21.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 219/55


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/999 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis.

(2)

An 24 agus an 25 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar cháin sí go láidir tuirlingt éigeantach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021 a chuir an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol, agus coinneáil an iriseora Raman Pratasevich agus Sofia Sapega ag údaráis na Bealarúise. D’iarr sí ar an gComhairle liostuithe breise daoine agus eintiteas a ghlacadh a luaithe ab fhéidir ar bhonn an chreata ábhartha smachtbhannaí.

(3)

I bhfianaise thromchúis an teagmhais sin, ba cheart aon eintiteas amháin eile a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-eintiteas seo a leanas leis an tábla ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’:

 

Ainmneacha

Traslitriú an litrithe Bealarúisise

Traslitriú an litrithe Rúisise

Ainmneacha

(Litriú Bealarúisise)

(Litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘15.

Belaeronavigatsia

Fiontar faoi úinéireacht stáit

Bealarúiseach: Белаэронавiгация

Дзяржаўнае прадпрыемства

Seoladh: 19 Korotkevich Str., Minsk, 220039, Republic of Belarus

Teil. : Teil.:+375 (17) 215-40-51

Tá BELAERONAVIGATSIA, fiontar faoi úinéireacht stáit, freagrach as rialú aerthráchta na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go haerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh dar shiocair pholaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

21.6.2021’

 

 

Rúiseach: Белаэронавигация

Государственное предприятие

Facs: Teil.:+375 (17) 213-41-63

Suíomh gréasáin: http://www.ban.by/

Rphost: office@ban.by

Dáta clárúcháin: 1996

Tá BELAERONAVIGATSIA, fiontar faoi úinéireacht stáit, freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.