|
30.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 230/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1071 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meitheamh 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (1), agus go háirithe Airteagal 6 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 30 Eanáir 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 (2) lena gcuirtear onnmhairiú vacsaíní COVID-19 mar aon le substaintí gníomhacha, lena n-áirítear máistir-chillbhainc agus ceallbhainc infheidhme, a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú, faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479, ar feadh tréimhse 6 seachtaine. Ina dhiaidh sin, an 12 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 (3) lena gcuirtear onnmhairiú na dtáirgí céanna faoi réir údarú onnmhairiúcháin go dtí an 30 Meitheamh 2021, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/479. |
|
(2) |
An 24 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 (4) lena dtugtar isteach, mar fhachtóir breise a bhaineann leis an tráth a bhítear ag smaoineamh ar údarú onnmhairiúcháin a dheonú, an gá atá le measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann an t-údarú sin slándáil an tsoláthair earraí a chumhdaítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 laistigh den Aontas i mbaol. Leis an Rialachán céanna, an díolúine a bhí ag tíortha cinn scríbe áirithe ó raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442, chinn an Coimisiún an díolúine sin a chur ar fionraí go sealadach. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún, is Rialachán é a glacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479 agus bhí feidhm aige ar feadh tréimhse 6 seachtaine. Na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán sin, cuireadh síneadh leo ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meitheamh 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/734 (5). |
|
(4) |
Idir an dá linn tháinig borradh faoi acmhainneacht táirgeachta na vacsaíní san Aontas, agus tháinig méadú ar sheachadadh dháileoga na vacsaíní in aghaidh COVID-19 san Aontas dá réir. Mar thoradh air sin, cuireadh dlús leis an bhfeachtas vacsaínithe san Aontas. |
|
(5) |
Tá an feachtas vacsaínithe sin fós ar siúl, áfach, agus tá éiginnteachtaí ann go fóill, go háirithe i ngeall ar theacht chun cinn na n-athraitheach nua ar víreas COVID-19. Dá bhrí sin, tá gá leanúnach ann le trédhearcacht ó thaobh seachadtaí onnmhairí agus ó thaobh sholáthairtí an Aontais de. |
|
(6) |
Ina theannta sin, an riosca go gcuirfeadh onnmhairí feidhmiú na gComhaontuithe Réamhcheannaigh idir an tAontas agus monaróirí na vacsaíní i mbaol, sin nó slándáil sholáthairtí na vacsaíní COVID-19 agus a substaintí gníomhacha san Aontas, is riosca é atá ann go fóill. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, na bearta a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521, ba cheart feidhm a beith acu i gcónaí go dtí an 30 Meán Fómhair 2021. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin sin a leasú dá réir. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/479, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
“Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.”.
Airteagal 2
In Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
“Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.”.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 83, 27.3.2015, lch. 34.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2021 lena gcuirtear onnmhairiú táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairithe a thabhairt ar aird (IO L 31 I, 30.1.2021, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 lena gcuirtear onnmhairiú táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 85, 12.3.2021, lch. 190).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 104, 25.3.2021, lch. 52).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/734 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 158, 6.5.2021, lch. 13).