25.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 183/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/822 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2021
lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 agus (AE) 2019/360 a mhéid a bhaineann leis na táillí maoirseachta bliantúla a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála le haghaidh 2021
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 72(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (2), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déantar na táillí a íocann stórtha trádála le ESMA a ríomh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht a bhunaítear i Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 (3) agus (AE) 2019/360 (4) ón gCoimisiún. Is í an tréimhse thagartha don láimhdeachas is infheidhme sna Rialacháin Tharmligthe sin an bhliain roimh an mbliain ina n-íoctar an t-ioncam. |
(2) |
An 1 Feabhra 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. I gcomhréir leis an idirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, scoir dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe ón 31 Nollaig 2020. |
(3) |
D’aistrigh dhá stór trádála atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe cuid dá seirbhísí agus dá ngníomhaíochtaí chuig an Aontas chun go mbeidís in ann leanúint dá seirbhísí agus dá ngníomhaíochtaí a sholáthar do chontrapháirtithe atá bunaithe san Aontas. Dá bharr sin, tháinig athrú suntasach ar líon na stórtha trádála atá gníomhach san Aontas. |
(4) |
Go héifeachtach, chuir stórtha trádála nua an Aontais tús lena ngníomhaíocht san Aontas i mí Eanáir 2021, óir bhí an leibhéal gníomhaíochta a bhí acu in 2020 chomh híseal gur bheag nárbh ann dó. Dá bharr sin, bheadh a dtáille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh 2021 diomaibhseach cé gur dócha go mbeidh a gcuid gníomhaíochtaí suntasach. Chun a áirithiú go n-íocfaidh siad táille i gcomhréir lena láimhdeachas iarbhír san Aontas, ba cheart a dtáille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh 2021 a ríomh ar bhonn a láimhdeachas is infheidhme le linn an chéad leath de 2021. |
(5) |
Chun é a chur ar a chumas do ESMA táillí a ghearradh ar stórtha trádála in 2021 ar bhealach comhréireach agus an costas ar fad a bhaineann lena maoirseacht á chumhdach, is gá an tréimhse thagartha a athrú chun táillí bliantúla a ríomh arna n-íoc ag stórtha trádála le ESMA in 2021. Toisc go bhfuil na stórtha trádála ábhartha cláraithe le ESMA faoi Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365 araon, ba cheart na leasuithe ar an tréimhse thagartha sin a dhéanamh ag an am céanna. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 agus (AE) 2019/360 a leasú dá réir. |
(7) |
Chun gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmithe éifeachtach éifeachtúil a éascú láithreach, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013
Cuirtear Airteagal 15a isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 mar a leanas:
“Airteagal 15a
Táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh 2021 maidir le stórtha trádála atá cláraithe amhail ón 31 Nollaig 2020
1. Gearrfar táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh 2021 ar stórtha trádála a bhí cláraithe cheana féin le ESMA amhail ón 31 Nollaig 2020, táille a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 7. Chun críocha Airteagal 7(2)(c), áfach, déanfar láimhdeachas na stórtha trádála is infheidhme a ríomh i gcomhréir le mír 2.
2. Chun críocha mhír 1, is éard a bheidh i láimhdeachas an stóir thrádála is infheidhme suim aon trian amháin de gach ceann díobh seo a leanas:
(a) |
an t-ioncam a ghintear ó na feidhmeanna lárnacha arb iad taifid dhíorthaigh an stóir thrádála a bhailiú agus a chothabháil go lárnach le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021, arna roinnt ar an ioncam iomlán a ghintear ó na feidhmeanna lárnacha arb iad taifid dhíorthaigh na stórtha trádála cláraithe uile a bhailiú agus a chothabháil go lárnach le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021; |
(b) |
líon na dtrádálacha a thuairiscítear don stór trádála le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021, arna roinnt ar líon iomlán na dtrádálacha a thuairiscítear do na stórtha trádála cláraithe uile le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021; |
(c) |
líon na dtrádálacha gan íoc arna dtaifeadadh an 30 Meitheamh 2021, arna roinnt ar líon iomlán na dtrádálacha gan íoc arna dtaifeadadh an 30 Meitheamh 2021 sna stórtha trádála cláraithe uile. |
3. Bainfear méid ar bith a d’íoc an stór trádála cheana de bhun Airteagal 11(1) roimh 26 Bealtaine 2021 de mhéid na táille maoirseachta bliantúla dá dtagraítear i mír 1.
I gcás ina bhfuil an méid a d’íoc stór trádála cheana de bhun Airteagal 11(1) roimh 26 Bealtaine 2021 níos airde ná an táille mhaoirseachta bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le mír 1, aisíocfaidh ESMA an méid sin sa bhreis leis an stór trádála.
4. De mhaolú ar Airteagal 11(1), beidh an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh 2021 a bhaineann leis na stórtha trádála dá dtagraítear i mír 1 le híoc an 31 Deireadh Fómhair 2021.
5. Seolfaidh ESMA sonrasc na táille maoirseachta bliantúla le haghaidh 2021 chuig na stórtha trádála dá dtagraítear i mír 1 30 lá ar a laghad roimh an dáta íocaíochta.
6. Nuair a bheidh fáil ar na cuntais iniúchta le haghaidh 2021, tuairisceoidh na stórtha trádála dá dtagraítear i mír 1 na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) le haghaidh 2021 do ESMA.
Aon difríocht idir an táille mhaoirseachta bhliantúil a íocadh go hiarbhír le haghaidh 2021 agus an táille mhaoirseachta bhliantúil a bheadh le híoc le haghaidh 2021 dá mbeadh ríomh an láimhdeachais is infheidhme bunaithe ar na táscairí a tuairiscíodh de bhun na chéad fhomhíre, gearrfar ar stórtha trádála í.
Seolfaidh ESMA sonrasc aon íocaíochta breise de bhun an dara fomhír 30 lá ar a laghad roimh an dáta íocaíochta sonrach.”
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/360
Cuirtear Airteagal 15a isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/360 mar a leanas:
“Airteagal 15a
Táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh 2021 maidir le stórtha trádála atá cláraithe amhail ón 31 Nollaig 2020
1. Gearrfar táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh 2021 ar stórtha trádála a bhí cláraithe cheana féin le ESMA amhail ón 31 Nollaig 2020, táille a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 6. Chun críocha Airteagal 6(2)(b), áfach, déanfar láimhdeachas na stórtha trádála is infheidhme a ríomh i gcomhréir le mír 2.
2. Chun críocha mhír 1, is éard a bheidh i láimhdeachas an stóir thrádála is infheidhme suim na nithe seo a leanas:
— |
an t-ioncam a ghintear ó na feidhmeanna lárnacha arb iad taifid idirbheart um maoiniú urrús a bhailiú agus a chothabháil go lárnach le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021 agus |
— |
an t-ioncam is infheidhme ó sheirbhísí coimhdeacha an stóir thrádála i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 2 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021 |
arna roinnt ar shuim na nithe seo a leanas:
— |
an t-ioncam a ghintear ó na feidhmeanna lárnacha arb iad taifid idirbheart um maoiniú urrús a bhailiú agus a chothabháil go lárnach le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021 ó na stórtha trádála cláraithe uile agus |
— |
an t-ioncam is infheidhme ó sheirbhísí coimhdeacha i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 2 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021 ó na stórtha trádála cláraithe uile. |
3. Bainfear méid ar bith a d’íoc an stór trádála cheana de bhun Airteagal 10(1) roimh 26 Bealtaine 2021 de mhéid na táille maoirseachta bliantúla dá dtagraítear i mír 1.
I gcás ina bhfuil an méid a d’íoc stór trádála cheana de bhun Airteagal 10(1) roimh 26 Bealtaine 2021 níos airde ná an táille mhaoirseachta bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le mír 1, aisíocfaidh ESMA an méid sin sa bhreis leis an stór trádála.
4. De mhaolú ar Airteagal 10(1), beidh an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh 2021 a bhaineann leis na stórtha trádála dá dtagraítear i mír 1 le híoc an 31 Deireadh Fómhair 2021.
5. Seolfaidh ESMA sonrasc na táille maoirseachta bliantúla le haghaidh 2021 chuig na stórtha trádála dá dtagraítear i mír 1 30 lá ar a laghad roimh an dáta íocaíochta.
6. Nuair a bheidh fáil ar na cuntais iniúchta le haghaidh 2021, tuairisceoidh na stórtha trádála dá dtagraítear i mír 1 na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 2(3) le haghaidh 2021 do ESMA.
Aon difríocht idir an táille mhaoirseachta bhliantúil a íocadh go hiarbhír le haghaidh 2021 agus an táille mhaoirseachta bhliantúil a bheadh le híoc le haghaidh 2021 dá mbeadh ríomh an láimhdeachais is infheidhme bunaithe ar na táscairí a tuairiscíodh de bhun na chéad fhomhíre, gearrfar ar stórtha trádála í.
Seolfaidh ESMA sonrasc aon íocaíochta breise de bhun an dara fomhír 30 lá ar a laghad roimh an dáta íocaíochta sonrach.”
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(2) IO L 337, 23.12.2015, lch. 1.