8.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2021/887 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) agus an chéad mhír d’Airteagal 188 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tromlach de dhaonra an Aontais nasctha leis an idirlíon agus tá saol laethúil na ndaoine agus an gheilleagair diaidh ar ndiaidh ag brath níos mó ar theicneolaíochtaí digiteacha. Is ag dul i méid atá baol maidir le cibirtheagmhais thromchúiseacha do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus bíonn cibirtheagmhas amháin ar a laghad ag go leor gnólachtaí san Aontas gach aon bhliain. Is léiriú é sin ar an ngá atá le hathléimneacht, leis na cumais theicneolaíocha agus thionsclaíocha a fheabhsú, agus le hardchaighdeáin chibearshlándála agus le réitigh iomlánaíocha chibearshlándála, lena mbaineann daoine, táirgí, próisis agus teicneolaíocht san Aontas, mar aon leis an ngá atá le ceannaireacht an Aontais i réimsí na cibearshlándála agus an neamhspleáchais digitigh. Is féidir an cibearshlándáil a fheabhsú chomh maith tríd an bhfeasacht ar bhagairtí cibearshlándála a ardú agus trí inniúlachtaí acmhainneachtaí agus cumais a fhorbairt ar fud an Aontais, agus, ag an am céanna, aird chuí á tabhairt ar na himpleachtaí don tsochaí agus do chúrsaí eitice agus ar na húdair imní ina leith sin.

(2)

Mhéadaigh an tAontas líon a ghníomhaíochtaí de réir a chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chibearshlándála atá ag fás tar éis na straitéise cibearshlándála a chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) chun cinn ina dteachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 7 Feabhra 2013 dar teideal “Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh: Cibearspás Oscailte, Sábháilte agus Slán” (“Straitéis Chibearshlándála 2013”). Bhí sé mar aidhm ag Straitéis Chibearshlándála 2013 cibear-éiceachóras iontaofa, sábháilte agus oscailte a chothú. In 2016, ghlac an tAontas na bearta tosaigh i réimse na cibearshlándála le Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise.

(3)

I mí Mheán Fómhair 2017, chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí teachtaireacht chomhpháirteach i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle dar teideal Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU [Athléimneacht, Díspreagadh agus Cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don AE] chun athléimneacht, díspreagadh agus freagairt an Aontais i dtaobh cibear-ionsaithe a neartú a thuilleadh.

(4)

D’iarr na Cinn Stáit agus Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn, i mí Mheán Fómhair 2017, go mbeadh an tAontas ina cheannaire domhanda maidir leis an gcibearshlándáil faoi 2025, chun iontaoibh, muinín agus cosaint saoránach, tomhaltóirí agus fiontar ar líne a áirithiú agus chun idirlíon saor, níos sábháilte agus a rialaítear de réir an dlí a chumasú, agus dhearbhaigh siad go raibh sé ar intinn acu go mbainfí úsáid níos mó as réitigh foinse oscailte agus caighdeáin oscailte nuair a bheadh córais agus réitigh TFC á dtógáil nó á n-atógáil, go háirithe chun gaibhniú díoltóirí a sheachaint, lena n-áirítear iad siúd arna bhforbairt nó arna gcur chun cinn ag cláir an Aontais um idir-inoibritheacht agus caighdeánú, amhail ISA2.

(5)

Ba cheart don Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála (an “Lárionad Inniúlachta”) arna bhunú sa Rialachán seo cúnamh a chur ar fáil chun slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise a mhéadú, lena n-áirítear an t-idirlíon agus bonneagair eile atá criticiúil le haghaidh fheidhmiú na sochaí amhail iompar, sláinte, fuinneamh, bonneagar digiteach, uisce, margaí airgeadais agus córais bhaincéireachta.

(6)

Is féidir le briseadh suntasach ar chórais gréasán agus faisnéise difear a dhéanamh do Bhallstáit aonair agus don Aontas ina iomláine. Tá sé fíor-riachtanach don tsochaí agus don gheilleagar araon, dá bhrí sin, ardleibhéal slándála a bheith ag na córais gréasán agus faisnéise ar fud an Aontais. Faoi láthair, braitheann an tAontas ar sholáthraithe cibearshlándála neamh-Eorpacha. Mar sin féin, is chun leas straitéiseach an Aontais é a áirithiú go ndéanann sé taighde cibearshlándála fíor-riachtanach agus acmhainneachtaí teicneolaíocha a choimeád agus a fhorbairt chun córais gréasán agus faisnéise shaoránaigh agus ghnólachtaí a shlánú, agus go háirithe chun córais gréasán agus faisnéise chriticiúla a chosaint, agus chun seirbhísí cibearshlándála lárnacha a chur ar fáil.

(7)

Tá saibhreas saineolais agus taithí san Aontas maidir le taighde, teicneolaíocht agus forbairt thionsclaíoch ó thaobh na cibearshlándála de, ach tá iarrachtaí na bpobal tionsclaíoch agus taighde ilroinnte, bíonn easnaimh ann maidir le hailíniú agus misean comhchoiteann, rud a chuireann bac ar iomaíochas agus ar chosaint éifeachtach ar ghréasáin agus córais san fhearann sin. Ní mór iarrachtaí agus saineolas den sórt seo a chomhthiomsú, a líonrú agus a úsáid ar bhealach éifeachtúil chun an taighde, an teicneolaíocht, na hacmhainneachtaí tionsclaíocha agus na scileanna atá ann cheana féin a neartú agus a chomhlánú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Cé go bhfuil dúshláin thábhachtacha roimh an earnáil TFC, amhail an t-éileamh ar oibrithe oilte san earnáil a shásamh, is féidir leis an earnáil tairbhe a bhaint as ionadaíocht a dhéanamh ar an éagsúlacht atá sa tsochaí i gcoitinne, ionadaíocht chothrom ar inscne, éagsúlacht eitneach, agus neamh-idirdhealú in aghaidh daoine atá faoi mhíchumas, mar aon le rochtain ar eolas agus ar oiliúint do shaineolaithe cibearshlándála a bheidh ann amach anseo a éascú, lena n-áirítear oiliúint na saineolaithe sin i gcomhthéacsanna neamhfhoirmiúla, mar shampla i dtionscadail um bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce, i dtionscadail um theicneolaíocht saoránach, i ngnólachtaí nuathionscanta agus i micrifhiontair.

(8)

Is geallsealbhóirí ríthábhachtacha iad fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) in earnáil na cibearshlándála san Aontas agus is féidir leo réitigh cheannródaíocha a chur ar fáil mar gheall ar a thapa atá siad. Is mó an baol, áfach, go mbeidh FBManna nach speisialtóirí iad sa chibearshlándáil leochaileach maidir le cibirtheagmhais mar gheall ar ardriachtanais infheistíochta agus saineolais atá de dhíth chun réitigh éifeachtacha chibearshlándála a bhunú. Dá bhrí sin, is gá don Lárionad Inniúlachta agus do Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (an “Líonra”) tacaíocht speisialta a chur ar fáil do FBManna trí rochtain na FBManna ar eolas agus trí rochtain spriocdhírithe ar thorthaí ón taighde agus ón bhforbairt a éascú ionas gur féidir le FBManna iad féin a chosaint go leordhóthanach agus ionas gur féidir le FBManna atá gníomhach sa chibearshlándáil a bheith iomaíoch agus in ann rannchuidiú le ceannaireacht an Aontais i réimse na cibearshlándála.

(9)

Tá saineolas le fáil lasmuigh de chomhthéacsanna tionsclaíocha agus taighde. Tionscadail neamhthráchtála agus réamhthráchtála, dá dtagraítear mar thionscadail “teicneolaíocht saoránach”, baineann siad úsáid as caighdeáin oscailte, as sonraí oscailte, agus as bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce, chun leas na sochaí agus an phobail.

(10)

Tá réimse na cibearshlándála éagsúil. Áirítear ar na geallsealbhóirí ábhartha, geallsealbhóirí ó eintitis phoiblí, ó na Ballstáit agus ón Aontas, agus ón tionscal, ón sochaí shibhialta, amhail ceardchumainn, comhlachais tomhaltóirí, an pobal um bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce mar aon leis an bpobal acadúil agus taighde, agus ó eintitis eile.

(11)

De bhun na gConclúidí ón gComhairle a glacadh i mí na Samhna 2017 iarradh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a chur ar fáil go pras ar na roghanna féideartha chun líonra de lárionaid inniúlachta cibearshlándála a chruthú, agus lárionad Eorpach um thaighde agus inniúlachtaí cibearshlándála a chruthú agus chun togra a dhéanamh d’ionstraim dlí ábhartha faoi lár 2018 chun líonra den sórt sin agus lárionad den sórt sin a chruthú.

(12)

Tá easpa acmhainneachtaí agus cumais tionsclaíocha agus teicneolaíocha leordhóthanacha ag an Aontas fós chun a gheilleagar agus a bhonneagair chriticiúla a dhéanamh slán go neamhspleách agus chun bheith ina cheannaire domhanda i réimse na cibearshlándála. Ní leor leibhéal an chomhordaithe agus an chomhair straitéisigh inbhuanaithe idir tionscail, pobail taighde cibearshlándála agus rialtais. Tá an tAontas thíos le hinfheistíocht nach bhfuil leordhóthanach agus le rochtain theoranta ar fhios gnó, scileanna agus saoráidí cibearshlándála, agus is beag toradh ar thaighde agus nuálaíocht an Aontais cibearshlándála a aistrítear ina réitigh indíolta nó a imscartar go forleathan ar fud an gheilleagair.

(13)

Is é an Lárionad Inniúlachta agus an Líonra a bhunú, ag a bhfuil sainordú bearta a shaothrú chun tacú le teicneolaíochtaí tionsclaíocha, agus i bhfearann an taighde agus na nuálaíochta, an bealach is fearr chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, agus ag an am céanna an tionchar eacnamaíoch, sochaíoch, agus comhshaoil is airde a chur ar fáil agus leasanna an Aontais a chosaint.

(14)

Ba cheart an Lárionad a bheith ar phríomhuirlis an Aontais chun infheistíocht a chomhthiomsú i dtaighde, i dteicneolaíocht agus i bhforbairt thionsclaíoch ó thaobh cibearshlándála de agus chun na tionscadail agus na tionscnaimh ábhartha a chur chun feidhme i gcomhpháirt leis an Líonra. Ba cheart don Lárionad Inniúlachta tacaíocht airgeadais a bhaineann leis an gcibearshlándáil ó Fhís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ón gClár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bhainistiú agus ba cheart é a bheith oscailte do chláir eile i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don chur chuige seo rannchuidiú le sineirgí a chruthú agus tacaíocht airgeadais a chomhordú maidir le tionscnaimh an Aontais i réimse an taighde agus na forbartha, na nuálaíochta, na teicneolaíochta agus na forbartha tionsclaíche ó thaobh na cibearshlándála de agus ba cheart don chur chuige seo dúbláil nach gá a sheachaint.

(15)

Tá sé tábhachtach urraim do chearta bunúsacha agus d’iompar eiticiúil i dtionscadail taighde i réimse na cibearshlándála a dtacaíonn an Lárionad Inniúlachta leo a áirithiú.

(16)

Níor cheart don Lárionad Inniúlachta cúraimí oibríochtúla cibearshlándála a dhéanamh, amhail cúraimí a bhaineann le Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna), lena n-áirítear faireachán agus láimhseáil a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh an Lárionad Inniúlachta in ann forbairt bonneagar TFC a fhónann do thionscail a éascú go háirithe ar FBManna, pobail taighde, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phoiblí, go comhsheasmhach leis an misean agus na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina bhféachann CSIRTanna agus geallsealbhóirí eile le tuairisciú agus nochtadh leochaileachtaí a chur chun cinn, féadfaidh an Lárionad Inniúlachta agus comhaltaí Phobal Inniúlachta Cibearshlándála (an “Pobal”) tacú leis na geallsealbhóirí sin, arna iarraidh sin dóibh, laistigh de theorainneacha a gcúraimí faoi seach, agus aon dúbláil le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) arna bunú le Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) á seachaint acu.

(17)

Tá sé beartaithe go mbeidh an Lárionad Inniúlachta, an Pobal agus an Líonra in ann leas a bhaint as an taithí agus as ionadaíocht leathan na ngeallsealbhóirí ábhartha a forbraíodh tríd an gcomhpháirtíocht chonarthach phoiblí-phríobháideach um chibearshlándáil idir an Coimisiún agus an Eagraíocht Eorpach um Chibearshlándáil (ESCO) i gcaitheamh thréimhse Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus óna bhfuil foghlamtha ó cheithre thionscadal phíolótacha a seoladh i dtús 2019 faoi Fís 2020, eadhon CONCORDIA, ECHO, SPARTA agus CyberSec4Europe, agus ón tionscadal píolótach agus ón ngníomhaíocht ullmhúcháin maidir le Bogearraí Foinse Oscailte agus Saor in Aisce (EU FOSSA), chun bainistíocht a dhéanamh ar an bPobal agus ar son ionadaíocht an Phobail sa Lárionad Inniúlachta.

(18)

I bhfianaise mhéid an dúshláin a ghabhann le cibearshlándáil agus i bhfianaise na n-infheistíochtaí arna ndéanamh in acmhainneachtaí agus cumais chibearshlándála in áiteanna eile ar domhan, ba cheart an tAontas agus na Ballstáit a spreagadh dlús a chur leis an tacaíocht airgeadais a thugann siad don taighde, don fhorbairt agus don imscaradh sa réimse sin. Chun barainneacht scála agus leibhéal inchomparáide cosanta ar fud an Aontais a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a dhíriú ar chreat Aontais trí rannchuidiú go gníomhach leis an Lárionad Inniúlachta agus leis an Líonra.

(19)

Chun iomaíochas agus caighdeáin chibearshlándála arda an Aontais a chothú go hidirnáisiúnta, ba cheart don Lárionad Inniúlachta agus don Phobal malartú maidir le forbairtí i réimse na cibearshlándála, lena n-áirítear i ndáil le táirgí agus próisis, caighdeáin agus caighdeáin theicniúla a lorg leis an bpobal idirnáisiúnta, i gcás inarb ábhartha maidir le misean an Lárionaid Inniúlachta, lena chuspóirí agus lena chúraimí. Chun críoch an Rialacháin seo, d’fhéadfaí cruthú cineálacha cur chun feidhme tagartha, lena n-áirítear iad siúd a fhoilsítear faoi cheadúnais chaighdeánacha oscailte, a áireamh ar chaighdeáin theicniúla ábhartha.

(20)

Is i mBúcairist atá suíomh an Lárionad Inniúlachta.

(21)

Nuair a bheidh a chlár oibre bliantúil (clár oibre bliantúil) á ullmhú, ba cheart don Lárionad Inniúlachta an Coimisiún a chur ar an eolas faoina riachtanais chomhchistiúcháin ar bhonn ranníocaíochtaí comhchistithe pleanáilte na mBallstát i leith gníomhaíochtaí comhpháirteacha, ionas gur féidir leis an gCoimisiún ranníocaíocht mheaitseála an Aontais a chur san áireamh agus dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain ina dhiaidh sin á ullmhú.

(22)

I gcás ina n-ullmhóidh an Coimisiún clár oibre Fís Eorpach i dtaca le hábhair a bhaineann leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear i gcomhthéacs a phróisis comhairliúcháin le geallsealbhóirí, agus go háirithe sula nglacfar an clár oibre sin, ba cheart don Choimisiún ionchur an Lárionaid Inniúlachta a chur san áireamh agus ba cheart dó an t-ionchur sin a chomhroinnt le Coiste Cláir Fís Eorpach.

(23)

Chun a chur ar chumas an Lárionaid Inniúlachta a ról i réimse na cibearshlándála a chomhlíonadh, agus le rannpháirtíocht an Líonra a éascú agus chun ról láidir rialachais a thabhairt do na Ballstáit, ba cheart an Lárionad Inniúlachta a bhunú mar chomhlacht de chuid an Aontais ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus tá feidhm le bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (8) maidir leis. Ba cheart dhá ról a bheith á gcomhlíonadh ag an Lárionad Inniúlachta, cúraimí sonracha a dhéanamh sa réimse tionsclaíochta, teicneolaíochta agus taighde cibearshlándála mar a leagtar síos sa Rialachán seo agus cistiú um an gcibearshlándáil a bhainistiú ó roinnt clár ag an am céanna – go háirithe Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach, agus b’fhéidir cláir eile de chuid an Aontais chomh maith. Chaithfeadh an bhainistíocht sin a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis na cláir sin. Mar sin féin, ós rud é gur ó Fhís Eorpach agus ón gClár don Eoraip Dhigiteach go príomha a thiocfadh an cistiú d’fheidhmiú an Lárionaid Inniúlachta, is gá a mheas gur comhpháirtíocht é an Lárionad chun críoch chur chun feidhme an bhuiséid, lena n-áirítear le linn chéim an chlársceidealaithe.

(24)

Mar thoradh ar rannchuidiú ón Aontas, tá rochtain ar thorthaí ghníomhaíochtaí agus ar thorthaí thionscadail an Lárionaid Inniúlachta le bheith a oscailte is féidir agus a iata is gá, agus tá athúsáid torthaí den sórt sin le bheith indéanta i gcás inarb iomchuí.

(25)

Ba cheart don Lárionad Inniúlachta obair an Líonra a éascú agus a chomhordú. Ba cheart don Líonra a bheith comhdhéanta de lárionad náisiúnta chomhordúcháin amháin ó gach Ballstát. Lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a bhfuil sé aitheanta ag an gCoimisiún ina leith go bhfuil an acmhainneacht riachtanach acu cistí a bhainistiú chun an misean agus na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach, ba cheart dóibh tacaíocht airgeadais dhíreach ón Aontas a fháil, lena n-áirítear deontais arna ndámhachtain gan glao ar thograí, chun a gcuid gníomhaíochtaí maidir leis an Rialachán seo a dhéanamh.

(26)

Ba cheart d’eintitis de chuid na hearnála poiblí, nó d’eintitis ag a bhfuil formhór na rannpháirtíochta poiblí, a dhéanann feidhmeanna riaracháin phoiblí faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear trí bhíthin tarmligin, a bheith sna Lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, agus ba cheart iad a bheith roghnaithe ag Ballstáit. Ba cheart go bhféadfadh eintiteas a chomhlíonann feidhmeanna eile a eascraíonn faoi dhlí an Aontais, amhail na feidhmeanna atá ag údarás inniúil náisiúnta, ag pointe teagmhála aonair de réir bhrí Threoir (AE) 2016/1148, nó aon Rialachán eile de chuid an Aontais, nó ag mol nuálaíochta digití de réir bhrí Rialacháin (AE) 2021/694, feidhmeanna Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin in aon Bhallstát a chomhlíonadh. Eintitis eile san earnáil phoiblí nó eintitis eile a dhéanann feidhmeanna riaracháin phoiblí i mBallstát, ba cheart go mbeadh siad in ann cúnamh a thabhairt don lárionad náisiúnta comhordúcháin sa Bhallstát sin agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aige.

(27)

Ba cheart an acmhainneacht riaracháin riachtanach a bheith ag na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus ba cheart saineolas tionsclaíochta, teicneolaíochta agus taighde cibearshlándála a bheith acu nó rochtain a bheith acu ar an saineolas sin, agus ba cheart dóibh a bheith in ann dul i dteagmháil, ar bhealach éifeachtach, leis an tionscal, leis an earnáil phoiblí, agus leis an bpobal taighde agus comhordú leo.

(28)

Ba cheart don oideachas i mBallstáit an tábhacht a bhaineann le feasacht agus scileanna cibearshlándála leordhóthanacha a bheith ar a gcumas ag daoine a léiriú. Chuige sin, agus ról ENISA á chur san áireamh agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát san oideachas, ba cheart do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, in éineacht leis na húdaráis phoiblí agus na geallsealbhóirí ábhartha, rannchuidiú le cláir oideachais chibearshlándála a chur chun cinn agus a scaipeadh.

(29)

Ba cheart go mbeadh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin in ann deontais a fháil ón Lárionad Inniúlachta chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do thríú páirtithe i bhfoirm deontas. Ba cheart go mbeadh an costas díreach arna thabhú ag na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin as tacaíocht airgeadais a sholáthar agus a riar do thríú páirtithe incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi na cláir ábhartha.

(30)

Ba cheart don Lárionad Inniúlachta, an Líonra agus an Pobal cuidiú chun na táirgí, seirbhísí agus próisis chibearshlándála is déanaí a chur chun cinn agus a scaipeadh. Ag an am céanna, ba cheart don Lárionad Inniúlachta agus don Líonra cumais chibearshlándála ar thaobh éileamh an tionscail a chur chun cinn, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt d’fhorbróirí agus d’oibreoirí in earnálacha amhail na hearnálacha iompair, fuinnimh, sláinte, airgeadais, rialtais, teileachumarsáide, monaraíochta agus spáis chun cabhrú le forbróirí agus le hoibreoirí na dúshláin chibearshlándála atá rompu a shárú amhail chun slándáil trí dhearadh a bhaint amach. Ba cheart don Lárionad Inniúlachta agus don Líonra tacú freisin le táirgí, seirbhísí agus próisis chibearshlándála a imscaradh agus, i gcás inar féidir, feidhmiú an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a chur chun cinn mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/881.

(31)

De bharr a thapa atá cibearbhagairtí agus an chibearshlándáil ag athrú, ní mór don Aontas a bheith in ann dul in oiriúint go tapa agus go leanúnach d’fhorbairtí nua sa réimse. Dá bhrí sin, ba cheart an Lárionad Inniúlachta, an Líonra agus an Pobal a bheith sách solúbtha chun an ábaltacht a bheith acu freagairt d’forbairtí den sórt sin mar is gá dóibh. Ba cheart dóibh éascaíocht a dhéanamh ar thionscadail lena gcabhraítear le heintitis a bheith in ann cumas a fhothú go leanúnach chun feabhas a chur ar a n-athléimneachtaí féin agus ar athléimneacht an Aontais.

(32)

Ba cheart don Lárionad Inniúlachta tacaíocht a thabhairt don Phobal. Ba cheart don Lárionad Inniúlachta páirteanna de Fís Eorpach agus den Chlár Eoraip Dhigiteach atá ábhartha don chibearshlándáil a chur chun feidhme i gcomhréir le clár oibre ilbhliantúil an Lárionaid Inniúlachta (an clár oibre ilbhliantúil), leis an gclár oibre bliantúil agus le próiseas pleanála straitéisí Fís Eorpach trí dheontais agus cineálacha eile cistiúcháin a leithdháileadh i ndiaidh glao iomaíoch ar thograí go príomha. Chomh maith leis sin, ba cheart don Lárionad Inniúlachta an t-aistriú saineolais a éascú sa Líonra agus sa Phobal agus ba cheart dó tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht chomhpháirteach ón Aontas, ó Bhallstáit nó ón tionscal. Ba cheart dó aird ar leith a thabhairt do thacú le FBManna i réimse na cibearshlándála agus ar ghníomhaíochtaí a chuidíonn leis an mbearna scileanna a shárú.

(33)

Ba cheart cúnamh teicniúil d’ullmhúchán tionscadail a dhéanamh ar bhealach atá iomlán oibiachtúil agus trédhearcach a áirithíonn go bhfaighidh gach tairbhí ionchasach an fhaisnéis chéanna agus go seachnaítear coinbhleachtaí leasa.

(34)

Ba cheart don Lárionad Inniúlachta comhar agus comhordú straitéiseach fadtéarmach ghníomhaíochtaí an Phobail a spreagadh agus tacú leo, lena mbainfeadh grúpa mór, oscailte, idirdhisciplíneach agus éagsúil de gheallsealbhóirí Eorpacha a bhfuil baint acu leis an teicneolaíocht chibearshlándála. Ba cheart a bheith ar áireamh sa Phobal go háirithe eintitis taighde, tionscail agus an earnáil phoiblí. Ba cheart don Phobal, ionchur a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta, don chlár oibre ilbhliantúil agus do chlár oibre bliantúil an Lárionaid go háirithe tríd an nGrúpa Comhairleach Straitéiseach. Ba cheart don Phobal leas a bhaint freisin as gníomhaíochtaí forbartha pobail an Lárionaid Inniúlachta agus an Líonra, ach níor cheart pribhléid a bheith aige seachas sin maidir le glaonna ar thograí nó le glaonna ar thairiscintí. Ba cheart don Phobal a bheith comhdhéanta de chomhlachtaí agus eagraíochtaí comhchoiteanna. Ag an am céanna, chun tairbhe a bhaint as an saineolas uile i ndáil le cibearshlándáil san Aontas, ba cheart go mbeadh an Lárionad Inniúlachta agus a chomhlachtaí in ann tarraingt ar shaineolais dhaoine nádúrtha mar shaineolaithe ad hoc.

(35)

Ba cheart don Lárionad Inniúlachta comhoibriú le ENISA agus ba cheart dó sineirgí léi a áirithiú agus ba cheart dó an chomhairle iomchuí a fháil ó ENISA agus é ag sainiú na dtosaíochtaí cistiúcháin.

(36)

Chun freagairt do riachtanais ar thaobh éileamh agus ar thaobh sholáthar na cibearshlándála araon, ba cheart táirgí, próisis agus seirbhísí TFC agus gach táirge agus próiseas teicneolaíoch eile ina bhfuil an chibearshlándáil le comhtháthú a bheith i gceist leis an gcúram atá ar an Lárionad Inniúlachta eolas agus cúnamh teicniúil i réimse na cibearshlándála a chur ar fáil do thionscail. Arna iarraidh sin, d’fhéadfadh an earnáil phoiblí tairbhe a bhaint as tacaíocht ón Lárionad Inniúlachta freisin.

(37)

Chun timpeallacht chibearshlándála inbhuanaithe a bhunú, tá sé tábhachtach go n-úsáidfear slándáil trí dhearadh mar phrionsabal sa phróiseas chun bonneagair, táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, a chothabháil, a oibriú, agus a nuashonrú, go háirithe trí thacú le modhanna forbartha slána úrscothacha, agus trí thástáil slándála leordhóthanach, trí iniúchtaí slándála, agus trí nuashonruithe a chur ar fáil chun leochaileachtaí nó bagairtí aitheanta a leigheas gan mhoill agus, i gcás inar féidir, trí thríú páirtithe a chumasú chun nuashonruithe a chruthú agus a sholáthar thar chríochsheirbhís táirgí faoi seach. Ba cheart slándáil trí dhearadh a áirithiú le linn shaolré tháirgí, sheirbhísí nó phróisis TFC agus trí na próisis forbartha a bhíonn ag athrú de shíor chun an riosca dochair a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar úsáid mhailíseach a laghdú.

(38)

Cé gur cheart don Lárionad Inniúlachta agus don Líonra iarracht a dhéanamh sineirgí agus comhar a fheabhsú idir na réimsí sibhialtacha agus cosanta ó thaobh na cibearshlándála de, ba cheart tionscadail faoin Rialacháin seo atá á maoiniú ag Fís Eorpach a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695, ina bhforáiltear go bhfuil gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéantar faoi Fís Eorpach le bheith dírithe go heisiach ar fheidhmeanna sibhialtacha amháin.

(39)

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hábhair shibhialtach go príomha, ach féadfaidh gníomhaíochtaí na mBallstát faoin Rialachán seo sainiúlachtaí na mBallstát a léiriú i gcásanna ina mbeidh an beartas cibearshlándála á shaothrú ag údaráis atá i mbun cúraimí sibhialta chomh maith le cúraimí míleata, agus ba cheart dóibh a ndícheall a dhéanamh comhlántacht a bhaint amach agus ba cheart dóibh forluí a sheachaint le hionstraimí cistiúcháin a bhaineann le cosaint.

(40)

Ba cheart don Rialachán seo dliteanas agus trédhearcacht an Lárionaid Inniúlachta agus na ngnóthas sin a fhaigheann maoiniú a áirithiú, i gcomhréir leis na Rialacháin cláir ábhartha.

(41)

Maidir le cur chun feidhme na dtionscadal imscartha, go háirithe cur chun feidhme na dtionscadal imscartha a bhaineann leis na bonneagair agus na cumais arna n-imscaradh ar an leibhéal an Aontais nó trí sholáthar comhpháirteach, d’fhéadfadh sin a roinnt ina chéimeanna éagsúla cur chun feidhme, amhail tairiscintí ar leithligh ar dhearadh ailtireacht na gcrua-earraí agus na mbogearraí, a dtáirgeadh mar aon lena n-oibriú agus a gcothabháil, ach ní fhéadfadh gnólachtaí a bheith rannpháirteach ach i gceann amháin de na céimeanna in aghaidh na cuideachta agus, i gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaidís a cheangal go gcomhlíonfadh na tairbhithe i gceann amháin nó níos mó de na céimeanna sin coinníollacha áirithe ó thaobh úinéireacht nó rialú Eorpach de.

(42)

I bhfianaise a saineolais cibearshlándála agus a sainordaithe mar phointe tagartha comhairle agus saineolais cibearshlándála d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, agus do gheallsealbhóirí ábhartha an Aontais agus i bhfianaise ionchur a bheith á bhailiú aici trína cúraimí, ba cheart do ENISA páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta lena n-áirítear an Clár Oibre a fhorbairt, agus aon dúbláil gan ghá ina gcuid cúraimí a sheachaint go háirithe trína ról mar bhreathnóir buan ar Bhord Rialaithe an Lárionaid Inniúlachta. Maidir le dréachtú an Chláir Oibre, an chláir oibre bhliantúil agus an chláir oibre ilbhliantúil, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Inniúlachta agus don Bhord Rialaithe aon chomhairle straitéiseach ábhartha agus aon ionchur straitéiseach ábhartha a chuirfidh ENISA ar fáil a chur san áireamh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhoird Rialaithe.

(43)

Nuair a fhaigheann siad ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus na heintitis atá mar chuid den Phobal an fhíric a phoibliú go ndéantar a ngníomhaíochtaí faoi seach i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(44)

Ba cheart don Aontas, agus do na Ballstáit i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit chuig na gníomhaíochtaí comhpháirteacha, na costais a eascraíonn as gníomhaíochtaí bunaíochta an Lárionaid Inniúlachta agus as gníomhachtaí riaracháin agus comhordúcháin an Lárionaid Inniúlachta, a mhaoiniú. Chun cistiú dúbailte a sheachaint, níor cheart ranníocaíocht ó chláir eile an Aontais dul chun sochair na ngníomhaíochtaí siúd i gcomhthráth.

(45)

Ba cheart don Bhord Rialaithe, bord ar cheart go mbeadh ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún air, treo ginearálta oibríochtaí an Lárionaid Inniúlachta a shainiú, agus ba cheart dó a áirithiú go gcuirfeadh an Lárionad Inniúlachta a chúraimí i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart don Bhord Rialaithe an Clár Oibre a ghlacadh.

(46)

Ba cheart a chur ar iontaoibh an Bhoird Rialaithe na cumhachtaí is gá chun buiséad an Lárionaid Inniúlachta a bhunú. Ba cheart dó feidhmiú an bhuiséid a fhíorú, ba cheart dó na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, agus ba cheart dó na nósanna imeachta oibre trédhearcacha a bhunú i dtaobh chinnteoireacht an Lárionaid Inniúlachta, lena n-áirítear an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh agus an Clár Oibre á léiriú acu. Ba cheart don Bhord Rialaithe a rialacha nós imeachta a ghlacadh freisin, ba cheart dó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus ba cheart dó cinneadh a dhéanamh maidir le haon síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nó maidir le haon chás ina gcuirfí deireadh lena théarma nó lena téarma oifige.

(47)

Ba cheart don Bhord Rialaithe formhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí straitéiseacha agus cur chun feidhme an Lárionaid Inniúlachta agus ba cheart dó a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ailínithe. Sa tuarascáil bhliantúil uaidh, ba cheart don Lárionad Inniúlachta béim ar leith a leagan ar spriocanna straitéiseacha atá bainte amach aige agus, más gá, gníomhaíochtaí a mholadh chun gnóthú na spriocanna straitéiseacha sin a fheabhsú a thuilleadh.

(48)

Chun go bhfeidhmeoidh an Lárionad Inniúlachta go héifeachtúil agus go cuí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an saineolas gairmiúil iomchuí agus an taithí sna réimsí feidhme ag na daoine atá le ceapadh ar an mBord Rialaithe. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh ráta athraithe a gcuid ionadaithe faoi seach ar an mBord Rialaithe a theorannú freisin chun leanúnachas a chuid oibre a áirithiú.

(49)

I bhfianaise stádas sonrach an Lárionaid Inniúlachta agus a fhreagrachta as cur chun feidhme chistí an Aontais, go háirithe na cistí sin ó Fhís Eorpach agus ón gClár don Eoraip Dhigiteach, ba cheart 26 % d’iomlán na vótaí a bheith ag an gCoimisiún ar an mBord Rialaithe maidir le cinntí lena mbaineann cistí an Aontais, chun breisluach Aontais na gcinntí sin a uasmhéadú, agus ag an am céanna a áirithiú go bhfuil na cinntí sin dlíthiúil agus go bhfuil siad ailínithe le tosaíochtaí an Aontais.

(50)

Ar mhaithe le feidhmiú cuí an Lárionaid Inniúlachta, ní mór Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid a cheapadh ar bhealach trédhearcach ar bhonn fiúntais, scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí atá ábhartha i dtaobh na cibearshlándála, agus ní mór dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a dhéanamh ar bhealach atá go hiomlán neamhspleách.

(51)

Ba cheart don Lárionad Inniúlachta Grúpa Comhairleach Straitéiseach a bheith aige mar chomhlacht comhairleach. Ba cheart don Ghrúpa Comhairleach Straitéiseach comhairle a chur ar fáil ar bhonn idirphlé tráthrialta idir an Lárionad Inniúlachta agus an Pobal, ar grúpa é ar cheart a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ón earnáil phríobháideach, ó eagraíochtaí tomhaltóirí, ón saol acadúil agus de gheallsealbhóirí ábhartha eile. Ba cheart don Ghrúpa Comhairleach Straitéiseach díriú ar na saincheisteanna atá ábhartha do na geallsealbhóirí agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Ba cheart a áirithiú, i gcúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh comhairle a chur ar fáil maidir leis an gClár Oibre, leis an gclár oibre bliantúil agus leis an gclár oibre ilbhliantúil. Ba cheart ionadaíocht chothrom a bheith ag na geallsealbhóirí éagsúla sa Ghrúpa Comhairleach Straitéiseach, agus aird ar leith á tabhairt do ionadaíocht na FBManna, chun go n-áiritheofar ionadaíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí in obair an Lárionaid Inniúlachta.

(52)

D’fhéadfaí gur ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil a bheadh sna ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le hacmhainní an Lárionaid Inniúlachta. Mar shampla, d’fhéadfadh gur deontas a bheadh i ranníocaíochtaí airgeadais den sórt sin, arna thabhairt ag Ballstát do thairbhí sa Bhallstát sin lena gcomhlánaítear tacaíocht airgeadais ón Aontas arna tabhairt do thionscadal faoin gclár oibre bliantúil. Ar an taobh eile, dhéanfaí ranníocaíochtaí comhchineáil de ghnáth i gcás inarb é eintiteas Bhallstáit féin an tairbhí de thacaíocht airgeadais ón Aontas. Mar shampla, dá dtabharfadh an tAontas fóirdheontas do ghníomhaíocht de chuid lárionaid comhordúcháin náisiúnta ag ráta maoinithe 50 %, chuirfí costas eile na gníomhaíochta san áireamh mar ranníocaíocht chomhchineáil. Mar shampla eile, i gcás ina bhfaigheann eintiteas Bhallstáit tacaíocht airgeadais ón Aontas chun bonneagar a chruthú nó a uasghrádú atá le comhroinnt idir geallsealbhóirí i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil, chuirfí na costais neamh-fhóirdheontais lena mbaineann san áireamh mar ranníocaíochtaí comhchineáil.

(53)

I gcomhréir le forálacha ábhartha de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir le coinbhleacht leasa, ba cheart a bheith i bhfeidhm ag an Lárionad Inniúlachta rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc, a shainaithint agus a réiteach agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí, lena chomhlachtaí agus lena fhoireann, leis an mBord Rialaithe, mar aon leis an nGrúpa Comhairleach Straitéiseach, agus leis an bPobal. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar coinbhleachtaí leasa a bhaineann leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a chosc, a shainaithint agus a réiteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart don Lárionad Inniúlachta dlí ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm, ar forálacha iad a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta ag an Lárionad Inniúlachta a bheith faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart don Lárionad Inniúlachta cloí le forálacha an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais, agus leis an dlí náisiúnta maidir le láimhseáil faisnéise, go háirithe láimhseáil faisnéise íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais.

(54)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (an “Rialachán Airgeadais”).

(55)

Ba cheart don Lárionad Inniúlachta oibriú ar dhóigh oscailte thrédhearcach. Ba cheart dó an fhaisnéis ábhartha ar fad a sholáthar go tráthúil, agus ba cheart dó a ghníomhaíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus scaipthe i measc an phobail i gcoitinne. Ba cheart rialacha nós imeachta Bhord Rialaithe an Lárionaid Inniúlachta agus an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh a chur ar fáil go poiblí.

(56)

Ba cheart d’iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna a fheidhmiú i dtaca leis an Lárionad Inniúlachta agus a bheidh á bhfeidhmiú aige i dtaca leis an gCoimisiún.

(57)

Ba cheart don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise rochtain a fháil ar an bhfaisnéis riachtanach ar fad agus ar áitreabh an Lárionad Inniúlachta chun iniúchtaí agus imscrúdúcháin a dhéanamh ar na deontais, ar na conarthaí agus ar na comhaontuithe atá sínithe ag an Lárionad Inniúlachta.

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon iomaíochas agus acmhainneachtaí an Aontais a neartú, acmhainneachtaí taighde teicneolaíocha agus tionsclaíocha an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a choimeád agus a fhorbairt, iomaíochas thionscal cibearshlándála an Aontais a fheabhsú agus an chibearshlándáil a iompú ina buntáiste iomaíoch do thionscail eile an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar de bharr go bhfuil na hacmhainní teoranta atá ann cheana scaipthe agus de bharr scála na hinfheistíochta is gá agus, de bharr go seachnaítear dúbláil gan ghá ar na hiarrachtaí sin, rud a chuidíonn le mais chriticiúil infheistíochta a bhaint amach agus lena n-áirithítear go n-úsáidtear maoiniú poiblí ar an mbealach is fearr, agus lena n-áirithítear go gcuirtear ardleibhéal cibearshlándála chun cinn sna Ballstáit uile, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta agus prionsabail an lárionaid inniúlachta agus an líonra

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála (“an Lárionad Inniúlachta”) agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (an “Líonra”). Leagtar síos leis rialacha maidir le lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a ainmniú agus rialacha maidir leis an bPobal Inniúlachta Cibearshlándála (an “Pobal”) a chur ar bun.

2.   Beidh ról bunriachtanach ag an Lárionad Inniúlachta agus an chuid sin den Chlár don Eoraip Dhigiteach a bhaineann le cibearshlándáil á cur chun feidhme agus go háirithe maidir le bearta a bhaineann le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/694, agus rannchuideoidh an Lárionad le cur chun feidhme Fís Eorpach go háirithe maidir le Cuid 3.1.3. de Cholún II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle (12).

3.   Rannchuideoidh na Ballstáit go comhpháirteach le hobair an Lárionaid Inniúlachta agus an Líonra.

4.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil náisiúnta agus gníomhaíochtaí an stáit i réimsí an dlí choiriúil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cibearshlándáil” na gníomhaíochtaí go léir is gá chun córais gréasán agus faisnéise, úsáideoirí na gcóras sin, agus daoine eile dá ndéantar difear a chosaint ar chibearbhagairtí;

(2)

ciallaíonn “córas gréasán agus faisnéise” córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;

(3)

ciallaíonn “táirgí, seirbhisí agus próisis chibearshlándála” táirgí, seirbhísí nó próisis tráchtála agus neamhthráchtála TFC a bhfuil mar shainchuspóir acu córais gréasán agus faisnéise a chosaint nó rúndacht, sláine agus inrochtaineacht sonraí, a phróiseáiltear nó a stóráiltear i gcórais gréasán agus faisnéise, mar aon le cibearshlándáil úsáideoirí na gcóras sin agus daoine eile a ndéanann cibearbhagairtí difear dóibh, a áirithiú;

(4)

ciallaíonn “cibearbhagairt” aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh, cur isteach ar, nó tionchar díobhálach eile a bheith aige ar chórais gréasán agus faisnéise, ar úsáideoirí na gcóras sin agus ar dhaoine eile lena mbaineann;

(5)

ciallaíonn “gníomhaíocht chomhpháirteach” gníomhaíocht a áirítear sa chlár oibre bliantúil agus a fhaigheann tacaíocht airgeadais an Aontais ó Fhís Eorpach, ón gClár don Eoraip Dhigiteach nó ó chláir eile de chuid an Aontais chomh maith le tacaíocht airgeadais nó tacaíocht chomhchineáil ó Bhallstát amháin nó níos mó, agus a chuirtear chun feidhme trí thionscnaimh ina bhfuil tairbhithe atá bunaithe, agus a fhaigheann tacaíocht airgeadais nó tacaíocht chomhchineáil, ó na Ballstáit sin;

(6)

ciallaíonn “ranníocaíocht chomhchineáil” na costais incháilithe, arna dtabhú ag lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus ag eintitis phoiblí eile nuair a ghlacann siad páirt i dtionscadail a chistítear tríd an Rialachán seo, i gcás nach maoinítear na costais sin le ranníocaíocht ón Aontas ná le ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit;

(7)

ciallaíonn “Mol Nuálaíochta Digití Eorpach” Mol Nuálaíochta Digití Eorpacha mar a shainmhínítear é i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/694;

(8)

ciallaíonn “Clár Oibre” straitéis chuimsitheach inbhuanaithe chibearshlándála maidir le tionsclaíocht, teicneolaíocht agus taighde, ina leagtar amach moltaí straitéiseacha maidir le forbairt agus fás earnáil Eorpach thionsclaíoch, theicneolaíoch agus taighde na cibearshlándála agus tosaíochtaí straitéiseacha do ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta agus níl an Clár Oibre ceangailteach maidir le cinntí a bheidh le déanamh i ndáil leis na cláir oibre bhliantúla;

(9)

ciallaíonn “cúnamh teicniúil” cúnamh a thugann an Lárionad Inniúlachta do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin nó don Phobal agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, trí eolas a chur ar fáil nó rochtain ar shaineolas a éascú i réimse an taighde, na teicneolaíochta agus na tionsclaíochta cibearshlándála, líonrú a éascú, feasacht a mhúscailt, agus comhar a chur chun cinn, nó ciallaíonn sé cúnamh a thugann an Lárionad Inniúlachta i gcomhar leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin do gheallsealbhóirí, maidir le tionscadail a ullmhú i ndáil le misean an Lárionaid Inniúlachta agus an Líonra agus le cuspóirí an Lárionaid Inniúlachta.

Airteagal 3

Misean an Lárionaid Inniúlachta agus an Líonra

1.   Is é misean an Lárionaid Inniúlachta agus an Líonra cabhrú leis an Aontas na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheannaireacht agus a neamhspleáchas straitéiseach a neartú i réimse na cibearshlándála trí acmhainneachtaí agus cumais taighde, acadúla, sochaíocha, teicneolaíochta agus tionsclaíochta cibearshlándála an Aontais, atá riachtanach chun iontaoibh agus slándáil, a fheabhsú, lena n-áirítear rúndacht, sláine agus inrochtaineacht sonraí, sa Mhargadh Aonair Digiteach;

(b)

tacú le hacmhainneachtaí, cumais agus scileanna teicneolaíocha an Aontais i ndáil le hathléimneacht agus iontaofacht bhonneagar na gcóras gréasán agus faisnéise, lena n-áirítear bonneagar criticiúil agus crua-earraí agus bogearraí a úsáidtear go minic san Aontas; agus

(c)

feabhas a chur ar iomaíochas domhanda thionscal cibearshlándála an Aontais, ardchaighdeáin chibearshlándála ar fud an Aontais a áirithiú agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh as an gcibearshlándáil do thionscail eile an Aontais;

2.   Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta agus an Líonra faoina gcúraimí i gcomhar le ENISA agus leis an bPobal, de réir mar is iomchuí.

3.   Úsáidfidh an Lárionad Inniúlachta, i gcomhréir leis na gníomhartha reachtaíochta lena mbunaítear na cláir ábhartha, go háirithe Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach, acmhainní airgeadais ábhartha de chuid an Aontais sa chaoi is go rannchuideofar leis an misean a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 4

Cuspóirí an Lárionaid Inniúlachta

1.   Is é an cuspóir foriomlán a bheidh ag an Lárionad Inniúlachta taighde, nuálaíocht agus imscaradh i réimse na cibearshlándála a chur chun cinn chun an misean a leagtar amach in Airteagal 3 a chomhlíonadh.

2.   Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an Lárionad Inniúlachta:

(a)

acmhainneachtaí, cumais, eolas agus bonneagar cibearshlándála a fheabhsú chun leasa tionscail, go háirithe FBManna, pobail taighde, an earnáil phoiblí agus an tsochaí shibhialta, de réir mar is iomchuí;

(b)

athléimneacht cibearshlándála, glacadh dea-chleachtas cibearshlándála, prionsabal na slándála trí dhearadh, agus deimhniú ar shlándáil táirgí agus seirbhísí digiteacha a chur chun cinn, ar bhealach a chomhlánaíonn iarrachtaí eintitis poiblí;

(c)

rannchuidiú le héiceachóras láidir Eorpach cibearshlándála lena dtugtar na geallsealbhóirí ábhartha go léir le chéile.

3.   Cuirfidh an Lárionad Inniúlachta na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm trí:

(a)

moltaí straitéiseacha a bhunú le haghaidh taighde, nuálaíocht agus imscaradh sa chibearshlándáil i gcomhréir le dlí an Aontais agus tosaíochtaí straitéiseacha a leagan amach le haghaidh ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta;

(b)

gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoi chláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais i gcomhréir leis na cláir oibre ábhartha agus le gníomhartha reachtacha an Aontais lena mbunaítear na cláir chistiúcháin sin de chuid an Aontais;

(c)

comhar agus comhordú a chothú i measc na lárionad náisiúnta comhordúcháin agus leis an bPobal agus laistigh de; agus

(d)

i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, bonneagar agus seirbhísí TFC a fháil agus a oibriú i gcás inar gá chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5 a chomhlíonadh agus i gcomhréir leis na cláir oibre faoi seach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 5(3).

Airteagal 5

Cúraimí an Lárionaid Inniúlachta

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ag an Lárionad Inniúlachta, chun misean agus cuspóirí an Lárionaid Inniúlachta a chomhlíonadh:

(a)

cúraimí straitéiseacha; agus

(b)

cúraimí cur chun feidhme.

2.   Beidh sna cúraimí straitéiseacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1:

(a)

forbairt agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir Oibre;

(b)

tríd an gClár Oibre agus tríd an gclár oibre ilbhliantúil, agus aon dúbláil gníomhaíochtaí le ENISA á seachaint, mar aon le haird á tabhairt ar an ngá atá le sineirgí a chruthú idir an chibearshlándáil agus codanna eile de Fís Eorpach agus den Chlár don Eoraip Dhigiteach:

(i)

tosaíochtaí a bhunú d’obair an Lárionaid Inniúlachta maidir leis na nithe seo a leanas:

(1)

feabhas a chur ar thaighde agus nuálaíocht chibearshlándála, lena gcumhdaítear an timthriall nuálaíochta ar fad, agus imscaradh an taighde agus na nuálaíochta sin;

(2)

acmhainneachtaí, cumais, agus bonneagar tionsclaíochta, teicneolaíochta agus taighde cibearshlándála a fhorbairt;

(3)

scileanna agus inniúlachtaí cibearshlándála agus teicneolaíochta a neartú sa tionsclaíocht, sa teicneolaíocht agus sa taighde agus ar gach leibhéal ábhartha oideachais, agus tacú leis an gcothromaíocht inscne;

(4)

táirgí, seirbhísí agus próisis chibearshlándála a imscaradh;

(5)

tacú le glacadh an mhargaidh le táirgí, seirbhísí agus próisis chibearshlándála a rannchuidíonn leis an misean a leagtar amach in Airteagal 3;

(6)

tacú le húdaráis phoiblí arna iarraidh sin dóibh, le tionscail ar thaobh an éilimh agus le húsáideoirí eile táirgí, seirbhísí agus próisis chibearshlándála úrscothacha a ghlacadh agus a chomhtháthú;

(ii)

tacú le tionscal na cibearshlándála, go háirithe le FBManna, d’fhonn barr feabhais, acmhainneacht agus iomaíochas an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a neartú, lena n-áirítear d’fhonn nasc a dhéanamh le margaí féideartha agus deiseanna imscartha, agus an infheistíocht a mhealladh; agus

(iii)

tacaíocht agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta, do FBManna, do mhicrifhiontair, do chomhlachais, do shaineolaithe aonair agus do thionscadail um theicneolaíocht saoránach i réimse na cibearshlándála;

(c)

sineirgí idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe ENISA, agus comhar leo, a áirithiú, agus aon dúbláil gníomhaíochtaí leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais á seachaint;

(d)

lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a chomhordú tríd an Líonra agus malartú rialta saineolais a áirithiú;

(e)

comhairle shaineolaíoch tionscail, teicneolaíochta agus taighde cibearshlándála a chur ar fáil do Bhallstát ar iarraidh sin ón mBallstát, lena n-áirítear comhairle maidir le soláthar agus imscaradh teicneolaíochtaí;

(f)

comhoibriú agus comhroinnt saineolais a éascú idir na geallsealbhóirí ábhartha uile, go háirithe comhaltaí den Phobal;

(g)

freastal ar chomhdhálacha de chuid an Aontais, náisiúnta agus idirnáisiúnta, aontaí agus fóraim a bhaineann le misean, le cuspóirí agus le cúraimí an Lárionaid Inniúlachta d’fhonn tuairimí a roinnt agus dea-chleachtais ábhartha a mhalartú le rannpháirtithe eile;

(h)

úsáid torthaí ó thionscadail taighde agus nuálaíochta i ngníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt táirgí, seirbhísí agus próisis chibearshlándála a éascú, agus ag an am céanna ilroinnt agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus dea-chleachtais chibearshlándála á macasamhlú mar aon le dea-tháirgí, dea-sheirbhísí agus dea-phróisis chibearshlándála, go háirithe táirgí agus réitigh arna bhforbairt ag FBManna agus táirgí agus réitigh a bhunaítear ar bhogearraí foinse oscailte.

3.   Beidh na nithe seo a leanas mar chuid de na cúraimí cur chun feidhme, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1:

(a)

obair an Líonra agus an Phobail a chomhordú agus a riar chun an misean a leagtar amach in Airteagal 3 a chomhlíonadh, ag tacú go háirithe le gnólachtaí nuathionscanta cibearshlándála, FBManna, micrifhiontair, comhlachais agus tionscadail um theicneolaíocht saoránach san Aontas agus an rochtain atá acu ar shaineolas, ar chistiú, ar infheistíocht agus ar mhargaí a éascú;

(b)

an clár oibre bliantúil a bhunú agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gClár Oibre agus leis an gclár oibre ilbhliantúil, maidir leis na codanna cibearshlándála díobh seo a leanas:

(i)

an Clár don Eoraip Dhigiteach, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/694;

(ii)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhaigheann tacaíocht faoi na forálacha a bhaineann le cibearshlándáil i Fís Eorpach, go háirithe maidir le Roinn 3.1.3. de Cholún II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/764, i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil agus leis an bpróiseas pleanála straitéisí Fís Eorpach; agus

(iii)

cláir eile nuair a fhoráiltear dóibh sin i ngníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais;

(c)

tacaíocht a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, do ghnóthú Chuspóir Sonrach 4, - “Ardscileanna Digiteacha”, mar a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/694, i gcomhar le Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha;

(d)

comhairle shaineolaíoch maidir le tionsclaíocht, teicneolaíocht agus taighde cibearshlándála a sholáthar don Choimisiún tráth a bheidh dréachtchlár oibre á ullmhú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 13 de Chinneadh (AE) 2021/764;

(e)

feidhmiú nó cumasú a dhéanamh ar imscaradh an bhonneagair TFC agus fáil bhonneagair sin a éascú, chun leasa na sochaí, tionscail, agus na hearnála poiblí arna iarraidh sin ag na Ballstáit, ag pobail taighde agus ag oibreoirí seirbhísí ríthábhachtacha, trí bhíthin, inter alia, ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus cistiú ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha, i gcomhréir leis an gClár Oibre, leis an gclár oibre bliantúil agus leis an gclár oibre ilbhliantúil;

(f)

feasacht a mhúscailt maidir le misean an Láronaid Inniúlachta agus an Líonra agus maidir le cuspóirí agus tascanna an Lárionaid Inniúlachta;

(g)

gan dochar do chineál sibhialtach na dtionscadal a bheidh le maoiniú ó Fhís Eorpach agus i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/694, lena ndéantar na sineirgíochtaí agus an comhordú a fheabhsú idir na gnéithe sibhialtacha agus cosanta den chibearshlándáil, trí:

(i)

malartú eolais agus faisnéise a éascú maidir le teicneolaíochtaí agus feidhmeanna dé-úsáide;

(ii)

malartú torthaí, riachtanas, agus dea-chleachtas a éascú; agus

(iii)

malartú faisnéise a éascú maidir le tosaíochtaí chláir ábhartha an Aontais.

4.   Déanfaidh an Lárionad Inniúlachta na tascanna a leagtar amach i mír 1 i ndlúthchomhar leis an Líonra.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/694 agus faoi réir comhaontú ranníocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, féadfar a chur ar iontaoibh an Lárionaid Inniúlachta cur chun feidhme na gcodanna cibearshlándála faoi Fís Eorpach nach bhfuil á gcomhchistiú ag na Ballstáit, go háirithe maidir le Roinn 3.1.3. de Cholún II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/764.

Airteagal 6

Ainmniú na lárionad náisiúnta comhordúcháin

1.   Faoin 29 Nollaig 2021, ainmneoidh gach Ballstát eintiteas amháin a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i mír 5 chun gníomhú mar a lárionad náisiúnta comhordúcháin chun críocha an Rialacháin seo. Cuirfidh gach Ballstát an t-eintiteas sin in iúl don Bhord Rialaithe gan mhoill. D’fhéadfadh sé gur eintiteas atá bunaithe sa Bhallstát sin cheana féin a bheadh san eintiteas sin.

Cuirfear síneadh leis an spriocdháta a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo ar feadh na tréimhse ina bhfuil an Coimisiún le tuairim a eisiúint lena linn dá dtagraítear i mír 2.

2.   Féadfaidh Ballstát, tráth ar bith, tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún maidir le hacmhainneacht riachtanach an eintitis a d’ainmnigh an Ballstát nó a bheartaíonn an Ballstát a ainmniú chun gníomhú mar lárionad náisiúnta comhordúcháin chun cistí a bhainistiú, chun gur féidir an misean agus na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Eiseoidh an Coimisiún a thuairim don Bhallstát sin laistigh de thrí mhí ó iarraidh an Bhallstáit.

3.   Ar bhonn fógra a bheith tugtha ag Ballstát maidir le heintiteas dá dtagraítear i mír 1, liostóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas sin mar lárionad náisiúnta comhordúcháin tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh an fhógra. Foilseoidh an Lárionad Inniúlachta liosta na lárionad náisiúnta comhordúcháin ainmnithe.

4.   Féadfaidh Ballstát in am ar bith eintiteas nua a ainmniú chun gníomhú mar a lárionad náisiúnta comhordúcháin chun críocha an Rialacháin seo. Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le haon eintiteas nua a ainmniú.

5.   Is éard a bheidh sa lárionad náisiúnta comhordúcháin eintiteas earnála poiblí nó eintiteas, i gcás ina bhfuil tromlach den eintiteas sin faoi úinéireacht an Bhallstáit, a dhéanann feidhmeanna riaracháin phoiblí faoi dhlí náisiúnta, lena n-áirítear trí bhíthin tarmligin, agus a bhfuil de chumas aige tacú leis an Lárionad Inniúlachta agus leis an Líonra chun a misean a chomhlíonadh mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo. Beidh saineolas taighde agus teicneolaíochta aige i réimse na cibearshlándála nó beidh rochtain aige air. Beidh an acmhainneacht aige teagmháil a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus comhordú a dhéanamh le tionscal, leis an earnáil phoiblí, leis an gcomhphobal acadúil agus taighde agus le saoránaigh, mar aon le húdaráis arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) 2016/1148.

6.   Tráth ar bith, féadfaidh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a iarraidh go n-aithneofaí go bhfuil an acmhainneacht riachtanach acu cistí a bhainistiú chun an misean agus na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/694. Laistigh de thrí mhí ó iarraidh den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú maidir leis an acmhainneacht sin a bheith ag an Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin agus eiseoidh sé cinneadh.

I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún tuairim dhearfach do Bhallstát i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 2, measfar gurb ionann an tuairim sin agus tuairim a aithníonn go bhfuil an acmhainneacht is gá ag an eintiteas ábhartha chun críocha na míre seo.

Tráth nach déanaí ná 29 Lúnasa 2021, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialaithe, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear sonrú ar na coinníollacha maidir le haitheantas agus conas a dhéanfar tuairimí agus measúnuithe.

Sula n-eisítear an tuairim dá dtagraítear i mír 2 agus an cinneadh dá dtagraítear sa cheád fhomhír den mhír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon fhaisnéis agus aon doiciméadacht a chuirfidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin iarrthach ar fáil.

Maidir le haon chinneadh gan lárionad náisiúnta comhordúcháin a aithint mar lárionad ag a bhfuil an acmhainneacht riachtanach cistí a bhainistiú chun an misean agus cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, beidh an cinneadh sin cuí-réasúnaithe, leagfar amach ann na ceanglais nár chomhlíon an lárionad náisiúnta comhordúcháin iarrthach go fóill, a thugann údar cuí dá chinneadh. Féadfaidh aon lárionad náisiúnta comhordúcháin ar diúltaíodh dá iarraidh ar aitheantas, a iarraidh a chur isteach arís agus faisnéis bhreise ag gabháil leis in uair ar bith.

I gcás ina dtiocfaidh aon athrú ar an lárionad náisiúnta comhordúcháin, amhail comhdhéanamh an lárionaid náisiúnta comhordúcháin, foirm dhlíthiúil an lárionaid náisiúnta comhordúcháin nó gnéithe ábhartha eile, a dhéanann difear dá chumas cistí a bhainistiú chun an misean agus cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ar eolas den sórt sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh aitheantas do lárionad náisiúnta comhordúcháin mar lárionad ag a bhfuil an acmhainneacht riachtanach cistí a bhainistiú a dheonú nó a choimeád siar uaidh dá réir.

7.   Is éard a bheidh sa Líonra na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin uile ar thug na Ballstáit fógra ina leith don Bhord Rialaithe.

Airteagal 7

Cúraimí na lárionad náisiúnta comhordúcháin

1.   Beidh ag na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na cúraimí seo a leanas:

(a)

gníomhú mar phointí teagmhála ar an leibhéal náisiúnta don Phobal, chun tacú leis an Lárionad Inniúlachta misean agus cuspóirí an Lárionaid a chomhlíonadh, go háirithe an Pobal a chomhordú trí chomhaltaí an Phobail a chomhordú ina mBallstáit;

(b)

saineolas a sholáthar agus rannchuidiú go gníomhach leis na cúraimí straitéiseacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), agus dúshláin ábhartha náisiúnta agus réigiúnacha don chibearshlándáil in earnálacha éagsúla á gcur san áireamh;

(c)

rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, an tionscail, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, an phobail acadúil agus taighde agus geallsealbhóirí eile ar leibhéal náisiúnta i dtionscadail trasteorann agus i ngníomhaíochtaí cibearshlándála a chistítear le clár ábhartha an Aontais a éascú, a chur chun cinn agus a spreagadh;

(d)

Cúnamh teicniúil a sholáthar do gheallsealbhóirí trí thacú leo le linn chur chun feidhme na dtionscadal arna mbainistiú ag an Lárionad Inniúlachta i ndáil le misean agus cuspóirí an Lárionaid, agus i gcomhréir iomlán le rialacha na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le coinbhleachtaí leasa;

(e)

féachaint le sineirgí a bhunú le gníomhaíochtaí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, amhail beartais náisiúnta maidir le taighde, forbairt agus nuálaíocht i réimse na cibearshlándála, go háirithe na beartais sin a luaitear sna straitéisí náisiúnta cibearshlándála;

(f)

gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme ar thug an Lárionad Inniúlachta deontais ina leith, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 204 den Rialachán Airgeadais faoi réir coinníollacha a shonraítear sna comhaontuithe deontais lena mbaineann;

(g)

gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le hoideachas, agus cúraimí ábhartha ENISA á gcur san áireamh, oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta maidir le rannchuidiú féideartha chun cláir oideachais maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn agus a scaipeadh;

(h)

na torthaí ábhartha a thiocfaidh as obair an Líonra, an Phobail agus an Lárionaid Inniúlachta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a chur chun cinn agus a scaipeadh;

(i)

measúnú a dhéanamh ar na iarratais a dhéanann eintitis atá bunaithe sa Bhallstát céanna leis an lárionad náisiúnta comhordúcháin ar a bheith ina gcuid den Phobal;

(j)

rannpháirtíocht eintiteas ábhartha sna gníomhaíochtaí a eascraíonn as an Lárionad Inniúlachta, as an Líonra agus as an bPobal a mholadh agus a chur chun cinn, agus faireachán a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, ar an leibhéal rannpháirteachais le taighde agus forbairtí cibearshlándála agus le himscaradh na cibearshlándála agus ar mhéid na tacaíochta airgeadais poiblí a bronnadh ina leith.

2.   Chun críocha phointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar an tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe a chur ar fáil in aon cheann de na foirmeacha ranníocaíochta ón Aontas a shonraítear in Airteagal 125 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear i bhfoirm cnapshuimeanna.

3.   Ar bhonn cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 6(6) den Rialachán seo, féadfaidh lárionaid náisiúnta chomhordúcháin deontas a fháil ón Aontas i gcomhréir le pointe (d) den chéad mhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais maidir leis na cúraimí a leagtar síos san Airteagal seo a dhéanamh.

4.   I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh lárionaid náisiúnta chomhordúcháin tríd an Líonra.

Airteagal 8

An Pobal Inniúlachta Cibearshlándála

1.   Rannchuideoidh an Pobal le misean an Lárionaid Inniúlachta agus an Líonra mar a leagtar amach in Airteagal 3 agus feabhsóidh sé, comhroinnfidh sé agus scaipfidh sé saineolas cibearshlándála ar fud an Aontais.

2.   Áireofar sa Phobal, eagraíochtaí tionsclaíochta lena n-áirítear FBManna, eagraíochtaí acadúla agus taighde, comhlachais ábhartha eile de chuid na sochaí sibhialta chomh maith, de réir mar is iomchuí, Eagraíochtaí Eorpacha ábhartha um Chaighdeánú, eintitis phoiblí agus eintitis eile a bhíonn ag déileáil le hábhair oibríochtúla agus theicniúla na cibearshlándála agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí in earnálacha a bhfuil leas acu sa chibearshlándáil agus a bhfuil dúshláin chibearshlándála le sárú acu. Tabharfaidh an Pobal le chéile na príomh-gheallsealbhóirí i dtaca le hacmhainneachtaí teicneolaíocha, tionsclaíocha, acadúla agus taighde na cibearshlándála san Aontas. Beidh lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha, nuair is ábhartha, mar aon le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, a bhfuil saineolas ábhartha acu, amhail ENISA, rannpháirteach ann.

3.   Ní fhéadfar ach eintitis atá bunaithe laistigh de na Ballstáit a chlárú mar chomhaltaí den Phobal. Léireoidh siad go bhfuil siad in ann rannchuidiú leis an misean agus beidh saineolas cibearshlándála acu maidir le fearann amháin ar a laghad díobh seo a leanas:

(a)

an saol acadúil, taighde nó nuálaíocht;

(b)

forbairt thionsclaíoch nó táirgí;

(c)

oiliúint agus oideachas;

(d)

oibríochtaí slándála faisnéise nó oibríochtaí freagartha ar theagmhais;

(e)

eitic;

(f)

caighdeánú foirmiúil agus teicniúil agus sonraíochtaí foirmiúla agus teicniúla.

4.   Cláróidh an Lárionad Inniúlachta eintitis, ar a iarraidh sin dóibh, mar chomhaltaí den Phobal tar éis do lárionad náisiúnta comhordúcháin an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe a mheasúnú chun a dheimhniú go gcomhlíonann na heintitis sin na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin freisin aon mheasúnú náisiúnta ábhartha ar fhorais slándála a dhéanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta. Ní chuirfear teorainn ama le clárú den sórt sin ach féadfaidh an Lárionad Inniúlachta é a tharraingt siar aon tráth má mheasann an lárionad náisiúnta comhordúcháin ábhartha nach gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a thuilleadh nó má thagann sé faoi Airteagal 136 den Rialachán Airgeadais, nó ar fhorais slándála a bhfuil bonn cirt leo. I gcás ina gcúlghairfear comhaltas Comhphobail ar fhorais slándála, beidh an cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh comhréireach agus réasúnaithe. Beidh sé mar aidhm ag lárionaid náisiúnta chomhordúcháin ionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí sa Chomhphobal a bhaint amach, agus rannpháirtíocht, rannpháirtíocht ó FBManna go háirithe, a spreagadh go gníomhach.

5.   Tabharfar gach ugach do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin comhoibriú tríd an Líonra chun comhchuibhiú a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann siad i bhfeidhm na critéir a leagtar amach i mír 3 agus ar na nósanna imeachta chun eintitis dá dtagraítear i mír 4 a mheasúnú agus a chlárú.

6.   Cláróidh an Lárionad Inniúlachta institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais mar chomhaltaí den Phobal tar éis dó measúnú a dhéanamh le deimhniú go gcomhlíonann an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht sin de chuid an Aontais na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo. Ní chuirfear teorainn ama le clárú den sórt sin ach féadfaidh an Lárionad Inniúlachta é a tharraingt siar aon tráth má mheasann sé nach gcomhlíonann institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a thuilleadh nó má chumhdaítear é faoi Airteagal 136 den Rialachán Airgeadais.

7.   Féadfaidh ionadaithe institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais páirt a ghlacadh in obair an Phobail.

8.   Ainmneoidh eintiteas atá cláraithe mar chomhalta den Phobal a ionadaithe féin chun idirphlé éifeachtúil a áirithiú. Beidh saineolas ag na hionadaithe sin maidir le taighde, teicneolaíocht nó tionsclaíocht na cibearshlándála. Féadfaidh an Bord Rialaithe na ceanglais a shonrú a thuilleadh, gan teorannú míchuí a dhéanamh ar na heintitis agus a n-ionadaithe á n-ainmniú acu.

9.   Tríd a chuid meithleacha agus go háirithe tríd an nGrúpa Comhairleach Straitéiseach, cuirfidh an Pobal comhairle straitéiseach ar fáil don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Rialaithe le comhairle maidir leis an gClár Oibre, maidir leis an gclár oibre bliantúil agus maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhoird Rialaithe.

Airteagal 9

Cúraimí chomhaltaí an Phobail

Déanfaidh comhaltaí an Phobail an méid seo a leanas:

(a)

tacaíocht a thabhairt don Lárionad Inniúlachta an misean agus cuspóirí an Lárionaid a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, oibreoidh siad go dlúth leis an Lárionad Inniúlachta agus leis na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta;

(b)

i gcás inarb ábhartha, a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí foirmiúla nó neamhfhoirmiúla agus sna grúpaí oibre dá dtagraítear i bpointe (n) d’Airteagal 13(3) chun gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh mar a fhoráiltear leis an gclár oibre bliantúil; agus

(c)

i gcás inarb ábhartha, tacú leis an Lárionad Inniúlachta agus leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin tionscadail shonracha a chur chun cinn.

Airteagal 10

Comhar idir an Lárionad Inniúlachta agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Chun an chomhsheasmhacht agus an chomhlántacht a áirithiú, agus aon dúbláil iarrachtaí á seachaint, oibreoidh an Lárionad Inniúlachta i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear ENISA, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Ard-Stiúrthóireacht Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú arna mbunú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún (13), Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha ábhartha, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint i dtaca leis na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo agus eintitis ábhartha eile de chuid an Aontais. Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta comhoibriú freisin le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcás inarb ábhartha.

2.   Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh faoi chuimsiú socruithe oibre. Beidh na socruithe sin faoi réir a bhformheasta ag an mBord Rialaithe. Déanfar aon fhaisnéis rúnaicmithe a chomhroinnt faoi chuimsiú socruithe riaracháin arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 36(3).

CAIBIDIL II

Eagrú an lárionaid inniúlachta

Airteagal 11

Comhaltas agus struchtúr

1.   Is iad an tAontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus na Ballstáit a bheidh ina gcomhaltaí den Lárionad Inniúlachta.

2.   Le struchtúr an Lárionaid Inniúlachta, áiritheofar go mbainfear amach na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, agus is éard a bheidh ann:

(a)

Bord Rialaithe;

(b)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c)

Grúpa Comhairleach Straitéiseach.

Roinn i

Bord rialaithe

Airteagal 12

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

1.   Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún, a ghníomhaíonn thar ceann an Aontais, a bheidh ar an mBord Rialaithe.

2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Rialaithe. Déanfaidh an comhalta malartach sin ionadaíocht don chomhalta nuair a bheidh an comhalta as láthair.

3.   Maidir le comhaltaí an Bhoird Rialaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus a gcomhaltaí malartacha, is baill foirne in earnáil phoiblí a mBallstáit faoi seach a bheidh iontu, agus déanfar iad a cheapadh ar bhonn a gcuid eolais i réimse an taighde, na teicneolaíochta agus na tionsclaíochta cibearshlándála, an ábaltacht atá acu comhordú gníomhaíochtaí agus seasaimh a áirithiú lena lárionad náisiúnta comhordúcháin faoi seach, nó a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Ceapfaidh an Coimisiún a gcomhaltaí ar an mBord Rialaithe agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na cibearshlándála, na teicneolaíochta, nó a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha, chomh maith lena n-ábaltacht comhordú, sineirgí agus, a mhéid is féidir, tionscnaimh chomhpháirteacha a áirithiú idir beartais earnála agus chothrománacha éagsúla de chuid an Aontais a bhfuil baint acu leis an gcibearshlándáil. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iarrachtaí ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mBord Rialaithe a theorannú chun leanúnachas in obair an Boird Rialaithe a áirithiú. Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit rompu ionadaíocht chothromaithe a bhaint amach idir fhir agus mhná ar an mBord Rialaithe.

4.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an bhoird rialaithe agus a gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

5.   Áiritheoidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe ar bhealach neamhspleách trédhearcach go ndéanfar misean, spriocanna, céannacht agus uathriail an Lárionaid Inniúlachta a chosaint agus go bhfuil a ghníomhaíochtaí comhsheasmhach leis an misean agus leis na cuspóirí sin.

6.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear ionadaithe institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, agus comhaltaí an Phobail.

7.   Beidh ionadaí ó ENISA ina bhreathnóir buan ar an mBord Rialaithe. Féadfaidh an Bord Rialaithe cuireadh a thabhairt d’ionadaí ón nGrúpa Comhairleach Straitéiseach chun freastal ar a chruinnithe.

8.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe ach ní bheidh cearta vótála aige.

Airteagal 13

Cúraimí an Bhoird Rialaithe

1.   Is ar an mBord Rialaithe a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as treoshuíomh straitéiseach agus oibríochtaí an Lárionaid Inniúlachta, déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme a ghníomhaíochtaí agus beidh sé freagrach as aon chúram nach sanntar go sonrach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2.   Glacfaidh an Bord Rialaithe a rialacha nós imeachta. Sna rialacha nós imeachta sin, beidh nósanna imeachta sonracha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus áiritheoidh siad rúndacht aon fhaisnéise atá íogair.

3.   Déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí straitéiseacha is gá, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an Clár Oibre a fhorbairt agus a ghlacadh agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

(b)

i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais agus an Clár Oibre, an clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh ina mbeidh na tosaíochtaí comhchoiteanna, tionsclaíochta, teicneolaíochta agus taighde atá bunaithe ar na riachtanais arna sainaithint ag na Ballstáit i gcomhar leis an bPobal agus a éilíonn fócas thacaíocht airgeadais an Aontais, lena n-áirítear príomhtheicneolaíochtaí agus príomhfhearainn chun cumais dhílse an Aontais sa chibearshlándáil a fhorbairt;

(c)

an clár oibre bliantúil a ghlacadh chun cistí ábhartha an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe codanna cibearshlándála Fís Eorpach a mhéid atá siad á gcómhaoiniú go deonach ag na Ballstáit agus codanna cibearshlándála an Chláir don Eoraip Dhigiteach, i gcomhréir le clár oibre ilbhliantúil an Lárionaid Inniúlachta agus próiseas pleanála straitéisí Fís Eorpach;

(d)

cuntais bhliantúla, clár comhardaithe agus tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(e)

rialacha sonracha airgeadais an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 den Rialachán Airgeadais;

(f)

mar chuid den chlár oibre bliantúil, cistí a leithdháileadh ó bhuiséad an Aontais ar thopaicí i leith gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir an tAontas agus na Ballstáit;

(g)

mar chuid den chlár oibre bliantúil, agus i gcomhréir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointe (f) den fhomhír seo, agus i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/694, cur síos ar na gníomhaíochtaí comhpháirteacha dá dtagraítear i bpointe (f) den fhomhír seo agus coinníollacha maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha sin a leagan síos;

(h)

nós imeachta a ghlacadh chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus é nó í a cheapadh, a bhriseadh as a phost nó as a post, síneadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige, treoir a thabhairt dó nó di agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht nó a feidhmíocht;

(i)

treoirlínte a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar eintitis agus iad a chlárú mar chomhaltaí den Phobal;

(j)

na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a ghlacadh;

(k)

an t-Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh;

(l)

buiséad bliantúil an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh, lena n-áirítear an plean bunaíochta comhfhreagrach lena léirítear líon na bpost sealadach de réir grúpa feidhme agus gráid, le líon na mball foirne ar conradh agus na saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha;

(m)

rialacha trédhearcachta a ghlacadh don Lárionad Inniúlachta agus rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, lena n-áirítear i ndáil le comhaltaí an Bhoird Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715;

(n)

meithleacha a bhunú laistigh den Phobal, agus i gcás inarb ábhartha an chomhairle arna cur ar fáil ag an nGrúpa Comhairleach Straitéiseach á cur san áireamh;

(o)

comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh a cheapadh;

(p)

rialacha a ghlacadh maidir le haisíoc speansas le haghaidh chomhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh;

(q)

sásra faireacháin a chur ar bun chun a áirithiú go ndéanfar cur chun feidhme na gcistí faoi seach arna mbainistiú ag an Lárionad Inniúlachta i gcomhréir leis an gClár Oibre, leis an misean, leis an gclár oibre ilbhliantúil agus le rialacha na gclár arb iad foinse chistiúcháin ábhartha iad;

(r)

idirphlé rialta a áirithiú agus sásra comhair éifeachtach a bhunú leis an bPobal;

(s)

beartas cumarsáide an Lárionaid Inniúlachta a bhunú ar bhonn moladh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(t)

i gcás inarb iomchuí, rialacha a bhunú lena gcuirtear chun feidhme Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (15) (“Rialacháin Foirne” agus “Coinníollacha Fostaíochta”) i gcomhréir le hAirteagal 30(3) den Rialachán seo;

(u)

i gcás inarb iomchuí, rialacha a leagan síos maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Lárionad Inniúlachta agus maidir le húsáid oiliúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 31(2);

(v)

rialacha slándála maidir leis an Lárionad Inniúlachta a ghlacadh;

(w)

straitéis frithchalaoise agus frithéillithe a ghlacadh atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus éillithe, chomh maith le bearta cuimsitheacha a ghlacadh, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme, chun daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chosaint, ag féachaint d’anailís costais is tairbhe na mbeart atá le cur chun feidhme;

(x)

más gá, an mhodheolaíocht a ghlacadh chun ranníocaíochtaí deonacha airgeadais agus ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Ballstáit is ranníocóirí a ríomh i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/694 nó le haon reachtaíocht eile is infheidhme;

(y)

i gcomhthéacs an chláir oibre bhliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil a chinneadh, comhleanúnachas agus sineirgí a áirithiú leis na codanna sin den Chlár don Eoraip Dhigiteach agus de Fís Eorpach nach bhfuil á mbainistiú ag an Lárionad Inniúlachta, chomh maith le cláir eile de chuid an Aontais;

(z)

an tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme spriocanna agus thosaíochtaí straitéiseacha an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh, agus, más gá, moladh a dhéanamh, le go mbainfí amach na spriocanna agus na tosaíochtaí sin ar bhealach níos fearr.

A mhéid a bheidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha sa chlár oibre bliantúil, beidh faisnéis ann faoi ranníocaíochtaí deonacha na mBallstát le gníomhaíochtaí comhpháirteacha. I gcás inarb iomchuí, le tograí, go háirithe leis an togra maidir leis an gclár oibre bliantúil, déanfar measúnú ar an ngá le rialacha slándála a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán seo, lena n-áirítear an nós imeachta féinmheasúnaithe slándála i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/695.

4.   Maidir leis na cinntí a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 3, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Bord Rialaithe san áireamh aon chomhairle agus aon ionchur straitéiseach ábhartha a chuirfidh ENISA ar fáil, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhoird Rialaithe.

5.   Beidh an Bord Rialaithe freagrach as a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar na moltaí atá sa tuarascáil cur chun feidhme agus sa mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 38(2) agus (4).

Airteagal 14

Cathaoirleach agus cruinnithe an Bhoird Rialaithe

1.   Toghfaidh an Bord Rialaithe Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach go ceann tréimhse trí bliana as measc a chomhaltaí. Féadfar síneadh a chur le sainordú an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh aon uair amháin, trí chinneadh ón mBord Rialaithe. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh le comhaltas an Chathaoirligh nó an Leaschathaoirligh ar an mBord Rialaithe tráth ar bith le linn a dtéarmaí oifige, rachaidh a dtéarmaí oifige in éag go huathoibríoch ag an am sin. Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh ex officio mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh. Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

2.   Tionólfaidh an Bord Rialaithe a ghnáthchruinnithe trí huaire sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a thionól, arna iarraidh sin don Choimisiún, arna iarraidh sin d’aon trian dá chomhaltaí, arna iarraidh sin don Chathaoirleach, nó arna iarraidh sin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid cúraimí.

3.   Mura gcinnfidh an Bord Rialaithe a mhalairt, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i bplé an Bhoird Rialaithe ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici.

4.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, ar bhonn gach cáis faoi leith.

5.   Féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ón bPobal a bheith rannpháirteach i gcruinnithe den Bhord Rialaithe, ach ní bheidh ceart vótála acu.

6.   Féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an Bhoird Rialaithe nó ag a gcomhaltaí malartacha ag na cruinnithe, faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird Rialaithe.

7.   Is é an Lárionad Inniúlachta a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Rialaithe.

Airteagal 15

Rialacha vótála an Bhoird Rialaithe

1.   Bainfidh an Bord Rialaithe leas as cur chuige comhthoiliúil ina phléití. Caithfear vóta má mhainníonn comhaltaí an Bhoird Rialaithe teacht ar chomhthoil.

2.   I gcás ina mainníonn an Bord teacht ar chomhthoil faoi ábhar, déanfaidh sé a chuid cinntí le tromlach 75 % de na vótaí dá chuid comhaltaí ar fad ar a laghad, agus ionadaithe an Choimisiúin á n-áireamh mar aon chomhalta amháin chun na críche sin. Féadfaidh comhalta den bhord rialaithe nach mbeidh i láthair a vóta a tharmligean chuig a c(h)omhalta malartach nó, murab ann don chomhalta malartach sin, chuig comhalta eile. Ní dhéanfaidh aon chomhalta den Bhord Rialaithe ionadaíocht do níos mó ná comhalta amháin eile.

3.   Déanfar cinntí an Bhoird Rialaithe maidir leis na gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus a mbainistíocht dá dtagraítear i bpointí (f) agus (g) d’Airteagal 13(3) mar a leanas:

(a)

déanfar cinntí chun cistí ó bhuiséad an Aontais a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 13(3) agus cinntí chun go n-áireofar gníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin sa chlár oibre bliantúil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo;

(b)

déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus an Coimisiún cinntí a bhaineann leis an tuairisc ar na gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus lena leagtar síos coinníollacha maidir lena gcur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 13(3) faoi réir cearta vótála na gcomhaltaí a bheith comhréireach lena rannchuidithe faoi seach leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach sin, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a ghlactar de bhun phointe (x) d’Airteagal 13(3).

4.   Maidir le cinntí a dhéantar faoi phointí (b), (c), (d), (e), (f), (k), (l), (p), (q), (t), (u), (w), (x) agus (y) d’Airteagal 13(3), beidh 26 % de na vótaí iomlána laistigh den Bhord Rialaithe ag an gCoimisiún.

5.   Maidir le cinntí seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 agus i mír 4, beidh aon vóta amháin ag gach Ballstát agus ag an Aontas. Is iad beirt ionadaithe an Choimisiúin a chaithfidh vóta an Aontais i gcomhar lena chéile.

6.   Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

Roinn ii

Stiúrthóir feidhmiúcháin

Airteagal 16

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a bhriseadh agus síneadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige

1.   Duine a bheidh sa Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhfuil saineolas aige nó aici agus ardcháil air nó uirthi sna réimsí ina bhfeidhmíonn an Lárionad Inniúlachta.

2.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an Lárionad Inniúlachta faoi phointe (a) d’Airteagal 2 de na Coinníollacha Fostaíochta.

3.   Is é an Bord Rialaithe a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte atá trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

4.   Ar mhaithe le conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe ionadaíocht don Lárionad Inniúlachta.

5.   Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar na cúraimí agus dúshláin a bheidh ag an Lárionad Inniúlachta amach anseo.

6.   Féadfaidh an Bord Rialaithe, ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 5, síneadh amháin a chur le tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre bliana.

7.   Ní bheidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige nó lena téarma oifige rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

8.   Ní chuirfear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Rialaithe ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún nó ó 50 % de na Ballstáit ar a laghad.

Airteagal 17

Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as oibríochtaí agus as an Lárionad Inniúlachta a bhainistiú ó lá go lá agus is é nó í a bheidh ina ionadaí dlíthiúil nó a hionadaí dlíthiúil ar an Lárionad. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Rialaithe agus comhlíonfaidh an té sin a chuid dualgas nó a cuid dualgas ar shlí atá go hiomlán neamhspleách faoi réir na gcumhachtaí a shannfar dó nó di. Tacóidh foireann an Lárionaid Inniúlachta leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas ar a laghad, ar bhealach neamhspleách:

(a)

na cinntí a ghlacann an Bord Rialaithe a chur chun feidhme;

(b)

tacaíocht a thabhairt don Bhord Rialaithe ina chuid oibre, an rúnaíocht a chur ar fáil dá chruinnithe agus gach faisnéis is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh;

(c)

tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialaithe agus leis an gCoimisiún, agus ionchur na lárionad náisiúnta comhordúcháin agus an Phobail á gcur san áireamh, an Clár Oibre a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena ghlacadh, mar aon le, i gcomhréir leis an gClár Oibre, dréachtchlár oibre bliantúil agus dréachtchlár oibre ilbhliantúil an Lárionaid Inniúlachta, lena n-áirítear raon feidhme na nglaonna ar thograí, na nglaonna ar léiriú spéise agus na nglaonna ar thairiscintí is gá chun an clár oibre bliantúil a chur chun feidhme, agus na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas arna moladh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún;

(d)

an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena ghlacadh, lena n-áirítear an plean bunaíochta comhfhreagrach dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 13(3), lena léirítear líon na bpost sealadach i ngach grád agus i ngach grúpa feidhme agus líon na mball foirne ar chonradh agus líon na saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha;

(e)

an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil a chur chun feidhme agus tuairisciú don Bhord Rialaithe i ndáil leo;

(f)

an dréacht-tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta a ullmhú, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir le caiteachas comhfhreagrach agus cur chun feidhme an Chláir Oibre agus an chláir oibre ilbhliantúil; beidh tograí ag gabháil leis an tuarascáil sin más gá, chun an cur i gcrích a fheabhsú tuilleadh do nó na spriocanna agus na tosaíochtaí straitéiseacha a athfhoirmliú;

(g)

a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla faireacháin agus meastóireachta maidir le feidhmiú an Lárionaid Inniúlachta chun feidhme;

(h)

plean gníomhaíochta a ullmhú lena ndéanfaí obair leantach ar na conclúidí atá sa tuarascáil cur chun feidhme agus sa mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 38(2) agus (4) agus, gach dhá bhliain, tuarascálacha ar an dul chun cinn a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún;

(i)

comhaontuithe leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a ullmhú agus a thabhairt i gcrích;

(j)

a bheith freagrach as ábhair riaracháin, airgeadais agus foirne, lena n-áirítear buiséad an Lárionaid Inniúlachta a chur chun feidhme, agus comhairle ón bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí ábhartha á cur san áireamh mar is iomchuí, i gcomhréir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (e), (l), (t), (u), (v) agus (w) d’Airteagal 13(3);

(k)

seoladh glaonna ar thograí a fhormheas agus a bhainistiú, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil, agus na comhaontuithe agus na cinntí deontais a thiocfaidh as a riar;

(l)

an liosta gníomhaíochtaí a fhormheas arna roghnú lena gcistiú ar bhonn ord fiúntais arna bhunú ag painéal saineolaithe neamhspleácha;

(m)

seoladh glaonna ar thairiscintí a fhormheas agus a bhainistiú, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil, agus na conarthaí a thiocfaidh as a riar;

(n)

na tairiscintí a roghnófar lena gcistiú a fhormheas;

(o)

na dréachtchuntais bhliantúla agus an dréachtchlár comhardaithe bliantúil a chur faoi bhráid na feidhme iniúchóireachta inmheánaí ábhartha agus, tar éis sin, faoi bhráid an Bhoird Rialaithe,

(p)

a áirithiú go ndéanfar riosca a mheasúnú agus a bhainistiú;

(q)

comhaontuithe, cinntí agus conarthaí deontais aonair a shíniú;

(r)

conarthaí soláthair a shíniú;

(s)

plean gníomhaíochta a ullmhú lena ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí agus, lena chois sin, ar imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) arna bunú le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (16) agus tuairisciú don Choimisiún dhá uair sa bhliain agus don Bhord Rialaithe ar bhonn rialta maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;

(t)

na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Lárionad Inniúlachta a ullmhú;

(u)

córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú agus, ina theannta sin, tuairisc a thabhairt don Bhord Rialaithe maidir le haon athrú suntasach air;

(v)

cumarsáid éifeachtach le hinstitiúidí an Aontais a áirithiú agus tuairisciú, i gcás ina iarrtar sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle;

(w)

aon bhearta eile is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Lárionaid Inniúlachta ó thaobh misin agus cuspóirí an Lárionaid de;

(x)

aon chúraimí eile a iarrfaidh an Bord Rialaithe air nó uirthi a dhéanamh nó a tharmligfidh an Bord Rialaithe dó nó di.

Roinn iii

Grúpa comhairleach straitéiseach

Airteagal 18

Comhdhéanamh an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh

1.   Ní bheidh níos mó ná 20 comhalta sa Ghrúpa Comhairleach Straitéiseach. Is é an Bord Rialaithe a cheapfaidh na comhaltaí, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin as measc ionadaithe bhaill an Phobail, seachas ionadaithe comhlachtaí, institiúidí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Ní bheidh ach ionadaithe na mbaill nach bhfuil á rialú ag tríú tír nó ag eintiteas atá bunaithe i dtríú tír incháilithe. Déanfar an ceapachán i gcomhréir le nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Le comhdhéanamh an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh beidh sé d’aidhm ag an mBord Rialaithe go ndéanfar ionadaíocht chothromúil ar an bPobal idir eintitis eolaíochta, thionsclaíocha agus na sochaí sibhialta, tionscail ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair, fiontair mhóra agus FBManna, chomh maith le hionadaíocht chothrom i dtéarmaí tionscnamh geografach agus inscne. Beidh sé mar aidhm aige chomh maith cothromaíocht in-earnála a bhaint amach, ag féachaint do chomhtháthú an Aontais agus na mBallstát uile i réimse an taighde, an tionscail agus na teicneolaíochta cibearshlándála. Beidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach comhdhéanta i gcaoi go mbeidh idirphlé cuimsitheach, leanúnach agus buan idir an Pobal agus an Lárionad Inniúlachta.

2.   Beidh ag comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh saineolas maidir le taighde ar an gcibearshlándáil, sin nó forbairt thionsclaíoch, nó seirbhísí gairmiúla nó táirgí a thairiscint, a chur chun feidhme nó a imscaradh. Déanfaidh an Bord Rialaithe na ceanglais maidir le saineolas den sórt sin a shonrú a thuilleadh.

3.   Déanfar na nósanna imeachta maidir le comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh a cheapadh ag an mBord Rialaithe é féin agus oibriú an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh a shonrú i rialacha nós imeachta an Bhoird Rialaithe agus cuirfear ar fáil don phobal iad.

4.   Dhá bhliain a bheidh i dtéarmaí oifige chomhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh. Beidh na téarmaí sin inathnuaite aon uair amháin.

5.   Féadfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe an Choimisiúin agus d’ionadaithe institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe ENISA, a bheith rannpháirteach ina chuid oibre agus tacú leo. Féadfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe breise ón bPobal ina gcáil mar bhreathnóirí, mar chomhairleoirí, nó mar shaineolaithe, de réir mar is iomchuí, ar bhonn cás ar chás, chun dinimic forbairtí i réimse na cibearshlándála a chur san áireamh. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh.

Airteagal 19

Feidhmiú an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh

1.   Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach le chéile trí huaire sa bhliain ar a laghad.

2.   Tabharfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach comhairle don Bhord Rialaithe maidir le meithleacha a chur ar bun laistigh den Phobal, i gcomhréir le pointe (n) d’Airteagal 13(3) maidir le saincheisteanna sonracha is ábhartha d’obair an Lárionaid Inniúlachta, aon uair a bhaineann na saincheisteanna sin go díreach leis na cúraimí agus na réimsí inniúlachta a leagtar amach in Airteagal 20. I gcás inar gá, beidh meithleacha den sórt sin faoi réir chomhordú foriomlán comhalta amháin nó níos mó den Ghrúpa Comhairleach Straitéiseach.

3.   Toghfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach a Chathaoirleach trí thromlach simplí dá chomhaltaí.

4.   Soláthróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann an Lárionaid Inniúlachta rúnaíocht an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh, ag baint úsáid as na hacmhainní atá ann cheana agus aird chuí á tabhairt ar ualach oibre foriomlán an Lárionaid Inniúlachta. Léireofar sa dréachtbhuiséad bliantúil na hacmhainní a shannfar don tacaíocht don Ghrúpa Chomhairleach Straitéiseach.

5.   Glacfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá gcomhaltaí.

Airteagal 20

Cúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh

Tabharfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach comhairle go rialta don Lárionad Inniúlachta maidir le feidhmíocht ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta, agus áiritheoidh sé go ndéantar cumarsáid leis an bPobal agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. Déanfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach an méid seo a leanas chomh maith:

(a)

á chur san áireamh dó rannchuidithe ón bPobal agus ó mheithleacha dá dtagraítear i bpointe (n) d’Airteagal 13(3), i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé comhairle straitéiseach agus ionchur don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Rialaithe agus déanfaidh sé an chomhairle straitéiseach sin a nuashonrú ar bhonn leanúnach maidir leis an gClár Oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil laistigh de na spriocamanna arna leagan síos ag an mBord Rialaithe;

(b)

tabharfaidh sé comhairle don Bhord Rialaithe maidir le meithleacha a chur ar bun laistigh den Phobal i gcomhréir le pointe (n) d’Airteagal 13(3) maidir le saincheisteanna sonracha is ábhartha d’obair an Lárionaid Inniúlachta;

(c)

faoi réir a fhormheasta sin ag an mBord Rialaithe, déanfaidh sé comhairliúcháin phoiblí a eagrú, agus déanfaidh sé cinneadh ina leith, a bheidh oscailte do na geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha uile, a bhfuil leas acu i réimse na cibearshlándála, chun ionchur a bhailiú don chomhairle straitéiseach dá dtagraítear i bpointe (a).

CAIBIDIL III

Forálacha airgeadais

Airteagal 21

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas agus ó na Ballstáit

1.   Is é an tAontas a chisteoidh an Lárionad Inniúlachta agus is iad an tAontas agus ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit a chisteoidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

2.   Is iad an tAontas agus na Ballstáit is ranníocóirí leis na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chumhdóidh costais riaracháin agus oibríochtúla na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/694.

3.   Le ranníocaíocht an Aontais leis an Lárionad Inniúlachta chun costais riaracháin agus oibríochtúla a chumhdach cuimseofar na nithe seo a leanas:

(a)

suas le EUR 1 649 566 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach, lena n-áirítear suas le EUR 32 000 000 le haghaidh costais riaracháin;

(b)

méid áirithe ó Fhís Eorpach, lena n-airítear le haghaidh costais riaracháin, le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha, beidh an méid sin comhionann leis an méid a ranníocfaidh na Ballstáit de bhun mhír 7 den Airteagal seo ach nach mó é ná an méid a chinnfear sa phróiseas pleanála straitéisí de Fís Eorpach, atá le déanamh de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2021/695, sa chlár oibre bliantúil nó sa chlár oibre ilbhliantúil;

(c)

méid áirithe ó chláir ábhartha eile an Aontais, de réir mar is gá chun cúraimí an Lárionaid Inniúlachta a chur chun feidhme nó chun cuspóirí an Lárionaid Inniúlachta a bhaint amach, faoi réir cinntí arna ndéanamh i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais lena mbunaítear na cláir sin.

4.   Íocfar an ranníocaíocht uasta ón Aontas ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháilfear ar an gClár don Eoraip Dhigiteach, ar an gclár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/764 agus ar chláir agus tionscadail eile a thagann faoi raon feidhme an Lárionaid Inniúlachta nó faoin Líonra.

5.   Cuirfidh an Lárionad Inniúlachta gníomhaíochtaí cibearshlándála an chláir don Eoraip Dhigiteach agus Fís Eorpach chun feidhme i gcomhréir le pointe (c)(iv) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

6.   Ranníocaíochtaí ó chláir de chuid an Aontais seachas na cláir dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 atá ina gcuid de chómhaoiniú ón Aontas ar chlár arna chur chun feidhme ag ceann de na Ballstáit, ní chuirfear san áireamh iad agus an ranníocaíocht uasta airgeadais ón Aontas dá dtagraítear sna míreanna sin á ríomh.

7.   Glacfaidh na Ballstáit páirt, go deonach, i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha trí bhíthin ranníocaíochtaí deonacha airgeadais agus/nó lena ranníocaíochtaí comhchineáil. I gcás ina nglacfaidh Ballstát páirt i ngníomhaíocht chomhpháirteach, cumhdóidh ranníocaíocht an Bhallstáit sin costais riaracháin i gcomhréir lena ranníocaíocht leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach sin. Seasfaidh ranníocaíochtaí airgeadais costais riaracháin na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha. Féadfaidh ranníocaíochtaí airgeadais nó comhchineáil costais oibríochtúla na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a sheasamh faoi mar a fhoráiltear le Fís Eorpach agus leis an gClár don Eoraip Dhigiteach. Féadfaidh ranníocaíochtaí ó gach Ballstát a bheith i bhfoirm tacaíocht ón mBallstát sin arna soláthar i ngníomhaíocht chomhpháirteach do thairbhithe arna mbunú sa Bhallstáit sin. Is éard a bheidh i ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Ballstáit costais incháilithe a thabhóidh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus eintitis phoiblí eile agus páirt á glacadh acu i dtionscadail arna gcistiú tríd an Rialachán seo, lúide aon ranníocaíocht ón Aontas leis na costais sin. I gcás na dtionscadal a chistítear le Fís Eorpach, déanfar costais incháilithe a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 36 den Rialachán (AE) 2021/695. I gcás na dtionscadal a chistítear leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, déanfar costais incháilithe a ríomh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

An méid atá beartaithe i leith iomlán na ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit, i gcomhair gníomhaíochtaí comhpháirteacha faoi Fís Eorpach, lena n-áirítear ranníocaíochtaí airgeadais le haghaidh costais riaracháin, déanfar é a chinneadh le go gcuirfear san áireamh é sa phróiseas pleanála straitéisí i leith Fís Eorpach atá le déanamh de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2021/695, agus gheofar ionchur ina leith ón mBord Rialaithe. I gcás gníomhaíochtaí faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, d’ainneoin Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/694, féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh le costais an Lárionaid Inniúlachta a chómhaoinítear ón gClár don Eoraip Dhigiteach, a bheidh níos ísle ná na méideanna a shonraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo.

8.   Measfar comhchistiú náisiúnta na mBallstát ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chláir an Aontais seachas Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach mar ranníocaíochtaí náisiúnta na mBallstát a mhéid gur cuid iad na ranníocaíochtaí sin de ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus go n-áirítear iad i gclár oibre an Lárionaid Inniúlachta.

9.   Chun measúnú a dhéanamh ar na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus i bpointe (b) d’Airteagal 22(2), cinnfear costais i gcomhréir le gnáthchleachtais cuntasaíochta costála an Bhallstáit lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme an Bhallstáit lena mbaineann, agus leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta agus na caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais is infheidhme. Déanfaidh iniúchóir seachtrach neamhspleách arna cheapadh ag an mBallstát lena mbaineann costais a dheimhniú. Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta an modh luachála a fhíorú má eascraíonn aon éiginnteacht as an deimhniú.

10.   I gcás ina dhéanann aon Bhallstát a ghealltanais maidir lena ranníocaíocht airgeadais nó comhchineáil le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mhainneachtain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin sin in iúl don Bhallstáit lena mbaineann i scríbhinn agus socróidh sé nó sí tréimhse réasúnta ina bhfuil an mhainneachtain sin le leigheas. Mura ndéantar an cás a leigheas laistigh den tréimhse sin, tionólfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cruinniú den Bhord Rialaithe chun cinneadh a dhéanamh an ndéanfar ceart vótála an Bhallstáit rannpháirtigh mainneachtana a chúlghairm nó an ndéanfar aon bhearta eile go dtí go mbeidh a oibleagáidí comhlíonta ag an mBallstát sin. Cuirfear ceart vótála an Bhallstáit mainneachtana a bhaineann le gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar fionraí go dtí go ndéanfaidh sé mainneachtain a ghealltanas a leigheas.

11.   Féadfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhoirceannadh, í a laghdú go comhréireach nó í a chur ar fionraí mura rannchuidíonn na Ballstáit is ranníocóirí, mura rannchuidíonn siad ach i bpáirt nó má rannchuidíonn siad go mall maidir leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3. Beidh foirceannadh, laghdú nó fionraí ar ranníocaíocht airgeadais an Aontais ón gCoimisiún comhréireach i méid agus in am le mainneachtain an Bhallstáit ranníocaíocht a dhéanamh, le ranníocaíocht pháirteach a dhéanamh ag an mBallstát nó ranníocaíocht déanach a dhéanamh ag an mBallstát.

12.   Faoin 31 Eanáir gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit is ranníocóirí tuairisc don Bhord Rialaithe maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 7, le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach leis an Aontas, a rinneadh i ngach bliain airgeadais roimhe sin.

Airteagal 22

Costais agus acmhainní an Lárionaid Inniúlachta

1.   Cumhdófar i bprionsabal costais riaracháin an Lárionaid Inniúlachta trí bhíthin ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas ar bhonn bliantúil. Déanfaidh Ballstáit is ranníocóirí ranníocaíochtaí airgeadais breise i gcomhréir lena ranníocaíochtaí deonacha le gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Má tharlaíonn sé nach n-úsáidfear cuid den ranníocaíocht maidir le costais riaracháin, féadfar í a chur ar fáil chun costais oibríochtúla an Lárionaid Inniúlachta a chumhdach.

2.   Cumhdófar costais oibríochtúla an Lárionaid um Inniúlachtaí trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a)

ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;

(b)

ranníocaíochtaí deonacha nó chomhchineáil airgeadais ó na Ballstáit is ranníocóirí i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

3.   Ar acmhainní an Lárionaid Inniúlachta a iontrálfar ina bhuiséad, áireofar na ranníocaíochtaí seo a leanas:

(a)

na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas leis na costais oibríochtúla agus riaracháin;

(b)

ranníocaíochtaí deonacha airgeadais ó na Ballstáit is ranníocóirí leis na costais riaracháin i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha;

(c)

ranníocaíochtaí deonacha airgeadais ó na Ballstáit is ranníocóirí leis na costais oibríochtúla i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha;

(d)

aon ioncam a ghinfidh an Lárionad Inniúlachta;

(e)

aon ranníocaíochtaí, acmhainní nó ioncaim eile.

4.   Measfar aon ús a eascróidh as na ranníocaíochtaí a íocfaidh na Ballstáit is ranníocóirí leis an Lárionad Inniúlachta a bheith mar ioncam an Lárionaid Inniúlachta.

5.   Is é is úsáid d’acmhainní uile an Lárionaid Inniúlachta agus a ghníomhaíochtaí na cuspóirí a bhaint amach.

6.   Is faoi úinéireacht an Lárionaid Inniúlachta a bheidh na sócmhainní uile a ghinfidh sé nó a aistreofar chuige chun a chuspóirí a bhaint amach. Gan dochar do rialacha infheidhme an chláir cistiúcháin ábhartha, cinnfear úinéireacht na sócmhainní a ghintear nó a fhaightear i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 15(3).

7.   Fanfaidh aon ioncam barrachais de bhreis ar chaiteachas faoi úinéireacht an Lárionaid Inniúlachta agus ní íocfar le comhaltaí ar ranníocóirí an Lárionaid Inniúlachta iad ach amháin nuair a dhéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh.

8.   Comhoibreoidh an Lárionad Inniúlachta go dlúth le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar a sainorduithe faoi seach agus gan dúbláil a dhéanamh ar na sásraí comhair atá ann cheana, chun tairbhe a bhaint as sineirgí leo agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, chun costais riaracháin a laghdú.

Airteagal 23

Gealltanais airgeadais

Ní ghabhfaidh gealltanais airgeadais an Lárionaid Inniúlachta thar mhéid na n-acmhainní atá ar fáil nó atá geallta ag a chomhaltaí dá bhuiséad.

Airteagal 24

Bliain airgeadais

Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

Airteagal 25

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Lárionaid Inniúlachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus cuirfidh sé nó sí an dréachtráiteas sin, mar aon leis an dréachtphlean bunaíochta mar a thagraítear dó i bpointe (l) d’Airteagal 13(3), ar aghaidh chuig an mBord Rialaithe. Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú. Cuimseofar le caiteachas an Lárionaid Inniúlachta na costais foirne, riaracháin, bhonneagair agus oibríochtúla. Coinneofar costais riaracháin chomh híseal agus is féidir, lena n-áirítear trí bhíthin fhoireann a ath-imlonnú nó trí phoist a ath-imlonnú freisin.

2.   Gach bliain, soláthróidh an Bord Rialaithe ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Lárionaid Inniúlachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, ar bhonn dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh an Bord Rialaithe, faoin 31 Eanáir gach bliain, an ráiteas meastachán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, a bheidh ina chuid den dhréacht doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

4.   Ar bhonn an ráitis meastachán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad an Aontais na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 13(3) den Rialachán seo agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle iad i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

5.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht a thabharfar don Lárionad Inniúlachta.

6.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an plean bunaíochta dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 13(3).

7.   In éineacht leis an gclár oibre bliantúil agus leis an gclár oibre ilbhliantúil, glacfaidh an Bord Rialaithe buiséad an Lárionaid Inniúlachta. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord Rialaithe buiséad agus clár oibre bliantúil an Lárionaid Inniúlachta a choigeartú i gcomhréir le buiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 26

Cuntais an Lárionaid Inniúlachta a thíolacadh agus a urscaoileadh

Comhlíonfaidh tíolacadh chuntais shealadacha agus chríochnaitheacha an Lárionaid Inniúlachta agus a n-urscaoileadh rialacha agus amchlár an Rialacháin Airgeadais agus rialacha airgeadais an Lárionaid Inniúlachta.

Airteagal 27

Tuairisciú oibríochtúil agus airgeadais

1.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc bhliantúil don Bhord Rialaithe ar chomhlíonadh a chuid dualgas nó a cuid dualgas i gcomhréir le rialacha airgeadais an Lárionaid Inniúlachta.

2.   Laistigh de dhá mhí ó dheireadh gach bliain airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena formheas, tuarascáil maidir leis an dul chun cinn a rinne an Lárionad Inniúlachta sa bhliain féilire roimhe sin, go háirithe maidir leis an gclár oibre bliantúil don bhliain sin agus maidir le comhlíonadh a chuid spriocanna agus tosaíochtaí straitéiseacha. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh agus an caiteachas comhfhreagrach;

(b)

na gníomhaíochtaí arna dtíolacadh, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an rannpháirtí, FBManna san áireamh, agus de réir Ballstáit;

(c)

na bearta a roghnaíodh lena gcistiú, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an rannpháirtí, FBManna san áireamh, agus de réir Ballstáit agus a léiríonn an dóigh ar rannchuidigh an Lárionad Inniúlachta le rannpháirtithe agus bearta aonair;

(d)

an misean agus na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus moltaí le haghaidh obair riachtanach bhreise chun an misean sin agus na cuspóirí sin achomhlíonadh;

(e)

comhsheasmhacht na gcúraimí cur chun feidhme leis an gChlár Oibre agus leis an gclár oibre ilbhliantúil.

3.   A luaithe a dhéanfaidh an Bord Rialaithe an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a fhormheas, cuirfear ar fáil go poiblí í.

Airteagal 28

Rialacha airgeadais

Glacfaidh an Lárionad Inniúlachta a rialacha sonracha airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 70 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 29

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Lárionad Inniúlachta bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha rialta agus éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta d’fhoireann an Choimisiúin agus do dhaoine eile atá údaraithe ag an gCoimisiún, agus don Chúirt Iniúchóirí, rochtain ar láithreáin agus áitribh an Lárionaid Inniúlachta agus ar an bhfaisnéis uile, lena n-áirítear faisnéis i bhfoirm leictreonach, is gá chun a gcuid iniúchtaí a dhéanamh.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (17) ón gComhairle agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasa airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó conradh a chistítear go díreach nó go hindíreach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh i gconarthaí agus comhaontuithe deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme forálacha lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Lárionad Inniúlachta, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach. I gcás ina ndéanfar cur chun feidhme gníomhaíochta a sheachfhoinsiú nó a fho-tharmligean, ina iomláine nó i bpáirt, nó i gcás inar gá conradh soláthair nó tacaíocht airgeadais a dhámhachtain do thríú páirtí ina leith, beidh sa chonradh nó sa chomhaontú deontais an oibleagáid atá ar an gconraitheoir nó ar an tairbhí ceangal a chur ar aon tríú páirtí lena mbaineann glacadh go follasach leis na cumhachtaí sin de chuid an Choimisiúin, an Lárionaid Inniúlachta, na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF.

CAIBIDIL IV

Foireann an lárionaid inniúlachta

Airteagal 30

An fhoireann

1.   Maidir le foireann an Lárionaid Inniúlachta, beidh feidhm ina leith ag Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha fostaíochta sin a chur i bhfeidhm.

2.   Feidhmeoidh an Bord Rialaithe, i ndáil le baill foirne an Lárionaid Inniúlachta, na cumhachtaí a tugadh dó leis na Rialacháin Foirne maidir leis an údarás ceapacháin agus na cumhachtaí a tugadh dó leis na Coinníollacha Fostaíochta maidir leis an údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”).

3.   Glacfaidh an Bord Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoina bhféadtar an tarmligean sin a chur ar fionraí. Údaraítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

4.   I gcás inar gá sin in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Rialaithe, le cinneadh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith le haon fho-tharmligean a dhéanann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach. I gcás den sórt sin, feidhmeoidh an Bord Rialaithe féin cumhachtaí an údaráis ceapacháin nó tarmligfidh sé na cumhachtaí sin chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne de chuid an Lárionaid Inniúlachta nach é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin é.

5.   Glacfaidh an Bord Rialaithe rialacha cur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

6.   Socrófar na hacmhainní foirne sa phlean bunaíochta dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 13(3), lena gcuirfear in iúl líon na bpost sealadach de réir grúpa feidhme agus gráid agus líon na mball foirne ar conradh arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha, i gcomhréir le buiséad bliantúil an Lárionaid Inniúlachta.

7.   Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá sa Lárionad Inniúlachta sa chéad ásc trí ath-imlonnú foirne nó post ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais, agus trí acmhainní daonna breise a earcú. Féadfar gur baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh a bheidh ar fhoireann an Lárionaid Inniúlachta.

8.   Íocfaidh an Lárionad Inniúlachta na costais uile a bhaineann le baill foirne.

Airteagal 31

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Lárionad Inniúlachta.

2.   Glacfaidh an Bord Rialaithe, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Lárionad Inniúlachta.

Airteagal 32

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE maidir leis an Lárionad Inniúlachta agus lena fhoireann.

CAIBIDIL V

Forálacha coiteanna

Airteagal 33

Rialacha slándála

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/694 maidir le rannpháirtíocht i ngach beart a chistítear leis an Lárionad Inniúlachta.

2.   Beidh feidhm ag na rialacha sonracha slándála seo a leanas maidir le gníomhaíochtaí a chistítear le Fís Eorpach:

(a)

chun críocha Airteagal 38(1) de Rialachán (AE) 2021/695, nuair a fhoráiltear dó sa chlár oibre bliantúil, féadfar an deonú maidir le ceadúnais neamheisiacha a theorannú do thríú páirtithe atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe i mBallstát agus atá á rialú ag an mBallstát sin nó ag náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin;

(b)

ceadúnas a aistriú nó a dheonú chuig eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtír chomhlachaithe nó atá bunaithe san Aontas ach atá á rialú ó thríú tíortha, beidh ansin freisin foras chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí, nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí, chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2021/695;

(c)

chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 41(7) de Rialachán (AE) 2021/695, nuair a fhoráiltear dó sa chlár oibre bliantúil, féadfar an deonú maidir le ceart rochtana, mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 den Rialachán sin, a theorannú d’eintiteas dlítheanach atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe i mBallstát agus atá á rialú ag an mBallstát sin nó náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

Airteagal 34

Trédhearcacht

1.   Cuirfidh an Lárionad Inniúlachta a ghníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal trédhearcachta.

2.   Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go ndéanfar faisnéis iomchuí oibiachtúil iontaofa a bhfuil teacht uirthi go héasca a thabhairt don phobal agus d’aon pháirtithe leasmhara go tráthúil, go háirithe maidir le torthaí a chuid oibre. Poibleoidh sé freisin na dearbhuithe leasa a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 43. Beidh feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, leis an bPobal agus leis an nGrúpa Comhairleach Straitéiseach i gcomhréir leis an dlí ábhartha.

3.   Féadfaidh an Bord Rialaithe, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta.

4.   Leagfaidh an Lárionad Inniúlachta síos, i rialacha nós imeachta Bhord Rialaithe an Lárionaid Inniúlachta agus an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh na socruithe praiticiúla chun na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur chun feidhme. Maidir le gníomhaíochtaí a chistítear le Fís Eorpach, cuirfidh na rialacha agus na socruithe sin Rialachán (AE) 2021/695 san áireamh.

Airteagal 35

Cothromaíocht inscne

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu, nuair a bheidh iarrthóirí á n-ainmniú nó ionadaithe á moladh, roghnóidh an Coimisiún, na Ballstáit agus geallsealbhóirí eile san earnáil institiúideach agus san earnáil phríobháideach ionadaithe ó roinnt iarrthóirí, i gcás inar féidir, agus é mar aidhm cothromaíocht inscne a áirithiú.

Airteagal 36

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.   Tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún, glacfaidh an Bord Rialaithe rialacha slándála an Lárionaid Inniúlachta. Cuirfidh na rialacha slándála sin na prionsabail agus rialacha a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (19) agus (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (20) i bhfeidhm.

2.   Comhaltaí an Bhoird Rialaithe, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, saineolaithe seachtracha atá páirteach sna grúpaí oibre ad hoc, agus comhaltaí foirne an Lárionaid Inniúlachta, comhlíonfaidh siad na ceanglais rúndachta faoi Airteagal 339 CFAE, fiú amháin nuair a bheidh deireadh lena gcuid dualgas.

3.   Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta na bearta is gá a dhéanamh chun gurb éasca an fhaisnéis is ábhartha maidir lena chúraimí a mhalartú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis na hinstitiúdí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Beidh formheas an Choimisiúin roimh ré ag aon socrú riaracháin a dhéanfar chun na críche sin maidir le faisnéis rúnaicmithe AE (FRAE) a chomhroinnt, nó, murab ann do shocruithe den sórt sin, ag aon socrú eisceachtúil ad hoc lena scaoilfear FRAE.

Airteagal 37

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm maidir leis na doiciméid a bheidh i seilbh an Lárionaid Inniúlachta ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2.   Glacfaidh an Bord Rialaithe socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme faoi 29 Nollaig 2021.

3.   Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an Lárionad Inniúlachta de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman faoi Airteagal 228 CFAE nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 263 CFAE.

Airteagal 38

Faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go mbeidh a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a bhainistítear trí na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus tríd an Líonra, faoi réir faireachán leanúnach agus córasach agus meastóireacht thráthrialta. Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí cláir chistiúcháin de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(3) ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach, agus tráthúil, agus forchuirfear ceanglais tuairiscithe atá comhréireach ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit. Foilseofar conclúidí na meastóireachta sin.

2.   A luaithe a bheidh go leor faisnéise ar fáil faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 30 mí tar éis an dáta dá bhforáiltear in Airteagal 46(4), ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil cur chun feidhme i dtaca le gníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta, agus réamh-ionchur an Bhoird Rialaithe, na lárionad náisiúnta comhordúcháin agus an Phobail á chur san áireamh. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil cur chun feidhme sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2024. Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta agus na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

3.   Áireofar go háirithe sa tuarascáil cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 measúnuithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

acmhainneacht oibre an Lárionaid Inniúlachta maidir le misean, cuspóirí, sainordú agus cúraimí an Lárionaid agus ar an gcomhar agus ar an gcomhordú le geallsealbhóirí eile, go háirithe leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, leis an bPobal agus le ENISA;

(b)

na torthaí a bhainfidh an Lárionad Inniúlachta amach, ag féachaint dá mhisean, dá chuspóirí, dá shainordú agus dá chúraimí, agus go háirithe d’éifeachtúlacht an Lárionaid Inniúlachta maidir le cistí an Aontais a chomhordú agus le saineolas a chomhthiomsú;

(c)

comhsheasmhacht na gcúraimí cur chun feidhme leis an gClár Oibre agus leis an gclár oibre ilbhliantúil;

(d)

comhordú agus ar chomhar an Lárionaid Inniúlachta le Coistí Cláir Fís Eorpach agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach, go háirithe d’fhonn comhsheasmhacht agus sineirge a mhéadú i ndáil leis an gClár Oibre, an clár oibre bliantúil, an clár oibre ilbhliantúil, Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach;

(e)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

4.   Tar éis thíolacadh na tuarascála cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Lárionad Inniúlachta agus réamh-ionchur an Bhoird Rialaithe, na lárionad náisiúnta comhordúcháin agus an Phobail á chur san áireamh. Tagrófar sa mheastóireacht sin do na measúnuithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nó tabharfar cothrom le dáta iad, de réir mar is gá, agus déanfar an mheastóireacht roimh dhul in éag na tréimhse a shonraítear in Airteagal 47(1), chun a chinneadh go tráthúilar cheart síneadh a chur le tréimhse shainordú an Lárionaid Inniúlachta tar éis na tréimhse sin. Leis an meastóireacht sin déanfar measúnú ar ghnéithe dlíthiúla agus riaracháin maidir le sainordú an Lárionaid Inniúlachta agus ar an bpoitéinseal chun sineirgí a chruthú agus ilroinnt le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a sheachaint.

Má mheasann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an Lárionad Inniúlachta a bheith ag leanúint ar aghaidh i dtaca lena mhisean, lena chuspóirí, lena shainordú agus lena chúraimí, féadfaidh sé togra reachtach a dhéanamh chun tréimhse ama shainordú an Lárionaid Inniúlachta a shíneadh mar a leagtar amach in Airteagal 47.

5.   Ar bhonn chonclúidí na tuarascála cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún aon ghníomhaíochtaí iomchuí eile a dhéanamh.

6.   Déanfar an faireachán, an mheastóireacht, an céimniú amach agus an athnuachan a ar an ranníocaíocht airgeadais ó Fhís Eorpach i gcomhréir le forálacha Airteagail 10, 50 agus 52 de Rialachán (AE) 2021/695 agus leis na socruithe cur chun feidhme a comhaontaíodh.

7.   Déanfar an faireachán, an tuairisciú agus an mheastóireacht ar an ranníocaíocht airgeadais ón gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2021/694.

8.   I gcás ina ndéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an Lárionad Inniúlachta laistigh de shé mhí ó fhoirceannadh an Lárionaid Inniúlachta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis tús a chur leis an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 47. Déanfar torthaí na meastóireachta deiridh sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 39

Pearsantacht dhlítheanach an Lárionaid Inniúlachta

1.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Lárionad Inniúlachta.

2.   I ngach Ballstát, beidh ag an Lárionad Inniúlachta an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

Airteagal 40

Dliteanas an Lárionaid Inniúlachta

1.   Beidh dliteanas conarthach an Lárionaid Inniúlachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh nó leis an gconradh i dtrácht.

2.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh an Lárionad Inniúlachta aon damáiste arbh í a fhoireann agus iad ag feidhmiú a ndualgas ba chúis leis, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát.

3.   Aon íocaíocht a dhéanfaidh an Lárionad Inniúlachta i leith an dliteanais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus na costais agus na speansais a thabhófar ina leith, measfar gur caiteachas de chuid an Lárionad Inniúlachta an íocaíocht sin agus cumhdófar as acmhainní an Lárionaid í.

4.   Is é an Lárionad Inniúlachta amháin a bheidh freagrach as a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

Airteagal 41

Dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an dlí is infheidhme

1.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

(a)

breithúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gcinntí arna nglacadh, nó i gcomhaontuithe nó i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích, ag an Lárionad Inniúlachta;

(b)

i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh ar dhamáiste arb iad baill foirne an Lárionaid Inniúlachta is cúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu;

(c)

in aon díospóid idir an Lárionad Inniúlachta agus a bhaill foirne faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar síos leis na Rialacháin Foirne.

2.   Maidir le haon ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina bhfuil suíomh an Lárionaid Inniúlachta.

Airteagal 42

Dliteanas an Aontais agus na mBallstát agus árachas

1.   Beidh dliteanas airgeadais an Aontais agus na mBallstát i leith fhiacha an Lárionaid Inniúlachta teoranta don ranníocaíocht atá déanta acu cheana féin i leith na gcostas riaracháin.

2.   Déanfaidh an Lárionad Inniúlachta árachas iomchuí a thógáil amach agus a choimeád.

Airteagal 43

Coinbhleachtaí leasa

Glacfaidh an Bord Rialaithe rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc, a aithint agus a réiteach i leith a chomhaltaí, a chomhlachtaí agus a bhall foirne, lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Cuimseofar sna rialacha sin na forálacha arb é is aidhm dóibh coinbhleacht leasa a sheachaint i ndáil le hionadaithe na gcomhaltaí ar baill iad den Bhord Rialaithe mar aon leis an nGrúpa Comhairleach Straitéiseach i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, lena n-áirítear forálacha faoi aon dearbhuithe leasa. Beidh na Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin faoi réir an dlí náisiúnta maidir le coinbhleachtaí leasa.

Airteagal 44

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Beidh an phróiseáil a dhéanfaidh an Lárionad Inniúlachta ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Glacfaidh an Bord Rialaithe na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2018/1725. Féadfaidh an Bord Rialaithe na bearta breise is gá a ghlacadh chun go gcuirfidh an Lárionad Inniúlachta an Rialachán sin i bhfeidhm.

Airteagal 45

Tacaíocht ón mBallstát óstach

Féadfar comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Lárionad Inniúlachta agus an Ballstát óstach ina bhfuil suíomh an Lárionaid maidir le pribhléidí agus díolúintí agus tacaíocht eile a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil don Lárionad Inniúlachta.

CAIBIDIL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 46

Gníomhaíochtaí tosaigh

1.   Beidh an Coimisiún freagrach as an Lárionad Inniúlachta a bhunú agus as an obair thosaigh a dhéanfaidh sé go dtí go mbeidh an acmhainneacht oibríochtúil aige chun a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le dlí an Aontais, gach beart is gá le rannpháirtíocht chomhlachtaí inniúla an Lárionaid Inniúlachta.

2.   Chun críoch mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach a ainmniú go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a dhualgas nó a dualgas tar éis don Bhord Rialaithe é nó í a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 16. Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus féadfaidh sé nó sí cúnamh a fháil ó líon teoranta ball foirne ón gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún líon teoranta dá chuid ball foirne a shannadh chuig an Lárionad Inniúlachta ar bhonn eatramhach.

3.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach gach íocaíocht a chumhdaítear leis na leithreasuithe dá bhforáiltear i mbuiséad bliantúil an Lárionaid Inniúlachta a údarú ach an buiséad sin a bheith glactha ag an mBord Rialaithe agus féadfaidh sé nó sí comhaontuithe agus conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, agus cinntí a ghlacadh, tar éis ghlacadh an phlean bunaíochta dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 13(3).

4.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach, de chomhthoil leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus faoi réir fhormheas an Bhoird Rialaithe, an dáta óna mbeidh sé d’acmhainn ag an Lárionad Inniúlachta a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Ón dáta sin amach, staonfaidh an Coimisiún ó ghealltanais agus íocaíochtaí a dhéanamh i leith ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta.

Airteagal 47

Tréimhse ama

1.   Bunófar an Lárionad Inniúlachta don tréimhse ón 28 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Nollaig 2029.

2.   Cuirfear tús leis an nós imeachta foirceanta go huathoibríoch mura gcuirtear síneadh le sainordú an Lárionaid Inniúlachta i gcomhréir le hAirteagal 38(4) ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ar mhaithe leis na himeachtaí a stiúradh chun an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, ceapfaidh an Bord Rialaithe leachtaitheoir amháin nó níos mó, a chomhlíonfaidh cinntí an Bhoird Rialaithe.

4.   Nuair a dhéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, úsáidfear a shócmhainní chun a dhliteanais agus an caiteachas a bhaineann lena fhoirceannadh a chumhdach. Déanfar aon bharrachas a dháileadh ar an Aontas agus ar na Ballstáit is ranníocóirí i gcomhréir lena ranníocaíocht airgeadais leis an Lárionad Inniúlachta. Aisíocfar le buiséad an Aontais aon bharrachas a dháilfear ar an Aontas.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 159, 10.5.2019, lch. 63

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 20 Aibreán 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) Uimh. 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(8)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(12)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167 I, 12.5.2021, lch. 1).

(13)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (IO L 50, 15.2.2021, lch. 9).

(14)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 11 Bealtaine 2016, maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(15)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(16)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 ag bunú na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(17)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(19)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(20)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).