6.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 158/8


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/732 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 ón gCoimisiún i dtaca le hinneachar an chomhaid atá le cur faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí ag an oifigeach imscrúdúcháin, leis an gceart éisteacht a fháil maidir le cinntí eatramhacha, agus le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a thaisceadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 64(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Bhain na leasuithe sin, inter alia, leis an sainmhíniú ar chontrapháirtithe airgeadais, leis an gceart atá ag daoine atá faoi réir imscrúdaithe rochtain a fháil ar an gcomhad imscrúdúcháin, leis na fíneálacha atá le híoc ag stór trádála a rinne, d’aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus leis an gceart atá ag daoine a d’fhéadfadh a bheith faoi réir íocaíocht phionósach thréimhsiúil, an ceart atá acu éisteacht a fháil.

(2)

Is ar bhonn Airteagal 64(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 ón gCoimisiún (3), agus déileáiltear ann leis na rialacha nós imeachta maidir le pionóis a fhorchuireann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”) ar stórtha trádála, lena n-áirítear rialacha maidir le cearta na cosanta. Na leasuithe a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le Rialachán (AE) 2019/834, ós rud é go mbaineann siad leis na rialacha nós imeachta sin, is gá a áirithiú go léirítear na leasuithe sin i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 freisin.

(3)

Tá sé tábhachtach trédhearcacht a áirithiú idir an t-oifigeach imscrúdúcháin a cheapann ESMA i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ESMA féin. Éilíonn an trédhearcacht sin an dá ní seo a leanas a bheith i gcomhad an oifigigh imscrúdúcháin – na haighneachtaí a rinne na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe agus an ráiteas cinntí arb é ba bhonn do na haighneachtaí a chuir na daoine sin isteach.

(4)

De réir an dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nuair atá gá le gníomhaíocht phráinneach is féidir le ESMA cinntí eatramhacha a ghlacadh gan na daoine atá faoi réir imscrúdaithe nó imeachtaí a éisteacht ar dtús. Éifeachtacht na cumhachta atá ag ESMA cinntí eatramhacha a ghlacadh, chun sin a áirithiú, níor cheart é a bheith de cheart ag daoine atá faoi réir imscrúdaithe rochtain a fháil ar an gcomhad ná éisteacht a fháil sula gcuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ESMA, ná sula nglacfaidh ESMA a chinneadh eatramhach. Mar sin féin, ionas go n-urramaítear cearta na cosanta, an duine atá faoi réir imscrúdaithe, ba cheart é a bheith de cheart aige rochtain a fháil ar an gcomhad a luaithe a bheidh an comhad ina bhfuil a ráiteas cinntí curtha faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, agus ba cheart é a bheith de cheart aige éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis do ESMA a chinneadh eatramhach a ghlacadh.

(5)

De réir Airteagal 68(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, na méideanna a chomhfhreagraíonn do na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, tá siad le leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, ba cheart iad a thaisceadh i gcuntais úsmhara go dtí go mbeidh siad críochnaitheach. I gcás gach cinnidh lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ba cheart na méideanna a bhailíonn ESMA a thaisceadh i gcuntas nó i bhfochuntas ar leithligh chun a áirithiú go mbeidh siad inrianaithe go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh sin.

(6)

Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 a leasú dá réir sin.

(7)

Ar mhaithe le ESMA cumhachtaí éifeachtacha maoirseachta agus forfheidhmithe a fheidhmiú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 667/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Sa chomhad iomlán atá le cur faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, cuimseofar na doiciméid a leanas:

(a)

an ráiteas cinntí agus cóip den ráiteas cinntí a dhíreofar chuig an duine atá faoi réir an imscrúdaithe;

(b)

cóip de na haighneachtaí scríofa ón duine atá faoi réir an imscrúdaithe;

(c)

na miontuairiscí ó aon éisteacht ó bhéal.”;

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal 3a seo a leanas:

“Airteagal 3a

An ceart éisteacht a fháil ó ESMA maidir le cinntí eatramhacha i ndáil le bearta maoirseachta

1.   De mhaolú ar Airteagail 2 agus 3, an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, beidh feidhm aige i gcás ina nglacfaidh ESMA cinntí eatramhacha de bhun an dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.   Cuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ESMA agus cuirfidh sé an duine atá faoi réir imscrúdaithe ar an eolas láithreach maidir lena chuid cinntí, ach ní thabharfaidh sé an deis don duine sin aighneachtaí a dhéanamh. I ráiteas cinntí an oifigigh imscrúdúcháin leagfar amach na fíorais ar dóigh gurb éard atá iontu ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus cuimseofar leis sin aon fhachtóir géaraitheach nó maolaitheach a bhaineann leis na sáruithe sin.

Arna iarraidh sin air, deonóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rochtain ar an gcomhad don duine atá faoi réir imscrúdaithe.

3.   I gcás ina measfaidh ESMA, maidir leis na fíorais a dtugtar tuairisc orthu i ráiteas cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, go ndealraíonn sé nach sárú atá iontu a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cinnfidh sé an t-imscrúdú a scor agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imscrúdaithe.

4.   I gcás ina gcinnfidh ESMA go ndearna an duine atá faoi réir imscrúdaithe ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus ina nglacfaidh sé cinneadh eatramhach lena bhforchuirtear bearta maoirseachta faoi mar a leagtar síos in Airteagal 73(1), pointí (a), (c) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh eatramhach sin don duine sin láithreach.

Socróidh ESMA teorainn ama réasúnach ar laistigh di a fhéadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an gcinneadh eatramhach. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis dháta éaga na teorann ama sin, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh.

Arna iarraidh sin air, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe.

Féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil óna ndlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a cheadaíonn ESMA. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

5.   A luaithe is féidir tar éis an cinneadh eatramhach a ghlacadh is ea a thabharfaidh ESMA éisteacht don duine atá faoi réir an imscrúdaithe agus a dhéanfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

I gcás ina measfaidh ESMA, bunaithe ar an gcomhad iomlán agus tar éis na daoine atá faoi réir imscrúdaithe a éisteacht, go ndearna an duine atá faoi réir imscrúdaithe ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh sé cinneadh daingniúcháin lena bhforchuirtear ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta a leagtar síos in Airteagal 73(1), pointí (a), (c) agus (d), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh sin don duine lena mbaineann láithreach.

I gcás ina nglacfaidh ESMA cinneadh críochnaitheach nach ndeimhneofar an cinneadh eatramhach leis, measfar an cinneadh eatramhach a bheith aisghairthe.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, taiscfear iad i gcuntas úsmhar arna oscailt ag oifigeach cuntasaíochta ESMA go dtí go mbeidh siad críochnaitheach. I gcás ina mbaileoidh ESMA iliomad fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ag an am céanna, áiritheoidh oifigeach cuntasaíochta ESMA go dtaiscfear iad i gcuntais nó i bhfochuntais éagsúla. Ní dhéanfar méideanna a íocfar a iontráil i mbuiséad ESMA ná a thaifeadadh mar mhéideanna buiséadacha.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Oifigeach Údarúcháin na hArd-Stiúrthóireachta um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, tuairisceoidh Oifigeach Cuntasaíochta ESMA dó ar bhonn rialta maidir le méideanna na bhfíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear agus lena stádas.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 ón gCoimisiún an 13 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha nós imeachta maidir le pionóis a fhorchuireann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála, lena n-áirítear rialacha maidir le cearta na cosanta agus le forálacha ama (IO L 179, 19.6.2014, lch. 31).