáis Double Gloucester

Céadar

Cáis Mimolette

 

E 160b(ii)*

Noirbicsin annatto

Cáis Red Leicester

Cáis Double Gloucester

Céadar

Cáis Mimolette

 

E 170

Carbónáit chailciam

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

ní úsáidfear an méid sin le haghaidh dathú ná saibhriú cailciam táirgí

E 220

Dé-ocsaíd sulfair

fíonta torthaí (fíon déanta as torthaí seachas fíonchaora, lena n-áirítear leann úll agus leann piorraí) agus meá gan siúcra sa bhreis

100 mg/l (uasleibhéil ar fáil ó na foinsí uile, arna sloinneadh mar SO2 in mg/l)

E 223

Meiti-dhéshuilfít sóidiam

crústaigh

 

E 224

Meiti-dhéshuilfít photaisiam

fíonta torthaí (fíon déanta as torthaí seachas fíonchaora, lena n-áirítear leann úll agus leann piorraí) agus meá gan siúcra sa bhreis

100 mg/l (uasleibhéil ar fáil ó na foinsí uile, arna sloinneadh mar SO2 in mg/l)

E250

Nítrít sóidiam

táirgí feola

ní fhéadfar an méid sin a úsáid ach amháin má léiríodh chun sástacht an údaráis inniúil nach bhfuil aon rogha mhalartach theicneolaíoch ar fáil, lena dtugtar na ráthaíochtaí céanna agus/nó lenar féidir gnéithe sonracha an táirge a choinneáil ar bun

ná húsáidtear in éineacht le E252

uasmhéid isteach arna shloinneadh mar NaNO2: 80 mg/kg, uasmhéid iarmharach arna shloinneadh mar NaNO2: 50 mg/kg

E252

Níotráit photaisiam

táirgí feola

ní fhéadfar an méid sin a úsáid ach amháin má léiríodh chun sástacht an údaráis inniúil nach bhfuil aon rogha mhalartach theicneolaíoch ar fáil, lena dtugtar na ráthaíochtaí céanna agus/nó lenar féidir gnéithe sonracha an táirge a choinneáil ar bun

ná húsáidtear in éineacht le E250

uasmhéid isteach arna shloinneadh mar NaNO3: 80 mg/kg, uasmhéid iarmharach arna shloinneadh mar NaNO3: 50 mg/kg

E 270

Aigéad lachtach

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 290

Dé-ocsaíd charbóin

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 296

Aigéad malach

táirgí de thionscnamh plandaí

 

E 300

Aigéad ascorbach

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí feola

 

E 301

Sóidiam ascorbach

táirgí feola

ní fhéadfar an méid sin a úsáid ach amháin i ndáil le níotráití agus nítrítí

E 306*

Eastóscán ar mhórán

tócaifearól

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

frithocsaídeoir

E 322*

Leicitiní

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí bainne

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 325

Lachtáit sóidiam

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí bainnebhunaithe agus feola

 

E 330

Aigéad citreach

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 331

Ciotráití sóidiam

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 333

Ciotráití cailciam

táirgí de thionscnamh plandaí

 

E 334

Aigéad tartarach

(L(+)-)

táirgí de thionscnamh plandaí

meá

 

E 335

Tartráití sóidiam

táirgí de thionscnamh plandaí

 

E 336

Tartráití potaisiam

táirgí de thionscnamh plandaí

 

E 341(i)

Monacailciam fosfáit

plúr éiritheach

oibreán éiritheach

E 392*

Eastóscáin Maróis

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 400

Aigéad ailgineach

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí bainne

 

E 401

Ailgionáit sóidiam

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí bainne

ispíní bunaithe ar fheoil

 

E 402

Ailgionáit photaisiam

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí bainnebhunaithe

 

E 406

Agar

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí bainnebhunaithe agus táirgí feola

 

E 407

Carraigínin

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí bainnebhunaithe

 

E 410*

Guma pónaire lócaiste

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 412*

Guma guair

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 414*

Guma Arabach

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 415

Guma Xantáin

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 417

Guma Tara

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

tiúsóir

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 418

Guma geileáin

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

i bhfoirm ardaicile amháin

ach amháin ó tháirgeadh orgánach, infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2023

E 422

Gliocról

eastóscáin plandaí

blastáin

ach amháin de thionscnamh plandaí

tuaslagóir agus iompróir in eastóscáin plandaí agus blastáin

taisleán i gcapsúil ghlóthaí

bratú dromchla táibléad

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 440(i)*

Peictin

táirgí de thionscnamh plandaí

táirgí bainnebhunaithe

 

E 460

Ceallalós

geilitín

 

E 464

Ceallalós meitile hiodrocsapróipile

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

ábhar imchlochlaithe le haghaidh capsúl

E 500

Carbónáití sóidiam

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 501

Carbónáití potaisiam

táirgí de thionscnamh plandaí

 

E 503

Carbónáití amóiniam

táirgí de thionscnamh plandaí

 

E 504

Carbónáití maignéisiam

táirgí de thionscnamh plandaí

 

E 509

Clóiríd chailciam

Táirgí bainnebhunaithe

oibreán téachta

E 516

Sulfáit chailciam

táirgí de thionscnamh plandaí

iompróir

E 524

Hiodrocsaíd sóidiam

“Laugengebäck”

blastáin

cóireáil dromchla

rialtóir aigéadachta

E 551

Dé-ocsaíd sileacain

luibheanna agus spíosraí i bhfoirm phúdraithe thriomaithe,

blastáin

gliú beach

 

E 553b

Talc

ispíní bunaithe ar fheoil

cóireáil dromchla

E 901

Céir beach

milseogra

oibreán glónraithe

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 903

Céir charnába

milseogra

torthaí citris

oibreán glónraithe

modh maolaitheach le haghaidh cóireáil shainordaitheach an-fhuar ar thorthaí mar bheart coraintín sainordaitheach in aghaidh orgánaigh dhíobhálacha i gcomhréir le Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1279 ón gCoimisiún (1)

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

E 938

Argón

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 939

Héiliam

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 941

Nítrigin

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 948

Ocsaigin

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

E 968

Eiritríotól

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

ach amháin ó tháirgeadh orgánach gan teicneolaíocht ianmhalartaithe a úsáid

ROINN A2 — ÁISEANNA PRÓISEÁLA AGUS TÁIRGÍ EILE, A FHÉADFAR A ÚSÁID LE hAGHAIDH PRÓISEÁIL COMHÁBHAR DE THIONSCNAMH TALMHAÍOCHTA Ó THÁIRGEADH ORGÁNACH

Tá na coinníollacha agus na srianta sonracha a leagtar amach anseo le cur i bhfeidhm i dteannta choinníollacha na n-údaruithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

Ainm

Gan bheith údaraithe ach amháin le haghaidh phróiseáil na n-earraí bia orgánacha seo a leanas

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

Uisce

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

uisce óil de réir bhrí Threoir 98/83/CE ón gComhairle (2)

Clóiríd chailciam

táirgí de thionscnamh plandaí

ispíní bunaithe ar fheoil

oibreán téachta

Carbónáit chailciam

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Hiodrocsaíd chailciam

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Sulfáit chailciam

táirgí de thionscnamh plandaí

oibreán téachta

Clóiríd mhaignéisiam (nó nigari)

táirgí de thionscnamh plandaí

oibreán téachta

Carbónáit photaisiam

Fíonchaora

oibreán triomaithe

Carbónáit sóidiam

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

Aigéad lachtach

Cáis

le haghaidh rialáil pH na daibhche sáile i dtáirgeadh cáise

Aigéad L(+)lachtach ó choipeadh

eastóscáin próitéine plandaí

 

Aigéad citreach

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

Hiodrocsaíd sóidiam

Siúcra(í)

ola de thionscnamh plandaí seachas ola olóige

eastóscáin próitéine plandaí

 

Aigéad sulfarach

geilitín

siúcra(í)

 

Eastóscán leanlusanna

siúcra

ach amháin chun críoch frithmhiocróbach

ach amháin ó tháirgeadh orgánach, má tá sé ar fáil

Eastóscán roisín péine

siúcra

ach amháin chun críoch frithmhiocróbach

ach amháin ó tháirgeadh orgánach, má tá sé ar fáil

Aigéad hidreaclórach

geilitín

Cáiseanna Gouda, Edam agus Maasdammer, Boerenkaas, Friese agus Leidse Nagelkaas

táirgeadh geilitín i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)

le haghaidh rialáil pH na daibhche sáile i bpróiseáil cáiseanna

Hiodrocsaíd amóiniam

Geilitín

táirgeadh geilitín i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004

Sárocsaíd hidrigine

Geilitín

táirgeadh geilitín i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004

Dé-ocsaíd charbóin

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

Nítrigin

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

Eatánól

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

tuaslagóir

Aigéad tainneach

táirgí de thionscnamh plandaí

áis scagacháin

Albaimin gealacáin uibhe

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Cáiséin

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Geilitín

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Iascghlae

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Olaí plandúla

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

oibreán gréiscthe, scaoileacháin nó frithchúrtha ó tháirgeadh orgánach amháin

Glóthach dé-ocsaíd sileacain nó tuaslagán collóideach

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Carbón gníomhachtaithe

(CAS-7440-44-0)

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

 

Talc

táirgí de thionscnamh plandaí

i gcomhréir leis na critéir íonachta shonracha le haghaidh bhreiseán bia E 553b

Beintinít

táirgí de thionscnamh plandaí

meá

oibreán greamaitheach le haghaidh meá

Ceallalós

táirgí de thionscnamh plandaí

geilitín

 

Cré dhiatómúil

táirgí de thionscnamh plandaí

geilitín

 

Péirlít

táirgí de thionscnamh plandaí

geilitín

 

Blaoscanna cnó coill

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Min ríse

táirgí de thionscnamh plandaí

 

Céir beach

táirgí de thionscnamh plandaí

oibreán scaoileacháin

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

Céir charnába

táirgí de thionscnamh plandaí

oibreán scaoileacháin

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

Aigéad aicéiteach/fínéagar

táirgí de thionscnamh plandaí;

iasc

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

ó choipeadh nádúrtha

Hidreaclóiríd tiaimín

fíonta torthaí, leann úll, leann piorraí agus meá

 

Fosfáit dé-amóiniam

fíonta torthaí, leann úll, leann piorraí agus meá

 

Snáithín adhmaid

táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch

ba cheart foinse an adhmaid a bheith teoranta d’adhmad deimhnithe, a lománaíodh go hinbhuanaithe

níor cheart comhpháirteanna tocsaineacha a bheith san adhmad a úsáidtear (cóireáil iarlománaithe, tocsainí a fhaightear go nádúrtha nó tocsainí ó mhiocrorgánaigh)

CUID B

Comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha údaraithe lena n-úsáid chun bia orgánach próiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/848 a tháirgeadh

Ainm

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

Alga Arame (Eisenia bicyclis), neamhphróiseáilte chomh maith le táirgí próiseála céadchéime a bhaineann go díreach leis an alga sin

 

Alga Hijiki (Hizikia fusiforme), neamhphróiseáilte chomh maith le táirgí próiseála céadchéime a bhaineann go díreach leis an alga sin

 

Coirt an chrainn Pau d’arco Handroanthus impetiginosus (“lapacho”)

le húsáid in Kombucha agus meascáin tae amháin

Cásálacha

ó amhábhair nádúrtha de thionscnamh ainmhíoch nó ó ábhar de thionscnamh plandaí

Geilitín

ó fhoinsí eile seachas foinsí mucúla

Púdar/leacht mianrach bainne

ach amháin nuair a úsáidtear an méid sin le haghaidh a fheidhme céadfaí chun clóiríd sóidiam a ionadú go hiomlán nó go páirteach

Éisc fhiáine agus ainmhithe uisceacha fiáine, neamhphróiseáilte chomh maith le táirgí atá díorthaithe uaidh sin le próisis

ach amháin ó iascaigh atá deimhnithe mar iascaigh inbhuanaithe faoi scéim atá aitheanta ag an údarás inniúil i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcomhréir le pointe 3.1.3.1(c) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848

ach amháin nuair nach bhfuil an méid sin le fáil i ndobharshaothrú orgánach

CUID C

Áiseanna próiseála údaraithe agus táirgí eile chun giosta agus táirgí giosta a tháirgeadh dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/848

Ainm

Giosta príomhúil

Táirgeadh/ullmhú/foirmliú giosta

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

Clóiríd chailciam

X

 

 

Dé-ocsaíd charbóin

X

X

 

Aigéad citreach

X

 

le haghaidh rialáil an pH i dtáirgeadh giosta

Aigéad lachtach

X

 

le haghaidh rialáil an pH i dtáirgeadh giosta

Nítrigin

X

X

 

Ocsaigin

X

X

 

Stáirse prátaí

X

X

le haghaidh scagacháin

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

Carbónáit sóidiam

X

X

le haghaidh rialáil an pH

Olaí plandúla

X

X

oibreán gréiscthe, scaoileacháin nó frithchúrtha

ach amháin ó tháirgeadh orgánach

CUID D

Táirgí agus substaintí údaraithe le haghaidh táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna orgánacha ó earnáil an fhíona dá dtagraítear i bpointe 2.2. de Chuid VI d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848

Ainm

Uimhreacha aitheantais

Tagairtí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934

Coinníollacha agus teorainneacha sonracha

Aer

 

Cuid A, Tábla 1, pointí 1 agus 8

 

Ocsaigin ghásach

E 948

CAS 17778- 80-2

Cuid A, Tábla 1, pointe 1

Cuid A, Tábla 2, pointe 8.4

 

Argón

E 938

CAS 7440-37-1

Cuid A, Tábla 1, pointe 4

Cuid A, Tábla 2, pointe 8.1

ní fhéadfar an méid sin a úsáid le haghaidh boilgearnaí

Nítrigin

E 941

CAS 7727-37-9

Cuid A, Tábla 1, pointí 4, 7 agus 8

Cuid A, Tábla 2, pointe 8.2

 

Dé-ocsaíd charbóin

E 290

CAS 124-38-9

Cuid A, Tábla 1, pointí 4 agus 8

Cuid A, Tábla 2, pointe 8.3

 

Píosaí adhmaid darach

 

Cuid A, Tábla 1, pointe 11

 

Aigéad tartarach (L(+)-)

E 334

CAS 87-69-4

Cuid A, Tábla 2, pointe 1.1

 

Aigéad lachtach

E 270

Cuid A, Tábla 2, pointe 1.3

 

L(+)-tartráit photaisiam

E 336(ii)

CAS 921- 53-9

Cuid A, Tábla 2, pointe 1.4

 

Décharbónáit photaisiam

E 501(ii)

CAS 298- 14-6

Cuid A, Tábla 2, pointe 1.5

 

Carbónáit chailciam

E 170

CAS 471-34-1

Cuid A, Tábla 2, pointe 1.6

 

Sulfáit chailciam

E 516

Cuid A, Tábla 2, pointe 1.8

 

Dé-ocsaíd sulfair

E 220

CAS 7446-09-5

Cuid A, Tábla 2, pointe 2.1

ní sháróidh an t-uaschion dé-ocsaíde sulfair 100 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta dearga dá dtagraítear i bpointe A.1.(a) de Chuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 agus le leibhéal siúcra iarmharaigh is lú ná 2 ghram in aghaidh an lítir

ní sháróidh an t-uaschion dé-ocsaíde sulfair 150 milleagram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta bána ná rosé dá dtagraítear i bpointe A.1.(b) de Chuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 agus le leibhéal siúcra iarmharaigh is lú ná 2 ghram in aghaidh an lítir

le haghaidh na bhfíonta uile eile, déanfar an t-uaschion dé-ocsaíde sulfair arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 a laghdú le 30 milleagram in aghaidh an lítir

Déshuilfít photaisiam

E 228

CAS 7773-03-7

Cuid A, Tábla 2, pointe 2.2

Meiti-dhéshuilfít photaisiam

E 224

CAS 16731-55-8

Cuid A, Tábla 2, pointe 2.3

Aigéad L ascorbach

E 300

Cuid A, Tábla 2, pointe 2.6

 

Fioghual le haghaidh úsáid fhíoneolaíoch

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 3.1

 

Fosfáit hidrigine dé-amóiniam

E 342/CAS 7783-28-0

Cuid A, Tábla 2, pointe 4.2

 

Hidreaclóiríd tiaimín

CAS 67-03-8

Cuid A, Tábla 2, pointe 4.5

 

Uathaláití giosta

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 4.6

 

Cillbhallaí giosta

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 4.7

 

Giostaí díghníomhaithe

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 4.8

Cuid A, Tábla 2, pointe 10.5

Cuid A, Tábla 2, pointe 11.5

 

Geilitín inite

CAS 9000-70-8

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.1

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Próitéin chruithneachta

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.2

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Próitéin piseanna

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.3

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Próitéin prátaí

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.4

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Iascghlae

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.5

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Cáiséin

CAS 9005-43-0

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.6

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Cáiséanáití potaisiam

CAS 68131-54-4

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.7

 

Albaimin uibhe

CAS 9006-59-1

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.8

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Beintinít

E 558

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.9

 

Dé-ocsaíd sileacain (glóthach nó tuaslagán collóideach)

E 551

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.10

 

Tainniní

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.12

Cuid A, Tábla 2, pointe 6.4

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Ciotósán díorthaithe ó Aspergillus niger

CAS 9012-76-4

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.13

Cuid A, Tábla 2, pointe 10.3

 

Eastóscáin próitéine giosta

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.15

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé infhaighte

Ailgionáit photaisiam

E 402/CAS 9005-36-1

Cuid A, Tábla 2, pointe 5.18

 

Tartráit hidrigine photaisiam

E336(i)/CAS 868-14-4

Cuid A, Tábla 2, pointe 6.1

 

Aigéad citreach

E 330

Cuid A, Tábla 2, pointe 6.3

 

Aigéad meiteathartarach

E 353

Cuid A, Tábla 2, pointe 6.7

 

Guma Arabach

E 414/CAS 9000-01-5

Cuid A, Tábla 2, pointe 6.8

díorthaithe ó amhábhar orgánach má tá sé ar fáil

Mannapróitéiní giosta

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 6.10

 

Liáisí peictine

EC 4.2.2.10

Cuid A, Tábla 2, pointe 7.2

ach amháin chun críoch fíoneolaíoch i soiléiriú

Meitileistearáis peictine

EC 3.1.1.11

Cuid A, Tábla 2, pointe 7.3

ach amháin chun críoch fíoneolaíoch i soiléiriú

Polagalachtúrónáis

EC 3.2.1.15

Cuid A, Tábla 2, pointe 7.4

ach amháin chun críoch fíoneolaíoch i soiléiriú

Heimiceallaláis

EC 3.2.1.78

Cuid A, Tábla 2, pointe 7.5

ach amháin chun críoch fíoneolaíoch i soiléiriú

Ceallaláis

EC 3.2.1.4

Cuid A, Tábla 2, pointe 7.6

ach amháin chun críoch fíoneolaíoch i soiléiriú

Giostaí le haghaidh táirgeadh fíona

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 9.1

le haghaidh na dtréithchineálacha giosta aonair, orgánacha má tá siad ar fáil

Baictéir aigéid lachtaigh

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 9.2

 

Ciotráit chopair

CAS 866-82-0

Cuid A, Tábla 2, pointe 10.2

 

Roisín péine Aleppo

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 11.1

 

Moirt úr

 

Cuid A, Tábla 2, pointe 11.2

ach amháin ó tháirgeadh orgánach


(1)  Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1279 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2017 lena leasaítear Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Treoir 2000/29/CE ón gComhairle maidir le bearta cosanta in aghaidh orgánaigh atá dochrach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus in aghaidh leathadh orgánach den sórt sin laistigh den Chomhphobal (IO L 184, 15.7.2017, lch. 33).

(2)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear le hól ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55)


IARSCRÍBHINN VI

Táirgí agus substaintí atá údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach i gceantair áirithe de thríú tíortha de bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/848