18.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 216/135


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/981 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2021

maidir leis an athnuachan ar údarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 109.713 agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger DSM 18404 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis éanlaithe clóis, éin ornáideacha agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: BASF SE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 271/2009 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1068/2011

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 271/2009 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid einsímeach d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 109.713 agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger DSM 18404 (“an ullmhóid atá i gceist”), ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, sicíní lena ramhrú, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus lachan lena ramhrú agus, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1068/2011 ón gCoimisiún (3), údaraíodh an ullmhóid einsímeach sin le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróg, turcaithe a thógtar chun críoch pórúcháin, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanúla eile (seachas lachain lena ramhrú) agus éin ornáideacha.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun athnuachan a dhéanamh ar údarú na hullmhóide atá i gceist mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis éanlaithe clóis, éin ornáideacha agus bainbh scoite i gcatagóir na mbreiseán dar teideal “breiseáin zóiteicniúla”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a éilítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 18 Samhain 2020 (4) gur chuir an t-iarratasóir sonraí ar fáil a léiríonn go gcomhlíonann an ullmhóid atá i gceist na coinníollacha maidir le húdarú faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Dheimhnigh an tÚdarás na conclúidí a d’eisigh sé roimhe sin nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an ullmhóid atá i gceist ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol. Shonraigh sé chomh maith gur cheart a mheas go bhfuil an fhéidearthacht ann go bhfuil an breiseán ina íogróir craicinn agus riospráide. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. Rinne an tÚdarás fíorú freisin ar an tuarascáil faoi mhodh anailíse an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar an ullmhóid atá i gceist go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Mar thoradh ar an athnuachan ar údarú na hullmhóide atá i gceist mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 271/2009 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1068/2011 a aisghairm.

(7)

Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe maidir leis an ullmhóid atá i gceist a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do na páirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 109.713 agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger DSM 18404, ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán dar teideal “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa dar teideal “méadaitheoirí díleáiteachta”, déantar athnuachan ar údarú na hullmhóide sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

1.   Maidir le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 109.713 agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger DSM 18404 agus na réamh-mheascáin ina bhfuil sí, ar táirgí iad a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 8 Eanáir 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 8 Iúil 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Maidir le hábhair bheatha agus beatha chumaisc ina bhfuil an ullmhóid dá dtagraítear i mír 1, ar ábhair bheatha agus beatha chumaisc iad a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 8 Iúil 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 8 Iúil 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Maidir le hábhair bheatha agus beatha chumaisc ina bhfuil an ullmhóid dá dtagraítear i mír 1, ar ábhair bheatha agus beatha chumaisc iad a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 8 Iúil 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 8 Iúil 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 271/2009 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1068/2011.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 271/2009 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2009 maidir le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, sicíní lena ramhrú, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus lachan lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe BASF SE) (IO L 91, 3.4.2009, lch. 5).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1068/2011 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ullmhóid einsímeach d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger (CBS 109.713) agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Aspergillus niger (DSM 18404) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, turcaithe a thógtar chun críocha pórúcháin, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanúla eile (seachas lachain lena ramhrú) agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe BASF SE) (IO L 277, 22.10.2011, lch. 11).

(4)  EFSA Journal 2020;18(12):6331.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh thréimhse an údaraithe

Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: méadaitheoirí díleáiteachta.

4a7

BASF SE

Ion-1,4-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8) agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis (CE 3.2.1.4)

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8) arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 109.713 agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis (CE 3.2.1.4) arna táirgeadh ag Aspergillus niger DSM 18404 a bhfuil gníomhaíocht íosta de 5 600 TXU (1) agus 2 500 TGU (2)/g i bhfoirm sholadach nó leachtach

-------------

Tréithriú na substainte gníomhaí

Ion-1,4-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8) arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 109.713 agus ion-1,4-béite-ghlúcanáis (CE 3.2.1.4) arna táirgeadh ag Aspergillus niger DSM 18404

-------------

Modh anailíseach  (3)

Maidir le hion-1,4-béite-xiolanáis sa bhreiseán beatha, sna réamh-mheascáin, in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc a chainníochtú:

Modh chun slaodacht a thomhas atá bunaithe ar laghdú ar shlaodacht a tharlaíonn trí ghníomhú ion-1,4-béite-xiolanáise ar an tsubstráit ina bhfuil xiolán (arabainocsaláin cruithneachta) ag pH = 3,5 agus 55 °C.

Maidir le hion-1,4-béite-ghlúcanáis sa bhreiseán beatha, sna réamh-mheascáin, in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc a chainníochtú:

Modh chun slaodacht a thomhas atá bunaithe ar laghdú ar shlaodacht a tharlaíonn trí ghníomhú ion-1,4-béite-ghlúcanáise ar an tsubstráit ina bhfuil glúcan (béite-ghlúcan eorna) ag pH = 3,5 agus 40 °C.

Sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga

Béaróga Gach mionspeiceas éanlaithe clóis lena ramhrú agus le bheith ina mbéaróga

Éin ornáideacha

-

280 TXU 125 TGU

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as úsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann agus don análú.

8 Iúil 2031

Turcaithe Bainbh scoite

560 TXU 250 TGU

 


(1)  Sainmhínítear 1 TXU amháin mar an méid einsíme lena scaoiltear 5 μmol de shiúcraí dí-ocsaídithe (coibhéisí xiolóise) ó arabainocsaláin cruithneachta in aghaidh an nóiméid pH = 3,5 agus 55 °C

(2)  Sainmhínítear 1 TGU amháin mar an méid einsíme lena scaoiltear 1 μmol de shiúcraí dí-ocsaídithe (coibhéisí glúcóise) ó bhéite-ghlúcan eorna in aghaidh an nóiméid ag pH = 3,5 agus 40 °C

(3)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports