28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/34


RIALACHÁN (AE) 2021/818 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe, Airteagal 167(5), agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ardluach le cultúr, leis na healaíona, le hoidhreacht chultúrtha agus le héagsúlacht chultúrtha do shochaí na hEorpa ó thaobh cúrsaí cultúrtha, oideachais, daonlathais, comhshaoil, cearta daonna agus eacnamaíocha de agus ba cheart iad a chur chun cinn agus ba cheart tacú leo. Dúradh i nDearbhú na Róimhe an 25 Márta 2017 agus dúirt an Chomhairle Eorpach an 14 agus 15 Nollaig 2017 go bhfuil an t-oideachas agus an cultúr bunriachtanach chun sochaithe cuimsitheacha comhtháite a thógáil do chách agus chun iomaíochas na hEorpa a chothú.

(2)

De bhun Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpa mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir. Déantar na luachanna sin a athdhearbhú agus a chur in iúl tuilleadh sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), a bhfuil an stádas dlí céanna leis na Conarthaí aici faoi Airteagal 6 CAE. Go háirithe, cumhdaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí in Airteagail 11 agus 13 den Chairt, faoi seach.

(3)

Sonraítear tuilleadh in Airteagal 3 CAE gurb é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn agus, inter alia, go bhfuil sé le saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga a urramú, agus le háirithiú go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

(4)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal “Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr”, leagtar cuspóirí amach le haghaidh na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta. Tá sé mar aidhm aige leas a bhaint as cumhacht an chultúir agus na héagsúlachta cultúrtha ar mhaithe le comhtháthú sóisialta agus dhea-bhail na sochaí, agus tríd an ngné thrasteorann a bhaineann leis na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a chothú, agus trína n-acmhainneacht fáis a chothú, an chruthaitheacht chultúrbhunaithe a spreagadh i réimse an oideachais agus na nuálaíochta, agus ar mhaithe le poist agus fás, agus chun caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a neartú. Tacóidh Clár Eoraip na Cruthaitheachta (“an Clár”), i dteannta cláir agus cistí eile de chuid an Aontais, leis an gClár Oibre Eorpach Nua don Chultúr. Ba cheart luach intreach an chultúir agus an léirithe ealaíonta a chaomhnú agus a chur chun cinn agus ba cheart cruthú ealaíonta a bheith i gcroílár an Chláir. Tá an méid sin comhsheasmhach freisin le Coinbhinsiún Unesco 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn, a tháinig i bhfeidhm an 18 Márta 2007 agus a bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit ina bpáirtithe ann.

(5)

Chun an réimse comhroinnte éagsúlachta cultúrtha a chothú do mhuintir na hEorpa, is den tábhacht é cúrsaíocht thrasnáisiúnta saothar, bailiúchán agus táirgí ealaíonta agus cultúrtha a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin idirphlé agus malartuithe cultúrtha a spreagadh, agus soghluaisteacht thrasnáisiúnta ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha a spreagadh.

(6)

Tríd an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a fheabhsú, éascaítear rannpháirtíocht shaor sa saol cultúrtha i gcomhréir le Dearbhú Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha. Dá bhrí sin, tá ról tábhachtach ag an oidhreacht chultúrtha i ndáil le tógáil sochaí atá síochánta daonlathach, i ndáil le próisis na forbartha inbhuanaithe agus i ndáil le cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha.

(7)

Tá cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha Eorpaí bunaithe ar shaoirse an léirithe ealaíonta, ar acmhainní agus inniúlachtaí na n-ealaíontóirí agus na n-oibreoirí cultúrtha, ar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta atá rafar athléimneach a bheith ann agus ar chumas na n-ealaíontóirí agus na n-oibreoirí cultúrtha a saothair féin a chruthú, a dhéanamh nuálach agus a léiriú agus iad a dháileadh ar phobal Eorpach níos mó agus níos ilchineálaí. Méadaíonn sé sin acmhainneacht ghnó na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta, cuireann sé le rochtain ar inneachar cruthaitheach, ar thaighde ealaíonta agus ar chruthaitheacht, agus cuireann sé an méid sin chun cinn, agus rannchuidíonn sé le fás inbhuanaithe agus cruthú post. Ina theannta sin, rannchuidíonn cur chun cinn na cruthaitheachta agus eolais nua le borradh a chur faoi iomaíochas agus le nuálaíocht a spreagadh i slabhraí luacha tionsclaíocha. Tá saibhreas éagsúlachta cultúrtha agus teanga an Aontais ina phríomhshócmhainn don tionscadal Eorpach. Ag an am céanna, tá sainiúlachtaí geografacha, sainiúlachtaí teanga, nó an dá chineál sainiúlachtaí sin, ag margadh cultúrtha agus cruthaitheach na hEorpa, rud a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le hilroinnt an mhargaidh. Dá bhrí sin, tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun a áirithiú go mbaineann na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta tairbhe iomlán as margadh aonair an Aontais agus, go háirithe, as an Margadh Aonair Digiteach.

(8)

Is athrú paraidíme é an t-aistriú digiteach do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta. Tá athmhúnlú déanta aige ar nósanna, ar chaidreamh, agus ar shamhlacha léirithe agus tomhaltais. Cruthaíonn sé sin roinnt dúshlán. Ag an am céanna, cuireann an t-aistriú digiteach deiseanna nua ar fáil do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta maidir le saothair Eorpacha a chruthú agus a dháileadh, maidir le rochtain ar shaothair Eorpacha, rud a théann chun tairbhe shochaí na hEorpa ina hiomláine. Ba cheart don Chlár earnálacha cultúir agus cruthaitheachta a spreagadh chun leas a bhaint as na deiseanna sin.

(9)

Leis an gClár, ba cheart aird a thabhairt ar chineál déach na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta, agus aitheantas á thabhairt, ar thaobh amháin, do luach intreach agus ealaíonta an chultúir agus, ar an taobh eile, do rannchuidiú luach eacnamaíoch na n-earnálacha sin i gcoitinne, lena n-áirítear rannchuidiú na n-earnálacha sin le fás, le hiomaíochas, le cruthaitheacht agus le nuálaíocht i gcoitinne. Ba cheart don Chlár tionchar dearfach an chultúir ar idirphlé idirchultúrtha, ar chomhtháthú sóisialta agus ar scaipeadh eolais a chur san áireamh freisin. Chuige sin, tá gá le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha atá láidir, go háirithe tionscal closamhairc Eorpach atá bríomhar, agus i bhfianaise a acmhainneachta dul i bhfeidhm ar luchtanna éisteachta agus ar luchtanna féachana de chineálacha éagsúla agus a thábhacht eacnamaíoch, lena n-áirítear a thábhacht eacnamaíoch le haghaidh earnálacha cruthaitheacha eile. Mar sin féin, tá an iomaíocht sna margaí closamhairc domhanda níos déine anois mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar an aistriú digiteach, mar shampla athruithe ar léiriú agus úsáid meán agus ról méadaitheach ardán domhanda i dtaca le dáileadh inneachair. Dá bhrí sin, is gá cur leis an tacaíocht atá á tabhairt don tionscal Eorpach.

(10)

Mar a léirigh gníomhaíocht an Aontais maidir le Príomhchathracha Eorpacha an Chultúir, arna bunú le Cinneadh Uimh. 445/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (“Príomhchathracha Eorpacha an Chultúir”), tá ról tábhachtach ag na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta maidir le críocha an Aontais a fheabhsú agus a athbheochan. Ar an gcaoi sin, is príomhspreagthóirí iad na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta chun borradh a chur faoin turasóireacht cháilíochtbhunaithe agus, chomh maith leis sin, faoin bhforbairt réigiúnach, áitiúil agus uirbeach ar fud an Aontais.

(11)

Chun bheith éifeachtach, ba cheart don Chlár cineál sonrach agus dúshláin shonracha na n-earnálacha éagsúla cultúir agus cruthaitheachta, a spriocghrúpaí éagsúla agus a riachtanais ar leith a chur san áireamh trí bhíthin cuir chuige shaincheaptha laistigh de shraith atá dírithe ar an earnáil closamhairc (“sraith MEDIA”), laistigh de shraith atá dírithe ar nahearnálacha eile cultúir agus cruthaitheachta (“sraith an Chultúir”) agus laistigh de shraith thrasearnálach (“an tsraith Thrasearnálach”).

(12)

Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo, a chomhlánaíonn cláir agus beartais réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus cláir agus beartais eile de chuid an Aontais, agus a imríonn tionchar dearfach ar shaoránaigh na hEorpa, agus ba cheart dó tacú le comhar agus malartuithe trasnáisiúnta a fhorbairt agus a chur chun cinn laistigh de na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta. Trí bhíthin na ngníomhaíochtaí agus na ngníomhaíochtaí den sórt sin, rannchuidíonn an Clár leis an bhféiniúlacht Eorpach agus le luachanna Eorpacha a neartú agus an éagsúlacht chultúrtha agus teanga á cur chun cinn ag an am céanna.

(13)

Gné thábhachtach de thírdhreach cultúrtha, ealaíonta agus eacnamaíoch an Aontais agus dá oidhreacht is ea an ceol, de gach aon sórt agus léiriú, agus go háirithe ceol comhaimseartha agus ceol beo. Is gné é den chomhtháthú sóisialta agus is uirlis thábhachtach é chun feabhas a chur ar an bhforbairt eacnamaíoch agus chultúrtha. Dá bhrí sin, ba cheart do shraith an Chultúir aird a thabhairt ar earnáil an cheoil.

(14)

Ba cheart do shraith an Chultúir líonrú pobal cruthaitheach a chur chun cinn agus comhar trasteorann agus ildisciplíneach a chothú trí úsáid a bhaint as tacair sainscileannaéagsúla, amhail tacair sainscileanna ealaíne, cruthaitheacha, digiteacha agus teicneolaíochta.

(15)

Is é is aidhm don tsraith Thrasearnálach an acmhainn comhoibrithe a shaothrú i measc earnálacha cultúir agus cruthaitheachta éagsúla agus le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhchoiteanna nach mór dóibh déileáil leo. Is féidir tairbhí a bhaint as cur chuige comhpháirteach trasnaí ó thaobh aistriú eolais agus éifeachtúlachtaí riaracháin de. Sa chomhthéacs sin, rannchuidíonn na deasca Cláir le cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus lena chur chun feidhme.

(16)

Tá gá le hidirghabháil ón Aontas san earnáil closamhairc chun bheith ag gabháil le beartais Mhargadh Aonair Digiteach an Aontais. Baineann sé sin, go háirithe, le nuachóiriú an chreata cóipchirt trí bhíthin Treoracha (AE) 2019/789 (5) agus (AE) 2019/790 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, chomh maith leis sin, Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), arna leasú le Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Tá sé mar aidhm ag Treoracha (AE) 2019/789 agus (AE) 2019/790 féachaint le hacmhainneacht oibreoirí closamhairc Eorpacha a neartú chun saothair a léireofar go feiceálach ar mheáin éagsúla, mar shampla ar an teilifís, i bpictiúrlanna nó i bhfoirm Físeán Ar Éileamh, a chruthú, a mhaoiniú, a léiriú agus a scaipeadh ar saothair iad a bheidh ar fáil agus tarraingteach do luchtanna éisteachta agus féachana i margadh de chineál níos oscailte agus níos iomaíche, san Eoraip agus in áiteanna lasmuigh den Eoraip. Tá sé mar aidhm ag na Treoracha sin freisin margadh dea-fheidhmiúil a bhaint amach do chruthaitheoirí agus do shealbhóirí ceart, go háirithe do phreasfhoilseacháin agus d'ardáin ar líne, agus luach saothair cóir a áirithiú d'údair agus do thaibheoirí, agus is gnéithe iad sin ba cheart a chur san áireamh ar fud an Chláir. Ina theannta sin, ba cheart an tacaíocht a uas-scálú chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí a rinneadh le déanaí sa mhargadh, go háirithe staid neartaithe ardán dáilte domhanda i gcomparáid le craoltóirí náisiúnta a infheistíonn go traidisiúnta i léiriú saothar Eorpach. De réir mar a fhorbraíonn dálaí an mhargaidh agus na hoibreoirí closamhairc sa réimse seo, ba cheart critéir shonracha a chur ar fáil, i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chláir, lena shainiú céard é cuideachta léiriúcháin neamhspleách.

(17)

Ba cheart go gceadódh an Clár d'eagraíochtaí sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a bheith rannpháirteach ann a mhéid is féidir agus do na heagraíochtaí sin rochtain a fháil ar an gClár ar an mbealach is leithne is féidir, beag beann ar a suíomh geografach. Ba cheart don Chlár tacú leis na heagraíochtaí sin agus leis an tallann is fearr, is cuma cá bhfuil siad lonnaithe, feidhmiú thar theorainneacha agus go hidirnáisiúnta. Le sraith MEDIA, ba cheart go gcuirfí san áireamh na difríochtaí idir tíortha a mhéid a bhaineann le léiriú agus dáileadh ábhair closamhairc, chomh maith le rochtain ar ábhair chlosamhairc agus treochtaí a bhaineann le húsáid inneachair closamhairc agus, go háirithe, a sainiúlachtaí teanga agus geografacha, agus ar an gcaoi sin cothrom na Féinne níos fearr a sholáthar, rannpháirtíocht na mBallstát a bhfuil acmhainneachtaí closamhairc éagsúla acu a leathnú agus comhar eatarthu a mhéadú agus tacú le tallann na hEorpa, is cuma cá bhfuil sí lonnaithe, feidhmiú thar theorainneacha agus go hidirnáisiúnta. Ba cheart sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí, dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a chur san áireamh freisin.

(18)

Maidir leis na gníomhaíochtaí speisialta faoin gClár amhail gníomhaíocht an Aontais i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh, arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1194/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (“Lipéad Oidhreachta Eorpach”), Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, na nduaiseanna Eorpacha i réimse an cheoil chomhaimseartha, an rac-cheoil agus phopcheoil, i réimse na litríochta, i réimse na hoidhreachta agus i réimse na hailtireachta, agus Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa, chuaigh siad i bhfeidhm ar na milliúin saoránach Eorpach, léirigh siad go bhfuil tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha ag baint le beartais chultúrtha Eorpacha agus gur cheart, dá bhrí sin, leanúint leo agus iad a leathnú nuair is féidir. Ba cheart do shraith an Chultúir tacú le gníomhaíochtaí líonraithe láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin i dtaobh an bhféadfaí na duaiseanna Eorpacha a leathnú chuig réimsí agus earnálacha nua, an amharclannaíocht go háirithe.

(19)

Tá an cultúr ríthábhachtach chun pobail chuimsitheacha agus chomhtháite a neartú. I gcomhthéacs shaincheisteanna na himirce agus dhúshláin an chomhtháthaithe, tá ról bunriachtanach ag an gcultúr chun deiseanna a sholáthar le haghaidh idirphlé idirchultúrtha agus chun imircigh agus dídeanaithe a chomhtháthú, chun cabhrú leo mothú gur cuid de na sochaithe óstacha iad, agus chun caidreamh maith a fhorbairt idir imircigh agus pobail nua.

(20)

Chun rannchuidiú le sochaí chuimsitheach, ba cheart don Chlár rannpháirtíocht chultúrtha a chur chun cinn agus a mhéadú ar fud an Aontais, go háirithe maidir le daoine atá faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíbhuntáiste ó thaobh cúlra de.

(21)

I gcomhréir le Dearbhú Davos an 22 Eanáir 2018 dar teideal Towards a high-quality Baukultur for Europe [I dTreo Baukultur ardcháilíochta don Eoraip], ba cheart céimeanna a ghlacadh chun cur chuige nua comhtháite a chur chun cinn i ndáil le timpeallacht ardcháilíochta fhoirgnithe a mhúnlú, ar cur chuige é atá fréamhaithe sa chultúr, a neartaíonn an comhtháthú sóisialta, a ráthaíonn timpeallacht inbhuanaithe agus a rannchuidíonn le sláinte agus le folláine an phobail ina iomláine. Leis an gcur chuige sin, níor cheart béim a chur ar limistéir uirbeacha amháin, ach ba cheart go ndíreofaí freisin ar idirnascthacht na limistéar forimeallach agus tuaithe. Cuimsíonn i gcoincheap Baukultur na nithe go léir a bhfuil tionchar díreach acu ar chaighdeán saoil na saoránach agus na bpobal, agus ar an gcaoi sin déantar uilechuimsitheacht, comhtháthú agus inbhuanaitheacht a chothú ar bhealach nithiúil.

(22)

Tá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na n-ealaíon i gcroílár earnálacha bríomhara cultúir agus cruthaitheachta. Go háirithe, tá gá le timpeallacht mheán atá saor, éagsúil agus iolraíoch in earnáil na meán nuachta. Ar an gcaoi sin, ba cheart don Chlár, i gcomhar le Treoir 2010/2013/AE, timpeallacht mheán atá saor, éagsúil agus iolraíoch a chur chun cinn, ar timpeallacht í lena spreagfaí trasmhalartuithe agus gníomhaíochtaí trasghearrtha lena dtacaítear le hearnáil na meán nuachta. Leis an gClár, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do ghairmithe sna meáin nua agus feabhas a chur ar fhorbairt na smaointeoireachta criticiúla i measc na saoránach trí litearthacht i dtaca leis na meáin a chur chun cinn.

(23)

Ina theannta sin, ba cheart don Chlár suim i saothair chlosamhairc Eorpacha a spreagadh agus rochtain ar shaothair chlosamhairc Eorpacha a fheabhsú, go háirithe trí bhearta forbartha an lucht féachana agus éisteachta, lena n-áirítear litearthacht i dtaca le cúrsaí scannánaíochta.

(24)

Is féidir le soghluaisteacht ealaíontóirí agus oibrithe cultúrtha thar theorainneacha faoi shraith an Chultúir rannchuidiú le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a bheith ann san Aontas, de chineál atá nasctha lena chéile ar bhealach níos fearr, atá níos láidre agus atá níos inbhuanaithe toisc gur bealach é sin chun dlús a chur le forbairt scileanna agus leis an gcuar foghlama laistigh de na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta chun feasacht idirchultúrtha a fheabhsú agus chun comhchruthú, comhléiriú, cúrsaíocht agus scaipeadh trasnáisiúnta saothar a chothú.

(25)

Ba cheart na tionscadail chomhair, i bhfianaise shainiúlachtaí na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta, go háirithe tionscadail mhionscála, a bheith i gcroílár shraith an Chultúir. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún rannpháirtíocht sa Chlár a éascú trí shimpliú substaintiúil a dhéanamh ar nósanna imeachta maorlathacha, go formhór ag céim na n-iarratas, agus, i gcás tionscadail mhionscála, trí rátaí cómhaoinithe níos airde a cheadú.

(26)

I gcomhréir le hAirteagail 8 agus 10 CFAE, ba cheart don Chlár, mar chuid dá ghníomhaíochtaí go léir, tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamh-idirdhealaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ba cheart critéir iomchuí maidir le cothromaíocht inscne a shainiú ann. Bíonn mná rannpháirteach go gníomhach in earnálacha cultúir agus cruthaitheachta mar údair, mar ghairmithe, mar mhúinteoirí, mar ealaíontóirí agus mar bhaill den lucht féachana nó den lucht éisteachta. Is lú an seans, áfach, go mbeadh post cinnteoireachta ag mná in institiúidí cultúir, ealaíne agus cruthaitheachta. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár tallann na mban a chur chun cinn chun tacú le gairmeacha ealaíne agus gairmiúla na mban.

(27)

Agus teachtaireacht chomhpháirteach an 8 Meitheamh 2016 dar teideal Towards an EU strategy for international cultural relations [I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta], a formhuiníodh le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2017 maidir leis an sainordú don chruinniú tríthaobhach ar dhréachtbhuiséad 2018 (10), agus na conclúidí ón gComhairle an 24 Bealtaine 2017 maidir le cur chuige straitéiseach AE i ndáil le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta á chur san áireamh, ba cheart aitheantas a thabhairt in ionstraimí cistiúcháin Eorpacha agus, go háirithe, sa Chlár d'ábharthacht an chultúir sa chaidreamh idirnáisiúnta agus don ról atá aige chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn trí shainghníomhaíochtaí atá ceaptha chun tionchar soiléir Aontais a bheith acu sa réimse domhanda.

(28)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Iúil 2014 dar teideal Towards an integrated approach to cultural heritage for Europe [Cur chuige comhtháite a bhaint amach maidir leis an oidhreacht chultúrtha don Eoraip], ba cheart go n-áiritheofaí leis na beartais agus leis na hionstraimí ábhartha go mbeadh leagáid ag Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, lena ndearnadh an cultúr a phríomhshruthú go rathúil agus go héifeachtúil i réimsí beartais eile, go háirithe trí chur chuige maidir le rialachas rannpháirteach, i ndáil le luach fadtéarmach agus luach inbhuanaitheachta oidhreacht chultúrtha na hEorpa a tharraingt amach, trí chur chuige níos comhtháite a fhorbairt maidir lena caomhnú agus lena luacháil agus trí thacú le coimirciú inbhuanaithe, le hathghiniúint agus le hathúsáid oiriúnaitheach, agus le cur chun cinn, a luachanna, trí ghníomhaíochtaí méadaithe feasachta agus líonraithe. San earnáil chultúir, ba cheart breithniú a dhéanamh i dtaobh tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí, do chruthaitheoirí agus do cheardaithe ealaíonta atá oilte sna ceirdeanna traidisiúnta a bhaineann le hathbhunú na hoidhreachta cultúrtha. San earnáil chlosamhairc, go háirithe, is foinse ríthábhachtach cuimhne agus éagsúlachta cultúrtha iad saothair oidhreachta agus is deiseanna ionchasacha margaidh iad. Sa chomhthéacs sin, rannchuidíonn cartlanna closamhairc agus leabharlanna le caomhnú agus le hathúsáid saothar oidhreachta, agus le forbairtí margaidh nua do shaothair oidhreachta.

(29)

I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip], ba cheart don Aontas brath ar láidreachtaí an Aontais, go háirithe a éagsúlacht, a chuid tallann, a luachanna, a mhodh maireachtála agus a nuálaithe agus a chruthaitheoirí.

(30)

Braitheann rath an Chláir ar fhorbairt tionscadal nuálach éifeachtach lena nginfear dea-chleachtais i dtaca le comhar Eorpach trasnáisiúnta sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta. Nuair is féidir, ba cheart scéalta rathúla den sórt sin a chur chun cinn, rud a spreagfaidh tacaíocht do shamhlacha nua gnó agus do scileanna nua gnó, a chothóidh traidisiúnta agus a thiontóidh réitigh chruthaitheacha agus idirdhisciplíneacha ina luach eacnamaíoch agus sóisialta.

(31)

Ba cheart an Clár a bheith oscailte, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht Chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, do thíortha aontacha, do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha a bhaineann tairbhe as straitéis réamhaontachais, do thíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus do chomhpháirtithe straitéiseacha an Aontais.

(32)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith páirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (11), ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith páirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlíthiúla eile. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach sa Rialachán seo á cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh siad a gcuid inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach.

(33)

Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag tríú tíortha páirt iomlán a ghlacadh sa Chlár. Ba cheart, áfach, go mbeadh tríú tíortha nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh i sraith MEDIA agus sa tsraith Thrasearnálach, ach a ghlacann páirt i sraith an Chultúir, in ann deasca Cláir a chur ar bun, agus tacú leis na deasca sin, chun an Clár a chur chun cinn ina dtír féin agus chun comhar trasteorann a spreagadh laistigh de na hearnálacha cultúir agus cruthaitheacha.

(34)

Ba cheart go mbeadh maoluithe ón oibleagáid i leith chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE a bheith faoi réir grinnscrúdú agus ba cheart iad a dheonú do thíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus staid shonrach an mhargaidh closamhairc sa tír lena mbaineann agus an leibhéal comhtháthaithe le creat an bheartais closamhairc Eorpaigh á gcur san áireamh. Ba cheart faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE. Thairis sin, ba cheart rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí arna maoiniú faoi shraith MEDIA a leagan amach ar bhonn “cás ar chás” sna cláir oibre ábhartha.

(35)

Ba cheart don Chlár comhar a chothú idir an tAontas agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Unesco, Comhairle na hEorpa, lena n-áirítear Eurimages agus an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc (“an Fhaireachlann”), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár tacú le gealltanas an Aontais i ndáil le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, an ghné chultúrtha díobh go háirithe. A mhéid a bhaineann leis an earnáil chlosamhairc, ba cheart don chlár a áirithiú go rannchuideoidh an tAontas le hobair na Faireachlainne.

(36)

Mar léiriú ar an tábhacht atá ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a chur chun feidhme agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, tá an Clár beartaithe chun rannchuidiú le príomhshruthú na mbeart a dhéantar ar son na haeráide agus le baint amach na sprice foriomláine i leith 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip ina cháil mar threoirphlean don fhás inbhuanaithe, ba cheart do ghníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo an prionsabal “gan dochar a dhéanamh” a urramú. Le linn an Clár a chur chun feidhme, ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, gan buntréith an Chláir a athrú, agus ba cheart athmheasúnú a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus an athbhreithnithe ábhartha.

(37)

Ar mhaithe leis an tsimplíocht agus leis an éifeachtúlacht, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. Sa chás sin, ba cheart don Choimisiún na tráthchodanna bliantúla a ghealladh le linn an Clár a chur chun feidhme, agus dul chun cinn na ngníomhaíochtaí a gheobhaidh cabhair airgeadais, a riachtanais mheasta agus an buiséad a bheidh ar fáil á chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún clár ama táscach a chur in iúl do thairbhithe na ndeontas, ar clár ama é ina gcumhdófar gealladh na dtráthchodanna bliantúla leithleacha.

(38)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna agus trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, córas ginearálta coinníollachta ar mhaithe le buiséad an Aontais a chosaint.

(39)

Tá “LUX - Duais Lucht Féachana na hEorpa ó Pharlaimint na hEorpa agus Acadamh Scannán na hEorpa” ina duais shainiúil Eorpach anois, lena ndéantar scannáin Eorpacha a léiríonn féiniúlacht Eorpach agus luachanna Eorpacha thar theorainneacha náisiúnta a chur chun cinn agus a scaipeadh, agus a chuireann leis an gcomhoibriú le pobal cruthaitheoirí cáiliúla scannán agus le heagraíochtaí agus líonraí scannán Eorpacha.

(40)

Ó cruthaíodh Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh, tá saineolas uathúil forbartha aici maidir le rochtain ar cheol, chomh maith le hidirphlé idirchultúrtha, meas frithpháirteach agus tuiscint fhrithpháirteach, a chur chun cinn, tríd an gcultúr agus, ag an am céanna, tá tús áite tugtha aici d'fhorbairt gairmeacha idirnáisiúnta agus d'oiliúint ceoltóirí óga. Is é is cúis le sainiúlacht Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh ná gur ceolfhoireann Eorpach í, a cruthaíodh le rún ó Pharlaimint na hEorpa, a théann thar theorainneacha cultúrtha agus go bhfuil sí comhdhéanta de cheoltóirí óga a roghnaítear ó gach cearn den Eoraip i gcomhréir le critéir dhiana ealaíonta le linn próiseas bliantúil éisteachta atá docht agus trédhearcach sna Ballstáit uile. Ba cheart an rannchuidiú speisialta sin le héagsúlacht chultúrtha agus le féiniúlacht chultúrtha na hEorpa a aithint, mar shampla trí fhoráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ar féidir le Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh agus le heintitis chultúrtha Eorpacha dá samhail iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh iontu. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh cistiú ilbhliantúil ar fáil d'eintitis den sórt sin chun cobhsaíocht fheidhmiú na n-eintiteas sin a áirithiú.

(41)

Maidir le heagraíochtaí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a bhfuil cumhdach mór geografach Eorpach acu agus arb é atá i gceist lena ngníomhaíochtaí seirbhísí cultúrtha a chur ar fáil go díreach do shaoránaigh hEorpa agus a d'fhéadfadh, dá bhrí sin, tionchar díreach a bheith acu ar fhéiniúlacht Eorpach, ba cheart iad a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta ón Aontas.

(42)

Chun leithdháileadh éifeachtúil na gcistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, is gá go soláthróidh na gníomhaíochtaí agus na gníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gClár breisluach Eorpach. Is gá a áirithiú freisin go gcomhlánaíonn siad gníomhaíochtaí na mBallstát. Ba cheart comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a lorg le cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthnaisc acu lena chéile, á áirithiú go bhfuil tairbhithe ionchasacha ar an eolas faoi na deiseanna éagsúla cistiúcháin agus a bhfuil dlúthnaisc acu le beartais chothrománacha amhail beartas iomaíochta an Aontais.

(43)

Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid, ar bhealach comhréireach, chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart do ghníomhaíochtaí maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach.

(44)

Leis an gClár, tá sé tábhachtach go dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin struchtúracha nach mór d’earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa déileáil leo, ar dúshláin iad atá níos measa fós mar gheall ar phaindéim COVID-19. Cuimsíonn an Clár an ról bunúsach atá ag cultúr agus ag meáin na hEorpa i ndáil le dea-bhail na saoránach agus i ndáil lena gcumhachtú chun cinntí eolasacha a dhéanamh. Ba cheart don Chlár, in éineacht le cláir chistiúcháin ábhartha eile de chuid an Aontais agus Next Generation EU, tacú le téarnamh gearrthéarmach na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta, feabhas a chur ar a n-athléimneacht agus a n-iomaíochas níos fadtéarmaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbealach is fearr ar mhór-ghéarchéimeanna a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus chun tacú lena n-aistriú digiteach agus éiceolaíoch.

(45)

Tugtar aghaidh ar chuspóirí beartais an Chláir freisin trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha faoi réimse bheartais Chlár Invest EU 2021-2027 arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), lena leantar, inter alia, de rochtain ar mhaoiniú a éascú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus d'eagraíochtaí sna earnálacha chultúir agus cruthaitheachta.

(46)

Ba cheart tionchar, cáilíocht agus éifeachtúlacht i ndáil le cur chun feidhme na dtionscadal faoin gClár a bheith ina bpríomhchritéir mheastóireachta i dtaca le roghnú na dtionscadal atá i gceist. Agus an saineolas teicniúil is gá chun measúnú a dhéanamh ar thograí faoi ghníomhaíochtaí sonracha den Chlár á chur san áireamh, féadfaidh comhaltaí coistí atá ann chun aon tograí den sórt a mheas (“coistí meastóireachta”) a bheith ina saineolaithe seachtracha. Agus saineolaithe seachtracha á roghnú, ba cheart breithniú cuí a dhéanamh ar a gcúlraí gairmiúla agus ar chothromaíocht inscne an choiste lena mbaineann.

(47)

Ba cheart córas réadúil soláimhsithe táscairí feidhmíochta cáilíochtúla agus cainníochtúla a áireamh sa Chlár chun bheith ag gabháil lena ghníomhaíochtaí agus chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht ar bhonn leanúnach. Ba cheart an faireachán sin, agus na gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár agus lena ghníomhaíochtaí, a bheith bunaithe ar na trí shraith de chuid an Chláir.

(48)

Agus aird á tabhairt ar an tábhacht agus ar an gcastacht a bhaineann le sonraí a bhailiú agus a anailísiú, agus ar an tábhacht agus ar an gcastacht a bhaineann le tionchar na mbeartas cultúrtha a thomhas, ba cheart don Choimisiún cuidiú a thabhairt maidir le fianaise agus sonraí staidrimh a bhailiú i ndáil le treochtaí agus forbairtí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta trí leas a bhaint as an saineolas atá aige agus as saineolas institiúidí ábhartha taighde eile agus ba cheart dó tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na sonraí a bailíodh.

(49)

Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (14) (“CAI 2021-2027”).

(50)

Leis an Rialachán seo, leagtar síos imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais agus, chomh maith leis sin maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (15).

(51)

Tá feidhm ag Rialachán Airgeadais maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, na rialacha maidir le deontais san áireamh, lena n-áirítear deontais do thríú páirtithe, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(52)

Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a gcumais chun cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus chun torthaí a chur ar fáil, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an ngá le simpliú riaracháin, go háirithe an próiseas iarratais, ar mhaithe le gach páirtí atá i gceist, agus ar an riosca a mheastar a bheidh ann maidir le neamhchomhlíontacht. Nuair a bheidh an rogha sin á déanamh, ba cheart breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, ar chostais aonaid agus rátaí comhréidhe, agus chomh maith leis sin, ar mhaoiniú nach bhfuil nasc idir é agus le costais agus dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(53)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (17), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (18) agus (AE) 2017/1939 (19) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(54)

Ba cheart a bheith in ann lipéad Séala Barr Feabhais, agus é bunaithe ar thacar sonrach critéar, a dhámhachtain ar thograí cáilíochta le haghaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár ach nach féidir a mhaoiniú faoin gClár mar gheall ar shrianta buiséadacha. Trí lipéad Séala Barr Feabhais, tugtar aitheantas do cháilíocht an togra agus simplítear an cuardach ar chistiú malartach faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus. Maidir le gníomhaíochtaí a bhféadfaí lipéad Séala Barr Feabhais a dhámhachtain orthu, ba cheart faisnéis bhreise a chur ar fáil sna glaonna ábhartha ar thograí.

(55)

I bhfianaise Airteagal 349 CFAE agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí de chuid AE] á cur san áireamh, ba cheart meas a thabhairt ar rannchuidiú sonrach na réigiún dá dtagraítear san Airteagal sin le héagsúlacht chultúrtha an Aontais, chomh maith leis sin, ar an ról atá acu i ndáil le malartuithe a chur chun cinn, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht, agus i ndáil le comhar le daoine agus le heagraíochtaí ó thríú tíortha, go háirithe óna dtíortha comharsanacha. De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (21), agus rannchuidiú na dtíortha agus na gcríoch thar lear le tionchar idirnáisiúnta cultúrtha an Aontais á chur san áireamh, tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe chun cistiú a fháil, ach sin faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát a bhfuil ceangal aige leis an tír nó leis an gcríoch ábhartha thar lear. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh daoine in ann an tairbhe chéanna a bhaint as na buntáistí iomaíocha is féidir leis na tionscail cultúir agus cruthaitheachta a chur ar fáil, go háirithe fás eacnamaíoch agus fostaíocht.

(56)

Chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn an Chláir maidir lena chuspóirí a bhaint amach a mheas go héifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt agus i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar tháscairí an Chláir. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin a sheoladh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(57)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, is féidir deontas a dhámhachtain i gcomhair gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolactar an t-iarratas ar dheontas incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. I gcomhréir le hAirteagal 193(4) den Rialachán Airgeadais, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas ach oiread i gcás deontais oibriúcháin agus tá an comhaontú deontais le síniú laistigh de 4 mhí ó thús bhliain airgeadais an tairbhí. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, do thréimhse teoranta ama ag tús CAI 2021-2027, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maidir le hincháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh na gníomhachtaí sin chun feidhme agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

(58)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn faisnéis arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, agus rórialáil á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

(59)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na cláir oibre a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Go háirithe, mar a fhoráiltear leis an Rialachán seo, ba cheart do na teorainneacha ama a bheith comhréireach agus ba cheart deiseanna luatha éifeachtacha a thabhairt leo do chomhaltaí an choiste chun an dréachtghníomh cur chun feidhme a scrúdú agus chun a dtuairimí a chur in iúl.

(60)

Is gá a áirithiú go gcuirtear deireadh ceart le Clár Eoraip na Cruthaitheachta 2014-2020 arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) (“Clár 2014-2020”), go háirithe a mhéid a bhaineann le leanúint de shocruithe ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú an chláir, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Amhail ón 1 Eanáir 2021, ba cheart, i gcás inar gá, a áirithiú le cúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofar na gníomhaíochtaí nach mbeidh tugtha chun críche go fóill faoi Chlár 2014-2020 faoin 31 Nollaig 2020.

(61)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Go háirithe, féachtar leis an Rialachán seo urraim iomlán a áirithiú don cheart chun comhionannais idir fir agus mná agus don cheart chun neamh-idirdhealaithe atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomhgnéasach, mar a chumhdaítear in Airteagail 21 agus 23 den Chairt. Tá an Rialachán seo i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas freisin.

(62)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a gcineál trasnáisiúnta, líon mór agus raon geografach leathan na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair arna gcistiú, a n-éifeachtaí ar rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus ar lánpháirtiú an Aontais go ginearálta, agus lena ngné idirnáisiúnta treisithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(63)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

(64)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus ionas go bhféadfar tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús CAI 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, mar ábhar práinne, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (an “Clár”) do thréimhse CAI 2021-2027.

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse ó 2021 go dtí 2027, na cineálacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “earnálacha cultúir agus cruthaitheachta” gach earnáil:

(a)

arb amhlaidh maidir lena ngníomhaíochtaí, a bhféadfadh cuid mhór acu nuálaíocht agus poist a ghiniúint, go háirithe a bhuí le maoin intleachtúil:

(i)

go bhfuil siad bunaithe ar luachanna cultúrtha agus ar léirithe cruthaitheacha ealaíonta, agus ar léirithe eile de chineál aonarach agus de chineál comhchoiteann; agus

(ii)

go n-áiríonn siad forbairt, cruthú, táirgeadh, scaipeadh agus caomhnú earraí agus seirbhísí a chorpraíonn léirithe cultúrtha nó ealaíonta nó léirithe cruthaitheacha eile, chomh maith le feidhmeanna gaolmhara amhail oideachas nó bainistíocht;

(b)

beag beann ar na nithe seo a leanas:

(i)

an bhfuil gníomhaíochtaí na n-earnálacha sin margadh-dhírithe nó an bhfuil siad dírithe ar réimse eile;

(ii)

an cineál struchtúir trína seoltar na gníomhaíochtaí sin; agus

(iii)

an tslí ina maoinítear an struchtúr sin;

I measc ar na n-earnálacha sin áirítear, inter alia, ailtireacht, cartlanna, leabharlanna agus músaeim, ceardaíocht ealaíonta, réimsí closamhairc (lena n-áirítear scannáin, teilifís, físchluichí agus ilmheáin), oidhreacht chultúrtha atá idir inláimhsithe agus atá doláimhsithe, dearadh (lena n-áirítear dearadh faisin), féilte, ceol, litríocht, na taibhealaíona (lena n-áirítear amharclannaíocht agus an rince), leabhair agus foilsitheoireacht, raidió agus na hamharcealaíona;

(2)

ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaítear mar eintiteas dlítheanach agus a aithnítear mar eintiteas dlítheanach faoi dhlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a fhéadfaidh cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí agus é ag gníomhú dó ina ainm féin, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoi mar a thagraítear dó i bpointe (c) d'Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

(3)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, ar tacaíocht í a chomhcheanglaíonn cineálacha tacaíochta neamh-inaisíoctha agus ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le cineálacha tacaíochta inaisíoctha ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.   Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an Chláir:

(a)

éagsúlacht agus oidhreacht chultúir agus teanga na hEorpa a choimirciú, a fhorbairt agus a chur chun cinn;

(b)

iomaíochas agus acmhainn eacnamaíoch na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta a mhéadú, go háirithe an earnáil chlosamhairc.

2.   Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)

feabhas a chur ar an gcomhar ealaíne agus cultúrtha ar an leibhéal Eorpach chun tacú le cruthú saothar Eorpach agus chun an ghné eacnamaíoch, shóisialta agus sheachtrach d'earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa, agus nuálaíocht agus soghluaisteacht sna hearnálacha sin, a neartú;

(b)

iomaíochas, inscálaitheacht, comhar, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn san earnáil closamhairc Eorpach, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht;

(c)

comhar beartais agus gníomhaíochtaí nuálacha a chur chun cinn, ar comhar é agus ar gníomhaíochtaí iad trína dtugtar tacaíocht do gach sraith den Chlár, agus chun timpeallacht meán atá ilchineálach, neamhspleách agus iolraíoch a chur chun cinn agus litearthacht sna meáin a chur chun cinn, agus saoirse an léirithe ealaíonta, idirphlé idirchultúrtha agus uilechuimsitheacht shóisialta a chothú ar an gcaoi sin.

3.   Leis an gClár, cumhdófar na sraitheanna seo a leanas:

(a)

sraith an Chultúir, a chumhdaíonn earnálacha cultúir agus cruthaitheachta cé is moite den earnáil chlosamhairc;

(b)

sraith MEDIA, a chumhdaíonn an earnáil chlosamhairc;

(c)

an tsraith Thrasearnálach, a chumhdaíonn gníomhaíochtaí ar fud na n-earnálacha uile cultúir agus cruthaitheachta.

4.   Agus aitheantas á thabhairt do luach intreach agus eacnamaíoch an chultúir, saothrófar cuspóirí an Chláir trí ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo. Áiritheofar breisluach Eorpach, inter alia, trí na nithe seo a leanas:

(a)

cineál trasnáisiúnta na ngníomhaíochtaí agus na ngníomhaíochtaí, ar gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí iad lena gcomhlánaítear cláir agus beartais réigiúnacha, náisiúnta, idirnáisiúnta agus cláir agus beartais eile de chuid an Aontais, agus fréamhacha coitianta agus éagsúlacht chultúrtha Eorpach á gcur chun cinn ar an gcaoi sin;

(b)

comhar trasteorann, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht, i measc eagraíochtaí agus gairmithe sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta, agus acmhainn an chomhair sin i leith aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, lena n-áirítear an t-aistriú digiteach, agus le rochtain ar chultúr, rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn;

(c)

na barainneachtaí scála agus fás agus poist a chothaítear le tacaíocht ón Aontas, rud a chruthaíonn éifeacht ghiarála le haghaidh cistí breise;

(d)

cothroime iomaíochta níos fearr a chur ar fáil trí ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo faoi shraith MEDIA, ar gníomhaíochtaí iad lena gcuirtear sainiúlachtaí tíortha éagsúla san áireamh, go háirithe maidir le léiriú agus dáileadh ábhair, rochtain ar ábhar, méid agus sainiúlachtaí a margaí agus an éagsúlacht chultúrtha agus teanga a bhaineann leo, ar bhealach a leathnaíonn rannpháirtíocht tíortha a bhfuil acmhainneachtaí éagsúla closamhairc acu agus a neartaíonn an comhar idir na tíortha sin.

5.   Saothrófar cuspóirí an Chláir ar bhealach a spreagfaidh uilechuimsitheacht, comhionannas, éagsúlacht agus rannpháirtíocht agus, i gcás inarb iomchuí, bainfear na cuspóirí sin amach trí dhreasachtaí sonracha lena ndéanfar an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus daoine ar de ghrúpaí atá imeallaithe go sóisialta iad ar na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus a spreagann rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine sin sna hearnálacha sin, lena n-áirítear tríd an bpróiseas cruthaitheach agus trí fhorbairt an lucht féachana agus éisteachta araon; agus

(b)

comhionannas inscne a chothú, go háirithe mar spreagthóir na cruthaitheachta, fáis eacnamaíoch agus nuálaíochta.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí an chláir

Tacóidh an Clár le gníomhaíochtaí a bheidh i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagail 5, 6 agus 7 agus leis na tuairiscí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Sraith an Chultúir

1.   I gcomhréir le cuspóirí an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag sraith an Chultúir:

(a)

an comhar trasnáisiúnta agus an ghné thrasteorann de chruthú, de scaipeadh agus d’infheictheacht saothar Eorpach agus soghluaisteacht oibreoirí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a neartú;

(b)

rochtain ar chultúr agus rannpháirtíocht sa chultúr a mhéadú, agus chun rannpháirtíocht lucht féachana agus éisteachta a mhéadú agus forbairt an lucht féachana agus éisteachta a fheabhsú ar fud na hEorpa;

(c)

athléimneacht sochaithe a chur chun cinn agus feabhas a chur ar uilechuimsitheacht shóisialta agus ar idirphlé idirchultúrtha trí chultúr agus tríd an oidhreacht chultúrtha;

(d)

feabhas a chur ar acmhainneacht earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa, lena n-áirítear acmhainneacht daoine aonair a oibríonn sna hearnálacha sin, i dtaca le buanna a chothú, nuáil a dhéanamh, a bheith rathúil agus poist agus fás a ghiniúint;

(e)

féiniúlacht agus luachanna na hEorpa a neartú trí fheasacht ar chúrsaí cultúir, trí oideachas sna healaíona agus trí chruthaitheacht chultúrbhunaithe san oideachas;

(f)

forbairt acmhainneachta in earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa a chur chun cinn, lena n-áirítear eagraíochtaí an phobail agus micrea-eagraíochtaí, ionas go mbeidh siad in ann a bheith gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(g)

rannchuidiú le straitéis dhomhanda an Aontais i leith caidreamh idirnáisiúnta tríd an gcultúr.

2.   Leagtar amach na gníomhaíochtaí trína bhfuil na tosaíochtaí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo le saothrú i Roinn 1 d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 6

Sraith MEDIA

1.   I gcomhréir le cuspóirí an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag sraith MEDIA:

(a)

buanna, inniúlachtaí agus scileanna a chothú agus comhar trasteorann, soghluaisteacht agus nuálaíocht a spreagadh le linn saothair chlosamhairc Eorpacha a chruthú agus a léiriú agus, ar an gcaoi sin, comhar a spreagadh idir na Ballstáit a bhfuil acmhainneachtaí closamhairc éagsúla acu;

(b)

feabhas a chur ar scaipeadh, ar chur chun cinn, ar dháileadh ar líne agus ar dháileadh amharclannaíochta saothar closamhairc Eorpach san Aontas agus go hidirnáisiúnta sa timpeallacht dhigiteach nua, lena n-áirítear trí shamhlacha gnó nuálacha;

(c)

saothair chlosamhairc Eorpacha a chur chun cinn, lena n-áirítear saothair oidhreachta, agus tacú le rannpháirtíocht agus forbairt luchtanna féachana agus éisteachta i ngach aoisghrúpa, go háirithe an lucht féachana agus éisteachta óg, ar fud na hEorpa agus lastall di.

2.   Tabharfar aghaidh ar na tosaíochtaí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo trí thacú le saothair Eorpacha a fhorbairt, a léiriú, a chur chun cinn, agus a scaipeadh, agus trí thacú le rochtain ar na saothair sin, agus é mar chuspóir don mhéid sin luchtanna féachana agus éisteachta ilchineálacha a shroicheadh san Eoraip agus lasmuigh den Eoraip, rud a d'fhágfadh go bhféadfaí oiriúnú d'fhorbairtí nua sa mhargadh agus tacú le cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE.

3.   Déantar na gníomhaíochtaí trína bhfuil na tosaíochtaí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo le saothrú a leagan amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 7

An tsraith Thrasearnálach

1.   I gcomhréir le cuspóirí an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith Thrasearnálach:

(a)

tacú le comhar beartais trasnáisiúnta trasearnála, lena n-áirítear comhar maidir le ról an chultúir i ndáil le huilechuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn agus comhar maidir le saoirse na n-ealaíon, chun infheictheacht an Chláir a chur chun cinn agus chun tacú le hinaistritheacht thorthaí an Chláir;

(b)

cuir chuige nuálacha a spreagadh maidir le cruthú, dáileadh, agus cur chun cinn ábhair, agus rochtain ar ábhair, ar fud na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus ar fud earnálacha eile, lena n-áirítear tríd an aistriú digiteach, lena gcumhdaítear gnéithe margaidh agus neamh-mhargaidh araon, a chur san áireamh;

(c)

gníomhaíochtaí trasearnálacha a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh ná oiriúnú do na hathruithe struchtúrtha agus teicneolaíocha nach mór do na meáin dul i ngleic leo, lena n-áirítear feabhas a chur ar thimpeallacht mheán atá saor, éagsúil agus iolraíoch, ar iriseoireacht ardchaighdeáin agus ar litearthacht sna meáin, lena n-áirítear sa timpeallacht dhigiteach;

(d)

tacú le bunú deasca Cláir i dtíortha rannpháirteacha agus tacú le gníomhaíochtaí na ndeasc Cláir agus comhar trasteorann agus malartú dea-chleachtas sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a spreagadh.

2.   Déantar na gníomhaíochtaí trína bhfuil na tosaíochtaí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo le saothrú a leagan amach i Roinn 3 d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 8

Buiséad

1.   Is é EUR 1 842 000 000 i bpraghsanna reatha, a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027.

2.   Mar thoradh ar an gcoigeartú a bhaineann go sonrach leis an gclár agus dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, déanfar an méid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a mhéadú le leithdháileadh breise de EUR 600 000 000 i bpraghsanna 2018, mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

3.   Is mar seo a leanas a bheidh dáileadh táscach an mhéid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo:

(a)

33 % ar a laghad don chuspóir dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 3(2) (sraith an Chultúir);

(b)

58 % ar a laghad don chuspóir dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(2) (sraith MEDIA);

(c)

suas go 9 % don chuspóir dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(2) (an tsraith Thrasearnálach).

4.   Is mar seo a leanas a bheidh dáileadh táscach an mhéid a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo:

(a)

33 % ar a laghad don chuspóir dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 3(2) (sraith an Chultúir);

(b)

58 % ar a laghad don chuspóir dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3 (2) (sraith MEDIA);

(c)

suas go 9 % don chuspóir dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(2) (an tsraith Thrasearnálach).

5.   Féadfar na méideanna a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

6.   De bhreis ar na méideanna a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, féadfar ranníocaíochtaí airgeadais breise a chur ar fáil de bhun Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda,lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) chun tacú le gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme agus a bhainistítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maoineofar ranníocaíochtaí den sórt sin i gcomhréir leis na Rialacháin lena mbunaítear na hionstraimí sin.

7.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, ach sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus rialacha airgeadais maidir leis an gCiste umThearmann, Imirce agus Lánphairtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus maidir leis an an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027”). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

8.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí a shíneann thar thréimhse is faide ná 1 bhliain airgeadais amháin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta. Ní rachaidh na gealltanais sin thar 40 % den mhéid a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 9

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.   Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht na dtríú tíortha seo a leanas, ar choinníoll go dtabharfaidh siad ranníocaíocht don Chlár:

(a)

Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(i)

go n-áirithítear leis an gcomhaontú sin go mbeidh cothromaíocht chóir ann idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

(ii)

go ndéantar coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí le cláir aonair, agus costais riaracháin a bhaineann leis na ranníocaíochtaí sin, a leagan síos sa chomhaontú sin;

(iii)

nach dtugann an comhaontú sin cumhacht chinnteoireachta don tríú tír i ndáil le Clár an Aontais;

(iv)

go ndéantar cearta an Aontais a ráthú chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír.

2.   Beidh rannpháirtíocht na dtíortha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i sraith MEDIA agus sa tsraith Thrasearnálach faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE.

3.   Maidir leis na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le tíortha dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, féadfaidh siad maolú a dhéanamh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2.

4.   Féadfaidh na tíortha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo a bhí rannpháirteach go hiomlán i gClár 2014-2020, a bheith rannpháirteach go hiomlán sa Chlár ar bhonn sealadach má bhíonn siad in ann a thaispeáint go bhfuil céimeanna inbhraite glactha acu chun an dlí náisiúnta a ailíniú le Treoir 2010/13/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/1808.

5.   Ceadófar do na tíortha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo leanúint de pháirt a ghlacadh sa Chlár tar éis an 31 Nollaig 2022 ar choinníoll go gcuireann siad fianaise ar fáil don Choimisiún á thaispeáint gur chomhlíon siad na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE.

6.   Áiritheofar rochtain ar ghníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn don tosaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 7(1) do thíortha a bheidh rannpháirteach go heisceachtúil i sraith an Chultúir ach nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i sraith MEDIA agus sa tsraith Thrasearnálach faoi mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 10

Tríú tíortha eile

I gcás inarb é leas an Aontais é, féadfaidh an Clár tacú le comhar le tríú tíortha, seachas na tíortha sin dá dtagraítear in Airteagal 9, maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú trí ranníocaíochtaí breise ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh, i gcomhréir le hAirteagal 8(6).

Airteagal 11

Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis an bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc

1.   Beidh an Clár oscailte d'eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh an tAontas ina chomhalta den Fhaireachlann ar feadh ré an Chláir. Rannchuideoidh rannpháirtíocht an Aontais san Fhaireachlann le tosaíochtaí shraith MEDIA a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas le linn dó a bheith ag plé leis an bhFaireachlann. Trí shraith MEDIA, tabharfar tacaíocht maidir le híoc na táille ranníocaíochta le haghaidh bhallraíocht an Aontais san Fhaireachlann agus maidir le bailiú agus anailísiú sonraí san earnáil chlosamhairc.

Airteagal 12

Bailiú sonraí ar na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta

Chun an bonn fianaise maidir le forbairt na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta a neartú agus chun tomhas agus anailís a dhéanamh ar rannchuidiú na n-earnálacha sin le geilleagar agus le sochaí na hEorpa, baileoidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis iomchuí agus úsáid á baint as a chuid saineolais féin agus as saineolas Chomhairle na hEorpa, ECFE, Unesco agus institiúidí taighde ábhartha, de réir mar is iomchuí. Tuairisceoidh an Coimisiún go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na sonraí a bhailítear. Déanfaidh an Coimisiún torthaí ábhartha maidir leis na sonraí a bhailítear a chomhroinnt le geallsealbhóirí.

Airteagal 13

Cineálacha Cistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán sin.

2.   Leis an gClár, féadfar cistiú a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh an Clár maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d'oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

3.   Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

4.   Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach an méid sin faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

5.   Maidir le heintitis atá gníomhach in earnálacha cultúir agus cruthaitheachta a bhfuil os cionn 50 % dá n-ioncam bliantúil faighte acu ó fhoinsí poiblí le 2 bhliain anuas, measfar go bhfuil an acmhainneacht airgeadais, ghairmiúil agus riaracháin riachtanach acu chun gníomhaíochtaí faoin gClár a chur i gcrích. Ní bheidh sé de cheangal orthu doiciméadacht eile a chur ar fáil chun an acmhainneacht sin a léiriú.

Airteagal 14

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, deonóidh an tríú tír sin na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheoidh na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, de réir mar a fhoráiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 15

Cláir oibre

1.   Déanfar an Clár a chur chun feidhme trí na cláir oibre bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Beidh léiriú ann sna cláir oibre bhliantúla ar an méid a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht agus leagfar amach iontu, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Ina theannta sin, cuimseoidh na cláir oibre bhliantúla tráthchlár táscach maidir le cur chun feidhme.

2.   Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

CAIBIDIL II

DEONTAIS AGUS EINTITIS INCHÁILITHE

Airteagal 16

Deontais

1.   Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.   Chun a áirithiú go ndéantar meastóireacht cheart ar iarratais, féadfaidh comhaltaí coistí meastóireachta a bheith ina saineolaithe seachtracha. Beidh cúlra gairmiúil ag na saineolaithe seachtracha a bhaineann leis an réimse atá á mheas agus, i gcás inarb ábhartha, beidh eolas acu ar an limistéar geografach lena mbaineann an t-iarratas.

3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d'Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, agus de mhaolú ar Airteagal 193(4) den Rialachán sin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus atá sonraithe sa chinneadh maoiniúcháin, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht ina leith faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha arna dtabhú in 2021 incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas. Féadfar, go heisceachtúil, na comhaontuithe deontais le haghaidh dheontais oibriúcháin na bliana airgeadais 2021 a shíniú laistigh de 6 mhí ó thús bhliain airgeadais an tairbhí.

4.   I gcás inarb infheidhme, déanfar critéir iomchuí maidir le comhionannas inscne a bhaint amach leagtha amach i ngníomhaíochtaí an Chláir.

Airteagal 17

Eintitis incháilithe

1.   Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach san Airteagal seo, i dteannta na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais.

2.   Tá na heintitis seo a leanas incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár má tá siad gníomhach sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta:

(a)

eintitis dhlítheanacha atá bunaithe:

(i)

i mBallstát nó i dtír nó i gcríoch thar lear a bhfuil nasc idir í agus an Ballstát sin;

(ii)

i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár; nó

(iii)

i dtríú tír a liostaítear sa chlár oibre, ach sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 3 agus 4;

(b)

eintitis dhlítheanacha a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais;

(c)

eagraíochtaí idirnáisiúnta.

3.   Go heisceachtúil, beidh na heintitis dhlítheanacha atá gníomhach sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, incháilithe chun bheith rannpháirteach sa Chlár i gcás ina bhfuil an rannpháirtíocht sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.   Déanfaidh na heintitis dhlítheanacha atá gníomhach sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár costas a rannpháirtíochta a sheasamh i bprionsabal. I gcás inarb é leas an Aontais é, féadfar costais rannpháirtíochta eintitis dhlítheanacha den sórt sin a chumhdach le ranníocaíochtaí breise ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh, i gcomhréir le hAirteagal 8(6).

CAIBIDIL III

SINEIRGÍ AGUS COMHLÁNTACHT

Airteagal 18

Comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán an Chláir le beartais agus cláir ábhartha de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe na cinn a bhaineann le cothromaíocht inscne, le hoideachas, go háirithe oideachas digiteach agus litearthacht sna meáin, le hóige agus le dlúthpháirtíocht, le fostaíocht agus le huilechuimsitheacht shóisialta, go háirithe grúpaí agus mionlaigh atá imeallaithe go sóisialta, le taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht, lena n-áirítear nuálaíocht shóisialta, le tionsclaíocht agus fiontraíocht, le talmhaíocht agus forbairt tuaithe, leis an gcomhshaol agus gníomhú ar son na haeráide, le comhtháthú, le beartas réigiúnach agus uirbeach, le turasóireacht inbhuanaithe, le státchabhair, le soghluaisteacht agus le comhar agus forbairt idirnáisiúnta.

Airteagal 19

Cistiú carnach agus cistiú malartach

1.   Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata.

2.   Féadfar lipéad Séala Barr Feabhais, mar a shainítear i bpointe (45) d’Airteagal 2 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027, a dhámhachtain, faoin gClár, ar thionscadal i gcás ina gcomhlíonann sé na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

rinneadh measúnú air i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)

comhlíonann sé na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

(c)

de dheasca srianta buiséadacha, ní féidir é a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí.

Féadfaidh tionscadal ar dámhadh lipéad Séala Barr Feabhais air i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, i gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027.

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 20

Faireachán agus tuairisciú

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáidfear chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3.

2.   Chun a áirithiú go ndéantar dul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí a mheas go héifeachtach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22, chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt, lena n-áirítear leasuithe ar Iarscríbhinn II chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh, i gcás inar gá sin chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh.

3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go ndéantar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir a bhailiú ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

4.   Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.

Airteagal 21

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí atá bunaithe ar bhailiú tráthrialta sonraí agus ar chomhairliúcháin le geallsealbhóirí agus tairbhithe a chur i gcrích ar mhodh tráthúil chun go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   A luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár, ar meastóireacht í a bheidh bunaithe, inter alia, ar anailísí seachtracha agus neamhspleácha. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht eatramhach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an mheastóireacht eatramhach a dhéanamh.

3.   Tar éis an 31 Nollaig 2027, ach, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnaitheach ar an gClár, ar meastóireacht í a bheidh bunaithe ar anailísí seachtracha agus neamhspleácha. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht chríochnaitheach faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an mheastóireacht chríochnaitheach a dhéanamh.

4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, mar aon lena thuairimí ar na meastóireachtaí sin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

5.   Áiritheofar tríd an gcóras tuairiscithe meastóireachta go mbailítear sonraí chun meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar mhodh éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal mionsonraí iomchuí. Déanfaidh faighteoirí cistí Aontais na sonraí agus an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhealach atá i gcomhréir le forálacha dlíthiúla eile. Mar shampla, déanfar sonraí pearsanta a anaithnidiú, i gcás inar gá sin. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí Aontais.

Airteagal 22

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 1 Eanáir 2021.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 23

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistí de chuid an Aontais aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais go háirithe le linn na gníomhaíochtaí agus torthaí na ngníomhaíochtaí a bheith á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do luchtanna féachana agus éisteachta éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal, go háirithe ainm an Chláir agus, maidir le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi shraith MEDIA, lógó MEDIA, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Chláir agus leis na torthaí a bhaintear amach a chur chun feidhme.

3.   Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach i leith thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 24

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“Coiste um Eoraip na Cruthaitheachta”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Féadfaidh Coiste um Eoraip na Cruthaitheachta teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna nithiúla a bhaineann le sraitheanna ar leith de chuid an Chláir.

Airteagal 25

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 26

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú gníomhaíochtaí arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013, agus leanfaidh an Rialachán sin d'fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Maidir leis an imchlúdach airgeadais don Chlár, féadfar cumhdach a chur ar fáil leis freisin le haghaidh na gcostas cúnaimh theicniúil agus na gcostas riaracháin a bhfuil gá leo chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais don chúnamh dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. Sassoli

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. Zacarias


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 87.

(2)  IO C 168, 16.5.2019, lch. 37.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (IO C 108, 26.3.2021, lch. 934) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Aibreán 2021 (IO C 169, 5.5.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Cinneadh Uimh. 445/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear gníomhaíocht Aontais do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa do na blianta 2020 go 2033 lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1622/2006/CE (IO L 132, 3.5.2014, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió agus lena leasaítear Treoir 93/83/CEE ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2019, lch. 82).

(6)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(7)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69).

(9)  Cinneadh Uimh. 1194/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena mbunaítear gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh (IO L 303, 22.11.2011, lch. 1).

(10)  IO C 334, 19.9.2018, lch. 253.

(11)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(12)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(14)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(15)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(18)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(19)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(21)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).

(25)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

TUAIRISC AR GHNÍOMHAÍOCHTAÍ AN CHLÁIR

ROINN 1

SRAITH AN CHULTÚIR

Déanfar tosaíochtaí shraith an Chultúir, dá dtagraítear in Airteagal 5, a shaothrú, lena n-áirítear é a bheith mar aidhm ann scaipeadh na saothar Eorpach a neartú i dtimpeallacht dhigiteach agus ilteangach, agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin aistriú, beag beann ar an gcineál meáin a úsáidtear, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, a ndéanfar mionsonraí ina leith, lena n-áirítear rátaí cómhaoinithe níos airde do thionscadail bheagscála, a shainiú sna cláir oibre:

Gníomhaíochtaí cothrománacha:

Is é is aidhm do ghníomhaíochtaí cothrománacha tacú leis na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta uile, cé is moite den earnáil chlosamhairc agus aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin choiteanna nach mór dóibh déileáil leo ar an leibhéal Eorpach. Go háirithe, déanfaidh gníomhaíochtaí cothrománacha tionscadail thrasnáisiúnta maidir le comhoibriú, líonrú, soghluaisteacht agus idirnáisiúnú, lena n-áirítear trí chláir chónaitheachta, turais, imeachtaí, taispeántais agus féilte, a chómhaoiniú. Tabharfar tacaíocht do na gníomhaíochtaí cothrománacha seo a leanas faoin gClár:

(a)

tionscadail chomhair thrasnáisiúnta lena ndéantar eagraíochtaí de gach méid sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta, lena n-áirítear micrea-eagraíochtaí agus eagraíochtaí beagmhéide, agus eagraíochtaí ó thíortha éagsúla a thabhairt le chéile chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí earnála nó trasearnála;

(b)

líonraí Eorpacha d'eagraíochtaí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta ó thíortha éagsúla;

(c)

ardáin chultúir agus chruthaitheachta uile-Eorpacha;

(d)

soghluaisteacht thrasnáisiúnta ealaíontóirí agus oibreoirí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta, agus le scaipeadh trasnáisiúnta saothar ealaíne agus cultúir;

(e)

tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht ó thaobh forbairt acmhainní, d'eagraíochtaí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta chun cuidiú leo oibriú ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(f)

forbairt beartas, comhar agus cur chun feidhme i réimse an chultúir, lena n-áirítear trí shonraí a sholáthar agus dea-chleachtas, tionscadail phíolótacha agus dreasachtaí a mhalartú chun comhionannas inscne a chur chun cinn.

Gníomhaíochtaí earnálacha:

Chun freagairt ar chomhriachtanais laistigh den Aontas, tabharfar tacaíocht do na gníomhaíochtaí earnálacha sin agus do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta sin, go háirithe d’earnáil an cheoil, a bhfuil sainiúlachtaí nó dúshláin shonracha acu a dteastaíonn cur chuige níos spriocdhírithe ina leith, ar cur chuige é lena gcomhlánaítear na gníomhaíochtaí cothrománacha:

(a)

tacaíocht d'earnáil an cheoil: gníomhaíochtaí a chuireann an éagsúlacht, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht chun cinn i réimse an cheoil, lena n-áirítear taibhiú beo, go háirithe, gach repertoire ceoil a dháileadh agus a chur chun cinn laistigh den Eoraip agus lasmuigh den Eoraip, gníomhaíochtaí oiliúna, rannpháirtíocht sa cheol agus rochtain air, agus forbairt lucht féachana agus éisteachta do gach repertoire Eorpach, agus tacaíocht do bhailiú agus anailísiú sonraí; cuirfidh na gníomhaíochtaí sin leis an taithí agus an saineolas atá bainte amach faoin tionscnamh “Bain ceol as an Eoraip” agus leanfaidh siad de thacú leo;

(b)

tacaíocht d'earnáil na leabhar agus na foilsitheoireachta: gníomhaíochtaí spriocdhírithe a chuireann an éagsúlacht, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht chun cinn, litríocht na hEorpa a chur chun cinn thar theorainneacha laistigh den Eoraip agus lasmuigh di, lena n-áirítear i leabharlanna, oiliúint agus malartuithe do ghairmithe, d'údair agus d'aistritheoirí de chuid na hearnála, agus le tionscadail thrasnáisiúnta ar mhaithe le comhar, nuálaíocht agus forbairt san earnáil sin; gníomhaíochtaí spriocdhírithe a chuireann aistriú na litríochta chun cinn agus, i gcás inar féidir, an litríocht a chur in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas i bhformáidí inrochtana;

(c)

tacaíocht don ailtireacht agus don oidhreacht chultúrtha ar mhaithe le timpeallacht ardchaighdeán fhoirgnithe a bhaint amach: gníomhaíochtaí spriocdhírithe ar mhaithe le soghluaisteacht, forbairt acmhainní agus idirnáisiúnú oibreoirí in oidhreacht na hailtireachta agus an chultúir; Baukultur, piarfhoghlaim agus rannpháirtíocht an lucht féachana agus éisteachta a chur chun cinn chun prionsabail ardcháilíochta in ailtireacht chomhaimseartha agus in idirghabhálacha oidhreachta cultúrtha a scaipeadh; tacaíocht maidir le coimirciú inbhuanaithe, athghiniúint agus athúsáid oiriúnaitheach na hoidhreachta cultúrtha agus cur chun cinn a luachanna trí fheasacht a mhéadú agus trí ghníomhaíochtaí líonraithe;

(d)

tacaíocht d'earnálacha eile cruthaitheachta ealaíonta i gcás ina sainaithnítear riachtanais shonracha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí spriocdhírithe ar mhaithe le forbairt gnéithe cruthaitheacha de chuid turasóireachta inbhuanaithe agus de chuid earnálacha na dearthóireachta agus an fhaisin, agus ar mhaithe le cur chun cinn agus ionadaíocht na n-earnálacha eile sin a bhaineann le saoirse na cruthaitheachta ealaíonta lasmuigh den Aontas.

Gníomhaíochtaí speisialta arb é is aidhm dóibh éagsúlacht chultúrtha agus oidhreacht na hEorpa a dhéanamh infheicthe agus inbhraite agus an t-idirphlé idirchultúrtha a chothú:

(a)

tacaíocht airgeadais do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa;

(b)

tacaíocht airgeadais don Lipéad Oidhreachta Eorpach agus gníomhaíochtaí líonraithe i measc na láithreán ar bronnadh an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh orthu;

(c)

duaiseanna cultúrtha de chuid an Aontais;

(d)

laethanta Oidhreachta Eorpacha;

(e)

tacaíocht d'eintitis chultúrtha Eorpacha amhail ceolfhoirne a bhfuil sé mar aidhm acu ealaíontóirí óga a bhfuil mianach mór iontu a oiliúint agus a chur chun cinn, eintitis a bhfuil acmhainn ard agus cur chuige uilechuimsitheach acu lena ngabhann cumhdach leathan geografach, nó eintitis a dhéanann seirbhísí díreacha cultúrtha a sholáthar do shaoránaigh Eorpacha, ar seirbhísí iad, lena ngabhann cumhdach leathan geografach.

ROINN 2

SRAITH MEDIA

Déanfar tosaíochtaí shraith MEDIA, dá dtagraítear in Airteagal 6, déanfar ceanglais Threoir (AE) 2018/1808 agus na difríochtaí ó thír go chéile i ndáil le hinneachar closamhairc a léiriú, agus a dháileadh, agus i ndáil le rochtain a fháil air, agus, chomh maith leis sin, i ndáil le méid agus sainiúlachtaí a margaí faoi seach agus lena n-éagsúlacht teanga, a shaothrú trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, a ndéanfar na mionsonraí ina leith a shainiú sna cláir oibre:

(a)

saothair chlosamhairc de chuid cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha a fhorbairt, ar saothair iad a chuimsíonn formáidí éagsúla (amhail príomhscannáin, gearrscannáin, sraitheanna, cláir faisnéise, físchluichí scéalaíochta) agus seánraí éagsúla, agus atá dírithe ar luchtanna féachana agus éisteachta éagsúla, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga;

(b)

cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha do léiriú inneachair teilifíse agus sraitheanna scéalaíochta nuálacha ardcháilíochta, ar inneachar é agus ar sraitheanna iad atá dírithe ar luchtanna féachana agus éisteachta éagsúla;

(c)

uirlisí cur chun cinn agus margaithe, lena n-áirítear ar líne agus trí úsáid a bhaint as anailísíocht sonraí, chun méadú a dhéanamh ar shuntasacht, ar infheictheacht, ar rochtain trasteorann agus ar aimsiú lucht féachana agus éisteachta le haghaidh saothair Eorpacha;

(d)

tacaíocht do dhíol idirnáisiúnta agus do scaipeadh saothar Eorpach neamhnáisiúnta ar gach ardán (e.g. amharclanna scannánaíochta, ar líne), agus iad dírithe ar léiriúcháin bheaga agus ar léiriúcháin mhórmhéide, lena n-áirítear trí straitéisí dáileacháin comhordaithe a chumhdaíonn roinnt tíortha agus lena spreagtar úsáid a bhaint as fotheidealú, as dubáil agus, i gcás inarb infheidhme, as uirlisí tuairiscithe fuaime;

(e)

tacaíocht do rochtain ilteangach ar chláir chultúrtha theilifíse ar líne trí bhíthin fotheidealú;

(f)

tacaíocht do ghníomhaíochtaí líonraithe do ghairmithe closamhairc, lena n-áirítear cruthaitheoirí, agus do mhalartuithe gnó-le-gnó chun buanna in earnáil closamhairc na hEorpa a chothú agus a chur chun cinn, agus chun forbairt agus dáileadh comhchruthúchán agus comhléiriúchán Eorpach agus idirnáisiúnta a éascú;

(g)

tacú le gníomhaíochtaí oibreoirí Eorpacha closamhairc ag imeachtaí agus aontaí earnála laistigh den Eoraip agus lasmuigh den Eoraip;

(h)

tacaíocht d'infheictheacht agus d'fhor-rochtain scannáin agus chruthúcháin chlosamhairc na hEorpa atá dírithe ar luchtanna féachana agus éisteachta leathana lasmuigh de theorainneacha náisiúnta, go háirithe daoine óga agus iolraitheoirí, lena n-áirítear trí léirithe scannán a eagrú, chomh maith le gníomhaíochtaí cumarsáide, scaipthe agus cur chun cinn chun tacú le Gradaim Eorpacha, go háirithe “LUX - Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa” ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Acadamh Scannánaíochta na hEorpa;

(i)

tionscnaimh lena ndéantar forbairt agus rannpháirtíocht luchtanna féachana agus éisteachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oideachais scannánaíochta, ar tionscnaimh iad a thugann aghaidh, go háirithe, ar lucht féachana agus éisteachta óg;

(j)

gníomhaíochtaí oiliúna agus meantóireachta chun feabhas a chur ar acmhainneacht gairmithe closamhairc maidir le hoiriúnú do phróisis nua chruthaitheachta, d'fhorbairtí margaidh agus do theicneolaíochtaí digiteacha a dhéanann difear don slabhra luacha ina iomláine;

(k)

líonra nó líonraí d'oibreoirí Eorpacha “Físeáin ar Éileamh”, a thaispeánann cion suntasach de shaothair Eorpacha neamhnáisiúnta;

(l)

féilte Eorpacha agus líonra Eorpach féiltí nó líonraí Eorpacha féiltí a thaispeánann cion suntasach de shaothair Eorpacha neamhnáisiúnta agus a chaomhnaíonn a n-aitheantas agus a bpróifíl uathúil ag an am céanna;

(m)

líonra Eorpach oibreoirí pictiúrlainne lena ngabhann cumhdach leathan geografach, ar líonra é a thaispeánann cion suntasach de scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta, rud a chothaíonn ról na bpictiúrlann Eorpach i dtaca le scaipeadh saothar Eorpach;

(n)

bearta sonracha chun rannchuidiú le rannpháirtíocht níos cothroime fear agus ban a bhaint amach san earnáil chlosamhairc, lena n-airítear staidéir, meantóireacht, oiliúint agus gníomhaíochtaí líonraithe;

(o)

tacaíocht d’idirphlé beartais, do ghníomhaíochtaí beartas nuálach agus do mhalartú dea-chleachtas - lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí anailíseacha agus trí shonraí iontaofa a sholáthar;

(p)

malartú trasnáisiúnta taithí agus saineolais, gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus líonrú i measc na hearnála closamhairc agus an lucht ceaptha beartais.

ROINN 3.

AN TSRAITH THRASEARNÁLACH

Déanfar tosaíochtaí na sraithe trasearnálaí dá dtagraítear in Airteagal 7 a shaothrú trí bhíthin na ngníomhaíochtaí seo a leanas a ndéanfar mionsonraí ina leith a shainiú sna cláir oibre:

Gníomhachtaí comhair beartais agus for-rochtana lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)

tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt beartais, do mhalartú trasnáisiúnta taithí agus saineolais, do ghníomhaíochtaí piarfhoghlama agus méadaithe feasachta, do líonrú agus d’idirphlé trasearnála rialta i measc eagraíochtaí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheacha agus luchtanna ceaptha beartais;

(b)

tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí anailíseacha trasearnálacha;

(c)

comhar beartais agus forbairt beartais trasteorann a chothú maidir leis an ról atá ag an uilechuimsiteacht shóisialta tríd an gcultúr;

(d)

feabhas a chur ar an eolas atá ag daoine ar an gClár agus ar na hábhair a chlúdaíonn sé, for-rochtain do na saoránaigh a chothú, agus cabhrú le hin-aistritheacht torthaí lasmuigh de leibhéal an Bhallstáit.

Trí ghníomhaíochtaí “saotharlann na nuálaíochta cruthaithí” déanfar an méid seo a leanas:

(a)

cineálacha nua cruthaitheachta a chothú ag an gcrosbhealach idir earnálacha éagsúla cultúir agus cruthaitheachta, mar shampla trí chuir chuige thurgnamhacha agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha;

(b)

cuir chuige agus uirlisí nuálacha trasearnálacha a chothú, ar nithe iad a chuimseoidh,nuair is féidir, gnéithe ilteangacha agus sóisialta chun gur fusa an cultúr agus an chruthaitheacht, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha, a dháileadh agus a chur chun cinn, agus chun luach airgid a chur ag gabháil leis.

Trí ghníomhaíochtaí “Deasca an Chláir” déanfar an méid seo a leanas:

(a)

an Clár a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, faisnéis ábhartha a chur ar fáil maidir leis na cineálacha éagsúla tacaíochta airgeadais atá ar fáil faoi bheartas an Aontais, agus cuidiú le hoibreoirí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin gClár, lena n-áirítear trína chur in iúl dóibh cad iad na ceanglais agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na glaonna éagsúla ar thograí éagsúla agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt;

(b)

tacú le tairbhithe ionchasacha i bpróisis iarratais agus piarmheantóireacht a sholáthar d’iontrálaithe nua sa Chlár, comhar trasteorann agus malartú dea-chleachtas a spreagadh idir gairmithe, institiúidí, ardáin agus líonraí, laistigh de na réimsí beartais, a chuimsítear sa Chlár agus laistigh d’earnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus ar fud na n-earnálacha sin;

(c)

tacú leis an gCoimisiún maidir le cur in iúl agus scaipeadh cuí thorthaí an Chláir i measc na saoránach agus na n-oibreoirí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a áirithiú.

Trí ghníomhaíochtaí trasnaí a thacaíonn le hearnáil na meán nuachta, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

aghaidh a thabhairt ar na hathruithe struchtúracha agus teicneolaíocha atá le déanamh ag earnáil na meán trí thimpeallacht mheán neamhspleách agus iolraíoch a chothú, lena n-áirítear trí thacú le faireachán neamhspleách maidir le measúnú rioscaí agus dúshlán a bhaineann le hiolrachas agus saoirse na meán, agus trí thacú le gníomhaíochtaí méadaithe feasachta;

(b)

tacú le hardchaighdeáin léirithe meán trí chomhar, scileanna digiteacha, iriseoireacht trasteorann chomhoibríoch agus inneachar ardcháilíochta a chothú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le heiticí gairmiúla san iriseoireacht;

(c)

litearthacht sna meáin a chur chun cinn chun a chumasú do shaoránaigh na meáin a úsáid, agus tuiscint chriticiúil ar na meáin a fhorbairt, agus tacú le comhroinnt eolais agus malartuithe maidir le beartais agus cleachtais litearthachta sna meáin;

(d)

bearta sonracha chun rannchuidiú le rannpháirtíocht níos cothroime, ó thaobh cúrsaí inscne de, a bhaint amach in earnáil na meán nuachta.


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ AN CHLÁIR MAIDIR LE TIONCHAIR CHOITEANNA DE CHINEÁL CÁILÍOCHTÚIL AGUS CAINNÍOCHTIÚL

Líon agus scála na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a cruthaíodh le tacaíocht ón gClár, lena n-áirítear tír thionscnaimh na n-eagraíochtaí is tairbhithe.

Fianaise cháilíochtúil ar eachtraí ratha i réimsí na nuálaíochta ealaíne, gnó agus teicneolaíochta mar gheall ar thacaíocht ón gClár.

Táscairí

Sraith an Chultúir:

Líon agus scála na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a cruthaíodh le tacaíocht ón gClár.

An líon ealaíontóirí agus oibreoirí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a bhog thar theorainneacha náisiúnta mar thoradh ar thacaíocht ón gClár, agus an tír thionscnaimh agus an líon ban á léiriú.

An líon daoine a fuair rochtain ar shaothair Eorpacha, de chineál cultúrtha agus cruthaitheacha, a fuair tacaíocht ón gClár, lena n-áirítear saothair ó thíortha seachas a dtír féin.

An líon tionscadal ar thacaigh an Clár leo, ar tionscadail iad a bhí dírithe ar ghrúpaí atá imeallaithe go sóisialta.

An líon tionscadal ar thacaigh an Clár leo, ar tionscadail iad a raibh baint ag eagraíochtaí ó thríú tíortha leo.

Sraith Media:

An líon daoine, as tíortha seachas a dtír féin, a fuair rochtain ar shaothair chlosamhairc Eorpacha, ar saothair iad ar thacaigh an Clár leo.

An líon rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí foghlama ar thacaigh an Clár leo a mheas gur tháinig feabhas ar a gcuid inniúlachtaí agus gur tháinig méadú ar a n-infhostaitheacht agus an líon ban á léiriú.

Líon, buiséad agus tionscnaimh gheografacha na gcomhléiriúchán a forbraíodh, a cruthaíodh agus a dáileadh le tacaíocht ón gClár, agus le comhléiriúcháin le comhpháirtithe ó thíortha a bhfuil acmhainneachtaí closamhairc difriúla acu.

Líon na saothar closamhairc i dteangacha neamhfhorleathana a forbraíodh, a léiríodh agus a dáileadh le tacaíocht ón gClár.

Líon na ndaoine a sroicheadh le gníomhaíochtaí bolscaireachta idir gnóthaí sna margaí móra.

An tsraith Thrasearnálach:

Líon agus scála na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a bunaíodh (táscaire ilchodach do ghníomhaíocht “saotharlann na nuálaíochta cruthaithí” agus gníomhaíochtaí cothrománacha a thacaíonn le hearnáil nuachta na meán).

An líon imeachtaí nó gníomhaíochtaí a d'eagraigh na deasca Cláir, ar imeachtaí iad lenar cuireadh an Clár chun cinn.

Líon na rannpháirtithe sa ghníomhaíocht “saotharlann na nuálaíochta cruthaithí” agus gníomhaíochtaí cothrománacha a thacaíonn le hearnáil nuachta na meán, agus an líon ban á léiriú.


IARSCRÍBHINN III

LÓGÓ SHRAITH MEDIA

Is mar a leanas a bheidh lógó shraith MEDIA:

Image 1