9.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 243/43


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1123 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Iúil 2021

lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 7, mír 3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Samhain 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 (2) maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (na Stáit Aontaithe) tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí lena bhforáiltear maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí isteach san Aontas de tháirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe.

(2)

Foráiltear le haithris 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur ar fionraí i gcás ina gcuirfidh na Stáit Aontaithe frithbhearta i gcoinne allmhairiú táirgí áirithe ón Aontas Eorpach ar fionraí, i ndáil le díospóidí EDT maidir le mór-aerárthaí sibhialta.

(3)

An 9 Márta 2021, tar éis comhthuiscint leis na Stáit Aontaithe go ndéanfaí gach beart a chur ar fionraí go frithpháirteach ar feadh tréimhse 4 mhí, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/425 (3) lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí lenar cuireadh cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ar fionraí go dtí an 10 Iúil 2021.

(4)

An 15 Meitheamh 2021, tháinig an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin, Valdis Dombrovskis, agus Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe, Katherine Tai, ar chomhthuiscint maidir le creat comhoibritheach le haghaidh aerárthaí sibhialta móra “ina bhfuil sé beartaithe ag gach taobh cur i bhfeidhm a fhrithbheart a chur ar fionraí ar feadh tréimhse 5 bliana”.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 654/2014, “i gcás inar gá coigeartuithe a dhéanamh ar bhearta beartais tráchtála arna nglacadh faoin Rialachán seo, faoi réir Airteagal 4(2) agus (3), féadfaidh an Coimisiún aon leasú iomchuí a thabhairt isteach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2)”.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Bacainní Trádála arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ar fionraí leis seo ar feadh tréimhse 5 bliana ón 11 Iúil 2021. Dá réir sin, gan dochar d’aon chur ar fionraí ná modhnú breise, lena n-áirítear aischur roimhe sin, beidh feidhm arís ag na dleachtanna dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 le héifeacht ón 11 Iúil 2026 agus an dáta sin san áireamh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 11 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 189, 27.6.2014, lch. 50; arna leasú le Rialachán (AE) 2015/1843 (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1) agus le Rialachán (AE) 2021/167 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2020 maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí (IO L 373, 9.11.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/425 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 lena gcuirtear ar fionraí bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí (IO L 84, 9.3.2021, lch. 16).

(4)  Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (códú) (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1).