9.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 243/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1119 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Meitheamh 2021

lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is bagairt eiseach é an t-athrú aeráide a bhfuil gá le huaillmhian fheabhsaithe agus gníomhú méadaithe ar son na haeráide ina leith ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát. Tá an tAontas tiomanta do dhlús a chur leis na hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun beart a dhéanamh i gcás chur chun feidhme Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”) (4), faoi threoir a phrionsabail agus ar bhonn an eolais eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, i gcomhthéacs sprioc fhadtéarmach theochta Chomhaontú Pháras.

(2)

Leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, dar teideal The European Green Deal [Comhaontú Glas don Eoraip] (“an Comhaontú Glas don Eoraip”), straitéis nua fáis a bhfuil sé mar aidhm aici an tAontas Eorpach a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé mar aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an t-aistriú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

(3)

I dTuarascáil Speisialta 2018 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú, déantar foráil inti do bhunús láidir eolaíoch a chur ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur go tapa leis an ngníomhaíocht aeráide agus leanúint den aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar ábhar práinne, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go 1,5 °C, go háirithe chun an dóchúlacht go dtarlóidh eachtraí adhaimsire agus go sroichfear pointí claochlaithe a laghdú. Léirítear, i dTuarascáil Mheasúnaithe Domhanda 2019 maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), an chailliúint bithéagsúlachta ar fud an domhain, agus an t-athrú aeráide mar an tríú fachtóir is mó is cúis leis an gcailliúint bithéagsúlachta.

(4)

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh cuspóir fadtéarmach ann chun rannchuidiú le claochlú cóir eacnamaíoch agus sochaíoch, le poist ardcháilíochta, le fás inbhuanaithe, agus chun go mbainfear amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus chun go ngnóthófar sprioc fhadtéarmach theochta Chomhaontú Pháras ar bhealach cóir, cothromúil go sóisialta, cothrom agus costéifeachtach.

(5)

Is den riachtanas é aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don tsláinte a bhaineann leis an aeráid atá ag éirí níos líonmhaire, lena n-áirítear tonnta teasa, dóiteáin fhiáine agus tuilte a tharlaíonn níos minice agus atá níos déine, bagairtí sábháilteachta agus slándála uisce agus bia, agus teacht chun cinn agus leathadh galar tógálach. Mar a fógraíodh i dteachtaireacht uaithi an 24 Feabhra 2021 dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], sheol an Coimisiún faireachlann Eorpach aeráide agus sláinte faoin Ardán Eorpach um Oiriúnú Aeráide-ADAPT, chun na bagairtí sláinte a eascraíonn as an athrú aeráide a thuiscint, a réamh-mheas agus a íoslaghdú ar bhealach níos fearr.

(6)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 37 di lena bhféachtar le cur chun cinn ardleibhéil cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a ionchorprú i mbeartais an Aontais i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.

(7)

Ba cheart cosaint aeráide a bheith ina deis do gach earnáil den gheilleagar san Aontas chun go gcuideodh sí le ceannaireacht thionsclaíoch sa nuálaíocht dhomhanda a dhaingniú. Spreagtha ag creat rialála an Aontais agus ag na hiarrachtaí atá déanta ag an tionscal, is féidir fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó astaíochtaí gás ceaptha teasa. Mar shampla, laghdaíodh astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais faoi 24 % idir 1990 agus 2019, agus d’fhás an geilleagar faoi 60 % le linn na tréimhse céanna. Gan dochar don reachtaíocht cheangailteach agus do thionscnaimh eile arna nglacadh ar leibhéal an Aontais, ba cheart ról a bheith ag gach earnáil den gheilleagar – lena n-áirítear fuinneamh, tionscal, iompar, téamh agus fuarú agus foirgnimh, talmhaíocht, dramhaíl agus úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht, beag beann ar cibé acu an bhfuil na hearnálacha sin cumhdaithe faoin gcóras i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (“EU ETS”) nó nach bhfuil – chun rannchuidiú leis an aeráidneodracht a bhaint amach laistigh den Aontas faoi 2050. Ionas gur féidir rannpháirtíocht gach gníomhaí eacnamaíoch a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún idirphlé agus comhpháirtíochtaí earnáilsonracha maidir leis an aeráid a éascú trí phríomh-gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile ar bhealach cuimsitheach agus ionadaíoch, chun na hearnálacha féin a spreagadh chun treochláir dheonacha tháscacha a tharraingt suas agus a n-aistriú a phleanáil i dtreo chuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. D’fhéadfadh treochláir den sórt sin a bheith ina rannchuidiú mór chun cuidiú le hearnálacha na hinfheistíochtaí riachtanacha a phleanáil i dtreo an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus d’fhéadfaí leas a bhaint astu freisin chun rannpháirtíocht earnála a neartú maidir le réitigh atá neodrach ó thaobh na haeráide de a shaothrú. D’fhéadfadh treochláir den sórt sin tionscnaimh atá ann cheana a chomhlánú freisin, lena n-áirítear an Chomhghuaillíocht Eorpach Ceallraí agus an Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan, lena gcothaítear comhar tionsclaíoch san aistriú chuig an aeráidneodracht.

(8)

I gComhaontú Pháras leagtar amach sprioc fhadtéarmach theochta i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de, agus is é is aidhm dó an fhreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide a neartú trí chur leis an gcumas oiriúnú do dhrochthionchair an athraithe aeráide mar a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de agus trí na sreabha airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtaobh leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá athléimneach ó thaobh na haeráide de mar a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de. Mar chreat foriomlán do rannchuidiú an Aontais le Comhaontú Pháras, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go rannchuideoidh an tAontas agus na Ballstáit araon leis an bhfreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide dá dtagraítear i gComhaontú Pháras.

(9)

Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais agus na mBallstát ná daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, an geilleagar, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus an bhithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don fhorbairt inbhuanaithe, chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú, agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a bheith faoi threoir phrionsabal an réamhchúraim agus an phrionsabail “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”, ar prionsabail iad a bhunaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh agus an prionsabal “gan dochar a dhéanamh” den Chomhaontú Glas don Eoraip.

(10)

Chun aeráidneodracht a bhaint amach, ba cheart rannchuidiú a éileamh ar gach earnáil eacnamaíoch a ndéantar astaíochtaí nó aistrithe gás ceaptha teasa dá gcuid a rialáil i ndlí an Aontais.

(11)

I bhfianaise a thábhachtaí atá táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh do leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa, is ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh aistriú go córas fuinnimh sábháilte, inbhuanaithe, inacmhainne agus slán ann atá ag brath ar úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh, ar mhargadh inmheánach fuinnimh atá dea-fheidhmiúil agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, agus an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú san am céanna. Is ábhair thábhachtacha spreagtha iad an claochlú digiteach, an nuálaíocht theicneolaíoch agus an taighde agus forbairt chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach.

(12)

Tá creat rialála i bhfeidhm ag an Aontas chun an sprioc do 2030 maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ar creat é sin a comhaontaíodh in 2014, sular tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm. Is é atá sa reachtaíocht lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena mbunaítear EU ETS, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lenar tugadh isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), faoina gceanglaítear ar na Ballstáit astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chothromú.

(13)

Is cloch choirnéil i mbeartas aeráide an Aontais é EU ETS agus is é an phríomh-uirlis atá aige chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach costéifeachtach.

(14)

I dteachtaireacht uaidh an 28 Samhain 2018 dar teideal A Clean Planet for all – A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate-neutral economy [Pláinéad Glan do Chách – Fís uile-Eorpach straitéiseach fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach], tá fís curtha i láthair ag an gCoimisiún maidir le glanastaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050 trí bhíthin aistriú atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus costéifeachtúil.

(15)

Trí bhíthin phacáiste an 30 Samhain 2016Clean Energy for All Europeans [Fuinneamh Glan do gach Eorpach] tá clár oibre uaillmhianach dícharbónaithe á shaothrú ag an Aontas, go háirithe trí Aontas Fuinnimh stóinsithe a thógáil, lena n-áirítear spriocanna do 2030 maidir le héifeachtúlacht agus cur chun feidhme fuinnimh inathnuaite i dTreoracha 2012/27/AE (8) agus (AE) 2018/2001 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus tríd an reachtaíocht ábhartha a atreisiú, lena n-áirítear Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(16)

Tá an tAontas ina cheannródaí ar an aistriú chuig an aeráidneodracht agus tá sé tiomanta cuidiú leis an uaillmhian dhomhanda a ardú agus an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide a neartú, trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó, an taidhleoireacht aeráide san áireamh.

(17)

Ba cheart don Aontas leanúint dá ghníomhú ar son na haeráide agus dá cheannaireacht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid tar éis 2050, chun daoine agus an pláinéad a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide chontúirtigh agus an sprioc fhadtéarmach theochta a leagtar amach i gComhaontú Pháras á saothrú agus measúnuithe eolaíocha IPCC, IPBES, agus an Bhoird Chomhairligh Eolaíochta Eorpaigh maidir leis an Athrú Aeráide, chomh maith le measúnaithe na gcomhlachtaí idirnáisiúnta eile á leanúint aige.

(18)

Tá an riosca sceite carbóin fós ann i ndáil leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta sin nach bhfuil na caighdeáin chéanna maidir le cosaint aeráide acu agus atá ag an Aontas. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a mholadh d’earnálacha roghnaithe, chun na rioscaí sin a laghdú ar bhealach atá ag teacht le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach dreasachtaí beartais éifeachtacha a choimeád chun tacú le réitigh agus nuálaíochtaí teicneolaíocha lena gcumasaítear an t-aistriú chuig geilleagar iomaíoch de chuid an Aontais atá aeráidneodrach, agus lena soláthraítear cinnteacht infheistíochta san am céanna.

(19)

D’iarr Parlaimint na hEorpa, i rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, go ndéanfaí an t-aistriú is gá chuig sochaí aeráidneodrach faoi 2050 ar a dhéanaí agus fíorghaisce Eorpach a dhéanamh de sin, agus i rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil, tá éigeandáil aeráide agus chomhshaoil fógartha aici. Tá iarrtha arís agus arís eile aici ar an Aontas a sprioc aeráide do 2030 a mhéadú agus go dtabharfaí an sprioc mhéadaithe sin isteach mar chuid den Rialachán seo. Tháinig an Chomhairle, i gconclúidí uaithi an 12 Nollaig 2019, ar chomhaontú maidir leis an gcuspóir Aontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras, ag aithint di san am céanna gur gá creat cumasúcháin a chur ar bun a rachaidh chun tairbhe do na Ballstáit uile agus lena gcuimsítear ionstraimí leordhóthanacha, dreasachtaí, tacaíocht agus infheistíochtaí chun aistriú costéifeachtúil, cóir, chomh maith le cothromúil go sóisialta agus cothrom, a chinntiú, agus imthosca éagsúla náisiúnta maidir le túsphointí á gcur san áireamh. Thug sí dá haire freisin gur gá infheistíocht shuntasach phoiblí agus phríobháideach a dhéanamh san aistriú sin. An 6 Márta 2020, chuir an tAontas a straitéis fhadtéarmach forbartha maidir le hastaíochtaí ísle gás ceaptha teasa, agus an 17 Nollaig 2020, a rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta, faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), tar éis don Chomhairle iad a fhormheas.

(20)

Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí antrapaigineacha ar fud an gheilleagair ag foinsí agus aistrithe trí linnte gás ceaptha teasa, laistigh den Aontas faoi 2050 agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ba cheart go gcuimseofaí faoin gcuspóir sin astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa uile-Aontais arna rialú i ndlí an Aontais. Ba cheart go mbeifí in ann aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí agus aistrithe den sórt sin i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an reachtaíocht ábhartha maidir leis an aeráid agus fuinneamh. Ar na linnte sin tá réitigh nádúrtha agus theicneolaíochta, mar a thuairiscítear i bhfardail gás ceaptha teasa an Aontais don UNFCCC. Féadfaidh na réitigh atá bunaithe ar theicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin (CCS) agus ar theicneolaíochtaí gabhála agus úsáide carbóin (CCU) ról a imirt i ndícharbónú, go háirithe i dtaca le maolú ar astaíochtaí próisis in earnáil na tionsclaíochta, do na Ballstáit sin a roghnaíonn an teicneolaíocht seo. Ba cheart do na Ballstáit uile cuspóir aeráidneodrachta 2050 an Aontais a shaothrú i dteannta a chéile agus ba cheart do Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun go bhféadfar sin a bhaint amach. Bearta ar leibhéal an Aontais, beidh siad ina gcuid thábhachtach de na bearta atá riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(21)

I gconclúidí uaithi an 8 agus 9 Márta 2007 agus an 23 agus 24 Deireadh Fómhair 2014, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc laghdaithe an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa do 2020 agus creat beartais 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, faoi seach. Ní dochar forálacha an Rialacháin seo maidir le sprioc aeráide an Aontais a chinneadh do 2040 do ról na Comhairle Eorpaí, mar a leagtar amach sna Conarthaí é, maidir leis an treo polaitiúil ginearálta agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta chun beartas aeráide an Aontais a fhorbairt.

(22)

Tá ról ríthábhachtach ag linnte carbóin san aistriú chuig aeráidneodracht san Aontas, agus go háirithe rannchuidíonn earnáil na talmhaíochta, earnáil na foraoiseachta agus earnáil na húsáide talún go mór sa chomhthéacs sin. Mar a fógraíodh i dteachtaireacht uaidh an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], déanfaidh an Coimisiún samhail nua gnó ghlas a chur chun cinn chun luach saothair a thabhairt do bhainisteoirí talún as laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe carbóin sa tionscnamh feirmeoireachta carbóin atá ar na bacáin. Ina theannta sin, i dteachtaireacht uaidh an 11 Márta 2020 dar teideal A new circular economy action plan for a cleaner and more competitive Europe [Plean nua gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche], tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún creat rialála a fhorbairt chun aistriú carbóin bunaithe ar chuntasaíocht charbóin a bheidh stóinsithe trédhearcach a dheimhniú chun barántúlacht aistrithe carbóin a fhaire agus a fhíorú, agus san am céanna a áirithiú nach mbíonn aon tionchar diúltach ar an gcomhshaol, go háirithe ar an mbithéagsúlacht, ar an tsláinte phoiblí nó ar chuspóirí sóisialta nó eacnamaíocha ann.

(23)

Chuideodh athchóiriú na n-éiceachóras le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú agus le bithéagsúlacht a chur chun cinn fad a bhíonn an t-athrú aeráide á chomhrac. Ina theannta sin, rannchuidíonn “ról triarach” na bhforaoisí, eadhon mar linnte, stóráil agus ionadú carbóin, leis an laghdú ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa san atmaisféar, agus á áirithiú ag an am céanna go leanann na foraoisí de bheith ag fás agus de roinnt mhaith seirbhísí a sholáthar.

(24)

Tá géarghá le saineolas eolaíoch agus leis an bhfianaise is fearr dá bhfuil ar fáil agus atá cothrom le dáta, mar aon le faisnéis faoin athrú aeráide atá fíorasach agus trédhearcach araon, agus is gá an saineolas sin chun taca a chur faoi ghníomhú an Aontais ar son na haeráide agus faoi na hiarrachtaí atá ar bun aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide a bhunú (an “Bord Comhairleach”) a bheadh ina phointe tagartha maidir le heolas eolaíoch a bhaineann leis an athrú aeráide de bhua a neamhspleáchais agus a shaineolais eolaíoch agus theicniúil. Ba cheart don Bhord Comhairleach obair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) a chomhlánú agus é ag gníomhú go neamhspleách i gcomhlíonadh a chúraimí. Sna misin a leagfar amach dó, ba cheart aon fhorluí le misean IPCC ar an leibhéal idirnáisiúnta a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a leasú chun an Bord Comhairleach a bhunú. Féadfaidh ról tábhachtach a bheith ag comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta, inter alia, maidir le sainchomhairle eolaíoch faoi bheartas aeráide a thabhairt do na húdaráis náisiúnta ábhartha, de réir mar a fhorordóidh an Ballstát lena mbaineann sna Ballstáit sin ina bhfuil na comhlachtaí sin. Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit nach bhfuil sé déanta cheana acu comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta a bhunú.

(25)

Chun an t-aistriú chuig an aeráidneodracht a bhaint amach, ní mór athruithe a dhéanamh ar an speictream beartais iomlán agus iarracht chomhchoiteann a dhéanamh i ngach earnáil den gheilleagar agus den tsochaí, mar a thugtar chun suntais sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Dúirt an Chomhairle Eorpach i gconclúidí uaithi an 12 Nollaig 2019 nach mór do reachtaíocht agus beartais ábhartha uile an Aontais a bheith comhchuí le comhlíonadh an chuspóra aeráidneodrachta agus cuidiú leis an gcuspóir sin agus, san am céanna, cothrom iomaíochta a urramú, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh chun féachaint an gá na rialacha atá ann cheana a choigeartú.

(26)

Mar a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, rinne an Coimisiún measúnú ar sprioc 2030 an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i dteachtaireacht uaidh an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition - Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid - Infheistiú i dtodhchaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de chun leas an phobail]. Rinne an Coimisiún an méid sin bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus an anailís a dhéanfaidh sé ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) á tabhairt san áireamh. I bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta do 2050, ba cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith laghdaithe agus aistrithe gás ceaptha teasa a bheith feabhsaithe faoi 2030, ionas go ndéanfar na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, is é sin líon na n-astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint, a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, ar fud an gheilleagair agus ar bhonn intíre, i gcomparáid le leibhéil 1990. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an sprioc sin i gconclúidí uaithi an 10 agus 11 Nollaig 2020. Thug sí treoir thosaigh freisin maidir lena cur chun feidhme. Is sprioc is faide anonn chun críocha phointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 í sprioc aeráide nua an Aontais do 2030 sin, agus dá bhrí sin cuirtear í in ionad na sprice uile-Aontais do 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, sprioc a leagtar amach sa phointe sin. Thairis sin, faoin 30 Meitheamh 2021, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an méid ba ghá reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear sprioc an Aontais do 2030 chun feidhme a leasú chun na laghduithe sin ar ghlanastaíochtaí a bhaint amach. I bhfianaise an mhéid seo, d’fhógair an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar reachtaíocht ábhartha aeráide agus fuinnimh a ghlacfar i bpacáiste lena gcumhdaítear, inter alia, foinsí inathnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, úsáid talún, cánachas fuinnimh, caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí saothair éadroim, comhroinnt díchill agus EU ETS.

Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na tionchair a bhaineann le bearta breise de chuid an Aontais a thabhairt isteach a d’fhéadfadh na bearta atá ann cheana a chomhlánú, amhail bearta margadhbhunaithe a bhfuil sásra láidir dlúthpháirtíochta san áireamh iontu.

(27)

De réir na measúnuithe ón gCoimisiún, is é an toradh a bheidh ar na gealltanais atá ann cheana faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 go mbeidh glanlinn charbóin 225 milliún tona de choibhéis CO2 ann in 2030. Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanacha go dtí 2030, is iomchuí rannchuidiú glan-aistrithe le sprioc aeráide an Aontais do 2030 a theorannú don leibhéal sin. Ní dochar an méid sin don athbhreithniú ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc a bhaint amach.

(28)

Leis an gcaiteachas faoi bhuiséad an Aontais agus le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (13), rannchuidítear le cuspóirí aeráide, trí 30 % ar a laghad de mhéid iomlán an chaiteachais sin a leithdháileadh ar thacaíocht a thabhairt do chuspóirí aeráide, ar bhonn modheolaíocht éifeachtach agus i gcomhréir le reachtaíocht earnála.

(29)

I bhfianaise an chuspóra aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus i bhfianaise na ngealltanas idirnáisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun a áirithiú go ndéanfar fóirdheontais fuinnimh a chéimniú amach nach bhfuil ag luí leis an gcuspóir sin, go háirithe i gcás breoslaí iontaise, gan tionchar a bheith aige sin ar na hiarrachtaí chun an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú.

(30)

Chun intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú go dtiocfaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha diaidh ar ndiaidh agus le himeacht ama agus go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht do-aisiompaithe, ba cheart don Choimisiún cuspóir aeráide idirmheánach do 2040 a mholadh, de réir mar is iomchuí, ar a dhéanaí laistigh de 6 mhí ón gcéad athbhreithnithe dhomhanda a dhéantar faoi Chomhaontú Pháras. Is féidir leis an gCoimisiún moltaí a thabhairt maidir leis an sprioc idirmheánach a athbhreithniú, agus torthaí na measúnuithe ar dhul chun cinn an Aontais agus ar bhearta agus ar bhearta náisiúnta á gcur san áireamh chomh maith le torthaí an athbhreithnithe dhomhanda agus ar tharla go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear amchláir choiteanna le haghaidh rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta. Mar uirlis chun trédhearcacht agus cuntasacht bheartais aeráide an Aontais a mhéadú, ba cheart don Choimisiún, le linn dó a thogra reachtach maidir le sprioc aeráide an Aontais do 2040 a dhéanamh, buiséad táscach réamh-mheasta maidir le gás ceaptha teasa an Aontais a fhoilsiú don tréimhse 2030-2050, arna shainmhíniú mar mhéid iomlán táscach na nglanastaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a astófar sa tréimhse sin, gan gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chur i mbaol, chomh maith leis an modheolaíocht is bonn leis an mbuiséad táscach sin.

(31)

Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. D’fhéadfadh na héifeachtaí díobhálacha a bheidh ag an athrú aeráide a bheith níos mó ná acmhainneachtaí oiriúnaitheachta na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaithe, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear in Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht eile a uasmhéadú. Ba cheart don Choimisiún straitéis de chuid an Aontais a ghlacadh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna oiriúnaithe náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus iad bunaithe ar anailísí stóinsithe athraithe aeráide agus leochaileachta, ar mheasúnuithe ar dhul chun cinn agus táscairí, agus faoi threoir na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí. Ba cheart don Aontas féachaint le timpeallacht rialála fhabhrach a chruthú do bheartais náisiúnta agus do bhearta náisiúnta arna gcur ar bun ag na Ballstáit chun oiriúnú don athrú aeráide. Chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus cumais oiriúnaithe don athrú aeráide a fheabhsú tá gá le comhiarrachtaí ó earnálacha uile an gheilleagair agus na sochaí, chomh maith le comhtháthú agus comhsheasmhacht bheartais i ngach reachtaíocht agus beartas ábhartha.

(32)

Beidh mórthionchair ag an athrú aeráide ar éiceachórais, ar mhuintir agus ar gheilleagar réigiúin uile an Aontais, amhail teas foircneach, tuilte, triomach, ganntanas uisce, ardú leibhéal na farraige, coscairt oighearshruthanna, dóiteáin foraoise, gaothstoitheadh agus caillteanais talmhaíochta. Is suntasach an tionchar a bhí ag teagmhais fhoircneacha aimsire le déanaí ar éiceachórais, rud a rinne difear do cheapadh carbóin agus do thoilltí stórais foraoise agus talaimh talmhaíochta. Trí fheabhas a chur ar chumais oiriúnaithe agus ar an athléimneacht, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe á gcur san áireamh, cabhraítear le tionchair an athraithe aeráide a íoslaghdú, le dul i ngleic le tionchair dhosheachanta ar bhealach atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus le dálaí maireachtála a fheabhsú sna limistéir atá buailte. Tá sé costéifeachtach ullmhú do na tionchair sin go luath agus is féidir comhthairbhí suntasacha d’éiceachórais, don tsláinte agus don gheilleagar eascairt as. Is féidir le réitigh dhúlra-bhunaithe, go háirithe, dul chun tairbhe don mhaolú ar an athrú aeráide, don oiriúnú don athrú sin agus do chosaint na bithéagsúlachta.

(33)

Leis na cláir ábhartha arna mbunú faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, foráiltear go ndéanfar scagadh ar thionscadail chun a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin athléimneach ó thaobh drochthionchair fhéideartha an athraithe aeráide trí mheasúnú leochaileachta agus riosca aeráide, lena n-áirítear trí bhearta oiriúnaithe ábhartha, agus go ndéanfar, leis na cláir sin, costais astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtaí dearfacha na mbeart maolaithe aeráide a chomhtháthú san anailís costais is tairbhe. Cuidíonn sé sin le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus measúnuithe leochaileachta agus oiriúnaithe maidir leis an athrú aeráide a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta agus pleanála faoi bhuiséad an Aontais.

(34)

Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, inter alia, an méid seo a leanas a chur san áireamh: rannchuidiú an aistrithe chuig an aeráidneodracht leis an tsláinte phoiblí, cáilíocht an chomhshaoil, folláine agus sláinte na saoránach, rathúnas na sochaí, fostaíocht agus iomaíochas an gheilleagair; an t-aistriú fuinnimh, an tslándáil fuinnimh neartaithe agus an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac; slándáil bia agus inacmhainneacht bia; córais iompair agus soghluaisteachta atá inbhuanaithe agus cliste a fhorbairt; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh i bhfianaise a gcumais eacnamaíoch, a n-imthosca náisiúnta, amhail sainiúlachtaí na n-oileán, agus an ghá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá leis an aistriú a dhéanamh ceart agus cothrom ó thaobh na sochaí de trí chláir oideachais agus oiliúna iomchuí; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, go háirithe na torthaí arna dtuairisciú ag IPCC; an gá atá le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a chomhtháthú i gcinntí maidir le hinfheistíocht agus pleanáil; costéifeachtacht agus neodracht na teicneolaíochta ó thaobh laghduithe agus aistrithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus athléimneacht a mhéadú; agus dul chun cinn le himeacht ama maidir le sláine agus an leibhéal uaillmhéine.

(35)

Mar a léiríodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, ghlac an Coimisiún an 9 Nollaig 2020 teachtaireacht dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis maidir le Soghluaisteacht Chliste agus Inbhuanaithe – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí]. Leagtar amach sa straitéis treochlár do thodhchaí inbhuanaithe agus chliste don iompar Eorpach, ina bhfuil plean gníomhaíochta i dtreo cuspóir chun laghdú 90 % ar astaíochtaí ón earnáil iompair a bhaint amach faoi 2050.

(36)

Chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de bheith ar an mbóthar ceart chun an cuspóir aeráidneodrachta agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar dhul chun cinn, ag cur leis an bhfaisnéis mar a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear faisnéis arna cur isteach agus arna tuairisciú faoi Rialachán (AE) 2018/1999. Chun go bhféadfar ullmhú go tráthúil don athbhreithniú domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, ba cheart conclúidí an mheasúnaithe sin a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair gach 5 bliana, ag tosú in 2023. Tuigtear as sin gur cheart na tuarascálacha faoi Airteagal 29(5) agus Airteagal 35 den Rialachán sin agus, sna blianta is infheidhme, na tuarascálacha gaolmhara faoi Airteagal 29(1) agus Airteagal 32 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhthráth le conclúidí an mheasúnaithe sin. I gcás gur neamhleor an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú nó i gcás nach mbíonn bearta an Aontais comhchuí leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaithe a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaighidh sé nach bhfuil bearta Ballstáit i gcomhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaithe a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.

(37)

Lena áirithiú go ndéanfar measúnú oibiachtúil láidir, bunaithe ar na torthaí eolaíocha teicniúla socheacnamaíocha is déanaí, agus ina mbainfear úsáid as raon leathan saineolais neamhspleách, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar fhaisnéis ábhartha lena n-áirítear faisnéis arna cur isteach agus arna tuairisciú ag na Ballstáit, tuarascálacha EEA, an Bhoird Chomhairligh agus Lárionad Taighde Chomhpháirtigh an Choimisiúin, an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear tuarascálacha IPCC, IPBES agus cuideachtaí idirnáisiúnta eile, agus lena chois sin sonraí faireacháin cruinne a sholáthraíonn clár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne Copernicus. Ba cheart don Choimisiún an measúnú uaidh a bhunú ar chonair líneach, tháscach lena nascfar spriocanna aeráide an Aontais do 2030 agus 2040, ach a nglacfar iad, le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus a mbainfear feidhm as mar uirlis tháscach chun an dul chun cinn comhchoiteann i dtreo bhaint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a thomhas agus a mheas. Ní dochar an conair líneach tháscach sin d’aon chinneadh sprioc aeráide an Aontais a shocrú do 2040. Ós rud é gur gheall an Coimisiún go bhféachfaidh sé ar an gcaoi ar féidir leis an earnáil phoiblí tacsanomaíocht an Aontais a úsáid i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart go n-áireofaí ansin faisnéis ar an infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ón Aontas nó ó na Ballstáit, atá comhchuí le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) nuair a bheidh faisnéis den chineál sin ar fáil. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as staidreamh agus sonraí Eorpacha agus domhanda i gcás ina mbeidh siad ar fáil agus grinnscrúdú saineolach a lorg. Ba cheart do EEA cuidiú leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.

(38)

De bhrí go bhfuil ról láidir ag na saoránaigh maidir leis an aistriú chuig an aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide a spreagadh agus a éascú araon ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus áitiúil i bpróiseas cuimsitheach inrochtana. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí, lena n-áirítear geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht thar ceann earnálacha éagsúla den gheilleagar, chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú i dtreo sochaí aeráidneodrach aeráid-díonach, lena n-áirítear tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach.

(39)

I gcomhréir le tiomantas an Choimisiúin do na prionsabail maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas ionstraimí an Aontais maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ba cheart go mbeadh an córas a úsáidtear chun an dul chun cinn i dtreo bhaint amach an chuspóra aeráidneodrachta a thomhas, chomh maith le comhsheasmhacht na mbeart a dhéantar leis an gcuspóir sin, srathaithe ar an gcreat rialachais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999 agus comhsheasmhach leis, agus cúig ghné an Aontais Fuinnimh á gcur san áireamh. Go háirithe, ba cheart an córas maidir le tuairisciú a dhéanamh ar bhonn rialta agus seicheamhú mheasúnú agus ghníomhaíochtaí an Choimisiúin ar bhonn an tuairiscithe a ailíniú leis na ceanglais maidir le faisnéis a thíolacadh agus tuarascálacha a chur ar fáil ag na Ballstáit a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú chun an cuspóir aeráidneodrachta a chur san áireamh sna forálacha ábhartha.

(40)

Dúshlán trasteorann atá san athrú aeráide, faoi mar a thuigfí é, agus ní mór gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun beartais náisiúnta a fhorlíonadh agus a threisiú go héifeachtach. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat le haghaidh laghdú do-chúlaithe de réir a chéile ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ag foinsí agus chun feabhas a chur ar aistrithe trí bhíthin linnte arna rialáil i ndlí an Aontais.

Leagtar amach sa Rialachán seo cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050, chun an sprioc fhadtéarmach teochta a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chomhaontú Pháras a shaothrú, agus déantar foráil ann do dhul chun cinn chun sprioc an oiriúnaithe dhomhanda a bhunaítear le Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras a shaothrú. Leagtar amach leis an Rialachán seo freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le laghdú intíre ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa trí linnte a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 2

An cuspóir aeráidneodrachta

1.   Déanfar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa uile-Aontais arna rialáil i ndlí an Aontais a chothromú laistigh den Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí a laghdú go nialas faoin dáta sin agus beidh sé d’aidhm ag an Aontas astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin.

2.   Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun gur féidir an cuspóir aeráidneodrachta, a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus an tábhacht a bhaineann leis an gcothroime agus leis an dlúthpháirtíocht araon a chur chun cinn i measc na mBallstát agus costéifeachtacht i mbaint amach an chuspóra sin á gcur san áireamh.

Airteagal 3

Comhairle eolaíoch ar an athrú aeráide

1.   Beidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 (“an Bord Comhairleach”) ina phointe tagartha don Aontas maidir le heolas eolaíoch a bhaineann leis an athrú aeráide de bhua a neamhspleáchais agus a shaineolais eolaíoch agus theicniúil.

2.   Ar chúraimí an Bhoird Chomhairligh, áireofar:

(a)

na torthaí eolaíocha is déanaí ó thuarascálacha IPCC agus sonraí aeráide eolaíocha a mheas, go háirithe maidir le faisnéis atá ábhartha don Aontas;

(b)

comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha a eisiúint maidir le bearta Aontais atá ann cheana agus atá beartaithe, spriocanna aeráide agus buiséid tháscacha gás ceaptha teasa, agus a gcomhleanúnachas le cuspóirí an Rialacháin seo agus le tiomantais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras;

(c)

rannchuidiú le heolas eolaíoch neamhspleách a mhalartú i réimse an tsamhaltaithe, an fhaireacháin, an taighde agus na nuálaíochta a bhfuil gealladh fúthu agus a chuidíonn le hastaíochtaí a laghdú nó aistrithe a mhéadú;

(d)

na gníomhaíochtaí agus na deiseanna is gá a shainaithint chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach go rathúil;

(e)

feasacht a mhúscailt maidir leis an athrú aeráide agus a thionchar, chomh maith le hidirphlé agus comhar a spreagadh idir comhlachtaí eolaíocha laistigh den Aontas, agus an obair agus na hiarrachtaí atá ann cheana á gcomhlánú.

3.   Beidh an Bord Comhairleach faoi threoir ag a chuid oibre de réir na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, IPBES agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile. Leanfaidh sé próiseas atá go hiomlán trédhearcach agus déanfaidh sé a thuarascálacha a chur ar fáil go poiblí. Féadfaidh sé obair na gcomhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 a chur san áireamh, i gcás ina mbeidh fáil uirthi.

4.   I gcomhthéacs feabhas a chur ar ról na heolaíochta i réimse an bheartas aeráide, iarrtar ar gach Ballstát comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta a bhunú, a bheidh freagrach as sainchomhairle eolaíoch maidir le beartas aeráide a sholáthar do na húdaráis náisiúnta ábhartha de réir mar a fhorordóidh an Ballstát lena mbaineann. I gcás ina gcinnfidh Ballstát an comhlacht comhairleach sin a bhunú, cuirfidh sé an méid sin in iúl do EEA.

Airteagal 4

Spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais

1.   Chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, is é a bheidh i sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2030 laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (líon na n-astaíochtaí gan aistrithe) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030.

Agus an sprioc dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cur chun feidhme, tabharfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit tús áite do laghduithe tapa agus intuartha ar astaíochtaí agus, ag an am céanna, cuirfidh siad feabhas ar aistrithe trí linnte nádúrtha.

Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanach suas go dtí 2030, chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar don athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i mír 2, déanfar rannchuidiú glan-aistrithe le sprioc aeráide an Aontais 2030 a theorannú do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2. Chun linn charbóin an Aontais a fheabhsú i gcomhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050, beidh sé mar aidhm ag an Aontas líon níos airde glanlinne carbóin a bhaint amach in 2030.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach agus breithneoidh sé na bearta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus na n-athbhreithnithe sin a dhéanfar feasta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar infhaighteacht ionstraimí agus dreasachtaí leormhaithe faoi dhlí an Aontais le haghaidh shlógadh na n-infheistíochtaí is gá, agus molfaidh sé bearta mar is gá.

Ó ghlacadh na dtograí reachtacha ag an gCoimisiún, déanfaidh sé faireachán ar na nósanna imeachta reachtacha maidir leis na tograí éagsúla agus féadfaidh sé tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dtaobh an mbainfeadh an toradh a bhfuiltear ag súil leis ó na nósanna imeachta reachtacha sin, arna meas le chéile, an sprioc a leagtar amach i mír 1 amach. Mura mbeadh toradh ar an toradh a bhfuiltear ag súil leis i gcomhréir leis an sprioc a leagtar amach i mír 1, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a ghlacadh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí.

3.   D’fhonn an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán seo é, socrófar sprioc aeráide uile-Aontais do 2040. Chuige sin, laistigh de 6 mhí ar a dhéanaí ón gcéad stocáirimh dhomhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach, de réir mar is iomchuí, `bunaithe ar mheasúnú tionchair mionsonraithe, chun an Rialachán sin a leasú chun sprioc aeráide an Aontais do 2040 a áireamh, agus conclúidí na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Rialachán seo agus torthaí an athbhreithnithe dhomhanda á gcur san áireamh.

4.   Agus a thogra reachtach maidir le sprioc aeráide an Aontais do 2040 amhail dá dtagraítear i mír 3 á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún, ag an am céanna, buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis cheaptha teasa don tréimhse 2030-2050 a fhoilsiú i dtuarascáil ar leithligh, arna shainmhíniú mar mhéid iomlán táscach na nglanastaíochtaí gás ceaptha teasa (arna shloinneadh mar choibhéis CO2 agus ina dtugtar faisnéis ar leithligh maidir le hastaíochtaí agus aistrithe) a mheastar a astófar sa tréimhse sin gan tiomantais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras á gcur i mbaol. Beidh buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis cheaptha teasa bunaithe ar an eolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil, cuirfear san áireamh ann comhairle an Bhoird Chomhairligh agus, i gcás ina nglacfar í, reachtaíocht ábhartha an Aontais lena gcuirtear chun feidhme sprioc aeráide an Aontais do 2030. Foilseoidh an Coimisiún freisin an mhodheolaíocht is bun le buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis cheaptha teasa.

5.   Agus sprioc aeráide an Aontais do 2040 á moladh aige i gcomhréir le mír 3, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC agus ón mBord Comhairleach;

(b)

na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, lena n-áirítear costais neamhghníomhaíochta;

(c)

an gá atá ann aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách;

(d)

éifeachtacht costais agus éifeachtúlacht eacnamaíoch;

(e)

iomaíochas gheilleagar an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus earnálacha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin;

(f)

na teicneolaíochtaí is fearr atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe dá bhfuil ar fail;

(g)

éifeachtúlacht fuinnimh agus “céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh”, acmhainneacht fuinnimh, agus slándáil an tsoláthair;

(h)

cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh;

(i)

an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama;

(j)

an gá atá ann linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú san fhadtéarma agus bithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú;

(k)

riachtanais agus deiseanna infheistíochta;

(l)

forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh UNFCCC a bhaint amach;

(m)

faisnéis atá ann cheana maidir le buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis cheaptha teasa don tréimhse 2030-2050 dá dtagraítear i mír 4.

6.   Laistigh de 6 mhí ón dara hathbhreithniú domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar athbhreithniú ar sprioc aeráide an Aontais do 2040 i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.

7.   Coinneofar forálacha an Airteagail seo faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí arna ndéanamh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear maidir leis na torthaí ar phléití idirnáisiúnta ar thráthchláir chomhchoiteanna le haghaidh rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta.

Airteagal 5

Oiriúnú don athrú aeráide.

1.   Áiritheoidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit go ndéanfar dul chun cinn leanúnach maidir le hacmhainneacht oiriúnaithe a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith athrú aeráide a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú Pháras.

2.   Glacfaidh an Coimisiún Straitéis de chuid an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus déanfaidh sé í a athbhreithniú go rialta i gcomhthéacs an athbhreithnithe dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit freisin go mbeidh na beartais maidir le hoiriúnú san Aontas agus sna Ballstáit comhleanúnach, go seasfaidh siad mar chrann taca a chéile, go gcuirfidh siad comhthairbhí ar fáil do bheartais earnála, agus go n-oibreoidh siad i dtreo comhtháthú níos fearr ar oiriúnú don athrú aeráide ar bhealach comhsheasmhach sna réimsí beartais uile, lena n-áirítear beartais agus gníomhaíochtaí socheacnamaíocha agus comhshaoil ábhartha, i gcás inarb iomchuí, agus i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Díreoidh siad, go háirithe, ar na daonraí agus na hearnálacha is leochailí agus is mó a ndéanfar difear dóibh, agus easnaimh ina leith sin a shainaithint i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta.

4.   Déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna oiriúnaithe náisiúnta a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á cur san áireamh acu, agus í bunaithe ar anailísí stóinsithe athraithe aeráide agus leochaileachta, ar mheasúnuithe ar dhul chun cinn agus táscairí, agus faoi threoir na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí. Ina straitéisí oiriúnaithe náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit leochaileacht faoi leith na n-earnálacha ábhartha a chur san áireamh, inter alia, leochaileacht na talmhaíochta, na gcóras bia agus uisce, chomh maith leis an tslándáil bia, agus déanfaidh siad réitigh dúlrabhunaithe agus oiriúnú éiceachóras-bhunaithe a chur chun cinn. Tabharfaidh na Ballstáit na straitéisí cothrom le dáta go rialta agus áireoidh siad an fhaisnéis ghaolmhar nuashonraithe sa tuarascáil atá le cur isteach faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2018/1999.

5.   Faoin 30 Iúil 2022, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte ina leagfar amach prionsabail choiteanna agus cleachtais choiteanna chun rioscaí aeráide fisiceacha ábharacha a shainaithint, a aicmiú agus a bhainistiú go stuama agus tionscadail agus cláir do thionscadail á bpleanáil, á bhforbairt, á gcur i bhfeidhm agus á bhfaire acu.

Airteagal 6

Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais

1.   Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, mar aon leis an measúnú dá bhforáiltear faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an méid seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán seo a bhaint amach;

(b)

an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile maidir le hoiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an méid seo a leanas:

(a)

comhsheasmhacht bheartais an Aontais leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b)

comhsheasmhacht bheartais an Aontais lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5.

3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, bunaithe ar na measúnuithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, go bhfuil bearta an Aontais ar neamhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó go bhfuil sé ar neamhréir lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, nó gur neamhleor an dul chun cinn i dtreo an chuspóra aeráidneodrachta sin nó i dtreo an oiriúnaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, déanfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht aon dréachtbhirt nó aon dréacht-togra reachtaigh, lena n-áirítear tograí buiséadacha, leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus le spriocanna aeráide an Aontais do 2030 agus 2040 sula nglacfar é, agus déanfar an measúnú sin a áireamh in aon mheasúnú tionchair a ghabhann leis na bearta nó na tograí sin, agus cuirfidh sé toradh an mheasúnaithe sin ar fáil don phobal tráth a ghlactha. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin féachaint an bhfuil na dréachtbhearta nó na tograí reachtacha sin, lena n-áirítear tograí buiséadacha, comhsheasmhach lena áirithiú go ndéanfar an dul chun cinn maidir leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5. Agus a dhréachtbhearta agus a thograí reachtacha á ndéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún iarracht iad a ailíniú le cuspóirí an Rialacháin seo. In aon chás neamhailínithe, soláthróidh an Coimisiún na cúiseanna mar chuid den mheasúnú comhsheasmhachta dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 7

Measúnú ar bhearta náisiúnta

1.   Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta a shainaithnítear, ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, na straitéisí fadtéarmacha náisiúnta, agus na dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn arna dtíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, mar bhearta ábhartha don chuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán seo a bhaint amach, leis an gcuspóir sin;

(b)

comhsheasmhacht na mbeart ábhartha náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, agus straitéisí náisiúnta maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5(4) á gcur san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún, tar éis aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinn comhchoiteann arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 6(1), go bhfuil bearta Ballstáit ar neamhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó go bhfuil siad ar neamhréir lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig an mBallstát sin. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin ar fáil go poiblí.

3.   I gcás ina n-eiseofar moltaí i gcomhréir le mír 2, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de 6 mhí ó na moltaí a fháil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta atá beartaithe aige a ghlacadh chun aird chuí a thabhairt ar na moltaí, de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir na Ballstáit;

(b)

tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a thíolacadh, leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach sa tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a chuirfidh sé isteach ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, sa bhliain tar éis na bliana inar eisíodh na moltaí, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar na moltaí; má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic leis na moltaí nó le cuid shuntasach de, cuirfidh an Ballstát sin a réasúnaíocht chuig an gCoimisiún;

(c)

beidh na moltaí ina gcomhlánú ar na moltaí tírshonracha is déanaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

Airteagal 8

Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin

1.   Déanfaidh an Coimisiún an chéad mheasúnú agus an dara measúnú uaidh, dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7, a bhunú ar chonair líneach tháscach ar a leagtar amach an bealach chun glanastaíochtaí a laghdú ar leibhéal an Aontais agus lena nascfar sprioc aeráide an Aontais do 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4(1), sprioc aeráide an Aontais do 2040, nuair a ghlacfar í, agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1).

2.   Tar éis an chéad mheasúnú agus an dara measúnú dá dtagraítear i mír 1, bunóidh an Coimisiún aon mheasúnú ina dhiaidh sin ar chonair líneach tháscach lena nascfar sprioc aeráide an Aontais do 2040, nuair a ghlacfar í, agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1).

3.   Sa bhreis ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(1), bunóidh an Coimisiún a mheasúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 ar an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

faisnéis a chuirtear isteach agus a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999;

(b)

tuarascálacha ó EEA, ón mBord Comhairleach agus ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin;

(c)

staidreamh agus sonraí Eorpacha agus domhanda, lena n-áirítear staidreamh agus sonraí ó Chlár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne Copernicus, sonraí maidir le caillteanais arna dtuairisciú agus arna réamh-mheas de bharr drochthionchair aeráide agus meastacháin ar na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht mhoillithe, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(d)

an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, ó IPBES agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; agus

(e)

aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas nó ag Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhchuí le Rialachán (AE) 2020/852.

4.   Tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún agus na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 á ullmhú, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.

Airteagal 9

Rannpháirtíocht an phobail

1.   Oibreoidh an Coimisiún le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú i dtreo aistriú atá cóir cothrom ó thaobh na sochaí de chun sochaí aeráidneodrach agus aeráid-díonach a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún próiseas cuimsitheach inrochtana ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus le comhpháirtithe sóisialta, leis an saol acadúil, le lucht gnó, na saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta a éascú, chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a shainaithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as na comhairliúcháin phoiblí agus as na hidirphléití il-leibhéil maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a chuir na Ballstáit ar bun i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2018/1999.

2.   Úsáidfidh an Coimisiún na hionstraimí iomchuí uile, lena n-áirítear an Comhshocrú Aeráide Eorpach, chun saoránaigh, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí a mhealladh, agus chun idirphlé a chothú agus faisnéis atá bunaithe ar eolaíocht a scaipeadh maidir leis an athrú aeráide agus maidir leis na gnéithe sóisialta agus comhionannais inscne a bhaineann leis.

Airteagal 10

Treochláir earnála

Oibreoidh an Coimisiún le hearnálacha den gheilleagar laistigh den Aontas a roghnaíonn treochláir dheonacha tháscacha a ullmhú chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt treochláir den sórt sin. Is é a bheidh i gceist lena rannpháirtíocht ná idirphlé a éascú ar leibhéal an Aontais, agus dea-chleachtas a chomhroinnt i measc geallsealbhóirí ábhartha.

Airteagal 11

Athbhreithniú

Laistigh de 6 mhí ó gach stocáirimh dhomhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le conclúidí na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Rialachán seo, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC agus ón mBord Comhairleach;

(b)

forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

Féadfaidh tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 12

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 10a

1.   Bunaítear leis seo Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide (‘an Bord Comhairleach’).

2.   Beidh an Bord Comhairleach comhdhéanta de 15 shaineolaí eolaíocha shinsearacha a chumhdóidh raon leathan disciplíní ábhartha. Comhlíonfaidh comhaltaí an Bhoird Chomhairligh na critéir a leagtar amach i mír 3. Ní bheidh náisiúntacht an Bhallstáit chéanna ag níos mó ná beirt chomhalta den Bhord Comhairleach. Ní bheidh neamhspleáchas chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh inchurtha in amhras.

3.   Ainmneoidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar feadh téarma 4 bliana, a fhéadfar a athnuachan uair amháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin a bheidh oscailte, cothrom agus trédhearcach. Agus comhaltaí an Bhoird Chomhairligh á roghnú aige, féachfaidh an Bord Bainistíochta le saineolas éagsúil ó thaobh disciplín agus earnála de a áirithiú, chomh maith le cothromaíocht inscne agus gheografach. Bunófar an roghnú ar na critéir seo a leanas:

(a)

barr feabhais eolaíoch;

(b)

taithí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a sholáthar sna réimsí saineolais;

(c)

saineolas forleathan i réimse na n-eolaíochtaí aeráide agus comhshaoil nó i réimsí eolaíocha eile atá ábhartha do bhaint amach chuspóirí aeráide an Aontais;

(d)

taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

4.   Déanfar comhaltaí an Bhoird Chomhairligh a cheapadh i gcáil phearsanta agus nochtfaidh siad a dtuairimí go hiomlán neamhspleách ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Toghfaidh an Bord Comhairleach a chathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 4 bliana agus glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.

5.   Comhlánóidh an Bord Comhairleach obair na Gníomhaireachta agus é ag gníomhú go neamhspleách i gcomhlíonadh a chúraimí. Bunóidh an Bord Comhairleach a chlár oibre bliantúil go neamhspleách, agus nuair a bheidh an méid sin á dhéanamh aige rachaidh sé i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta. Cuirfidh cathaoirleach an Bhoird Chomhairligh an Bord Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas faoin gclár sin agus faoina chur chun feidhme.”;

(2)

in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Áireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta freisin an caiteachas a bhaineann leis an mBord Comhairleach.”.

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna gceapadh chun go gcomhlíonfar cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus tiomantais fhadtéarmacha an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, go háirithe cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus, don chéad tréimhse 10 mbliana, ó 2021 go 2030, go háirithe spriocanna an Aontais do 2030 don fhuinneamh agus don aeráid;

(*1)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (7):

“(7)

ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin’ réamhaisnéisí ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó forbairtí ar an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear, ar a laghad, meastacháin chainníochtúla do sheicheamh 6 bliana sa todhchaí dar críoch 0 nó 5, díreach i ndiaidh na bliana tuairisciúcháin;”;

(3)

in Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;”;

(4)

in Airteagal 8(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh

Déanfaidh gach Ballstát idirphlé il-leibhéil a bhunú maidir leis an aeráid agus fuinneamh de bhun na rialacha náisiúnta, ina mbeidh údaráis áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lucht gnó, infheisteoirí agus scairshealbhóirí eile agus an pobal i gcoitinne in ann a bheith páirteach go gníomhach i mbaint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus sna cásanna éagsúla atá beartaithe do bheartais fuinnimh agus aeráide agus an méid sin a phlé, lena n-áirítear ar bhonn fadtéarmach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn, mura bhfuil struchtúr chun na críche céanna ann cheana. Féadfar plé a dhéanamh ar phleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide laistigh de chreat den chineál sin.”;

(6)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 1 Eanáir 2020, agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar straitéis í a mbeidh peirspictíocht 30 bliain aici agus a bheidh comhsheasmhach le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhsuithe ar aistrithe trí linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, i gcomhthéacs na laghduithe gás ceaptha teasa is gá agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte is gá de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus chun aistrithe trí linnte a fheabhsú chun sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras a shaothrú ionas go mbainfear amach cothromaíocht idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin;”;

(7)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo ghnóthú na gcuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus i dtreo mhaoiniú agus chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart is gá lena mbaint amach, lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh;”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid, mionsonraí teicniúla agus próiseas a leagan amach i gcás na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chéimniú amach na bhfóirdheontas fuinnimh, go háirithe do bhreoslaí iontaise, de bhun phointe (d) d’Airteagal 25.”;

(8)

in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát chun a chuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach agus na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme;”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

“Airteagal 45

Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de thréimhse 6 mhí ó gach athbhreithniú domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, a rannchuidiú le rialú an Aontais Fuinnimh, a rannchuidiú le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras, dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide agus fuinnimh do 2030 a bhaint amach agus i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais, a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, cuspóirí breise an Aontais Fuinnimh agus le forálacha pleanála, tuairiscithe agus faireacháin a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith i gcomhréir le dlíthe eile de chuid an Aontais nó le cinntí a bhaineann le UNFCCC agus le Comhaontú Pháras. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha ón gCoimisiún de réir mar is iomchuí.”;

(10)

leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn I mar seo a leanas:

(a)

i bpointe 3.1.1 de Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“i.

Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 den Roinn seo a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint do chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;

(b)

i Roinn B, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“5.5.

Rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;

(11)

i bpointe (c) d’Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (viii):

“(viii)

measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt maidir le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus le baint amach na straitéise fadtéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;”.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. P. MATOS FERNANDES


(1)  IO C 364, 28.10.2020, lch. 143, agus IO C 10, 11.1.2021, lch. 69.

(2)  IO C 324, 1.10.2020, lch. 58.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(6)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(7)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(8)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(10)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(14)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).