30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 231/60


RIALACHÁN (AE) 2021/1058 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 177, agus Airteagail 178 agus 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear in Airteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú. De bhun an Airteagail sin, agus faoin dara agus tríú mír d’Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú chun éagothromaíochtaí idir leibhéil fhorbartha na réigiún éagsúil, agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus as na réigiúin sin, tá aird faoi leith le tabhairt ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha orthu, lena n-áirítear míbhuntáistí a eascraíonn as meath déimeagrafach, ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu, na n-oileán agus na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhe.

(2)

Cuireadh an Ciste Comhtháthaithe ar bun chun rannchuidiú leis an mórchuspóir arb é comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta, agus críochach an Aontais a neartú trí ranníocaíochtaí airgeadais a chur ar fáil i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach sa mhéid a bhaineann leis an mbonneagar iompair (TEN-T), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(3)

Le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) leagtar amach rialacha coiteanna is infheidhme do CFRE, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (“CEMID”), an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF), agus an ionstraim le haghaidh Tacaíocht airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV), a fheidhmíonn faoi chreat coiteann.

(4)

Chun na rialacha a bhí infheidhme do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe araon a shimpliú le linn chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart gur in aon Rialachán amháin a leagfaí amach na rialacha is infheidhme don dá chiste.

(5)

Na prionsabail chothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 10 CFAE, lena n-áirítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ba cheart iad a urramú agus CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe á gcur chun feidhme, ag cur san áireamh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit urraim a thabhairt do na ceanglais a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas UNCRPD, mar aon le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i 2017, agus ba cheart dóibh rochtain a áirithiú chun teacht le hAirteagal 9 de UNCRPD, agus i gcomhréir le dlí an Aontais ina ndéantar comhchuibhiú ar na riachtanais rochtana a bhaineann le táirgí agus seirbhísí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, i sineirgíocht le CSE+, a chur chun feidhme ar bhealach a chuireann chun cinn an t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe agus ba cheart go saothrófaí a gcuspóirí d’fhonn rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú, an bhochtaineacht a dhíothú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún neamhionannais a dhíothú agus an comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chomhrac. Níor cheart do cheachtar den dá chiste tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hidirdheighilt nó eisiamh d’aon chineál, agus, nuair a mhaoinítear bonneagar leo, ba cheart don dá chiste inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas a áirithiú.

(6)

Ba cheart cuspóirí CRFE agus an Chiste Chomhtháthaithe a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus mar chuid den chur chun cinn a dhéanann an tAontas ar an aidhm cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as á chur san áireamh. Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide chun teacht le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a d’eascair as an 21ú Comhdháil de na Páirtithe arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a chur chun feidhme agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (“Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe”) a bhaint amach, rannchuideofar, leis an dá chiste, leis na gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, arb é sin 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Chuige sin, meastar gur luach 30 % d’imchlúdach airgeadais iomlán CFRE do chuspóirí na haeráide a bheidh sna hoibríochtaí atá ann faoi CFRE. Meastar gur luach 37 % d’imchlúdach airgeadais iomlán an Chiste Chomhtháthaithe do chuspóirí na haeráide a bheidh sna hoibríochtaí atá ann faoin gCiste Comhtháthaithe. Thairis sin, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil a sholáthar faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh ag an am céanna.

Leis an dá chiste, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus chomhshaoil de chuid an Aontais agus nach ndéantar aon dochar suntasach leo do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus lena n-áirithítear an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, rud a chabhróidh le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart inneachar na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite arna nglacadh faoi chuimsiú Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaithe Aeráide a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur san áireamh i gcláir CFRE agus i gcláir an Chiste Chomhtháthaithe.

(7)

Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, tá oibríochtaí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe a théann chun tairbhe do ghnóthais le cloí le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair mar a leagtar amach in Airteagail 107 agus 108 CFAE iad.

(8)

Bunghné de chur chun feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe is ea prionsabal na comhpháirtíochta, ag tógáil ar chur chuige an rialachais il-leibhéal agus ag áirithiú go bhfuil údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus, i gcás inarb iomchuí, eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna, rannpháirteach. Le cur chun feidhme an dá chiste, ba cheart comhordú agus comhlántacht a áirithiú le CSE+, leis an gCiste um Aistriú Cóir, le CEMID agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

(9)

Ní mór forálacha maidir le tacaíocht CFRE a bhunú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (“Interreg”).

(10)

Chun cineálacha na ngníomhaíochtaí ar féidir leo tacaíocht a fháil ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe a shainaithint, ba cheart cuspóirí sonracha beartais a leagan síos i leith soláthar tacaíochta ón dá chiste, lena áirithiú go rannchuideoidh siad le ceann amháin ar a laghad de na comhchuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

(11)

Ós rud é gurb iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma an gheilleagair Eorpaigh, le CFRE, ba cheart leanúint de bheith ag tacú le forbairt FBManna trí chur lena bhfás inbhuanaithe agus lena n-iomaíochas. De bhreis air sin, agus ag cur san áireamh tionchar phaindéim COVID-19, tionchar a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach, nó aon ghéarchéim eile a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach sa todhchaí agus a mbeadh tionchar aici ar ghnólachtaí agus ar fhostaíocht, leis an CFRE, ba cheart tacú le téarnamh ó chásanna géarchéime den sórt sin trí thacú le cruthú post i gcás FBManna, lena n-áirítear trí bhíthin infheistíochtaí táirgiúla.

(12)

Ba cheart d’infheistíochtaí faoi CFRE rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar líonra cuimsitheach bonneagair dhigitigh ardluais, agus le soghluaisteacht ilmhódach atá inbhuanaithe, saor ó thruailliú agus a leagann béim ar iompar poiblí, ar shoghluaisteacht chomhroinnte, ar shiúl agus ar rothaíocht a chur chun cinn, mar chuid den aistriú chuig an ngeilleagar carbóin glan-nialasach.

(13)

Chun deiseanna na ré digití a thapú, le CFRE, ba cheart rannchuidiú le sochaí dhigiteach chuimsitheach a fhorbairt, ina mbainfeadh saoránaigh, eagraíochtaí taighde, gnólachtaí agus riaracháin phoiblí lántairbhe as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an digitiú. Chun ríomhrialtas éifeachtach a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, is gá uirlisí a fhorbairt agus athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí eagrúcháin agus ar phróisis, chun seirbhísí poiblí a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí, níos éasca, níos tapa agus ar chostas níos ísle. Go háirithe, ba cheart teicneolaíochtaí digiteacha agus teileachumarsáide a úsáid chun líonraí agus seirbhísí traidisiúnta a fheabhsú chun tairbhe pobail áitiúla trí thionscadail amhail cathracha agus sráidbhailte cliste a fhorbairt.

(14)

Ba cheart tacaíocht ó CFRE faoi chuspóir beartais 1 (PO 1) a bheith bunaithe ar acmhainneachtaí a fhothú do straitéisí um speisialtóireacht chliste, a shocraíonn tosaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó ar an dá leibhéal, chun a mbuntáiste iomaíoch a mhéadú trí láidreachtaí taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a mheaitseáil le riachtanais ghnó agus le scileanna riachtanacha trí phróiseas fionnachtana fiontraíochta. Ba cheart don phróiseas a chur ar chumas gníomhaithe fiontraíochta, lena n-áirítear eagraíochtaí tionscail, oideachais agus taighde, riaracháin phoiblí agus an tsochaí shibhialta, na réimsí sin is mó lena ngabhann deiseanna forbartha eacnamaíocha inbhuanaithe a shainaithint bunaithe ar shainstruchtúir agus bonn eolais réigiúin. Ós rud é go bhfuil próiseas rialachais na speisialtóireachta cliste ríthábhachtach do cháilíocht na straitéise, ba cheart, le CFRE, tacaíocht a chur ar fáil d’fhorbairt agus d’fheabhsú na n-acmhainneachtaí is gá chun próiseas fionnachtana fiontraíochta éifeachtúil a bhaint amach agus chun straitéisí um speisialtóireacht chliste a ullmhú nó a nuashonrú.

(15)

Chun gnóthú Aontas a bheidh aeráidneodrach faoi 2050 a chur chun cinn, agus aird chuí á tabhairt ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha a ghabhann léi, ba cheart, le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh. Sa chomhthéacs sin, bheadh tábhacht ar leith ag baint le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear scéimeanna coigilte fuinnimh, san fhuinneamh inathnuaite inbhuanaithe i gcomhréir leis na gcritéir inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), i gcórais chliste fuinnimh chomh maith le hinfheistíochtaí arb é is aidhm dóibh tubaistí a chosc, an bhithéagsúlacht agus an bonneagar glas a chur chun cinn, lena n-áirítear limistéir nádúrtha faoi chosaint a chaomhnú agus a luacháil agus aird a tharraingt orthu, agus bearta eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, amhail limistéir nádúrtha lena mbaineann ardphoitéinseal ionsúite agus stórála carbóin a chaomhnú agus a athchóiriú, lena n-áirítear trí mhóinteáin a athfhliuchadh, gás láithreáin líonta a ghabháil nó trí astaíochtaí ó phróisis nó táirgí tionsclaíocha a laghdú. Ina theannta sin, ba cheart tacú le hinfheistíochtaí arb é is aidhm dóibh gach cineál truaillithe, amhail truailliú aeir, uisce, ithreach, torainn agus solais, a laghdú.

(16)

Is gá pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ina leagtar amach na beartais agus na bearta agus lena dtugtar aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, a chur san áireamh agus cláir á n-ullmhú arna gcómhaoiniú ag CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe. D’fhonn rannchuidiú le cuspóirí náisiúnta a bhaint amach chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú, ar cuspóirí iad a leagtar amach i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite, le CFRE, ba cheart tacú go háirithe le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh i dtithíocht agus i bhfoirgnimh i gcomhréir le Treoir leasaithe (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) chun rannchuidiú le stoc foirgneamh atá dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050, agus ar an gcaoi sin, déanfar tomhaltas fuinnimh a laghdú agus déanfar airgead a shábháil i dteaghlaigh a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh.

(17)

Chun feabhas a chur ar nascacht iompair, le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart forbairt ghréasán thras-Eorpaigh iompair, dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh 1315/2013, a chur chun cinn, trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar d’iompar d’iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre, iompar de bhóthar, iompar muirí agus iompar ilmhódach, lena n-áirítear bearta laghdaithe torainn. Le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart tacú leis an tsoghluaisteacht náisiúnta, réigiúnach, áitiúil, trasteorann agus uirbeach freisin. Agus an méid sin á dhéanamh, leis an dá chiste, ba cheart aird a thabhairt ar shábháilteacht a fheabhsú, go háirithe, i gcás na ndroichead agus na dtollán atá ann cheana.

(18)

Nuair atá síorfhás ar na naisc ar fud an domhain, agus i bhfianaise na dinimice atá sa déimeagrafaíocht agus san imirce, is léir go dteastaíonn cur chuige coiteann ó bheartas imirce an Aontais a bheidh ag brath ar na sineirgí agus ar an gcomhlántacht atá sna hionstraimí maoinithe éagsúla. Dá bhrí sin, leis an CFRE, ba cheart aird a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme. Má tá tacaíocht chomhleanúnach láidir chomhsheasmhach le bheith ann do na hiarrachtaí ar dhlúthpháirtíocht i gcomhroinnt na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit ag bainistiú na himirce dóibh, le CFRE, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil, ar an leibhéal críochach is iomchuí, chun lánpháirtiú cuimsitheach, fadtéarmach náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear imircigh, a éascú ar mhaithe le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch, trí chur chuige a ghlacadh atá dírithe ar a ndínit agus a gcearta a chosaint.

(19)

Chun nuálaíocht shóisialta agus rochtain chuimsitheach ar fhostaíocht ar ardcháilíocht a chur chun cinn, leis an CFRE, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil d’eintitis an “geilleagar sóisialta” amhail comharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus fiontair shóisialta.

(20)

Chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun bochtaineacht a chomhrac, i measc pobal imeallaithe go háirithe, is gá rochtain ar sheirbhísí sóisialta, oideachais, cultúrtha agus áineasa, lena n-áirítear spóirt, a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an mbonneagar, agus riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, leanaí agus daoine scothaosta á gcur san áireamh freisin.

(21)

Le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe ba cheart cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar chreat beartais straitéiseach Náisiúnta um chuimsiú na Romach dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ina leagtar amach bearta maidir le lánpháirtíocht, teaghlaigh ar ioncam íseal, lena n-áirítear teaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta, agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu. Go háirithe, ag teacht le prionsabal 19 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart go mbeadh an CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, in ann tacú le soláthar tithíochta sóisialta. Agus na dúshláin atá ag pobail Romacha imeallaithe ó thaobh rochtain ar sheirbhísí bunúsacha á gcur san áireamh, ba cheart go bhféadfadh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe rannchuidiú le feabhas a chur ar a ndálaí maireachtála agus ar a n-ionchais forbartha.

(22)

Chun ullmhacht a neartú le haghaidh cianoideachais agus oideachas agus oiliúint ar líne atá cuimsitheach ar bhonn sóisialta, ba cheart go rannchuideofaí le hathléimneacht a chothú don chianfhoghlaim agus don fhoghlaim ar líne, go háirithe, le CFRE ina chúram chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann ar sheirbhísí cuimsitheacha agus ardcháilíochta san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Na hiarrachtaí chun leanúnachas san oideachas agus san oiliúint a áirithiú le linn phaindéim COVID-19, nocht siad easnaimh thábhachtacha sa rochtain ar threalamh teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus ar an nascacht is gá ag foghlaimeoirí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste agus i réigiúin iargúlta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, le CFRE, tacú le trealamh TFC agus nascacht a chur ar fáil, rud a chothódh athléimneacht na gcóras oideachais agus oiliúna faoi choinne cianfhoghlama agus fhoghlaim ar líne.

(23)

Chun acmhainneacht na gcóras sláinte poiblí a neartú chun éigeandálaí sláinte a chosc agus chun freagairt dóibh agus teacht astu go tapa, le CFRE, ba cheart rannchuidiú le hathléimneacht na gcóras sláinte freisin. De bhreis air sin, toisc gur nocht paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé soláthairtí criticiúla a bheith ar fáil láithreach chun freagairt go héifeachtach ar staid éigeandála, ba cheart raon feidhme na tacaíochta ó CFRE a leathnú le gur féidir na soláthairtí atá ag teastáil a cheannach chun athléimneacht ó thubaistí agus athléimneacht na gcóras sláinte a neartú, lena n-áirítear an cúram príomhúil, agus chun an t-aistriú ón gcúram institiúideach go dtí an cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe a chur chun cinn. Agus soláthairtí á gceannach chun athléimneacht na gcóras sláinte a neartú, ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach le straitéis na sláinte náisiúnta agus gan dul níos faide ná an straitéis sin agus ba cheart comhlántachtaí a áirithiú leis an gClár EU4Health arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), mar aon le hinniúlachtaí rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(24)

Le CFRE, ba cheart tacú leis an aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlachbhunaithe nó pobalbhunaithe agus é a chur chun cinn, trí thacaíocht a thabhairt do shaoráidí lena bhféachfaí le deighiltí ón bpobal a chosc, lena n-éascófaí lánpháirtiú daoine sa tsochaí agus lena bhféachfaí le dálaí maireachtála neamhspleácha a áirithiú.

(25)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cuspóir sonrach tiomnaithe chun tacú leis na geilleagair réigiúnacha atá an-spleách ar na hearnálacha turasóireachta agus cultúrtha. Leis sin, d’fhéadfaí lánleas a bhaint as an gcultúr agus as an turasóireacht inbhuanaithe le haghaidh téarnamh eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus nuálaíocht shóisialta, gan dochar do na féidearthachtaí chun tacaíocht a sholáthar ó CFRE do na hearnálacha sin faoi chuspóirí sonracha eile.

(26)

D’fhéadfaí infheistíochtaí chun tacú le tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha, seirbhísí cultúrtha agus láithreáin oidhreachta cultúrtha a mhaoiniú faoi aon chuspóir beartais ar choinníoll go rannchuidíonn siad leis na cuspóirí sonracha agus go dtagann siad faoi réim feidhme na tacaíochta ó CFRE.

(27)

Maidir le turasóireacht inbhuanaithe, is gá cothromaíocht idir inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta, chultúrtha agus chomhshaoil. Ba cheart an cur chuige maidir le tacaíocht a thabhairt do thurasóireacht inbhuanaithe a bheith i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2007 dar teideal “Clár oibre do thurasóireacht Eorpach inbhuanaithe agus iomaíoch”. Go háirithe, ba cheart leas turasóirí a chur san áireamh leis, an comhshaol nádúrtha agus cultúrtha a urramú agus forbairt shocheacnamaíoch agus iomaíochas na gceann scríbe agus na ngnólachtaí a áirithiú trí chur chuige beartais comhtháite agus iomlánaíoch.

(28)

Chun tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát agus na réigiún aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus ardleibhéal slándála a áirithiú dá gcuid saoránach, chomh maith le cosc an imeallaithe agus an radacaithe, ag brath dóibh ar na sineirgí agus ar an gcomhlántacht le beartais eile de chuid an Aontais, ba cheart d’infheistíochtaí faoi CFRE a bheith ag rannchuidiú leis an tslándáil i limistéir inar gá spásanna poiblí atá slán sábháilte agus bonneagar éigeandála a áirithiú, iompar agus fuinneamh mar shampla, agus ar an gcaoi sin, cabhrú le sochaithe níos cuimsithí, sábháilte a fhorbairt.

(29)

Le CFRE, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil faoi chuspóir beartais 5 (PO 5) ar bhealach comhtháite don fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a bheidh bunaithe ar straitéisí críochacha trasearnála agus úsáid á baint as uirlisí comhtháite forbartha críochaí chun forbairt chomhchuí limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha araon a áirithiú. Ina theannta sin, agus limistéir uirbeacha á bhforbairt, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thacú le limistéir uirbeacha fheidhmiúla i ngeall ar a thábhachtaí atá siad chun comhar a spreagadh idir údaráis áitiúla agus comhpháirtithe thar theorainneacha riaracháin mar aon le naisc uirbeacha-thuaithe a neartú.

(30)

Ba cheart do CFRE tacú le turasóireacht inbhuanaithe ar bhealach comhtháite, go háirithe tríd an gcomhar a neartú laistigh de chríocha feidhmiúla. Chun tionchar na turasóireachta inbhuanaithe ar an ngeilleagar a mhéadú, ba cheart d’fhiontair agus údaráis phoiblí comhoibriú go córasach chun seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla i limistéir a bhfuil ardacmhainneacht turasóireachta ag gabháil leo, agus aird chuí á tabhairt ar thimpeallacht dhlíthiúil agus riaracháin atá cobhsaí a chruthú agus a bheidh fabhrach d’fhás inbhuanaithe sna limistéir sin. D’fhéadfaí dea-chleachtais i réimse na turasóireachta inbhuanaithe, amhail cur chuige an “ceantar turasóireachta”, a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí sa réimse seo a bhfuil tacaíocht á fáil acu.

(31)

De bharr sprioc ghinearálta an Chiste Chomhtháthaithe de réir na forála atá ann di in CFAE, maidir leis na cuspóirí beartais lena bhfuil an Ciste Comhtháthaithe le tacú, is gá iad a leagan amach agus teorainn a chur leo.

(32)

Chun feabhas a chur ar acmhainneacht fhoriomlán riaracháin na n-institiúidí agus ar rialachas i gcláir cur chun feidhme na mBallstát faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, is gá bearta tacaíochta a chur i bhfeidhm d’údaráis chláir agus do ghníomhaithe earnála agus críochacha atá freagrach as gníomhaíochtaí a dhéanamh atá ábhartha maidir le cur chun feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe faoi na cuspóirí sonracha uile atá á saothrú agus na prionsabail chothrománacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1060, lena n-áirítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, á gcur san áireamh.

(33)

D’fhonn bearta comhoibre a spreagadh agus a chur chun bisigh laistigh de na cláir atá á gcur chun feidhme faoin Infheistíocht i sprioc na bpost agus an fháis, is gá na bearta comhoibre idir na páirtithe a chothú laistigh de Bhallstát faoi leith, nó idir Ballstáit éagsúla, i gcoibhneas le tacaíocht a sholáthraítear faoi na cuspóirí sonracha ar fad. Is rud breise é an comhoibriú sin anuas ar an gcomhoibriú faoi Interreg, agus thar aon ní ba cheart dó tacú le comhoibriú idir páirtithe struchtúrtha d’fhonn straitéisí réigiúnacha a chur chun feidhme faoi mar a thagraítear dóibh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Iúil 2017 dar teideal Strengthening Innovation in Europe’s Regions: Strategies for resilient, inclusive and sustainable growth [Neartú na nuálaíochta i réigiúin na hEorpa: Straitéisí don fhás cuimsitheach, inbhuanaithe, athléimneach]. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh comhpháirtithe teacht as aon réigiún san Aontas, ach d’fhéadfaí a áireamh ar na réigiúin sin réigiúin trasteorann agus réigiúin a chumhdaítear le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), le straitéis mhacrairéigiúnach nó imchuach farraige nó cumasc den dá chineál straitéisí seo.

(34)

Ba cheart go bhféadfaí cuid de na héagothromaíochtaí móra réigiúnacha atá san Aontas a leigheas a bhuí le CFRE, agus an mí-ionannas sna leibhéil forbartha i réigiúin éagsúla a laghdú, mar aon le cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, ar a n-áirítear réigiúin ar dúshlán dóibh gealltanais dícharbónaithe, agus ar an mbealach sin, chuirfí leis an athléimneacht réigiúnach. Ba cheart, dá bhrí sin, tacaíocht CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a chur i dtreo phríomhthosaíochtaí an Aontais, i gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht ó CFRE a chur i dtreo na gcuspóirí beartais d’Eoraip a bheadh níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn agus d’Eoraip a bheadh athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe. Na hacmhainní a thiomnaítear don tsoghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe agus d’infheistíocht leathanbhanda, d’fhéadfaí iad a chur san áireamh go páirteach agus comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach á ríomh. Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh ina gComhaontuithe Comhpháirtíochta an gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le díriú téamach ar leibhéal na catagóire réigiúin nó ar an leibhéal náisiúnta don chlárthréimhse ina hiomláine. Ba cheart don trí ghrúpa Ballstát a chuirtear le chéile de réir a n-ollioncaim náisiúnta díriú téamach ar an leibhéal náisiúnta a bhunú agus ba cheart solúbthacht a fhágáil ar leibhéal na gclár aonair. Ós rud é go bhféadfadh an tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe rannchuidiú freisin leis an díriú téamach, ba cheart na coinníollacha a bhaineann le ranníocaíocht den sórt sin a leagan amach. Ina theannta sin, an mhodheolaíocht a bheidh ann le rangabháil a dhéanamh ar na Ballstáit, ba cheart í a leagan amach ar bhealach mionsonraithe, agus cás sonrach na réigiún is forimeallaí agus na réigiún tuaisceartach is teirce daonra a chur san áireamh.

(35)

D’fhonn an tacaíocht a dhíriú i dtreo na dtosaíochtaí is tábhachtaí atá ag an Aontas, is iomchuí chomh maith urraim a thabhairt do na ceanglais maidir le díriú téamach i rith na clárthréimhse, agus aistriú idir tosaíochtaí laistigh de chlár amháin nó idir cláir éagsúla a chur san áireamh.

(36)

Ionas go mbeidh sé ar chumas CFRE tacaíocht a chur ar fáil faoi Interreg don infheistíocht sa bhonneagar agus d’infheistíochtaí gaolmhara a bhaineann leo , mar aon le hoiliúint agus gníomhaíochtaí lánpháirtithe, ní mór a fhoráil gur cheart go mbeadh CFRE in ann tacaíocht a sholáthar freisin do ghníomhaíochtaí faoi chuspóirí sonracha CSE+, arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(37)

Chun acmhainní teoranta a dhíriú ar an mbealach is éifeachtúla, ba cheart tacaíocht CFRE a thabhairt d’infheistíochtaí táirgiúla faoi chuspóir sonrach cuí, agus ba cheart don tacaíocht sin a bheith teoranta do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide laistigh de bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (14), cé is moite d’infheistíochtaí sonracha arna leagan amach sa Rialachán seo.

(38)

I gcomhthéacs na tacaíochta CFRE d’infheistíochtaí táirgiúla, is tráthúil a shoiléiriú gur cheart infheistíocht tháirgiúil a thuiscint mar infheistíocht i gcaipiteal seasta nó sócmhainní neamhábhartha fiontar, d’fhonn earraí agus seirbhísí a tháirgeadh agus rud a chuirfidh, ar an gcaoi sin, leis an oll-infheistíocht agus le fostaíocht. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfadh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe tacú le hinfheistíochtaí i bhfiontair nach FBManna iad, faoi choinníollacha áirithe. Thairis sin, bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn clárthréimhsí roimhe seo, le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart tacú freisin le hinfheistíochtaí i bhfiontair nach FBManna iad, lena n-áirítear i bhfóntais áirithe, i gcás ina mbaineann siad le hinfheistíocht i mbonneagar lena n-áirithítear rochtain ar sheirbhísí atá ar fáil don phobail i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta, an iompair agus na nascachta digití.

(39)

Leis an Rialachán seo, ba cheart na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a leagan amach arbh fhéidir tacaíocht a thabhairt do na costais a ghabhann leo trí bhíthin infheistíochtaí ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe, faoi gach cuspóir dá gcuid faoi seach de réir mar a leagtar amach in CFAE iad, agus lena n-áirítear sluachistiúchán. Ba cheart go mbeadh an Ciste Comhtháthaithe in ann tacú le hinfheistíochtaí in TEN-T agus sa chomhshaol, lena n-áirítear infheistíochtaí a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le fuinneamh a bhfuil tairbhí comhshaoil ag baint leis. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, leis an gCiste Comhtháthaithe, go mbeifí in ann tacú freisin le haisfheistiú comhcheangailte fuinnimh agus seismeach. Maidir le CFRE, ba cheart go gcuirfí san áireamh le liosta na ngníomhaíochtaí riachtanais forbartha sonraí náisiúnta agus réigiúnaí mar aon le hacmhainneacht inginiúla agus ba cheart é a shimpliú. , Ba cheart go bhféadfaí, le CFRE, tacú le hinfheistíochtaí sa bhonneagar, lena n-áirítear do bhonneagar agus saoráidí taighde agus nuálaíochta gnó do FBManna, tithíocht do chomhphobail imeallacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, teaghlaigh ar ioncam íseal agus imircigh, cultúr agus oidhreacht, turasóireacht inbhuanaithe agus seirbhísí d’fhiontair, infheistíochtaí i ndáil le rochtain ar sheirbhísí, le béim ar leith ar phobail faoi mhíbhuntáiste, imeallacha agus leithscartha, infheistíochtaí táirgiúla in FBManna, i dtrealamh, i mbogearraí agus i sócmhainní doláimhsithe, mar aon le bearta maidir le faisnéis, cumarsáid, staidéir, líonrú, comhar, malartú taithí idir comhpháirtithe agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cnuasaigh. Chun tacú le cur chun feidhme an chláir, ba cheart freisin go bhféadfadh an dá chiste tacú le gníomhaíochtaí um chúnamh teicniúil. Ar deireadh, chun tacaíocht a chur ar fáil do raon níos leithne idirghabhálacha do chláir Interreg, ba cheart cur leis an raon feidhme chun go gcuirfear san áireamh raon leathan áiseanna agus acmhainní daonna, mar aon le costais a bhaineann le bearta laistigh de raon feidhme CSE+.

(40)

Maidir le tionscadail an ghréasán thras-Eorpaigh iompair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), táthar le leanúint de mhaoiniú na dtionscadal ón gCiste Comhtháthaithe trí bhainistíocht roinnte agus trí mhodh an chur chun feidhme dhírigh araon faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (“Rialachán SCE le haghaidh 2021-2027”).

(41)

San am céanna, is den tábhacht soiléiriú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin atá lasmuigh de raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe, ar a n-áirítear infheistíochtaí dar sprioc laghdú a chur ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ó na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), chun dúbailt a sheachaint ar mhaoiniú atá ar fáil cheana mar chuid den Treoir sin, agus infheistíochtaí i ngnóthais atá i gcruachás, mar a shainmhínítear iad in Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (17) mura dtugtar údarú do na hinfheistíochtaí sin faoi chabhair de minimis nó faoi rialacha státchabhrach sealadacha a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla. Le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, níor cheart go dtacódh ceachtar den dá chiste le hinfheistíocht áirithe in aerfoirt, i saoráidí chun dramhaíl a chur i líonadh talún agus i gcóireáil dramhaíola iarmharaí ná i mbreoslaí iontaise ach an oiread. Dá bhrí sin, le CFRE, ba cheart go mbeifí in ann tacú le bearta spriocdhírithe maolaithe comhshaoil agus le bearta slándála agus sábháilteachta in aerfoirt réigiúnacha ar choinníoll go ndéanfaí príomhchuspóir na n-infheistíochtaí a shainaithint i dtéarmaí caighdeáin chomhshaoil, slándála nó sábháilteachta an Aontais agus go mbeadh sé i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair.

I gcás infheistíochtaí lena ndéanfaí acmhainneacht na saoráidí maidir le dramhaíl iarmharach a chóireáil a mhéadú, ba cheart a thuiscint gurb ionann dramhaíl iarmharach go príomha agus dramhaíl chathrach nach mbailítear ar bhonn deighilte agus ábhair a diúltaíodh ón gcóireáil dramhaíola. D’fhéadfaí tacú le líonraí le haghaidh téamh ceantair a nuachóiriú d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh córais téimh ceantair éifeachtúla a fheabhsú, mar a shainmhínítear i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), de bhun na gcuspóirí a leagtar síos sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite. D’fhonn fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn, d’fhéadfaí tacaíocht a chur ar fáil do choirí téimh ceantair arna soláthar ag cumasc de ghás agus d’fhoinsí inathnuaite fuinnimh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart nasc pro rata a bheith ann idir tacaíocht ón dá chiste agus sciar an ionchuir ó fhuinneamh inathnuaite sna coirí sin. Ina theannta sin, maidir leis na tíortha agus na críocha thar lear atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE, is ceart a leagan amach go follasach nach bhfuil na tíortha agus na críocha sin i dteideal tacaíocht ó CFRE ná ón gCiste Comhtháthaithe.

(42)

Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a chur chuig an gCoimisiún go rialta faoin dul chun cinn atá déanta, agus is iad na táscairí coiteanna aschuir agus toraidh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I is ceart a úsáid chuige sin. D’fhéadfaí na táscairí coiteanna aschuir agus toraidh a chomhlánú, i gcás inarb ábhartha, le táscairí aschuir agus toraidh a bhaineann le cláir faoi leith. An fhaisnéis a chuireann Ballstáit ar fáil, sin é an bonn ba cheart a bheith faoin tuairisciú a dhéanann an Coimisiún chun cuspóirí sonracha a chur i gcrích le linn na clárthréimhse ar fad, ag úsáid croí-thacar táscairí dóibh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

(43)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (19), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar CFRE agus ar an gCiste Comhtháthaithe ar bhonn faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus, san am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an dá chiste ar an talamh.

(44)

Faoi chreat rialacha ábhartha an Chomhshocruithe Cobhsaíochta agus Fáis, mar a soiléiríodh sa Chód Iompair, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh ar sholúbthacht bhreise don chaiteachas struchtúrach poiblí nó comhionann, lena dtacaíonn an riarachán poiblí trí bhíthin cómhaoiniú ar infheistíochtaí arna ngníomhachtú mar chuid de CFRE agus den Chiste Comhtháthaithe. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar iarraidh den sórt sin i gcomhréir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus leis an gCód Iompair.

(45)

Le CFRE, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag ceantair faoi mhíbhuntáiste, go háirithe limistéir thuaithe agus limistéir a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha ag baint leo, lena n-áirítear meath déimeagrafach, rochtain ar sheirbhísí bunúsacha, lena n-áirítear seirbhísí digiteacha, agus a dtarraingteacht le haghaidh infheistíochta a fheabhsú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí gnó agus nascacht le margaí móra. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart le CRFE, aird a thabhairt ar dhúshláin shonracha forbartha a bhíonn ag réigiúin oileánacha, teorann nó sléibhe áirithe. Ina theannta sin, le CFRE, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na deacrachtaí sonracha atá ag limistéir NUTS leibhéal 3 agus ag leibhéal an aonaid riaracháin áitiúil, faoi mar a thagraítear dó i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), is teirce daonra, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe 161 de na Treoirlínte maidir le Státchabhair Réigiúnach 2014-2020, eadhon na limistéir sin ag a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12,5 áitritheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh, nó limistéir ar tháinig meánlaghdú bliantúil 1 %, ar a laghad, ar a ndaonra in imeacht na tréimhse 2007-2017. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le pleananna gníomhaíochta sonracha deonacha a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil do na limistéir sin chun dul i ngleic leis na dúshláin daonra sin.

(46)

Chun an rannchuidiú le dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí le dúshláin eacnamaíocha, dhéimeagrafacha, chomhshaoil agus shóisialta a uasmhéadú go háirithe i gceantair atá faoi mhíbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha, mar a fhoráiltear in Airteagal 174 CFAE, ba cheart gníomhaíochtaí i réimse na forbartha críochaí a bhunú ar straitéisí críochacha comhtháite i gceantair uirbeacha agus pobail tuaithe agus aird á tabhairt ar naisc uirbeacha-thuaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tacaíocht ó CFRE a thabhairt trí na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus rannpháirtíocht iomchuí na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus uirbeach á háirithiú, mar aon le rannpháirtíocht comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamh-rialtais. Ba cheart go mbeadh straitéisí críochacha in ann tairbhiú freisin ó chur chuige ilchiste agus comhtháite, a mbeadh baint ag CFRE, CSE+, CEMID agus CETFT leis.

(47)

Chun athléimneacht pobail i limistéir thuaithe agus a ndálaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a fheabhsú, ba cheart tacaíocht ó CFRE a úsáid chun tionscadail amhail sráidbhailte cliste a fhorbairt, dá dtagraítear sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar tuaithe, sléibhtiúla agus iargúlta, go háirithe trí dheiseanna nua a fhorbairt, amhail seirbhísí díláraithe agus réitigh fuinnimh, teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíochtaí.

(48)

Faoi chreat na forbartha inbhuanaithe uirbí, meastar gur gá tacú le gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta a théann i gcion ar limistéir uirbeacha, lena n-áirítear limistéir uirbeacha feidhme, agus an gá chun naisc uirbeacha-thuaithe a chur chun cinn á chur san áireamh. D’fhéadfadh tacaíocht a dhírítear ar limistéir uirbeacha a bheith i bhfoirm cláir nó tosaíochta ar leithligh agus ba cheart go mbeadh an tacaíocht sin in ann tairbhe a bhaint as cur chuige ilchiste. Na prionsabail atá ann chun na limistéir uirbeacha a roghnú ina mbeidh gníomhaíochtaí comhtháthaithe le haghaidh forbartha inbhuanaithe uirbí a chur chun feidhme, agus na suimeanna táscacha do na gníomhaíochtaí sin, ba cheart iad a leagan amach sna cláir faoin sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus sprioc nach lú ná 8 % d’acmhainní CFRE a leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta chun na críche sin. Ba cheart a shuí freisin go ndéanfar an céatadán sin a urramú i rith na clárthréimhse ar fad i gcás aistriú idir tosaíochtaí laistigh de chlár nó idir cláir, lena n-áirítear ag an athbhreithniú meántéarma.

(49)

Chun réitigh a shainaithint nó a sholáthar a thugann aghaidh ar cheisteanna a bhaineann le forbairt comhshaoil inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart Tionscnamh Uirbeach Eorpach a chur in ionad na nGníomhaíochtaí Uirbeacha Nuálacha i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe, rud a chuirfí chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Ba cheart don tionscnamh sin gach limistéar uirbeach a chlúdach, lena n-áirítear limistéir uirbeacha fheidhmiúla, agus tacú leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach. Chun rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil sna comhpháirtíochtaí téamacha faoin gClár Oibre Uirbeach a spreagadh, ba cheart, le CFRE, tacú le costais eagraíochtúla a bhaineann le rannpháirtíocht den sórt sin. D’fhéadfaí go n-áiritheofaí sa tionscnamh sin comhar idir-rialtais maidir le hábhair uirbeacha, go háirithe comhar atá dírithe ar fhothú acmhainneachta chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit agus na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach go gníomhach i mbainistiú agus i gcur chun feidhme an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh. Ar na gníomhaíochtaí arna gcomhaontú faoi shamhail bhainistithe d’fhéadfaí malartú d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla a áireamh. Leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh, ba cheart naisc uirbeacha-thuaithe laistigh de limistéir uirbeacha fheidhmiúla a chur chun cinn. Tá tábhacht ar leith le comhar leis an nGréasán Eorpach um Fhorbairt Tuaithe i ndáil leis an méid sin.

(50)

Ba cheart tráchtálú agus uas-scálú tionscadal nuálaíochta idir-réigiúnacha a chur chun cinn ar fud chríoch iomlán an Aontais trí na hinfheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha atá le bainistiú ag an gCoimisiún. Agus tacaíocht á tabhairt do thionscadail nuálaíochta i réimsí speisialtóireachta cliste, lena n-áirítear treoirthionscadail agus bearta forbartha acmhainneachtaí, rachaidh siad chun tairbhe na réigiún beagfhorbartha, cuirfidh siad lena n-éiceachórais nuálaíochta agus lena n-acmhainneacht iad féin a chomhtháthú i slabhraí luacha móra an Aontais. Ba cheart dóibh freisin rannchuidiú le cur chun feidhme na teachtaireachta ón gCoimisiún an 18 Iúil 2017 dar teideal Strengthening Innovation in Europe’s Regions: Strategies for resilient, inclusive and sustainable growth [An Nuálaíocht i Réigiúin na hEorpa a Neartú: Straitéisí don fhás athléimneach, cuimsitheach agus inbhuanaithe], go háirithe chun tacú le hardáin théamacha don speisialtóireacht chliste le haghaidh réimsí ríthábhachtacha.

(51)

Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, is é sin bearta a ghlacadh faoi Airteagal 349 CFAE ina bhfuil foráil le haghaidh leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí i gcoinne na gcostas breise a bhíonn ar na réigiúin sin de bharr ceann nó cuid de na bacainní buana a dtagraítear dóibh in Airteagal 349 CFAE, mar atá an iargúltacht, an t-oileánachas, easpa méide, deacrachtaí topagrafaíochta agus aeráide, spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí, deacrachtaí buana a chuireann bac agus laincis mhór ar an bhforbairt sna réigiúin sin le chéile. Leis an leithdháileadh sin, ba cheart go mbeifí in ann infheistíochtaí a chlúdach, mar aon le costais oibriúcháin agus le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil sé mar aidhm leo costais bhreise a shú, ar costais iad a bhíonn ann de thoradh na mbac sin. Le cúnamh oibriúcháin, ba cheart go mbeifí in ann costas seirbhísí iompair lastais a chlúdach, agus cúnamh tús saoil le haghaidh seirbhísí iompair, mar aon le caiteachas ar oibriúcháin atá nasctha le srianta stórála, le rómhéid agus le cothabháil na n-uirlisí táirgeachta, agus leis an easpa caipitil dhaonna sa mhargadh áitiúil. Níor cheart an leithdháileadh sin a bheith faoi réir na gceanglas maidir le díriú téamach. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, agus faoi mar atá i gcás na n-oibríochtaí ar fad atá á gcómhaoiniú le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart go gcomhlíonfadh tacaíocht ar bith de chuid CFRE atá ann don mhaoiniú ar chúnamh oibríochta agus infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí na rialacha maidir le státchabhair faoi mar a leagtar amach iad in Airteagail 107 agus 108 CFAE.

(52)

Chun gur féidir mearfhreagairt a thabhairt ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha dá dtagraítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na clárthréimhse, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d’fhonn bearta sealadacha a ghlacadh chun úsáid na tacaíochta ó CFRE a éascú mar fhreagairt ar na himthosca sin. Ba cheart don Choimisiún na bearta is iomchuí a ghlacadh i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha ina bhfuil Ballstáit agus cuspóirí an chiste á gcaomhnú ag an am céanna. Thairis sin, ba cheart na cinntí cur chun feidhme maidir le beart sealadach chun CFRE a úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha a ghlacadh gan nósanna imeachta coiste ós rud é gurb é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chinneann raon feidhme an chur i bhfeidhm agus go bhfuil sé teoranta don bheart a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart agus measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht.

(53)

Chun cuid de na heilimintí neamhriachtanacha atá sa Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le coigeartuithe a dhéanamh, áit a bhfuil údar leis sin, ar Iarscríbhinn II ina leagtar amach liosta táscairí a úsáidtear mar bhonn le faisnéis a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar fheidhmíocht na gclár. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(54)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú trí cheartú na bpríomh-mhícothromaíochtaí san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus an tsriain atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(55)

I bhfianaise ghlacadh an Rialacháin seo tar éis thús na clárthréimhse, agus ag cur san áireamh gur gá CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe araon a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe, agus chun go bhféadfar é a chur chun feidhme go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CLÁR NA nÁBHAR

CAIBIDIL I

FORÁLACHA COITEANNA 71

Airteagal 1

Ábhar 71

Airteagal 2

Cúraimí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe 71

Airteagal 3

Cuspóirí sonracha do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe 71

Airteagal 4

Díriú téamach thacaíocht CFRE 73

Airteagal 5

Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE 75

Airteagal 6

Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe 76

Airteagal 7

Eisiamh ó raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe 76

Airteagal 8

Táscairí 78

CAIBIDIL II

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÉITHE CRÍOCHACHA AR LEITH AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ NUÁLAÍOCHTA IDIR-RÉIGIÚNACHA A LÁIMHSEÁIL 78

Airteagal 9

Forbairt chríochach chomhtháite 78

Airteagal 10

Tacaíocht do limistéir faoi mhíbhuntáiste 78

Airteagal 11

Forbairt inbhuanaithe uirbeach 79

Airteagal 12

Tionscnamh Uirbeach Eorpach 79

Airteagal 13

Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha 80

Airteagal 14

Na réigiúin is forimeallaí 80

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA 81

Airteagal 15

Forálacha idirthréimhseacha 81

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú 81

Airteagal 17

Athbhreithniú 82

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm 82

IARSCRÍBHINN I

TÁSCAIRÍ COITEANNA AISCHUIR AGUS TORAIDH DO CFRE AGUS DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE - AIRTEAGAL 8(1) 83

IARSCRÍBHINN II

CROÍ-THACAR TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DO CFRE AGUS DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(3), A ÚSÁIDFIDH AN COIMISIÚN, I GCOMHRÉIR LENA CHEANGLAS TUAIRISCITHE DE BHUN PHOINTE (H)(iii) D’AIRTEAGAL 41(3) DEN RIALACHÁN AIRGEADAIS 32

CAIBIDIL I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar amach cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Leagtar amach cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe sa Rialachán seo chomh maith maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 2

Cúraimí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe

1.   Le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, rannchuideofar leis an gcuspóir foriomlán i dtaca le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú.

2.   Le CFRE, rannchuideofar le míchothromaíochtaí a laghdú idir leibhéil na forbartha i réigiúin éagsúla laistigh den Aontas, agus laghdófar cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla trí rannpháirtíocht i gcoigeartú struchtúrach réigiúin a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl agus i dtiontú na réigiún tionsclaíoch atá ag meath, lena n-áirítear tríd an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil.

3.   Leis an gCiste Comhtháthaithe, rannchuideofar le tionscadail i réimse an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach (TEN-T).

Airteagal 3

Cuspóirí sonracha do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe

1.   I gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán(AE) 2021/1060, tabharfar tacaíocht, le CFRE, do na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

Eoraip níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn (CB 1) tríd an méid a leanas a dhéanamh:

(i)

acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta agus glacadh na n-ardteicneolaíochtaí a fhorbairt agus a mhéadú;

(ii)

tairbhe a bhaint as an digitiú le haghaidh saoránach, cuideachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí;

(iii)

cur le fás inbhuanaithe agus iomaíochas na FBManna agus le cruthú post in FBManna, lena n-áirítear trí infheistíochtaí táirgiúla;

(iv)

scileanna a fhorbairt don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht;

(v)

an nascacht dhigiteach a fheabhsú;

(b)

aistriú níos glaise, ísealcharbóin a dhéanamh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach agus Eoraip athléimneach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (CB 2), a chur chun cinn trí:

(i)

éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú;

(ii)

fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear na critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach inti;

(iii)

córais, greillí agus stórais chliste fuinnimh a fhorbairt lasmuigh den Ghréasán Fuinnimh Thras-Eorpaigh (GTE-F);

(iv)

oiriúnú don athrú aeráide agus toirmeasc rioscaí ó thubaistí agus teacht aniar a chur chun cinn, agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais á gcur san áireamh;

(v)

rochtain ar uisce agus an bainistiú inbhuanaithe uisce a chur chun cinn;

(vi)

an t-aistriú go geilleagar atá ciorclach agus tíosach ar acmhainní a chur chun cinn;

(vii)

cosaint agus caomhnú an dúlra, na bithéagsúlachta agus an bhonneagair ghlais a fheabhsú, lena n-áirítear i limistéir uirbeacha, agus gach cineál truaillithe a laghdú;

(viii)

soghluaisteacht uirbeach ilmhódach inbhuanaithe a chur chun cinn, mar chuid den aistriú chuig geilleagar carbóin glan-nialasach;

(c)

Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht a fheabhsú (CB 3) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

TEN-T a fhorbairt a bheidh aeráid-díonach, cliste, slán, inbhuanaithe agus idirmhódúil;

(ii)

soghluaisteacht a fhorbairt go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil a bheidh inbhuanaithe aeráid-díonach, cliste, idirmhódúil agus a mbeidh rochtain fheabhsaithe ar TEN-T agus soghluaisteacht trasteorann le háireamh uirthi;

(d)

Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme (CB 4) trí na nithe seo a leanas:

(i)

feabhas a chur ar éifeachtacht agus cuimsitheacht na margaí saothair agus ar an rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta trí fhorbairt a dhéanamh ar an mbonneagar sóisialta agus tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn;

(ii)

feabhas a chur ar rochtain chothrom ar sheirbhísí cuimsitheacha agus ardcháilíochta san oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil trí bhonneagar inrochtana a fhorbairt, lena n-áirítear trí athléimneacht a chothú faoi choinne cianoideachais agus oideachas agus oiliúint ar líne;

(iii)

cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu, a chur chun cinn, trí ghníomhaíochtaí comhtháite, lena n-áirítear seirbhísí tithíochta agus sóisialta;

(iv)

lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír a chur chun cinn, lena n-áirítear imircigh, trí ghníomhaíochtaí comhtháite, lena n-áirítear tithíocht agus seirbhísí sóisialta;

(v)

rochtain chothrom ar chúram sláinte a áirithiú agus athléimneacht na gcóras sláinte a chothú, lena n-áirítear cúram sláinte príomhúil, agus an t-aistriú a chur chun cinn ó chúram atá institiúidbhunaithe go cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe;

(vi)

cur le ról an chultúir agus na turasóireachta inbhuanaithe san fhorbairt eacnamaíoch, sa chuimsiú sóisialta agus sa nuálaíocht shóisialta;

(e)

Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite gach cineál críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú (CB 5) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

an fhorbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil comhtháite agus cuimsitheach a chothú agus an cultúr, an oidhreacht nádúrtha, an turasóireacht inbhuanaithe agus an tslándáil i limistéir uirbeacha a chothú

(ii)

an fhorbairt áitiúil shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil comhtháite cuimsitheach a chothú agus an fhorbairt áitiúil i réimsí an chultúir, na hoidhreacht nádúrtha, na turasóireachta inbhuanaithe agus na slándála i limistéir nach limistéir uirbeacha iad a chothú.

Soláthrófar tacaíocht faoi CB5 trí straitéisí forbartha críochaí agus áitiúla, trí na foirmeacha a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Faoin dá chuspóir sonracha atá i bpointe (e) de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit tacú le hoibríochtaí ar féidir iad a chistiú faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach faoi phointí (a) go (d) den mhír sin.

3.   Tabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht do CB 2 agus 3.

4.   Faoi chuimsiú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1, féadfaidh CFRE nó an Ciste Comhtháthaithe, mar is iomchuí, tacú le gníomhaíochtaí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, áit a bhféadfaidh siad:

(a)

feabhas a chur ar acmhainneacht údaráis an chláir;

(b)

feabhas a chur ar acmhainneacht na ngníomhaithe earnála nó críochacha atá freagrach as gníomhaíochtaí a dhéanamh atá ábhartha do chur chun feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe, ar choinníoll go gcuireann an acmhainneacht sin le cuspóirí an chláir; nó

(c)

an comhar le comhpháirtithe a fheabhsú laistigh agus lasmuigh de Bhallstát faoi leith.

Áireofar ar an gcomhar dá dtagraítear i bpointe (c) comhar le comhpháirtithe ó réigiúin trasteorann, ó réigiúin neamhthadhlacha nó ó réigiúin atá lonnaithe sa chríoch a chlúdaítear faoi Ghrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach, straitéis mhacrairéigiúnach nó straitéis imchuach farraige nó cumasc díobh sin.

Airteagal 4

Díriú téamach thacaíocht CFRE

1.   Maidir leis na cláir a chuirtear chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, déanfar iomlán acmhainní CFRE, seachas iad sin don chúnamh teicniúil, i ngach Ballstát a dhíriú ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na catagóire réigiún i gcomhréir le míreanna 3 go 9.

2.   Maidir le díriú téamach na tacaíochta do na Ballstáit a bhfuil na réigiúin is forimeallaí suite iontu, is ina gceann is ina gceann a láimhseálfar na hacmhainní CFRE a leithdháiltear go sonrach ar na réigiúin is forimeallaí, agus na hacmhainní a leithdháiltear ar gach réigiún eile.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an díriú téamach a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na catagóire réigiún. Cuirfidh gach Ballstát a rogha in iúl ina Chomhaontú Comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/1060. Beidh feidhm ag an rogha sin maidir le hiomlán acmhainní CFRE an Bhallstáit sin, acmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo don chlárthréimhse iomlán.

4.   Chun críoch dírithe théamaigh ar an leibhéal náisiúnta, is mar a leanas a dhéanfar na Ballstáit a rangabháil ó thaobh chóimheas ollioncaim náisiúnta de:

(a)

iad siúd a bhfuil cóimheas ollioncaim náisiúnta acu atá cothrom le 100 % de mheán an Aontais Eorpaigh nó os a chionn (“grúpa 1”);

(b)

iad siúd a bhfuil cóimheas ollioncaim náisiúnta acu atá cothrom le 75 % de mheán an Aontais Eorpaigh agus é faoi bhun 100 % de (“grúpa 2”);

(c)

iad siúd a bhfuil cóimheas ollioncaim náisiúnta acu atá faoi bhun 75 % de mheán an Aontais Eorpaigh (“grúpa 3”).

Chun críocha an Airteagail seo, is éard is ciall le coibhneas an ollioncaim náisiúnta an coibhneas idir an t-ollioncam náisiúnta per capita atá ag Ballstát, rud a thomhaistear de réir na gcaighdeán um chumhacht chun ceannaithe, agus rud a ríomhtar ar bhonn na bhfigiúr atá ag an Aontas don tréimhse ó 2015 go 2017, agus an meán-ollioncam per capita sna caighdeáin um chumhacht chun ceannaithe atá ag an 27 mBallstát don tréimhse thagartha chéanna.

Maidir leis na cláir atá faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis do na réigiúin is forimeallaí, is le grúpa 3 a dhéanfar iad a rangabháil.

Maidir leis na cláir atá faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis do na Ballstáit oileánacha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe, is le grúpa 3 a dhéanfar iad a rangabháil.

5.   Chun críoch dírithe théamaigh ar an leibhéal catagóire réigiún, is de réir na catagóire réigiún a dhéanfar na réigiúin a aicmiú, i gcomhréir le hAirteagal 108(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, mar seo a leanas:

(a)

réigiúin níos forbartha;

(b)

réigiúin trasdula;

(c)

réigiúin bheagfhorbartha.

6.   Ar an leibhéal náisiúnta, comhlíonfaidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas maidir le díriú téamach:

(a)

déanfaidh Ballstáit ghrúpa 1 nó réigiúin níos forbartha líon nach lú ná 85 % dá n-acmhainní CFRE dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar CB 1 agus CB 2, agus líon nach lú ná 30 % a leithdháileadh ar CB 2;

(b)

déanfaidh Ballstáit ghrúpa 2 nó réigiúin trasdula líon nach lú ná 40 % dá n-acmhainní CFRE dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar CB 1, agus líon nach lú ná 30 % ar CB 2;

(c)

déanfaidh Ballstáit ghrúpa 3 nó réigiúin bheagfhorbartha líon nach lú ná 25 % dá n-acmhainní CFRE dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar CB 1, agus líon nach lú ná 30 % ar CB 2.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát na ceanglais maidir le díriú téamach a chomhlíonadh ar leibhéal na catagóire réigiún, beidh feidhm ag na tairseacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo maidir leis na hacmhainní CFRE dá dtagraítear i mír 1 comhiomlánaithe le chéile do na réigiúin uile a thagann faoin gcatagóir réigiúin faoi seach.

7.   I gcás ina ndéanfaidh Ballstát níos mó ná 50 % dá acmhainní iomlána ón gCiste Comhtháthaithe a leithdháileadh ar CB 2 nach acmhainní don chúnamh teicniúil iad arna ríomh tar éis an aistrithe a leagtar amach in Airteagal 110(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, seachas acmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b)(viii) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) den Rialachán seo, féadfar an leithdháileadh a théann thar an 50 % a chur san áireamh agus comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach a leagtar amach i mír 46 den Airteagal seo á ríomh.

Má chinneann Ballstát díriú téamach ar leibhéal na catagóire réigiún a chomhlíonadh, déanfar na hacmhainní ón gCiste Comhtháthaithe, a chuirtear san áireamh le haghaidh ceanglais maidir le díriú téamach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a leithdháileadh pro rata ar na catagóirí éagsúla réigiún bunaithe ar a sciar coibhneasta de dhaonra iomlán an Bhallstáit lena mbaineann.

Leagfaidh na Ballstáit amach ina gComhaontú Comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/1060 cibé acu an gcuirfear nó nach gcuirfear na hacmhainní ón gCiste Comhtháthaithe san áireamh le haghaidh ceanglais maidir le díriú téamach do CB2.

8.   Déanfar na hacmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a)(v) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe.

De mhaolú ar mhír 6, cuirfear 40 % de na hacmhainní sin san áireamh agus comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach le haghaidh CB 1 a leagtar amach i mír 6 á ríomh.

Na hacmhainní a chuirfear san áireamh le haghaidh na gceanglas maidir le díriú téamach i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo, ní rachaidh siad thar 40 % de na híoscheanglais maidir le díriú téamach le haghaidh CB 1 a leagtar amach i mír 6.

9.   Déanfar na hacmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b)(viii) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe.

De mhaolú ar mhír 6, cuirfear 50 % de na hacmhainní CFRE sin san áireamh agus comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach le haghaidh CB 2 a leagtar amach i mír 64 á ríomh.

Na hacmhainní a chuirfear san áireamh le haghaidh na gceanglas maidir le díriú téamach i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo, ní rachaidh siad thar 50 % de na híoscheanglais maidir le díriú téamach le haghaidh CB 2 a leagtar amach i mír 6.

10.   Na ceanglais don díriú téamach a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, comhlíonfar iad i rith na clárthréimhse ó thús go deireadh, agus i rith na huaire a aistreofar leithdháiltí CFRE idir tosaíochtaí cláir nó idir cláir don athbhreithniú lár téarma i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060.

11.   I gcás ina laghdófar leithdháileadh de chuid CFRE i dtaca le CB 1 nó CB 2, nó an dá cheann, mar gheall ar shaoradh faoi Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060, nó de bharr ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 104 den Rialachán sin, ní dhéanfar athmheasúnú ar chomhlíonadh na gceanglas um dhíriú téamach a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo.

12.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an gcistiú breise do na réigiúin thuaidh inar tearc an daonra dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 5

Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE

1.   Le CFRE, tacófar leis na nithe seo a leanas:

(a)

infheistíocht i mbonneagar;

(b)

gníomhaíochtaí don taighde feidhmeach agus nuálaíocht, lena n-áirítear taighde tionsclaíoch, forbairt thurgnamhach agus staidéir indéantachta;

(c)

infheistíocht sa rochtain ar sheirbhísí;

(d)

infheistíochtaí táirgiúla in FBManna agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh poist atá ann cheana a chosaint agus poist nua a chruthú;

(e)

trealamh, bogearraí, agus sócmhainní doláimhsithe;

(f)

líonrú, comhar, malartú taithí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cnuasaigh nuálaíochta lena n-áirítear idir gnólachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí;

(g)

faisnéis, cumarsáid agus staidéir; agus

(h)

cúnamh teicniúil.

2.   Féadfar tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí táirgiúla seachas FBManna:

(a)

nuair atá comhar le FBManna i gceist leo i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dtacaítear leo faoi phointe (a)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1);

(b)

nuair a thacaíonn siad go príomha le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite faoi phointí (b)(i) agus (b)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1);

(c)

nuair a dhéantar iad i gcuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe mar a shainmhínítear iad i bpointí (6) agus (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) trí ionstraimí airgeadais; nó

(d)

nuair a dhéantar iad i gcuideachtaí meánchaipitlithe beaga i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dtacaítear leo faoi phointe (a)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1).

3.   Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sonrach faoi CB 1 a leagtar amach i bpointe (a)(iv) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1), leis an CFRE, tabharfar tacaíocht freisin do ghníomhaíochtaí i ndáil leis an oiliúint, le foghlaim ar feadh an tsaoil, le hathoiliúint agus leis an oideachas.

4.   Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sonrach faoi CB 2 a leagtar amach i bpointe (b)(iv) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) agus leis an gcuspóir sonrach faoi CB 4 a leagtar amach i bpointe (d)(v) den fhomhír sin, le CFRE, tacófar chomh maith le ceannach na soláthairtí is gá le hathléimneacht na gcóras sláinte agus le hathléimneacht ó thubaistí a neartú.

5.   Faoi Interreg, le CFRE, féadfar tacú freisin:

(a)

le roinnt na n-áiseanna agus na n-acmhainní daonna; agus

(b)

le hinfheistíochtaí boga tionlacain agus gníomhaíochtaí eile atá nasctha le CB 4 faoi Chiste Sóisialta Breise na hEorpa mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1057

6.   Le CFRE, féadfar tacú le maoiniú caipitil oibre i FBManna i bhfoirm deontas, i gcás ina bhfuil géarghá leis mar bheart sealadach chun freagairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/1060.

7.   I gcás, ar iarraidh a bheith tíolactha ag na Ballstáit lena mbaineann, ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 6, glacfaidh sé cinneadh cur chun feidhme ina sonrófar an tréimhse a n-údaraítear an tacaíocht shealadach bhreise ó CFRE lena linn.

8.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi chur chun feidhme mhír 6 agus déanfaidh sé a mheasúnú an leor nó nach leor an tacaíocht shealadach bhreise ó CFRE chun úsáid an chiste a éascú mar fhreagairt ar na himthosca eisceachtúla nó neamhghnácha. Ar bhonn a mheasúnaithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le ceanglais maidir le díriú téamach in Airteagal 4.

9.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé struchtúrtha a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm míreanna 6, 7 agus 8 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 6

Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe

1.   Tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis na nithe seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí sa chomhshaol, lena n-áirítear infheistíochtaí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus fuinneamh ar tairbhe don chomhshaol iad, agus béim shonrach á leagan ar fhuinneamh inathnuaite;

(b)

infheistíochtaí i TEN-T;

(c)

cúnamh teicniúil;

(d)

faisnéis, cumarsáid agus staidéir.

Áiritheoidh na Ballstáit cothromaíocht iomchuí idir infheistíochtaí faoi phointí (a) agus (b), bunaithe ar cheanglais infheistíochta agus bonneagair is sonrach do gach Ballstát.

2.   Beidh an méid den Chiste Comhtháthaithe a aistreofar chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) 2020/ … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á úsáid i gcomhair thionscadail TEN-T.

Airteagal 7

Eisiamh ó raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe

1.   Ní thacóidh CFRE ná an Ciste Comhtháthaithe leis na nithe seo a leanas:

(a)

díchoimisiúnú nó tógáil stáisiún cumhachta núicléach;

(b)

infheistíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach;

(c)

monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(d)

gnóthas atá i gcruachás, mar a shainmhínítear é i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, mura dtugtar údarú faoi chabhair de minimis nó rialacha státchabhrach sealadacha a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla;

(e)

infheistíocht i mbonneagar aerfort, cé is moite de na réigiúin is forimeallaí nó sna haerfoirt réigiúnacha atá ann cheana mar a shainmhínítear iad i bpointe (153) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(i)

i mbearta maolaithe maidir leis an tionchar ar an gcomhshaol; nó

(ii)

i gcórais slándála, sábháilteachta agus bainistíochta aerthráchta a eascraíonn as an Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair;

(f)

infheistíocht i ndiúscairt na dramhaíola i líonadh talún, seachas:

(i)

i gcás na réigiún is forimeallaí, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo amháin; nó

(ii)

i gcás infheistíochtaí chun líonta talún atá ann cheana a dhíchoimisiúnú, a iompú ar ais nó a dhéanamh slán ar choinníoll nach méadóidh infheistíochtaí den sórt sin a n-acmhainneacht;

(g)

infheistíocht lena méadaítear an acmhainneacht in áiseanna cóireála dramhaíola iarmharaí, seachas:

(i)

i gcás na réigiún is forimeallaí, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo amháin;

(ii)

infheistíocht i dteicneolaíochtaí chun ábhair a aisghabháil ó dhramhaíl iarmharach chun críocha an gheilleagair chiorclaigh;

(h)

infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, iompar, dáileadh, stóráil nó dóchán breoslaí iontaise, cé is moite de na nithe seo a leanas:

(i)

córais téimh gásadhainte a chur in ionad córais téimh arna n-adhaint le breoslaí iontaise soladacha, eadhon gual, móin, lignít, scealla ola, chun an méid a leanas a dhéanamh:

córais téimh agus fuaraithe ceantair a uasghrádú de réir stádais mar “théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil” mar a shainmhínítear iad i bpointe (41) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

suiteálacha teasa agus cumhachta comhcheangailte a uasghrádú leis an stádas “comhghiniúint ardéifeachtúlachta” mar a shainmhínítear iad i bpointe (34) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

infheistíocht i gcoirí gásadhainte nádúrtha agus i gcórais téimh i dtithíocht agus i bhfoirgnimh a chuirtear in ionad suiteálacha ina n-úsáidtear gual, móin, lignít nó scealla ola;

(ii)

infheistíocht i líonraí tarchurtha agus dáilte gáis a mhéadú, a thiontú nó a iarfheistiú nó a gcuspóir a athrú ar choinníoll go mbeidh na líonraí ullamh chun gáis inathnuaite ísealcharbóin, amhail hidrigin, bithmheatán agus gás sintéise, a chur leis an gcóras a bhuí leis infheistíocht sin agus go mbeifear in ann suiteálacha eile a chur in ionad suiteálacha breoslaí iontaise soladacha;

(iii)

infheistíocht sna nithe seo a leanas:

feithiclí glana mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) chun críocha an phobail; agus

feithiclí, aerárthaí agus soithí a dheartar agus a thógtar nó a oiriúnaítear lena n-úsáid ag seirbhísí cosanta sibhialta agus ag seirbhísí dóiteáin.

2.   Ní rachaidh líon iomlán na tacaíochta ón Aontas don infheistíocht ón Aontas dá dtagraítear i bpointí (h)(i) agus (h)(ii) de mhír 1 thar na teorainneacha seo a leanas de mhéid iomlán leithdháileadh na gclár ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post don Bhallstát lena mbaineann:

(a)

maidir leis na Ballstáit a bhfuil a n-ollioncam náisiúnta (OIN) per capita níos lú ná 60 % de mheán-OIN an Aontais per capita, nó na Ballstáit a bhfuil a n-ollioncam náisiúnta per capita faoi bhun 90 % de mheán-OIN an Aontais per capita agus a bhfuil sciar de bhreoslaí iontaise soladacha acu in olltomhaltas fuinnimh intíre atá cothrom le 25 % nó níos mó, is é 1,55 % an uasteorainn;

(b)

maidir leis na Ballstáit seachas iad sin i bpointe (a) a bhfuil a OIN per capita faoi bhun 90 % de mheán-OIN an Aontais per capita, is é 1 % an uasteorainn;

(c)

maidir leis na Ballstáit a bhfuil a OIN per capita comhionann le 90 % de mheán-OIN an Aontais per capita nó níos mó de, is é 0,2 % an uasteorainn.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, tomhaisfear an t-ollioncam náisiúnta per capita atá ag Ballstát de réir na gcaighdeán um chumhacht chun ceannaithe, agus ríomhfar é ar bhonn na bhfigiúr atá ag an Aontas don tréimhse ó 2015 go 2017, agus déanfar é a shloinneadh mar chéatadán. den mheán-ollioncam per capita sna caighdeáin um chumhacht chun ceannaithe atá ag an 27 mBallstát don tréimhse thagartha chéanna.

Chun críocha an Airteagail seo, is ionann an sciar de bhreoslaí iontaise soladacha i dtomhaltas fuinnimh agus an sciar de ghual, lignít, móin agus scealla ola arna tomhas in 2018.

4.   Roghnóidh an t-údarás bainistíochta na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi phointí (h)(i) agus (h)(ii) de mhír 1 faoin 31 Nollaig 2025. Ní dhéanfar oibríochtaí den sórt sin a chéimniú amach go dtí an chéad chlárthréimhse eile.

5.   Ní thabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht don infheistíocht i dtithíocht mura mbíonn baint aici le cur chun cinn na héifeachtúlachta fuinnimh nó na húsáide fuinnimh inathnuaite.

6.   Ní bheidh tíortha ná críocha thar lear incháilithe chun tacaíocht a fháil ó CFRE ná ón gCiste Comhtháthaithe, ach féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gcláir Interreg i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

Airteagal 8

Táscairí

1.   Bainfear úsáid as táscairí coiteanna aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir agus toraidh atá clárshonrach i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 16(1), pointe (d)(ii) d’Airteagal 22(3) agus pointe (b) d’Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach.

3.   I gcomhlíonadh a cheanglas tuairiscithe de bhun phointe (h) d’Airteagal 41(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) (an “Rialachán Airgeadais”), cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn II a leasú d’fhonn na hathruithe ábhartha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a ndéantar tábhacht straitéiseach na n-infheistíochtaí arna gcómhaoiniú ag CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe a chur san áireamh i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÉITHE CRÍOCHACHA AR LEITH AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ NUÁLAÍOCHTA IDIR-RÉIGIÚNACHA A LÁIMHSEÁIL

Airteagal 9

Infheistíocht chríochach chomhtháite

1.   Féadfaidh CFRE tacú le forbairt chríochach chomhtháite laistigh de chláir faoin dá sprioc dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcomhréir le Caibidil II de Theideal III den Rialachán sin.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit forbairt chríochach chomhtháite chun feidhme, le tacaíocht ó CFRE, ach trí na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán(AE) 2021/1060.

Airteagal 10

Tacaíocht do limistéir faoi mhíbhuntáiste

I gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE, tabharfaidh CFRE aird faoi leith ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na réigiún agus na limistéar faoi mhíbhuntáiste, go háirithe limistéir thuaithe agus limistéir a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu. I gcás inarb iomchuí, leagfaidh na Ballstáit amach cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha nó ar riachtanais shonracha na réigiún agus na limistéar sin ina gcomhaontuithe comhpháirtíochta i gcomhréir le pointe (i) den chéad fhomhír d’Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1060. D’fhéadfadh gealltanas maidir le cistiú tiomnaithe chun na críche sin a bheith san áireamh i gcur chuige comhtháite den sórt sin.

Airteagal 11

Forbairt inbhuanaithe uirbeach

1.   Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta, tabharfaidh CFRE tacaíocht don fhorbairt chríochach chomhtháite bunaithe ar straitéisí críochacha nó straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail i gcomhréir le hAirteagal 29 nó 32 de Rialachán (AE) 2021/1060, faoi seach, a dhíríonn ar cheantair uirbeacha, lena n-áirítear ceantair uirbeacha fheidhmiúla (“forbairt inbhuanaithe uirbeach”) laistigh de chláir faoi chuimsiú an dá sprioc dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán sin.

Tabharfar aird ar leith ar dhul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus aeráide, go háirithe an t-aistriú i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach faoi 2050, ar leas a bhaint as poitéinseal na dteicneolaíochtaí digiteacha chun críoch nuálaíochta, agus ar thacaíocht a thabhairt do limistéir uirbeacha fheidhmiúla a fhorbairt. Sa chomhthéacs sin, déanfar acmhainní forbartha uirbí inbhuanaithe atá cláraithe faoi thosaíochtaí a fhreagraíonn do CB 1 agus 2 a áireamh faoi chomhair na gceanglas maidir le díriú téamach faoi Airteagal 4.

2.   Déanfar, ar a laghad, 8 % d’acmhainní CFRE ar an leibhéal náisiúnta faoin sprioc “Infheistíocht le haghaidh post agus fáis”, nach acmhainní don chúnamh teicniúil iad, a leithdháileadh ar fhorbairt uirbeach inbhuanaithe i bhfoirm amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán(AE) 2021/1060.

Roghnóidh na húdaráis nó na comhlachtaí críochacha ábhartha na hoibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 29(3) agus le pointe (d) d’Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 nó beidh baint acu lena roghnú.

Na cláir atá i gceist, leagfaidh siad amach na suimeanna atá beartaithe chun na críche sin faoi phointe (d)(viii) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060.

3.   An céatadán atá le leithdháileadh don forbairt uirbeach inbhuanaithe faoi mhír 2 den Airteagal seo, comhlíonfar é i rith na clárthréimhse ar fad, le linn na huaire a bheidh leithdháiltí CFRE á n-aistriú idir tosaíochtaí cláir nó idir cláir, agus le linn an athbhreithnithe meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060.

4.   Sa chás go laghdófar leithdháileadh de chuid CFRE mar gheall ar shaoradh faoi Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060, nó de bharr ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 104 den Rialachán sin, ní dhéanfar athmheasúnú ar chomhlíonadh mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 12

Tionscnamh Uirbeach Eorpach

1.   Le CFRE, tacófar leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, rud a chuireann an Coimisiún chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach agus indíreach.

Cumhdófar leis an tionscnamh seo gach limistéar uirbeach, lena n-áirítear limistéar uirbeacha fheidhmiúla, agus tacóidh sé leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, lena n-áirítear tacaíocht do rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil sna comhpháirtíochtaí téamacha arna bhforbairt faoin gClár Oibre Uirbeach don AE.

2.   Is iad an dá shraith seo a leanas a bheidh i gceist leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, i ndáil le forbairt uirbeach inbhuanaithe:

(a)

tacaíocht do ghníomhaíochtaí nuálacha;

(b)

tacaíocht don fhothú acmhainneachta agus eolais, do mheasúnuithe tionchair chríochaigh, don fhorbairt beartais agus don chumarsáid.

Féadfaidh an Tionscnamh Uirbeach Eorpach tacú le comhar idir-rialtais maidir le cúrsaí uirbeacha ach a n-iarrfaidh ceann nó níos mó de na Ballstáit an tacaíocht sin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhar atá dírithe ar fhothú acmhainneachta ar an leibhéal áitiúil chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dhá bhliain maidir le forbairtí a bhaineann leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach.

3.   Áiritheofar i múnla rialachais an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh rannpháirtíocht na mBallstát, na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus na gcathracha agus áiritheoidh sé comhordú agus comhlántachtaí iomchuí leis an gclár tiomnaithe faoi phointe (b) d’Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2021/1059 a phléann le forbairt inbhuanaithe uirbeach.

Airteagal 13

Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha

1.   Tacóidh CFRE leis an Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha.

2.   Tacóidh an Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha le tráchtálú agus uas-scálú tionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha a d’fhéadfadh forbairt slabhraí luacha Eorpacha a spreagadh.

3.   Is iad an dá shraith seo a leanas a bheidh san Ionstraim um Infheistíocht Nuálaíochta Idir-réigiúnacha, lena dtugtar tacaíocht go comhionann don mhéid seo a leanas:

(a)

tacaíocht airgeadais agus chomhairleach d’infheistíochtaí i dtionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha i réimsí speisialtóireachta cliste comhroinnte;

(b)

tacaíocht airgeadais agus chomhairleach, agus fothú acmhainneachta chun slabhraí luacha a fhorbairt i réigiúin bheagfhorbartha.

4.   Féadfar suas le 2 % de na hacmhainní a thiomnú do ghníomhaíochtaí foghlama agus meastóireachta, chun leas a bhaint as toradh na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin dá shraith agus iad a scaipeadh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún na hinfheistíochtaí sin a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach.

6.   Tabharfaidh grúpa saineolaithe tacaíocht don Choimisiún ina chuid oibre.

Beidh an grúpa saineolaithe comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ó údaráis réigiúnacha agus ó chathracha, agus ionadaithe ó lucht gnó, ó lucht taighde agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Beidh sé mar aidhm i gcomhdhéanamh an ghrúpa saineolaithe an chothromaíocht inscne a áirithiú.

Tacóidh an grúpa saineolaithe leis an gCoimisiún agus clár oibre fadtéarma á shainiú agus glaonna ar thograí a ullmhú.

7.   Agus an ionstraim seo á cur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún comhordú agus sineirge le cláir agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus go háirithe leis an tsraith Interreg C mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1059.

8.   Cumhdóidh an Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha críoch iomlán an Aontais.

Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach san ionstraim seo, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar síos in Airteagail 16 agus 23 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) (“Rialachán Fís Eorpach”).

Airteagal 14

Na réigiúin is forimeallaí

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí. Maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí, úsáidfear é chun na costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad arna dtabhú sna réigiúin sin de bharr ceann nó cuid de na srianta buana forbartha atá orthu agus dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

2.   An leithdháileadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé tacaíocht do na nithe seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí laistigh den raon feidhme faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo iad;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 5 den Rialachán seo, bearta a chlúdaíonn costais oibriúcháin d’fhonn na costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad arna dtabhú sna réigiúin is forimeallaí de bharr ceann nó cuid de na srianta buana forbartha atá orthu, srianta dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

An leithdháileadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé tacú chomh maith le caiteachas a cheadaítear le haghaidh chumhdach na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí agus conarthaí sna réigiúin is forimeallaí.

3.   An leithdháileadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní thabharfaidh sé tacaíocht do na nithe seo a leanas:

(a)

oibríochtaí a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;

(b)

cabhair chun na daoine atá údaraithe faoi phointe (a) d’Airteagal 107(2) CFAE a iompar;

(c)

díolúintí cánach agus díolúine na muirear sóisialta;

(d)

oibleagáidí seirbhíse poiblí nach gnóthais a chomhlíonann iad, agus ina ngníomhaíonn an Stát trí chumhacht phoiblí a fheidhmiú.

4.   De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 5(1), féadfaidh CFRE tacú le hinfheistíocht tháirgiúil i bhfiontair sna réigiúin is forimeallaí, gan beann ar mhéid na bhfiontar sin.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Forálacha idirthréimhseacha

Rialacháin (AE) Uimh. 1300/2013 agus (AE) Uimh. 1301/2013, nó aon ghníomh a ghlactar fúthu, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus le hoibríochtaí a dtugann CFRE tacaíocht dóibh faoi chlárthréimhse 2014-2020.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 1 Iúil 2021.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2027, i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 90.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 115.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (IO C 108, 26.3.2021, lch. 566) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais dóibh siúd agus don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (féach leathanach 159 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(9)  Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).

(10)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“an Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

(11)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).

(13)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(16)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(18)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(19)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1291/2013 agus (AE) Uimh. 1316/2013 – an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, p. 1).

(22)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(23)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh ((féach leathanach 94 den Iris Oifigiúil seo).

(24)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR AGUS TORAIDH DO CFRE AGUS DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE - AIRTEAGAL 8(1) (1)

Tábla 1

Comhtháscairí aschuir agus toraidh do CFRE (Infheistíocht le haghaidh post agus fáis agus Interreg) agus don Chiste Comhtháthaithe  (**)

Cuspóir beartais

Cuspóir sonrach

Aschuir

Torthaí

(1)

(2)

(3)

(4)

1.

Eoraip níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn (CB 1)

(i)

Acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta agus glacadh na n-ardteicneolaíochtaí a fhorbairt agus a mhéadú

RCO (2)01 – Fiontair dá dtugtar tacaíocht (ar a bhfuil micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra)* (3)

RCO 02 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht trí dheontais*

RCR (4)01 – Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht*

RCR 102 – Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht*

 

RCO 03 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht le hionstraimí airgeadais*

RCO 04 – Fiontair dá dtugtar tacaíocht neamhairgeadais*

RCO 05 – Fiontair nua dá dtugtar tacaíocht*

RCO 06 – Taighdeoirí a oibríonn i saoráidí taighde dá dtugtar tacaíocht

RCO 07 – Eagraíochtaí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde chomhpháirteacha

RCR 02 - Infheistíochtaí príobháideacha a thagann le tacaíocht phoiblí (ar a bhfuil deontais, ionstraimí airgeadais)* (3)

RCR 03 – Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhfuil nuálaíocht táirgí nó próiseas á dtabhairt isteach acu*

RCR 04 – FBManna a bhfuil nuálaíocht margaíochta nó eagraíochtúil á dtabhairt isteach acu*

 

RCO 08 – Luach ainmniúil trealaimh le haghaidh taighde agus nuálaíochta

RCO 10 – Fiontair a chomhoibríonn le heagraíochtaí taighde

RCO 96 – Infheistíochtaí idir-réigiúnacha le haghaidh nuálaíochta i dtionscadail an Aontais*

RCR 05 - FBManna i mbun nuálaíocht inmheánach*

RCR 06 - Iarratais ar phaitinní curtha faoi bhráid Oifig Eorpach na bPaitinní*

RCR 07 – Iarratais ar thrádmharc agus ar dhearaí*

RCR 08 – Foilseacháin ó thionscadail dá dtugtar tacaíocht

(ii)

Tairbhe a bhaint as an digitiú le haghaidh saoránach, cuideachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí

RCO 13 – Luach na seirbhísí agus na dtáirgí digiteacha arna bhforbairt le haghaidh fiontar*

RCO 14 – Institiúidí poiblí dá dtugtar tacaíocht chun seirbhísí, táirgí agus próisis dhigiteacha a fhorbairt*

RCR 11 – Úsáideoirí seirbhísí, táirgí agus próisis dhigiteacha phoiblí nua agus uasghrádaithe*

RCR 12 – Úsáideoirí seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach nua agus uasghrádaithe arna bhforbairt ag fiontair*

RCR 13 – Fiontair a bhaineann amach déine dhigiteach ard*

(iii)

Cur le fás inbhuanaithe agus iomaíochas FBManna agus le cruthú post in FBManna, lena n-áirítear trí infheistíochtaí táirgiúla

RCO 15 – Acmhainneacht ghoir arna cruthú*

RCO 103 – Fiontair ardfháis dá dtugtar tacaíocht*

RCR 17 – Fiontair nua ar marthain sa mhargadh*

RCR 18 – FBManna a úsáideann seirbhísí goir tar éis chruthú na gorlainne*

RCR 19 – Fiontair ag a bhfuil láimhdeachas ard*

RCR 25 – FBManna ag a bhfuil breisluach níos airde in aghaidh an fhostaí*

(iv)

Scileanna a fhorbairt don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht

RCO 16 – Rannpháirtíocht geallsealbhóirí institiúideacha i bpróiseas fionnachtana fiontraíochta

RCO 101 – FBManna a dhéanann infheistiú i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht*

RCR 97 – Printíseachtaí dá dtugtar tacaíocht in FBManna

RCR 98 – Foireann FBManna a chuireann oiliúint i gcrích i gcomhair scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht (de réir chineál na scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile) (3)*

(v)

An nascacht dhigiteach a fheabhsú

RCO 41 – Teaghaisí breise ag a bhfuil rochtain ar leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta

RCO 42 – Fiontair bhreise ag a bhfuil rochtain ar leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta

RCR 53 – Teaghaisí ag a bhfuil síntiúis leathanbhanda le líonra fíor-ardacmhainneachta

RCR 54 – Fiontair ag a bhfuil síntiúis leathanbhanda le líonra fíor-ardacmhainneachta

2.

Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (CB 2) a chur chun cinn

(i)

Éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú

RCO 18 – Teaghaisí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe

RCO 19 – Foirgnimh phoiblí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe

RCO 20 – Línte líonraí le haghaidh téamh agus fuarú ceantair a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí

RCO 104 – Líon na n-aonad comhghiniúna ardéifeachtúil

RCO123 – Teaghaisí a bhaineann tairbhe as coirí gásadhainte nádúrtha agus as córais téimh a chuirtear in ionad suiteálacha atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise soladacha

RCR 26 - Príomhthomhaltas fuinnimh bliantúil (ar a bhfuil teaghaisí, foirgnimh phoiblí, fiontair, eile) (3)

RCR 29 – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta*

RCR 105 - Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta ó choirí agus ó chórais téimh arna dtiontú ó chórais breoslaí iontaise ina gcórais gháis

(ii)

Fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear na critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach inti

RCO 22 – Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh inathnuaite (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (3)*

RCO 97 – Pobail fuinneamh inathnuaite dá dtugtar tacaíocht*

RCR 31 – An fuinneamh inathnuaite iomlán arna tháirgeadh (ar a bhfuil leictreachas, fuinneamh teirmeach) (3)*

RCR 32 – Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite*

(iii)

Córais, greillí agus stórais chliste fuinnimh a fhorbairt lasmuigh den Ghréasán Fuinnimh Tras-Eorpach (GTE-F)

RCO 23 – Córais bainistithe dhigiteacha le haghaidh córais chliste fuinnimh

RCO 105 – Réitigh do stóráil leictreachais

RCO124: Línte líonraí le haghaidh tarchur agus dáileadh gáis a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí

RCR 33 - Úsáideoirí nasctha le córais chliste fuinnimh

RCR 34 - Leathadh amach ar thionscadail le haghaidh córais chliste fuinnimh

(iv)

Oiriúnú don athrú aeráide agus toirmeasc rioscaí ó thubaistí, agus teacht aniar a chur chun cinn, agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais á gcur san áireamh

RCO 24 – Infheistíocht i gcórais nua nó uasghrádaithe don fhaireachán, ullmhacht, foláireamh agus freagairt i gcás tubaistí i gcoinne tubaistí nádúrtha *

RCO 122 – Infheistíocht i gcórais nua nó uasghrádaithe don fhaireachán, ullmhacht, foláireamh agus freagairt i gcás tubaistí i gcoinne rioscaí nádúrtha nach mbaineann leis an aeráid agus i gcoinne rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine

RCO 25 – Cosaint nuathógtha nó dhaingnithe feadh an chósta, ar bhruach abhann agus ar bhruach locha

RCO 106 – Cosaint nuathógtha nó dhaingnithe ar sciorradh talún

RCO 26 – Bonneagar glas arna thógáil nó arna uasghrádú chun oiriúnú don athrú aeráide*

RCO 27 – Straitéisí náisiúnta agus fonáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide*

RCO 28 – Limistéar arna chumhdach le bearta cosanta ar fhalscaithe

RCR 121 – Limistéar arna chumhdach le bearta cosanta ar thubaistí nádúrtha a bhaineann leis an aeráid (seachas tuilte agus falscaithe)

RCR 35 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta ar thuilte

RCR 36 - Daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta ar fhalscaithe

RCR 37 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta ar thubaistí nádúrtha a bhaineann leis an aeráid (seachas tuilte nófalscaithe)

RCR 96 – An daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta ar rioscaí nádúrtha nach mbaineann leis an aeráid agus ar rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine*

(v)

Rochtain ar uisce agus an bainistiú inbhuanaithe uisce a chur chun cinn

RCO 30 – Fad píobán nua nó uasghrádaithe le haghaidh córais dáileacháin don soláthar poiblí uisce

RCO 31 – Fad píobán nua nó uasghrádaithe don líonra poiblí le haghaidh fuíolluisce a bhailiú

RCO 32 - Acmhainneacht nua nó uasghrádaithe le haghaidh fuíolluisce a chóireáil

RCR 41 – Daonra nasctha le soláthar uisce poiblí feabhsaithe

RCR 42 – Daonra nasctha le cóireáil fuíolluisce poiblí atá tánaisteach ar a laghad

RCR 43 – Caillteanais uisce i gcórais dáileacháin don soláthar poiblí uisce

(vi)

An t-aistriú go geilleagar atá ciorclach agus tíosach ar acmhainní a chur chun cinn

RCO 34 – Acmhainneacht bhreise le haghaidh athchúrsáil uisce

RCO 107 – Infheistíocht i saoráidí bailithe dramhaíola ar leithligh

RCO 119 – Dramhaíl arna hullmhú lena hathúsáid

RCR 103 – Dramhaíl a bhailítear ar leithligh

RCR 47 - Dramhaíl arna hathchúrsáil

RCR 48 - Dramhaíl arna húsáid mar amhábhair

(vii)

Cosaint agus caomhnú an dúlra, na bithéagsúlachta agus an bhonneagair ghlais a fheabhsú, lena n-áirítear i limistéir uirbeacha, agus gach cineál truaillithe a laghdú

RCO 36 – Bonneagar glas dá dtugtar tacaíocht chun críocha eile seachas oiriúnú don athrú aeráide

RCO 37 – Achar dromchla láithreáin Natura 2000 arna chumhdach ag bearta cosanta agus athchóirithe

RCO 38 - Achar dromchla na talún athshlánaithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 39 – Limistéar arna chumhdach ag córais atá suiteáilte chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir

RCR 50 – Daonra a bhaineann tairbhe as bearta le haghaidh cháilíocht an aeir*

RCR 95 – Daonra ag a bhfuil rochtain ar bhonneagar glas nua nó feabhsaithe*

RCR 52 – Talamh athshlánaithe arna úsáid le haghaidh limistéir ghlasa, tithíocht shóisialta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó úsáidí eile

(viii)

Soghluaisteacht uirbeach ilmhódach inbhuanaithe a chur chun cinn, mar chuid den aistriú chuig geilleagar carbóin glan-nialasach

RCO 55 – Fad na línte nua tram agus meitreo

RCO 56 – Fad na línte atógtha nó nuachóirithe tram agus meitreo

RCO 57 – Toilleadh an rothstoic atá neamhdhíobhálach don chomhshaol le haghaidh iompar poiblí*

RCO 58 – Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht*

RCO 59 – Bonneagar breoslaí malartacha (pointí athbhreoslaithe nó athluchtaithe)*

RCO 60 – Cathracha agus bailte ag a bhfuil córais dhigiteacha iompair uirbigh nua nó nuachóirithe

RCR 62 – Úsáideoirí bliantúla iompair phoiblí nua nó nuachóirithe

RCR 63 – Úsáideoirí bliantúla línte nua nó nuachóirithe tram agus meitreo

RCR 64 – Úsáideoirí bliantúla bonneagair rothaíochta thiomnaithe

3.

Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht a fheabhsú (CB 3)

(i)

TEN-T a fhorbairt a bheidh aeráid-díonach, cliste, slán, inbhuanaithe agus idirmhódúil

RCO 43 – Fad na mbóithre nua nó uasghrádaithe - TEN-T (5)

RCO 45 – Fad na mbóithre arna n-athdhéanamh nó arna nuachóiriú - TEN-T

RCO 108 – Fad na mbóithre le córais nua nó nuachóirithe bainistíochta tráchta – TEN-T

RCO 47 – Fad an iarnróid nua nó uasghrádaithe - TEN-T

RCO 49 – Fad an iarnróid arna athdhéanamh nó arna nuachóiriú - TEN-T

RCO 51 – Fad na n-uiscebhealaí nua, uasghrádaithe nó nuachóirithe - TEN-T

RCO 109 – Fad na n-iarnród atá i bhfeidhm ag a bhfuil Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid – TEN-T

RCR 55 – Úsáideoirí bliantúla bóithre arna nuathógáil, arna n-athdhéanamh, arna n-uasghrádú nó arna nuachóiriú

RCR 56 – Sábháil ama mar gheall ar bhonneagar bóthair feabhsaithe

RCR 101 – Sábháil ama mar gheall ar bhonneagar iarnróid feabhsaithe

RCR 58 – Úsáideoirí bliantúla iarnróid arna nuathógáil, arna n-uasghrádú, arna n-athdhéanamh nó arna nuachóiriú

RCR 59 – Iompar lasta iarnróid

RCR 60 – Iompar lasta ar uiscebhealaí intíre

(ii)

Soghluaisteacht a fhorbairt agus a fheabhsú go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil a bheidh inbhuanaithe, aeráid-díonach, cliste, idirmhódúil agus a mbeidh rochtain fheabhsaithe ar TEN-T agus soghluaisteacht trasteorann le háireamh air

RCO 44 – Fad na mbóithre nua nó uasghrádaithe – seachas TEN-T

RCO 46 – Fad na mbóithre arna n-athdhéanamh nó arna n-uasghrádú – seachas TEN-T

RCO 110 – Fad na mbóithre le córais nua nó nuachóirithe bainistíochta tráchta – seachas TEN-T

RCO 48 – Fad an iarnróid nua nó uasghrádaithe – seachas TEN-T

RCO 50 – Fad an iarnróid arna hathdhéanamh nó arna nuachóiriú- seachas TEN-T

RCO 111 – Fad na n-iarnród atá ag oibriú ag a bhfuil an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid i bhfeidhm – seachas TEN-T

RCO 52 – Fad na n-uiscebhealaí nua, uasghrádaithe nó nuachóirithe – seachas TEN-T

RCO 53 – Stáisiúin agus stadanna traenach nua nó nuachóirithe*

RCO 54 – Naisc idirmhódúla nua nó nuachóirithe*

4.

Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme (CB 4)

(i)

Feabhas a chur ar éifeachtacht agus cuimsitheacht na margaí saothair agus ar an rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta trí fhorbairt a dhéanamh ar an mbonneagar sóisialta agus tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn

RCO 61 – Dromchla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta

RCR 65 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta

(ii)

Feabhas a chur ar rochtain chothrom ar sheirbhísí cuimsitheacha agus ardcháilíochta san oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil trí bhonneagar inrochtana a fhorbairt, lena n-áirítear trí athléimneacht a chothú faoi choinne cianoideachais agus oideachas agus oiliúint ar líne

RCO 66 – Líon na leanaí i saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 67 – Líon na leanaí i saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCR 70 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe

RCR 71 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe

(iii)

Cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu, a chur chun cinn, trí ghníomhaíochtaí comhtháite, lena n-áirítear seirbhísí tithíochta agus sóisialta

RCO 65 – Líon na ndaoine i dtithíocht shóisialta nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht *

RCO 113 – Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú gníomhaíochtaí comhtháite maidir le cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste*

RCR 67 – Úsáideoirí bliantúla tithíocht shóisialta nua nó nuachóirithe

(iv)

Lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír a chur chun cinn, lena n-áirítear imircigh, trí ghníomhaíochtaí comhtháite, lena n-áirítear tithíocht agus seirbhísí sóisialta

RCO 63 – Líon na ndaoine i saoráidí glactha sealadacha nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCR 66 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí glactha sealadacha nua nó nuachóirithe

(v)

Rochtain chothrom ar chúram sláinte a áirithiú trí athléimneacht na gcóras sláinte a chothú, lena n-áirítear cúram sláinte príomhúil, agus an t-aistriú a chur chun cinn ó chúram atá institiúidbhunaithe go cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe

RCO 69 – Líon na ndaoine i saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 70 – Líon na ndaoine i saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe (seachas tithíocht) dá dtugtar tacaíocht

RCR 72 – Úsáideoirí bliantúla ríomhsheirbhísí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe

RCR 73 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe

RCR 74 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe

(vi)

Cur le ról an chultúir agus na turasóireachta inbhuanaithe san fhorbairt eacnamaíoch, sa chuimsiú sóisialta agus sa nuálaíocht shóisialta

RCO 77 – Líon na suíomhanna cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht*

RCR 77 – Cuairteoirí chuig na suíomhanna cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht*

5.

Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite gach saghas ceantair agus tionscnaimh áitiúla a chothú (CB 5)

(i)

An fhorbairt chomhtháite chuimsitheach shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil, mar aon leis an gcultúr, an oidhreacht nádúrtha, an turasóireacht inbhuanaithe agus an tslándáil, a chothú i limistéir uirbeacha

RCO 74 – Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú straitéisí le haghaidh forbairt chríochach chomhtháite*

RCO 75 – Straitéisí le haghaidh forbairt chríochach chomhtháite dá dtugtar tacaíocht*

RCO 76 – Straitéisí comhtháite le haghaidh forbairt chríochach

RCO 80 – Straitéisí áitiúla forbartha faoi stiúir an phobail dá dtugtar tacaíocht*

RCO 112 – Na páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le hullmhú agus cur chun feidhme straitéisí maidir le forbairt chríochach chomhtháite

RCO 114 – Spás oscailte atá cruthaithe nó athshlánaithe i limistéir uirbeacha*

 

(ii)

An fhorbairt áitiúil chomhtháite chuimsitheach shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil, mar aon leis an gcultúr, an oidhreacht nádúrtha, an turasóireacht inbhuanaithe agus an tslándáil, a chothú i limistéir nach limistéir uirbeacha iad


Tábla 2

Táscairí coiteanna aischuir agus toraidh breise do CFRE agus Interreg

Táscairí Interreg-shonracha

RCO 81 – Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha thar theorainneacha

RCO 115 – Imeachtaí poiblí thar theorainneacha arna reáchtáil go comhpháirteach

RCO 82 – Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha lena gcuirtear comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsiú sóisialta chun cinn

RCO 83 – Straitéisí agus pleananna gníomhaíochta arna bhforbairt go comhpháirteach

RCO 84 – Gníomhaíochtaí píolótacha arna bhforbairt go comhpháirteach agus arna gcur chun feidhme i dtionscadail

RCO 116 – Réitigh arna bhforbairt go comhpháirteach

RCO 85 – Rannpháirtíocht i scéimeanna oiliúna comhpháirteacha

RCO 117 – Réitigh do bhacainní dlíthiúla nó riaracháin thar theorainneacha arna sainaithint

RCO 86 – Comhaontuithe comhpháirteacha riaracháin nó dlí arna síniú

RCO 87 – Eagraíochtaí atá i mbun comhar thar theorainneacha

RCO 118 – Eagraíochtaí atá i mbun comhair le haghaidh rialachas il-leibhéil straitéisí macrairéigiúnacha

RCO 90 – Tionscadail le haghaidh líonraí nuálaíochta thar theorainneacha

RCO 120 – Tionscadail lena dtacaítear le comhar thar theorainneacha chun naisc idir ceantair uirbeacha agus tuaithe a fhorbairt

RCR 79 – Straitéisí agus pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha arna nglacadh ag eagraíochtaí

RCR 104 – Réitigh arna nglacadh nó arna n-uas-scálú ag eagraíochtaí

RCR 81 – Scéimeanna oiliúna comhpháirteacha a bheith curtha i gcrích

RCR 82 – Bacainní dlíthiúla nó riaracháin thar theorainneacha a maolaíodh nó a réitíodh

RCR 83 – Daoine arna gcumhdach ag comhaontuithe comhpháirteacha riaracháin nó dlíthiúla arna síniú

RCR 84 – Eagraíochtaí atá ag comhoibriú thar theorainneacha tar éis an tionscadal a chur i gcrích

RCR 85 – Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha thar theorainneacha tar éis an tionscadal a chur i gcrích


(1)  Bainfear úsáid astu sin i gcomhair na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis agus Interreg i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 16(1), agus pointe (b) d’Airteagal 41 (2) de Rialachán (AE) 2021/1060 (RFC)agus, i gcomhair na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis i gcomhréir le pointe (d)(ii) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1059 agus, Interreg, i gcomhréir le pointe (e)(ii) d'Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2021/1059 (Interreg).

(**)  Ar chúiseanna cur i láthair, déantar táscairí coiteanna aschuir agus toraidh a rangú faoi chuspóir sonrach laistigh de chuspóir beartais ach níl siad teoranta dó. Go háirithe, féadfaidh CB 5 na táscairí coiteanna ábhartha arna liostáil do CB 1 go 4 a úsáid. Ina theannta sin, chun léargas iomlán a fháil ar fheidhmíocht na gclár a bhfuiltear ag súil léi agus ar an bhfeidhmíocht iarbhír, féadfar na táscairí coiteanna atá marcáilte le (*) a úsáid i gcomhair cuspóirí sonracha faoi aon cheann de na CB 1 go 4, nuair is ábhartha.

(2)  RCO: Táscaire Coiteann Aschuir REGIO.

(3)  Miondealú nár iarradh le haghaidh clársceidealaithe ach amháin chun tuairisciú a dhéanamh.

(4)  RCR: Comhtháscairí toraidh REGIO.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

CROÍ-THACAR TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DO CFRE AGUS DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(3), A ÚSÁIDFIDH AN COIMISIÚN I gCOMHRÉIR LEIS NA CEANGLAIS TUAIRISCITHE ATÁ AR AN gCOIMISIÚN DE BHUN PHOINTE (H)(III) D’AIRTEAGAL 41(3) DEN RIALACHÁN AIRGEADAIS

Cuspóir beartais

Cuspóir sonrach

Aschuir

Torthaí

(1)

(2)

(3)

(4)

1.

Eoraip níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn (CB 1)

(i)

Acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta agus glacadh na n-ardteicneolaíochtaí a fhorbairt agus a mhéadú

CCO (1) 01 – Fiontair a fhaigheann tacaíocht chun nuálaíochta

CCO 02 – Taighdeoirí atá ag obair in áiseanna taighde dá dtugtar tacaíocht

CCR (2) 01 – Fiontair bheaga agus mheánmhéide (3) (FBManna) a bhfuil nuálaíocht táirgí, nuálaíocht próiseas, nuálaíocht margaíochta nó nuálaíocht eagrúcháin á dtabhairt isteach acu

(ii)

Tairbhe a bhaint as an digitiú le haghaidh saoránach, cuideachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí

CCO 03 – Fiontair agus institiúidí poiblí dá dtugtar tacaíocht le forbairt a chur ar tháirgí digiteacha, ar sheirbhísí, agus ar phróisis

CCR 02 - Úsáideoirí bliantúla na dtáirgí, seirbhísí agus próisis dhigiteacha nua nó uasghrádaithe

(iii)

Cur le fás inbhuanaithe agus iomaíochas FBManna agus le cruthú post in FBManna, lena n-áirítear trí infheistíochtaí táirgiúla

CCO 04 – FBManna dá dtugtar tacaíocht le fás agus iomaíochas a chothú

CCR 03 - Poist a cruthaíodh i bhfiontair dá dtugtar tacaíocht

(iv)

Scileanna a fhorbairt don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht

CCO 05 – FBManna a dhéanann infheistiú i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht

CCR 04 – Oiliúint i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht arna cur i gcrích ag foirne FBManna

(v)

An nascacht dhigiteach a fheabhsú

CCO 13 – Teaghaisí agus fiontair bhreise ag a bhfuil rochtain ar leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta

CCR 12 – Líon na dteaghaisí agus na bhfiontar breise a bhfuil síntiús acu le líonra leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta

2.

Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (CB 2) a chur chun cinn

(i)

Bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú

CCO 06 – Infheistíocht sna bearta a chuirfidh feabhas ar an bhfeidhmíocht fuinnimh

CCR 05 – Coigilt in ídiú fuinnimh phríomhúil bhliantúil

(ii)

Fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear na critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach inti

CCO 07 – Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh inathnuaite

CCR 06 – Fuinneamh inathnuaite breise arna tháirgeadh

(iii)

Córais, greillí agus stórais chliste fuinnimh a fhorbairt lasmuigh den Ghréasán Fuinnimh Tras-Eorpach (GTE-F)

CCO 08 – Córais bainistithe dhigiteacha le haghaidh córais chliste fuinnimh

CCR 07 – Úsáideoirí breise nasctha le córais chliste fuinnimh

(iv)

Oiriúnú don athrú aeráide agus toirmeasc rioscaí ó thubaistí agus athléimneacht a chur chun cinn, agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais á gcur san áireamh

CCO 09 – Infheistíocht i gcórais nua nó uasghrádaithe le haghaidh faireachán, ullmhacht, foláireamh agus freagairt i gcás tubaistí

CCR 08 – Daonra breise a bhfuil bearta cosanta in aghaidh tuilte, falscaithe agus tubaistí nádúrtha eile a bhaineann leis an aeráid ag dul chun sochair dóibh

(v)

Rochtain ar uisce agus an bainistiú inbhuanaithe uisce a chur chun cinn

CCO 10 – Acmhainní nua nó uasghrádaithe le fuíolluisce a ghlanadh

CCR 09 – An daonra breise atá ceangailte ar a laghad le córas glanta fuíolluisce tánaisteach

(vi)

An t-aistriú go geilleagar atá ciorclach agus tíosach ar acmhainní a chur chun cinn

CCO 11 – Acmhainní nua nó uasghrádaithe le dramhaíl a ghlanadh

CCR 10 – Athchúrsáil bhreise ar dhramhaíl

(vii)

Cosaint agus caomhnú an dúlra, na bithéagsúlachta agus an bhonneagair ghlais a fheabhsú, lena n-áirítear i limistéir uirbeacha, agus gach cineál truaillithe a laghdú

CCO 12 – Dromchla atá faoi bhonneagar glas

CCR 11 – Daonra a bhfuil bearta i gcaighdeán an aeir ag dul chun sochair dó

(viii)

Soghluaisteacht uirbeach ilmhódach inbhuanaithe a chur chun cinn, mar chuid den aistriú chuig geilleagar carbóin glan-nialasach

CCO 16 – Nuachóiriú ar na línte tram agus meitreo, agus síneadh a chur leo

CCR 15 – Úsáideoirí bliantúla línte nua agus línte nuachóirithe tram agus meitreo

3.

Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht a fheabhsú (CB 3)

(i)

TEN-T a fhorbairt a bheidh aeráid-díonach, cliste, slán, inbhuanaithe agus idirmhódúil

CCO 14 – TEN-T na mBóithre: Bóithre nua, uasghrádaithe, atógtha nó nuachóirithe

CCO 15 – TEN-T na nIarnród: Iarnróid nua, uasghrádaithe, atógtha nó nuachóirithe

CCR 13 – Sábháil ama de bharr feabhas ar bhonneagar na mbóithre

CCR 14 – Líon na bpaisinéirí a bhfuil iompar iarnróid feabhsaithe ag freastal orthu

(ii)

Soghluaisteacht a fhorbairt agus a fheabhsú go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil a bheidh inbhuanaithe, aeráid-díonach, cliste, idirmhódúil agus a mbeidh rochtain fheabhsaithe ar TEN-T agus soghluaisteacht trasteorann le háireamh air

CCO 22 – Bóithre nach cuid de TEN-T iad: Bóithre nua, uasghrádaithe, atógtha nó nuachóirithe

CCO 23 – Iarnród nach cuid de TEN-T é: Iarnróid nua, uasghrádaithe, atógtha nó nuachóirithe

4.

Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme (CB 4)

(i)

Feabhas a chur ar éifeachtacht agus cuimsitheacht na margaí saothair agus ar an rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta trí fhorbairt a dhéanamh ar an mbonneagar sóisialta agus tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn

CCO 17 – Dromchla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta

CCR 16 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta

(ii)

Feabhas a chur ar rochtain chothrom ar sheirbhísí cuimsitheacha agus ardcháilíochta san oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil trí bhonneagar inrochtana a fhorbairt, lena n-áirítear trí athléimneacht a chothú faoi choinne cianoideachais agus oideachas agus oiliúint ar líne

CCO 18 – Acmhainneacht nua nó nuachóirithe do shaoráidí cúraim leanaí agus saoráidí oideachais

CCR 17 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe agus saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe

(iii)

Cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu, a chur chun cinn, trí ghníomhaíochtaí comhtháite lena n-áirítear seirbhísí tithíochta agus sóisialta

CCO 19 – Acmhainneacht nua nó nuachóirithe na saoráidí tithíochta sóisialta

CCO 25 – Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú gníomhaíochtaí comhtháite maidir le cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste

CCR 18 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí tithíochta sóisialta nua nó nuachóirithe

(iv)

Lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír a chur chun cinn, lena n-áirítear imircigh, trí ghníomhaíochtaí comhtháite, lena n-áirítear tithíocht agus seirbhísí sóisialta

CCO 26 – Acmhainní nua nó nuachóirithe do shaoráidí glactha sealadacha

CCR 20 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí glactha sealadacha nua nó nuachóirithe

(v)

Rochtain chothrom ar chúram sláinte a áirithiú trí athléimneacht na gcóras sláinte a chothú, lena n-áirítear cúram sláinte príomhúil, agus an t-aistriú a chur chun cinn ó chúram atá institiúidbhunaithe go cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe

CCO 20 – Acmhainní nua nó nuachóirithe do shaoráidí cúraim sláinte

CCR 19 – Úsáideoirí bliantúla seirbhísí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe

(vi)

Cur le ról an chultúir agus na turasóireachta inbhuanaithe san fhorbairt eacnamaíoch, sa chuimsiú sóisialta agus sa nuálaíocht shóisialta

CCO 24 – Suíomhanna cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht

CCR 21 – Cuairteoirí chuig na suíomhanna cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht

5.

Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite gach saghas ceantair a chothú agus tionscnaimh áitiúla (CB 5)

(i)

An fhorbairt chomhtháite chuimsitheach shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil, mar aon leis an gcultúr, an oidhreacht nádúrtha, an turasóireacht inbhuanaithe agus an tslándáil, a chothú i limistéir uirbeacha

CCO 21 – Daonra atá á chlúdach ag straitéisí don fhorbairt chríochach chomhtháite

 

(ii)

An fhorbairt áitiúil chomhtháite chuimsitheach shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil, mar aon leis an gcultúr, an oidhreacht nádúrtha, an turasóireacht inbhuanaithe agus an tslándáil, a chothú i limistéir nach limistéir uirbeacha iad


(1)  CCO: Croí-aschur coiteann REGIO.

(2)  CCR: Croí-thoradh coiteann REGIO.

(3)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).