10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/930 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear cineál, déine agus fad ghéarchor eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 181(1), pointe (b), agus Airteagal 182(1), pointe (b) den Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 181(3) agus an tríú fomhír d’Airteagal 182(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 181(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí, agus na paraiméadair riosca a bhainfidh leis na gráid rátála nó leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, úsáid a bhaint as a bhféin-mheastacháin LGD atá iomchuí le haghaidh géarchor eacnamaíoch má tá na meastacháin sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Ar an gcaoi chéanna, ceanglaítear le hAirteagal 182(1), pointe (b), den Rialachán sin ar institiúidí úsáid a bhaint as féin-mheastacháin fachtóra coinbhéartachta (“CF”) atá iomchuí le haghaidh géarchor eacnamaíoch má tá na meastacháin sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach.

(2)

I bhfianaise shainiúlachtaí na bpunann éagsúil, ba cheart a cheangal ar institiúidí géarchor eacnamaíoch a shainaithint le haghaidh gach cineál neamhchosainte, mar atá sainmhínithe in Airteagal 142(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(3)

Ba cheart an cineál géarchoir eacnamaíoch a shonrú i ndáil le cineál áirithe neamhchosainte trí thagairt a dhéanamh don tacar táscairí eacnamaíocha a mheastar a bheith ina n-athróga míniúcháin le haghaidh an timthrialla eacnamaíoch a bhaineann go sonrach le neamhchosaintí den chineál sin, nó ina dtáscairí den timthriall eacnamaíoch sin. Ba cheart táscairí maicreacnamaíocha agus táscairí a bhaineann le creidmheas araon a áireamh sa tacar táscairí eacnamaíocha. Déantar amhlaidh chun a áirithiú, i gcás neamhchosaintí de chineál inchomparáide, go n-aithneoidh institiúidí an géarchor eacnamaíoch céanna de ghnáth.

(4)

Cé go bhféadfadh leibhéal na LGDanna réadaithe agus na CFanna réadaithe a bheith píosa mhaith níos airde ná an meán fadtréimhseach mar thoradh ar ghéarchor eacnamaíoch, níor cheart a mheas gurb ionann na dálaí ar saintréithe de ghéarchor eacnamaíoch iad agus na dálaí a úsáidtear le haghaidh tástáil struis. D’fhéadfadh na coinníollacha a úsáidtear le haghaidh tástáil struis a bheith níos déine agus d’fhéadfaidís cásanna níos foircní a úsáid nár ghá iad a bheith bunaithe ar bhreathnuithe stairiúla. I Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus sna gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar é, déantar foráil leordhóthanach maidir le tástáil struis a dhéanamh i gcásanna ina n-éilítear sin, agus ní áirítear aon cheanglas den sórt sin le haghaidh tástáil struis sna forálacha a bhaineann le féin-mheastacháin LGD agus le féin-mheastacháin CF. Ina ionad sin, chun críocha féin-mheastacháin LGD agus féin-mheastacháin CF, ba cheart géarchor eacnamaíoch a shonrú bunaithe ar dhálaí eacnamaíocha a breathnaíodh go stairiúil.

(5)

Ba cheart déine an ghéarchoir eacnamaíoch a shonrú trí thagairt a dhéanamh do na luachanna 12 mhí ba dhéine arna mbreathnú thar réise ama stairiúil atá iomchuí don tacar táscairí eacnamaíocha ar saintréithe de ghéarchor iad maidir leis an gcineál áirithe neamhchosaintí atá faoi bhreithniú. I gcás gach táscaire eacnamaíoch sa tacar, ba cheart an luach 12 mhí is déine a úsáid toisc go leagann sé síos cothromaíocht idir cobhsaíocht agus sainaithint na ndálaí is déine a bhreathnaítear le linn réise ama iomchuí. Roghnaíodh an cur chuige sin chun an dearcadh 12 mhí a choimeád simplí agus toisc go bhféadfadh meán níos faide na dálaí díobhálacha a thugtar faoi deara i dtaobh táscaire eacnamaíoch a chaolú freisin. D’fhéadfadh luachanna níos minice, mar shampla luachanna ráithiúla, a bheith faoi réir tionchair shéasúracha. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh luachanna nach mbíonn ann chomh minic sin, mar shampla luachanna a sheasann do mheáin 36 mhí, dálaí diana a cheilt.

(6)

Fiú i gcás táscairí eacnamaíocha a thuairiscítear go bliantúil, ní gá gurb ionann iad na 12 mhí lena mbaineann táscairí i ngach cás. Baineann roinnt táscairí le blianta féilire, roinnt eile le blianta airgeadais, roinnt eile le blianta cánach agus mar sin de. Chun críoch géarchoir eacnamaíoch a shainaithint, ba cheart go mbeadh sé indéanta dá bhrí sin, i gcás táscairí eacnamaíocha a thuairiscítear go bliantúil agus táscairí a thuairiscítear ar bhonn níos minice, go n-úsáidfí tréimhsí 12 mhí ina bhféadfadh aon phointe ama sa bhliain a bheith ina thúsphointe.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh cineál neamhchosaintí a bheith comhdhéanta de neamhchosaintí a bhaineann le gnólachtaí, earnálacha nó limistéir gheografacha éagsúla, féadfaidh tréimhse géarchoir amháin nó “tréimhsí géarchoir” éagsúla ar leith a bheith i gceist le géarchor eacnamaíoch i ndáil le cineál neamhchosaintí. Ba cheart tréimhse ghéarchoir a aithint mar thréimhse ama shonraithe ina léirítear le táscaire eacnamaíoch ábhartha an luach 12 mhí is déine lena mbaineann. Má bhaintear amach na huasphointí nó na híosphointí a bhaineann leis an luach 12 mhí is déine a bhreathnaítear i ndáil le dhá tháscaire eacnamaíocha nó níos mó san am céanna nó go gairid i ndiaidh a chéile, ba cheart na táscairí eacnamaíocha sin go léir a lua leis an “tréimhse ghéarchoir” chéanna. Is é is cúis leis an bhforáil go bhféadfadh géarchor eacnamaíoch a bheith ann ina gcuimseofaí níos mó ná tréimhse géarchoir shuntasach amháin chun a áirithiú go gcuirfear gach táscaire eacnamaíoch ábhartha san áireamh agus tréimhsí géarchoir nach bhfuil forluiteach á sonrú, ar tréimhsí iad a ndéanfar anailís orthu i gcomhthéacs de mheastachán LGD maidir le géarchor agus meastachán CF maidir le géarchor.

(8)

Chun róchastacht a sheachaint, is iomchuí liosta táscairí eacnamaíocha a bhunú, táscairí a bheidh le cur san áireamh i ngach cás. Mar sin féin, i bhfianaise na sainiúlachtaí a bhaineann le punanna áirithe, ba cheart a cheangal ar institiúidí táscairí eacnamaíocha breise a chur san áireamh ar athróga míniúcháin nó táscairí iad maidir leis an timthriall eacnamaíoch a bhaineann go sonrach leis an gcineál áirithe neamhchosaintí.

(9)

I bhfianaise éagsúlacht leathan gheografach agus earnála na bpunann, ní féidir na foinsí sonraí beachta a leagan síos nach mór a úsáid le haghaidh gach táscaire liostaithe i ngach dlínse sa domhan agus i ngach earnáil. Thairis sin, ceanglaítear cheana féin ar institiúidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sonraí iontaofa a úsáid agus córais stóinsithe a bheith i bhfeidhm acu chun an meastachán ar gach paraiméadar riosca a bhailíochtú. Mar thoradh air sin, ceanglófar ar institiúidí i gcás ar bith cruinneas agus iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáideann siad chun luachanna táscaire a fháil a léiriú. Ní gá, dá bhrí sin, rialacha sonracha a leagan síos sa Rialachán seo maidir leis na foinsí sonraí beachta a úsáidfear.

(10)

Ba cheart d’institiúidí úsáid a bhaint as foinsí sonraí iontaofa iomchuí, ach níor cheart a cheangal orthu sonraí a fháil le haghaidh táscairí eacnamaíocha atá ar fáil má tá na costais a bhaineann leis sin díréireach, ag féachaint don chineál táscaire agus d’ábharthacht an chineáil neamhchosaintí atá á meas i gcomparáid leis na cineálacha eile neamhchosaintí sa phunann.

(11)

Ní mór na táscairí eacnamaíocha a mheas ina leibhéil nó ina n-athruithe ar na leibhéil de réir mar is iomchuí, agus an chaoi a dtuairiscítear an táscaire eacnamaíoch go coitianta agus a mhéid is féidir leis timthriallacht a léiriú á cur san áireamh.

(12)

Ba cheart táscaire eacnamaíoch a áireamh sa tacar ábhartha táscairí eacnamaíocha uair amháin in aghaidh gach dlínse, nó in aghaidh gach limistéir gheografaigh is lú nuair is iomchuí, arb ionann é agus sciar ábhartha den chineál neamhchosaintí atá á meas. Déantar sin chun a áirithiú go léiríonn an tacar táscairí go cothrom meascán geografach na neamhchosaintí sa chineál sin neamhchosaintí. Ba cheart feidhm a bheith ag riail chomhchosúil maidir le gach earnáil tionscail lena mbaineann sciar ábhartha den chineál neamhchosaintí. Níor cheart cead a thabhairt d’institiúidí na dlínsí nó na hearnálacha sin a ghrúpáil chun críocha géarchor eacnamaíoch a shainaithint ach amháin i gcás ina léiríonn dlínsí éagsúla nó earnálacha éagsúla tionsclaíochta comhghluaiseachtaí láidre i luachanna réadaithe táscairí eacnamaíocha.

(13)

Ba cheart an réise ama stairiúil a shonrú ar lena linn a dhéanfar scrúdú ar luachanna táscaire eacnamaíoch áirithe. Ba cheart réise ama réamhshocraithe 20 bliain a shocrú le haghaidh gach táscaire eacnamaíoch. Déantar sin lena chinntiú go gclúdaíonn an tréimhse breathnóireachta stairiúil dhá thimthriall eacnamaíocha ar a laghad. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil luachanna atá dian go leor sna 20 bliain sin, ba cheart ceangal a bheith ar institiúidí breathnú níos faide siar i stair na sonraí. Ba cheart luachanna a mheas mar “gan a bheith dian go leor” mura bhfuil inathraitheacht an táscaire eacnamaíoch thar an tréimhse breathnóireachta 20 bliain sin ionadaíoch do raon dóchúil inathraitheachta an táscaire sin i leith na todhchaí.

(14)

Ar chúiseanna simplíochta agus inchomparáideachta, ba cheart tréimhse 12 mhí ar a laghad a bheith i gceist le tréimhse ghéarchoir. Chun cruinneas níos fearr a áirithiú sna torthaí, ba cheart caitheamh leis an tréimhse sin mar íosmhéid. Ba cheart go mbeadh ceangal ar institiúidí tréimhse níos faide a úsáid i gcás ina dtugann an luach/na luachanna is déine don táscaire eacnamaíoch nó do na táscairí eacnamaíocha a bhaineann le tréimhse ghéarchoir le tuiscint go mairfidh an géarchor ar feadh tréimhse níos faide. Ba cheart go mbeadh fad tréimhse géarchoir ina léiriú ar dhálaí díobhálacha in iompraíochtaí timthriallacha a bhaineann go sonrach leis an gcineál neamhchosaintí atá á mbreithniú, seachas athruithe struchtúracha sa gheilleagar as a dtiocfaidh éifeachtaí fadtéarmacha ar luachanna táscairí eacnamaíocha.

(15)

Leis na ceanglais chun meastachán a dhéanamh ar LGDanna agus CFanna i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí sonraí dearaidh agus oibríochtúla a gcóras rátála a dhoiciméadú, lena n-áirítear dearadh a bpróiseas chun géarchor eacnamaíoch a shainaithint, agus fianaise a choinneáil chun a léiriú go bhfuil na ceanglais mheastacháin sa Rialachán sin á gcomhlíonadh. Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 freisin ar institiúidí athbhreithniú a dhéanamh ar a meastacháin LGD agus CF agus ar aon sonraí ionchuir is gá chun na meastacháin sin a dhéanamh nuair a thiocfaidh faisnéis nua chun solais, agus i gcás ar bith, uair sa bhliain ar a laghad.

(16)

Tá dlúthnasc idir forálacha an Rialacháin seo ós rud é go ndéileálann siad le cineál, déine agus fad géarchoir eacnamaíoch a dhéanann difear do dhá pharaiméadar riosca éagsúla a úsáidtear chun críocha Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (IRB) a chur i bhfeidhm, eadhon féin-mheastacháin LGD agus féin-mheastacháin CF. Lena áirithiú go bhfuil na forálacha is gá chun géarchor eacnamaíoch a shainaithint chun críocha LGD agus na forálacha is gá chun géarchor eacnamaíoch a shainaithint chun críocha CF comhsheasmhach agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ag an am céanna, agus chun rochtain réidh ar na forálacha sin a áirithiú, is inmhianaithe na caighdeáin theicniúla rialála a cheanglaítear le hAirteagal 181(3) agus na caighdeáin theicniúla rialála a cheanglaítear le hAirteagal 182(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur san áireamh in aon Rialachán amháin.

(17)

I bhfianaise na hidirghníomhaíochta le gníomhartha eile de chuid an Aontais atá ábhartha d’fhéin-mheastacháin LGD agus d’fhéin-mheastacháin CF, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2021. Go háirithe, beidh ar institiúidí an tairseach ábharthachta athbhreithnithe a chomhlíonadh, tairseach arna leagan síos ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171 ón gCoimisiún (2).

(18)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(19)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinneadh anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus d’iarr sé tuairim ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cineál, déine agus fad géarchoir eacnamaíoch a shonrú

1.   Chun críocha Airteagal 181(1), pointe (b), nó 182(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar géarchor eacnamaíoch a shainaithint maidir le gach cineál neamhchosaintí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 142(1), pointe (2), den Rialachán sin.

2.   Agus géarchor eacnamaíoch á shainaithint i gcás cineál áirithe neamhchosaintí, beidh feidhm ag na rialacha sonraíochta seo a leanas:

(a)

déantar sainthréithiú ar an gcineál géarchoir eacnamaíoch le tacar táscairí eacnamaíocha a aicmítear mar tháscairí atá ábhartha le haghaidh neamhchosaintí laistigh den chineál neamhchosaintí sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 2 (“an tacar ábhartha táscairí”);

(b)

ó thaobh déine de, cuirtear géarchor eacnamaíoch in iúl leis an luach is déine a bhaineann le tréimhse 12 mhí (“an luach 12 mhí is déine”) a bhreathnaítear, i gcás gach táscaire eacnamaíoch sa tacar ábhartha táscairí, thar réise ama stairiúil arna cinneadh don táscaire eacnamaíoch sin i gcomhréir le hAirteagal 3 (“an réise ama is infheidhme”);

(c)

i ngéarchor eacnamaíoch tá tréimhse géarchoir shuntasach amháin nó níos mó lena gcumhdaítear na huasphointí agus na híosphointí a bhaineann leis na luachanna 12 mhí is déine le haghaidh na dtáscairí eacnamaíocha atá leagtha síos sa tacar ábhartha táscairí, agus fad gach tréimhse den sórt sin arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 (“fad tréimhse géarchoir”).

3.   Chun críocha mhír 2, pointe (b), féadfar tús a chur leis na tréimhsí 12 mhí lena mbaineann luachanna táscaire eacnamaíoch tráth ar bith laistigh den réise ama is infheidhme.

4.   Chun críocha mhír 2, pointe (c):

(a)

Is é is tréimhse ghéarchoir ann tréimhse ina sroicheann táscaire eacnamaíoch a luach 12 mhí is déine;

(b)

más rud é, i gcás táscairí eacnamaíocha éagsúla a bhfuil comhghaolú suntasach eatarthu, go mbaintear amach na huasphointí nó na híosphointí a bhaineann leis na luachanna 12 mhí is déine go comhuaineach nó go gairid i ndiaidh a chéile, caithfear leis na tréimhsí géarchoir ina sroicheann na táscairí sin a luach 12 mhí is déine mar thréimhse géarchoir aonair amháin a chumhdaíonn na luachanna 12 mhí is déine i gcás na dtáscairí sin uile.

Airteagal 2

An tacar ábhartha táscairí

1.   Aicmeofar na táscairí eacnamaíocha seo a leanas de réir mar is ábhartha le haghaidh neamhchosaintí laistigh de chineál áirithe neamhchosaintí:

(a)

maidir le gach cineál neamhchosaintí:

(i)

an olltáirgeacht intíre (OTI);

(ii)

an ráta dífhostaíochta;

(iii)

rátaí mainneachtana comhiomlána arna soláthar go seachtrach, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(iv)

caillteanais chreidmheasa chomhiomlána arna soláthar go seachtrach, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(b)

anuas ar na táscairí eacnamaíocha a liostaítear i bpointe (a):

(i)

i gcás neamhchosaintí ar chorparáidí nó ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna): innéacsanna earnáilsonracha nó innéacsanna a bhaineann go sonrach le tionscal;

(ii)

i gcás neamhchosaintí maoine cónaithe ar fhéichiúnaithe corparáideacha nó miondíola: praghsanna tithe nó innéacsanna praghsanna tithe;

(iii)

i gcás neamhchosaintí maoine tráchtála dochorraithe ar fhéichiúnaithe corparáideacha nó ar fhéichiúnaithe miondíola ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad: praghsanna maoine tráchtála dochorraithe nó innéacsanna praghsanna de mhaoin tráchtála dhochorraithe, agus praghsanna cíosa de mhaoin tráchtála dhochorraithe nó innéacsanna praghsanna cíosa de mhaoin tráchtála dhochorraithe;

(iv)

i gcás neamhchosaintí miondíola seachas na cinn a thagann faoi phointe (i), (ii) nó (iii): fiachas iomlán teaghlaigh agus ioncaim indiúscartha pearsanta, i ngach cás ina bhfuil sé ar fáil;

(v)

I gcás neamhchosaintí iasachta speisialaithe:

i gcás maoin dhochorraithe: praghsanna maoine dochorraithe nó innéacsanna praghsanna maoine dochorraithe, praghsanna cíosa de mhaoin dhochorraithe, nó innéacsanna praghsanna cíosa de mhaoin dhochorraithe le haghaidh maoin chónaithe, maoin tráchtála nó maoin thionsclaíoch, de réir mar is infheidhme;

i gcás maoiniú tionscadal: praghsanna na dtáirgí foluiteacha arna soláthar;

i gcás maoiniú réad: innéacsanna don chineál comhthaobhachta ábhartha nó do na cineálacha comhthaobhachta ábhartha;

i gcás maoiniú tráchtearraí: praghsanna nó innéacsanna praghsanna don chineál ábhartha tráchtearra;

(vi)

neamhchosaintí ar institiúidí: innéacsanna creidmheasa airgeadais;

(c)

anuas ar na táscairí eacnamaíocha a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), aon táscairí eacnamaíocha eile ar athróga míniúcháin iad nó ar táscairí iad den timthriall eacnamaíoch a bhaineann go sonrach le neamhchosaintí den chineál neamhchosaintí atá á bhreithniú.

2.   Na táscairí eacnamaíocha a shainaithnítear le haghaidh neamhchosaintí laistigh de chineál neamhchosaintí i gcomhréir le mír 1, léireoidh siad an dáileadh geografach agus, i gcás inarb infheidhme, dáileadh earnálach na neamhchosaintí laistigh den chineál sin neamhchosaintí.

Chun na críche sin, áireofar táscaire eacnamaíoch sa tacar ábhartha táscairí a leagtar síos mar a leanas:

(a)

uair amháin in aghaidh gach dlínse nó, nuair is iomchuí, uair amháin in aghaidh gach limistéir gheografaigh laistigh de dhlínse, arna gcumhdach ag sciar ábhartha den chineál sin neamhchosaintí; agus

(b)

uair amháin in aghaidh gach earnála, nuair is infheidhme, arna gcumhdach ag sciar ábhartha den chineál sin neamhchosaintí.

I gcás ina léireofar le táscairí eacnamaíocha atá le háireamh i gcomhréir leis an dara fomhír, áfach, go bhfuil comhghluaiseacht láidir ann trasna na ndlínsí éagsúla, nó i gcás inarb iomchuí, i limistéir gheografacha éagsúla laistigh de dhlínse, nó, i gcás inarb infheidhme, in earnálacha éagsúla, féadfar táscaire eacnamaíoch comhchoiteann a roghnú chun na dlínsí, na limistéir gheografacha nó na hearnálacha sin a léiriú ar an iomlán.

Airteagal 3

An réise ama is infheidhme a chinneadh

Chun críocha Airteagal 1(2), pointe (b), is éard a bheidh sa réise ama stairiúil is infheidhme maidir le táscaire eacnamaíoch an tréimhse 20 bliain dar críoch tráth a shainaithníonn an institiúid an géarchor eacnamaíoch i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás, áfach, nach bhfuil inathraitheacht táscaire eacnamaíoch thar an tréimhse 20 bliain sin ionadaíoch do raon inathraitheachta dóchúil an táscaire sin sa todhchaí, beidh an réise ama stairiúil is infheidhme maidir leis an táscaire sin fada go leor chun luachanna a sholáthar atá ionadaíoch don réimse inathraitheachta dóchúil.

Airteagal 4

An fad de thréimhse ghéarchoir

Chun críocha Airteagal 1(2), pointe (c), déanfar fad na tréimhse géarchoir a chinneadh mar a leanas:

(a)

i gcás a thagann faoi chuimsiú Airteagal 1(4), pointe (b), is é is tréimhse ghéarchoir an tréimhse sin atá fada go leor chun na huasphointí nó na híosphointí uile a chumhdach, is iad sin na huasphointí nó na híosphointí a bhaineann leis na luachanna 12 mhí ba dhéine arna mbreathnú i ndáil leis na táscairí eacnamaíocha éagsúla a bhaineann leis an tréimhse géarchoir aonair sin;

(b)

i ngach cás, bídís faoi chuimsiú Airteagal 1(4), pointe (b) nó ná bídís, i gcás nach n-imíonn na luachanna 12 mhí éagsúla arna mbreathnú don táscaire eacnamaíoch nó do na táscairí eacnamaíocha atá i gceist thar an réise ama is infheidhme, nach n-imíonn siad go suntasach ón luach 12 mhí is déine thar thréimhse shonrach leanúnach ama laistigh den réise ama is infheidhme, beidh an tréimhse ghéarchoir fada go leor chun an déine fhaidréiseach arna breathnú don táscaire eacnamaíoch nó do na táscairí eacnamaíocha atá i gceist a léiriú;

(c)

i ngach cás, bídís faoi chuimsiú Airteagal 1(4), pointe (b) nó ná bídís, ina léiríonn an táscaire eacnamaíoch nó na táscairí eacnamaíocha uasphointí nó íosphointí cóngarach do na huasphointí nó na híosphointí a bhaineann leis na luachanna 12 mhí ba dhéine a breathnaíodh don táscaire eacnamaíoch nó do na táscairí eacnamaíocha atá i gceist thar an réise ama is infheidhme agus nach n-imíonn na huasphointí agus na híosphointí cóngaracha go suntasach ón luach 12 mhí ba dhéine a breathnaíodh don táscaire sin nó do na táscairí sin thar an réise ama sin agus go bhfuil baint ag na huasphointí agus na híosphointí cóngaracha sin leis an riocht eacnamaíoch chéanna ar an iomlán, beidh an tréimhse ghéarchoir fada go leor chun an léiriú a dhéanamh ar an tréimhse fhaidréiseach ar lena linn a breathnaíodh na huasphointí nó na híosphointí cóngaracha sin;

(d)

i gcás a thagann faoi chuimsiú Airteagal 1(4), pointe (a), nuair nach bhfuil feidhm ag pointe (b) ná ag pointe (c) den Airteagal sin, is é a bheidh sa tréimhse ghéarchoir an tréimhse 12 mhí lena mbaineann an luach 12 mhí is déine.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca leis an tairseach ábharthachta le haghaidh oibleagáidí creidmheasa thar téarma (IO L 32, 6.2.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).