5.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 155/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/725 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Bealtaine 2021

lena maolaítear i leith na bliana 2021 ó Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) 615/2014, agus (AE) 2015/1368 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(2) de sin,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 8 agus Airteagal 18(1), an dara fomhír, de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéach is lú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (3), agus go háirithe Airteagal 7, Airteagal 11(3) agus Airteagal 14(1), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na mórshrianta gluaiseachta a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit, thángthas ar deacrachtaí eisceachtúla riaracháin sna Ballstáit ar fad maidir le pleanáil agus cur chun feidhme an líon seiceálacha ar an láthair is gá. Bheadh baol ann go gcuirfeadh na deacrachtaí moill ar fheidhmiú na seiceálacha agus an íocaíocht chabhrach a eascraíonn aistí. Ag an am céanna, tá feirmeoirí an-neamhchosanta ar shuaitheadh eacnamaíoch a tharla i ngeall ar an bpaindéim agus bíonn fadhbanna airgeadais agus sreafaí airgid acu.

(2)

I bhfianaise chineál na gcúinsí sin nach bhfacthas a leithéid riamh, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 ón gCoimisiún (4) chun na deacrachtaí sin a laghdú trí mhaolú ó Rialacháin Chur Chun Feidhme éagsúla is infheidhme i réimse an chomhbheartais talmhaíochta a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair i dtéarmaí uainiú agus líon na seiceálacha sin. Agus síneadh na ndeacrachtaí á mheas de bharr gur lean an phaindéim COVID-19 in 2021, is iomchuí bearta comhchosúla a sholáthar chomh maith sa bhliain 2021.

(3)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún (5) leagtar síos rialacha maidir, inter alia, le huainiú na seiceálacha ar an láthair, rátaí rialaithe seiceálacha áirithe ar an láthair laistigh den chóras comhtháite, lena n-áirítear le haghaidh scéimeanna cabhrach d’ainmhithe, agus an méadú ar an ráta rialaithe a mhéid a bhaineann le scéimeanna áirithe. Ina theannta sin, tá rialacha maidir le seiceálacha ar an láthair sa Rialachán sin a bhaineann leis na critéir incháilitheachta agus oibleagáidí eile i leith iarratas ar chabhair beostoic agus ar íocaíocht faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe agus rátaí rialúcháin nach mbaineann le limistéir agus bearta forbartha tuaithe nach mbaineann le hainmhithe agus íosrátaí rialaithe i dtaca le traschomhlíonadh.

(4)

Airteagail 24(4), 48(5), 49(1), 52(1), 60(2) agus 71(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 lena leagtar síos rialacha áirithe a dhéanfaidh an t-údarás inniúil a chomhlíonadh chun faireachán a dhéanamh ar na seiceálacha riaracháin nó seiceálacha ar an láthair. I bhfianaise na n-imthosca a tharla i ngeall ar an bpaindéim COVID-19, is iomchuí feidhmiú na seiceálacha seo a spreagadh le cianbhraiteacht agus le húsáid teicneolaíochtaí nua amhail córais aerárthaí gan foireann, grianghraif gheochlibeáilte, glacadóirí córais domhanda um loingseoireacht satailíte, (GNSS) mar aon le Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Geochobhsaí (BSELG) agus Galileo, sonraí arna gceapadh ag satailít Fairtheoirí Copernicus agus fianaise dhoiciméadach a bheartaítear a úsáid chun seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh critéar incháilitheachta, gealltanas nó oibleagáidí eile le haghaidh na scéime cúnaimh nó beart tacaíochta lena mbaineann, mar aon le comhlíonadh na gceanglais agus na gcaighdeán ábhartha le haghaidh tras-chomhlíonta.

(5)

Airteagail 26(4) agus 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ina bhfuil rialacha maidir le seiceálacha ar an láthair chun a fhíorú go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta uile, na gealltanais agus na ceanglais eile agus go gcumhdaítear na hainmhithe ar fad maidir le hiarratais ar chabhair agus na híocaíochtaí éilimh a cuireadh isteach faoi na scéimeanna cabhracha ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe. I bhfianaise na staide atá ann faoi láthair, is iomchuí a sholáthar i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann seiceálacha ar an láthair a dhéanamh mar a cheanglaítear leis na forálacha sin agus nach bhfuil an fhianaise mhalartach ar fáil, féadfaidh na Ballstáit cinneadh na seiceálacha a dhéanamh i leith na bliana éilimh 2021 nó bliain féilire 2021 ag aon tráth den bhliain, a mhéid a cheadófar leo na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil.

(6)

Maidir le roinnt oibleagáidí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a bhaineann le tras-chomhlíonadh agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i ndáil le scéimeanna a bhaineann le hainmhithe, braitheann siad ar bhearta tacaíochta ar tréimhsí amshonracha agus amdhifreáilte dá gcomhlíonadh agus ceanglaítear seiceálacha ar an láthair dóibh dá bharr lena ndéantar laistigh de na creataí sin. Na bearta a chuireann Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, déanann na bearta sin difear d’indéantacht na seiceálacha ar an láthair is gá a dhéanamh go cruinn agus laistigh den teorainn ama a chomhfhreagraíonn do na hoibleagáidí sin. Ní fhéadfar roinnt seiceálacha áirithe a dhéanamh le húsáid nuatheicneolaíochta, a thagann in ionad na gcúirteanna ar an bhfeirm. Dá bhrí sin, is iomchuí, i dtaca le seiceálacha áirithe a bheidh le déanamh in 2021, maolú ó Airteagail 30 go 33, 40a, 50, 52 agus Airteagal 68(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 agus íosráta na seiceálacha ar an láthair a laghdú i gcomparáid leis na rátaí gnáthnóis maidir le scéimeanna limistéir agus scéimeanna a bhaineann le hainmhithe agus bearta tacaíochta, bearta forbartha tuaithe, seachas iad sin faoin gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus oibleagáidí tras-chomhlíonta faoi seach. Maidir leis an deis an daonra rialúcháin a laghdú, chun éifeachtúlacht uasta na deise sin a áirithiú, is iomchuí maolú freisin ó Airteagal 35 agus Airteagail 50(5) agus 68(4) ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 agus ceadú do na Ballstáit méadú rátaí rialúcháin a cheanglaítear na forálacha sin a chur ar athlá, lena n-airítear na rátaí rialúcháin de dheasca na maolú dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), Airteagal 7, an dara mír agus Airteagal 9, an dara mír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532.

(7)

Ba cheart do na maoluithe ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar a gcumas do na Ballstáit moill sna bearta rialaithe agus i bpróiseáil na n-iarratas ar chabhair a sheachaint, agus moill ar íocaíochtaí le tairbhithe don bhliain 2021 a sheachaint dá réir sin. Tá sé ríthábhachtach , áfach, nach gcuireann na maoluithe sin bac ar bhainistíocht fhónta airgeadais agus ar an gceanglas maidir le leibhéal leordhóthanach dearbhaithe. Dá réir sin, tá na Ballstáit a bhainfidh úsáid as na maoluithe sin freagrach as gach beart is gá a ghlacadh lena áirithiú go seachnaítear ró-íocaíochtaí agus go ndéantar aisghabháil méideanna neamhdhlite a thionscnamh. Thairis sin, ba cheart úsáid na maoluithe sin a bheith cumhdaithe ag an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 le haghaidh na mblianta airgeadais 2021 agus 2022.

(8)

Foráiltear i Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 (7) agus (AE) Uimh. 181/2014 (8) maidir le rátaí rialaithe chun seiceálacha a dhéanamh ar bhearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus sna hoileáin Aeigéacha is lú. De bharr na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 a dhéanann difear freisin do na réigiúin is forimeallaí den Aontas agus na hoileáin bheaga Aeigéacha, is iomchuí maolú ó na Rialacháin sin trí shíneadh a chur leis an bhféidearthacht maidir le teicneolaíochtaí nua a úsáid mar fhoinsí malartacha fianaise i ndáil le seiceálacha agus rátaí rialaithe na seiceálacha ar an láthair don bhliain 2021 a oiriúnú.

(9)

Foráiltear in Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 (9) ón gCoimisiún go seiceálfaidh na Ballstáit, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair, critéir aitheantais na n-eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí. De bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, níor cheart feidhm a bheith ag seiceálacha ar an láthair maidir le critéir aitheantais sa bhliain 2021.

(10)

Le hAirteagal 27(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 socraítear an sampla le haghaidh seiceálacha bliantúla ar an láthair ag 30 % ar a laghad den chabhair iomlán ar a ndearnadh iarratas agus foráiltear leis go dtabharfar cuairt ar gach eagraíocht táirgeoirí nó ar chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a bheidh ag cur clár oibríochtúil chun feidhme uair amháin gach 3 bliana ar a laghad. Foráiltear ina theannta sin le hAirteagal 27(7) den Rialachán sin go mbeidh gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme ar ghabháltais aonair bhaill na n-eagraíochtaí táirgeoirí atá cumhdaithe ag an sampla dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Rialachán sin faoi réir cuairt amháin ar a laghad chun a fhíorú go gcuirtear i gcrích iad. De bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh dá bhrí sin céatadán níos ísle de na seiceálacha sin a dhéanamh sa bhliain 2021 agus níor cheart dóibh a bheith faoi réir na gceanglas maidir le minicíocht cuairteanna in eagraíochtaí táirgeoirí sa bhliain 2021.

(11)

Foráiltear in Airteagal 29(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 go gcumhdóidh na seiceálacha chéad leibhéil ar oibríochtaí tarraingthe siar 100 % de líon na dtáirgí a tharraingeofar siar ón margadh, cé is moite de tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a leithdháileadh saor in aisce, dá bhféadfadh Ballstáit de bhun Airteagal 29(3) den Rialachán sin céatadán beag, ach nach lú ná 10 % de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain margaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith, a sheiceáil. De bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh sa bhliain 2021 céatadán níos lú a sheiceáil, ach nach lú ná 10 % de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain margaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith freisin le haghaidh gach táirge eile a tharraingítear siar, gan beann ar an gceann scríbe a bhí beartaithe dóibh.

(12)

Foráiltear in Airteagal 30(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 go mbeidh sampla ar áireamh i ngach seiceáil a léireoidh 5 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraingíonn an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta. De bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh sa bhliain 2021 samplaí a úsáid arb é a bheidh ann 3 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraingíonn an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta 2020.

(13)

De bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, beidh sé dodhéanta ar bhonn ábhartha ag na Ballstáit seiceálacha córasacha ar an láthair agus seiceálacha sampla-bhunaithe ar an láthair a dhéanamh in 2021 le haghaidh iarratais bhliantúla ar chabhair, le haghaidh seiceálacha chéad leibhéil agus dara leibhéal ar oibríochtaí tarraingthe siar agus seiceálacha glasbhuainte agus neamhbhuainte mar a leagtar amach in Airteagail 27(7), 29(2), 30(3) agus 31(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit seiceálacha atá coibhéiseach le seiceálacha córasacha ar an láthair a shainiú, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe.

(14)

De bharr na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, bhí sé agus beidh sé dodhéanta ar bhonn ábhartha do na Ballstáit seiceálacha córasacha ar an láthair agus seiceálacha sampla-bhunaithe a dhéanamh in 2020 agus 2021 faoi seach maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Airteagail 45 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Dá bhrí sin, tugadh isteach maolú ó Airteagail 32(1) agus 42(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún (11) don bhliain airgeadais 2020 agus ba cheart é a choinneáil ar bun i leith na bliana airgeadais 2021 chun deis a thabhairt do na Ballstáit rialuithe atá coibhéiseach le seiceálacha córasacha ar an láthair a shainiú, amhail grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe, agus a ráthú go ndéanfar rialacha na reachtaíochta a bhaineann leis na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona a urramú sula ndéantar íocaíochtaí.

(15)

Beidh sé dodhéanta ar bhonn ábhartha freisin do na Ballstáit seiceálacha córasacha ar an láthair a dhéanamh i leith na bliana airgeadais 2021, laistigh den sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 43(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 le haghaidh oibríochtaí glasbhuainte a fuair tacaíocht faoi Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ba cheart dá bhrí sin maolú a thabhairt isteach chun cur i gcrích na seiceálacha a chur ar athlá go dtí an 15 Meán Fómhair 2021.

(16)

Le hAirteagal 27(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún (12) socraítear an líon samplaí d’fhíonchaora úra a thógfar ó fhíonghoirt le linn na tréimhse nuair a bhainfear an gabháltas talún i gceist chun banc sonraí anailíseach de na sonraí iseatópacha dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (13) a bhunú. I gcásanna ina gcuireann na bearta a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha den sórt sin a dhéanamh, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit maolú ón íoslíon samplaí.

(17)

Foráiltear in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 go ndéanfaidh na Ballstáit seiceálacha bliantúla ar an láthair ar 5 % ar a laghad de na saothróirí fíniúna go léir a shainítear i gclár na bhfíonghort. Toisc go gcuireann na bearta a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na seiceálacha sin i roinnt Ballstát ina dtáirgtear fíon thar thréimhse ama fada, ba cheart an céatadán sin a laghdú don bhliain 2021. Ar an gcúis chéanna, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit na seiceálacha córasacha ar an láthair dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (c) den Rialachán sin a chur ar fionraí go sealadach sa bhliain 2021, seiceálacha a dhéanfar i limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach bhfuil áirithe in aon chomhad saothróra fíniúna.

(18)

Tá rialacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 ón gCoimisiún (14) maidir le cláir oibre chun tacú leis na hearnálacha ola olóige agus ológa boird maidir leis na seiceálacha ar an láthair chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le maoiniú an Aontais a dheonú. D’fhéadfadh deacrachtaí eascairt as na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun dul i ngleic le paindéim COVID-19 ó thaobh na seiceálacha sin a dhéanamh mar a éilítear le hAirteagal 6 den Rialachán sin. Is iomchuí dá bhrí sin solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit trí sheiceálacha malartacha a cheadú in ionad na seiceálacha ar an láthair sa bhliain féilire 2021.

(19)

Tá rialacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún (15) maidir le cabhair in earnáil na talmhaíochta maidir leis an bhfaireachán agus na seiceálacha i ndáil le cur chun feidhme ceart na gclár náisiúnta talmhaíochta, an chaiteachais iarbhír arna thabhú agus an líon ceart coirceog a thuairiscíonn na beachairí. De réir Airteagal 8(3) den Rialachán sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar seiceálacha ar an láthair ar 5 % ar a laghad de na hiarratasóirí ar chabhair faoi chuimsiú a gclár beachadóireachta. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag baint leis an líon seiceálacha ar an láthair is gá chun an tairseach sin a chomhlíonadh de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19. Is iomchuí dá bhrí sin solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit trí bhíthin lamháltas maidir le maolú ón gceanglas sin. Níor cheart go dtiocfadh méadú ar an riosca maidir le híocaíochtaí míchuí áfach de bharr maolú den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart a oiread agus is féidir rialuithe malartacha a chur in ionad aon ísliú a dhéantar ar an líon seiceálacha ar an láthair.

(20)

Toisc go dteastaíonn na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ó na Ballstáit chun feachtais rialaithe a eagrú agus na bearta atá i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 á n-urramú ag an am céanna, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus feidhm chúlghabhálach a thabhairt dó chun fad iomlán na bhfeachtas rialaithe faoi seach a chumhdach: ba cheart feidhm a bheith ag na bearta i gCaibidlí I agus II agus i gCaibidil III, Ranna 3 agus 4, ón 1 Eanáir 2021, ag comhfhreagairt don bhliain éilimh sa chóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin nó don bhliain féilire le haghaidh bearta tacaíochta forbartha tuaithe nach mbaineann le limistéir agus nach mbaineann le hainmhithe agus le haghaidh bearta in earnáil an fhíona; ba cheart feidhm a bheith ag na bearta i gCaibidil III, Ranna 1 agus 2, ón 16 Deireadh Fómhair 2020, ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais agus do na bearta i gCaibidil III, Roinn 5, ón 1 Lúnasa 2020, ag comhfhreagairt don bhliain beachadóireachta.

(21)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, ón gCoiste um Íocaíochtaí Díreacha, ón gCoiste um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

MAOLUITHE Ó RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) Uimh. 809/2014

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagail 24(4), 48(5), 49(1), 52(1), Airteagal 60(2), an tríú fomhír, agus Airteagal 71(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, ionas go ndéanfar seiceálacha i leith na bliana éilimh 2021 nó na bliana féilire 2021 faoi seach, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na cigireachtaí fisiceacha a bheidh le déanamh faoin Rialachán sin a ionadú go hiomlán, go háirithe cuairteanna allamuigh agus seiceálacha ar an láthair, trí léirmhíniú grianghraif a úsáid ar ortai-íomhánna satailíte nó aeir nó trí theicneolaíochtaí nua a úsáid amhail grianghraif gheochlibeáilte nó fianaise ábhartha eile lena n-áirítear fianaise dhoiciméadach a chuireann an tairbhí ar fáil ar iarraidh an údaráis inniúil, lena gceadófaí teacht ar chonclúidí deifnídeacha chun sástachta an údaráis inniúil.

Mura féidir na cuairteanna ar an oibríocht a dtugtar tacaíocht di nó ar an suíomh infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 48(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 a ionadú le fianaise dhoiciméadach ábhartha, déanfaidh na Ballstáit na cuairteanna sin tar éis don íocaíocht deiridh a bheith déanta.

Airteagal 2

De mhaolú ar Airteagail 26(4) agus 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, i gcás ina dtarlaíonn sé de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, nach bhfuil na Ballstáit in ann seiceálacha ar an láthair a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a éilítear leis na forálacha sin, agus nach féidir leis na modhanna malartacha lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua an fhianaise is gá a sholáthar, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na seiceálacha sin a dhéanamh i leith na bliana éilimh 2021 nó na bliana féilire 2021 faoi seach tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil fós.

Airteagal 3

1.   I gcás ina dtarlaíonn sé de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, nach bhfuil na Ballstáit in ann na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sa bhliain éilimh 2021 nó sa bhliain féilire 2021 faoi seach, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 30 go 33, 35, Airteagal 40a(1), an chéad fhomhír, pointe (c), Airteagal 40a(2), pointe (b), Airteagal 50(1), an chéad fhomhír, Airteagal 50(5), Airteagal 52(2), Airteagal 60(2), an tríú fomhír, Airteagal 68(1), an chéad fhomhír, agus Airteagal 68(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na rialacha a leagtar amach i míreanna 2 go 13 faoi seach den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

2.   De mhaolú ar Airteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2021, is é a bheidh sna ráta rialaithe:

(a)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an scéim íocaíochta bunúsaí nó ar an scéim íocaíochta aonair limistéir,

(b)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht athdháilte;

(c)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht le haghaidh limistéar lena mbaineann srianta nádúrtha;

(d)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht le haghaidh feirmeoirí óga;

(e)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar íocaíochtaí a bhaineann le limistéar faoi thacaíocht chúpláilte dheonach;

(f)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga;

(g)

10 % ar a laghad de na limistéir arna ndearbhú um tháirgeadh cnáibe;

(h)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht bharrshonrach le haghaidh cadáis.

Na Ballstáit a bhfuil cinneadh déanta acu cheana na rátaí rialaithe a laghdú le haghaidh scéimeanna áirithe go dtí 3 % i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh siad na céatadáin a leagtar amach le haghaidh na scéimeanna sin sa mhír seo a laghdú a thuilleadh go dtí 1 %.

3.   De mhaolú ar Airteagal 31 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2021, is é a bheidh sa ráta rialaithe:

(a)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir is gá chun na cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol a urramú;

(b)

1 % ar a laghad de:

(i)

De na tairbhithe uile a cháilíonn don íocaíocht ghlasaithe atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí maidir le héagsúlú barr agus maidir leis an gceantar ina ndírítear ar an éiceolaíocht mar nach mbaineann siad amach na tairseacha dá dtagraítear in Airteagail 44 agus 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus nach mbaineann na hoibleagáidí leo dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán sin;

(ii)

nó, sna blianta nach mbíonn feidhm ag Airteagal 44 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún (16) i mBallstát, na tairbhithe a cháilíonn don íocaíocht ghlasaithe atá díolmhaithe ó na hoibleagáidí maidir le héagsúlú barr agus maidir leis an gceantar ina ndírítear ar an éiceolaíocht mar nach mbaineann siad amach na tairseacha dá dtagraítear in Airteagail 44 agus 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus nach mbaineann an oibleagáid leo dá dtagraítear in Airteagal 45(1) den Rialachán sin;

(c)

3 % de na tairbhithe go léir a gceanglaítear orthu na ceanglais ghlasaithe a urramú agus a úsáideann scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha um dheimhniú comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 43(3), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

Cumhdóidh an ráta rialaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), an tráth céanna, 3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir ag a bhfuil limistéir atá cumhdaithe le féaraigh bhuana atá íogair ó thaobh comhshaoil i limistéir a chumhdaítear le Treoir 92/43/CEE (17) ón gComhairle nó Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus limistéir íogaire eile dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

4.   De mhaolú ar Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2021, is é a bheidh sa ráta rialaithe:

(a)

3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar bhearta forbartha tuaithe;

(b)

3 % ar a laghad de na comhfheirmeacha go léir a gcuirfear éileamh comhchoiteann isteach ina leith.

Maidir leis an ráta rialaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), le haghaidh na mbeart dá bhforáiltear in Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), déanfar an ráta rialaithe 3 % a bhaint amach ar leibhéal an bhirt aonair.

5.   De mhaolú ar Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2021, is é a bheidh sa ráta rialaithe 3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar scéimeanna cabhrach d’ainmhithe ina gcumhdaítear 3 % d’ainmhithe ar a laghad.

6.   De mhaolú ar Airteagal 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an méadú ar an ráta rialaithe ar cheart é a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 a chur ar athlá i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo agus méadú comhfhreagrach i leith na bliana éilimh 2022 a chur ina ionad.

7.   De mhaolú ar Airteagal 40a(1), an chéad fhomhír, pointe (c), an chéad abairt, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, déanfar na seiceálacha ábhartha a bhaineann leis na critéir incháilitheachta, na gealltanais agus na hoibleagáidí eile le haghaidh 3 % ar a laghad de na tairbhithe lena mbaineann.

8.   De mhaolú ar Airteagal 40a(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, déanfar na fíoruithe den chion teitrihidreacannaibionóil i gcnáib i gcás 10 % ar a laghad den limistéar.

9.   De mhaolú ar Airteagal 50(1), an chéad fhomhír agus Airteagal 60(2), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain féilire 2021, is é 3 % ar a laghad a bheidh sa ráta seiceálacha.

10.   De mhaolú ar Airteagal 50(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an méadú ar an ráta rialaithe ar cheart é a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain féilire 2021 a chur ar athlá agus méadú comhfhreagrach i leith na bliana féilire 2022 a chur ina ionad.

11.   De mhaolú ar Airteagal 52(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, is é a bheidh sa ráta rialaithe, sa bhliain féilire 2021, i gcás seiceálacha ex-post 0,6 % ar a laghad.

12.   De mhaolú ar Airteagal 68(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, is é a bheidh san íosráta rialaithe le haghaidh tras-chomhlíonadh 0,5 %, sa bhliain éilimh 2021.

13.   De mhaolú ar Airteagal 68(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an méadú ar rátaí rialaithe ar cheart é a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 a chur ar athlá agus méadú comhfhreagrach i leith na bliana éilimh 2022 a chur ina ionad.

Airteagal 4

I gcás na mBallstát a chuireann Airteagail 1, 2 agus 3 i bhfeidhm, áireofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tarraingt suas de bhun Airteagal 7(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i gcás na mblianta airgeadais 2021 agus 2022 deimhniú gur cuireadh cosc ar ró-íocaíochtaí le tairbhithe agus gur tionscnaíodh aisghabháil méideanna neamhdhlite bunaithe ar fhíorú na faisnéise go léir is gá.

CAIBIDIL II

MAOLUITHE Ó NA BEARTA SONRACHA I bhFABHAR NA RÉIGIÚN IS FORIMEALLAÍ DEN AONTAS AGUS NA nOILEÁN BEAG AEIGÉACH

ROINN 1

Maoluithe ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014

Airteagal 5

1.   De mhaolú ar Airteagal 16(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha fisiceacha a dhéanamh sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san fhoráil sin, sa bhliain 2021 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seiceálacha fisiceacha a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sa réigiún is forimeallaí lena mbaineann maidir le hallmhairiú, tabhairt isteach, onnmhairiú agus seoladh táirgí talmhaíochta, is é a bheidh i gceist iontu sampla ionadaíoch 3 % ar a laghad de na ceadúnais agus na deimhnithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014.

3.   De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san Airteagal sin, sa bhliain 2021 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seiceálacha ar an láthair a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.

4.   Ar bhonn anailís riosca a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ar an láthair trí 3 % ar a laghad de na hiarratais ar chabhair a shampláil. Beidh sa sampla comhionann freisin 3 % ar a laghad de na méideanna a chumhdaítear leis an gcabhair le haghaidh gach gníomhaíochta.

5.   De mhaolú ar Airteagal 16(2) agus Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i leith na mbeart sonrach i bhfabhar na réigiún is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna forálacha sin don bhliain 2021, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh:

(a)

úsáid teicneolaíochtaí nua a chur in ionad seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, físchomhdhálacha leis na tairbhithe nó aon fhianaise dhoiciméadach ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú agus cur chun feidhme cuí na mbearta á fhíorú;

(b)

na seiceálacha sin a dhéanamh tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo go fóill na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil, lena n-áirítear tar éis an íocaíocht deiridh a dhéanamh.

6.   De mhaolú ar Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an méadú ar an ráta rialaithe ar cheart é a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 a chur ar athlá i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo agus méadú comhfhreagrach i leith na bliana éilimh 2022 a chur ina ionad.

ROINN 2

Maoluithe ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014

Airteagal 6

1.   De mhaolú ar Airteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig, de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, in ann seiceálacha fisiceacha a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san fhoráil sin, féadfaidh an Ghréig a chinneadh seiceálacha fisiceacha a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo sa bhliain 2021.

2.   Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sna hoileáin bheaga Aeigéacha ar theacht isteach táirgí talmhaíochta, beidh sampla ionadaíoch i gceist leo ina bheidh 3 % ar a laghad de na deimhnithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014. Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sna hoileáin bheaga Aeigéacha ar an onnmhairiú nó ar an seoladh dá bhforáiltear i Roinn 3 den Rialachán sin, beidh sampla ionadaíoch i gceist leo a bheidh comhionann le 3 % ar a laghad de na hoibríochtaí, bunaithe ar na próifílí riosca arna mbunú ag an nGréig.

3.   De mhaolú ar Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig in ann, de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san Airteagal sin, sa bhliain 2021 féadfaidh an Ghréig a chinneadh seiceálacha ar an láthair a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.

4.   Ar bhonn anailís riosca i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ar an láthair trí shampláil a dhéanamh, maidir le gach gníomhaíocht, ar 3 % ar a laghad de na hiarratais ar chabhair. Is é a bheidh sa sampla chomh maith 3 % ar a laghad de na méideanna a chumhdaítear leis an gcabhair le haghaidh gach gníomhaíochta.

5.   De mhaolú ar Airteagal 13(2) agus Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig in ann, de bharr na mbeart a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i leith na mbeart sonrach i bhfabhar na n-oileán beag Áigéach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna forálacha sin don bhliain 2021, féadfaidh an Ghréig a chinneadh:

(a)

úsáid teicneolaíochtaí nua a chur in ionad seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, físchomhdhálacha leis na tairbhithe nó aon fhianaise dhoiciméadach ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú agus cur chun feidhme cuí na mbearta á fhíorú;

(b)

na seiceálacha sin a dhéanamh tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo go fóill na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil, lena n-áirítear tar éis an íocaíocht deiridh a dhéanamh.

6.   De mhaolú ar Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an méadú ar an ráta rialaithe ar cheart é a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 a chur ar athlá i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo agus méadú comhfhreagrach i leith na bliana éilimh 2022 a chur ina ionad.

CAIBIDIL III

MAOLUITHE Ó RIALACHA LENA gCUIRTEAR COMHEAGRAÍOCHT NA MARGAÍ CHUN FEIDHME

ROINN 1

Maoluithe ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892

Airteagal 7

1.   De mhaolú ar Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, ní bheidh feidhm ag seiceálacha ar an láthair maidir le critéir aitheantais don bhliain 2021.

2.   De mhaolú ar Airteagal 27(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892:

(a)

sa bhliain 2021, bainfidh na seiceálacha ar an láthair dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin le sampla arb é a bheidh ann 10 % ar a laghad den chabhair iomlán ar a ndearnadh iarratas don bhliain 2020;

(b)

maidir leis an riail go dtabharfar cuairt uair amháin gach 3 bliana ar a laghad ar gach eagraíocht táirgeoirí nó ar gach comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a chuirfidh clár oibríochta chun feidhme, ní bheidh feidhm ag an riail sin i gcás na seiceálacha ar an láthair a dhéanfar sa bhliain 2021.

3.   De mhaolú ar Airteagal 27(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, maidir leis an riail go ndéanfar gníomhaíochtaí ar ghabháltais aonair bhaill na n-eagraíochtaí táirgeoirí a chumhdaítear leis an sampla dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Rialachán sin a chur faoi réir cuairt amháin ar a laghad chuig an áit ina gcuirtear an ghníomhaíocht chun feidhme chun a fhíorú go bhfuil an ghníomhaíocht á cur i gcrích, ní bheidh feidhm ag an riail sin i gcás na seiceálacha ar an láthair a dhéanfar sa bhliain 2021. Féadfar cineálacha eile seiceálacha a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na gcuairteanna sin, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe.

4.   De mhaolú ar Airteagal 29(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, sa bhliain 2021, féadfaidh na Ballstáit seiceáil a dhéanamh, maidir le gach táirge a tharraingítear siar, gan beann ar a gceann scríbe beartaithe, ar chéatadán níos lú ná céatadán sin a leagtar síos san fhoráil sin, ar choinníoll nach lú ná 10 % é de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain margaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith. Féadfaidh an tseiceáil tarlú ag áitreabh na heagraíochta táirgeoirí nó ag láithreáin fhaighteoirí na dtáirgí. I gcás ina nochtar neamhrialtachtaí sna seiceálacha, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha breise. Féadfar cineálacha eile seiceálacha a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na seiceálacha sin, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe.

5.   De mhaolú ar Airteagal 30(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, sa bhliain 2021, beidh sampla ar áireamh i ngach seiceáil arb é a bheidh ann 3 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraing an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta 2020. Féadfar cineálacha eile seiceálacha a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na seiceálacha sin, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe.

6.   De mhaolú ar Airteagal 31(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 sa bhliain 2021, féadfar cineálacha eile seiceálacha a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na seiceálacha ar an láthair, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe.

ROINN 2

Maoluithe ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150

Airteagal 8

1.   De mhaolú ar Airteagal 32(1) agus 42(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, le linn na bliana airgeadais 2021, i gcás ina gcuireann na bearta a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha sin, féadfar cineálacha eile rialuithe a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na seiceálacha sin, amhail grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe, lena ráthaítear go ndéantar na rialacha a bhaineann leis na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona a urramú.

2.   De mhaolú ar Airteagal 43(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, le linn na bliana airgeadais 2021, i gcás ina gcuireann na bearta a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfar na seiceálacha sin ar oibríochtaí glasbhuainte faoin 15 Meán Fómhair 2021.

ROINN 3

Maoluithe ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274

Airteagal 9

1.   De mhaolú ar Airteagal 27(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, i gcás ina gcuireann na bearta a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar Bhallstáit le linn thréimhse an fhómhair fíonchaor sa bhliain 2021 fíonchaora úra a bhailiú agus a phróiseáil go feadh mhéid an lín samplaí a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, féadfaidh na Ballstáit maolú ón líon samplaí sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sa bhliain 2021 i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfaidh na Ballstáit na seiceálacha sin ar 3 % ar a laghad de shaothróirí fíniúna i gclár na bhfíonghort.

3.   De mhaolú ar Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, féadfaidh na Ballstáit sa bhliain 2021 seiceálacha córasacha ar an láthair a chur ar fionraí go sealadach i limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach bhfuil áirithe in aon chomhad saothróra fíniúna, i gcásanna ina gcuireann na bearta a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha den sórt sin a dhéanamh.

ROINN 4

Maolú ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014

Airteagal 10

De mhaolú ar Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, i gcás ina gcuireann na bearta a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh in am trátha sa bhliain féilire 2021, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na seiceálacha ar an láthair a ionadú i bpáirt nó go hiomlán le seiceálacha riaracháin nó trí úsáid a bhaint as fianaise ábhartha, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, físchomhráite nó fianaise eile i bhformáid leictreonach.

ROINN 5

Maolú ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368

Airteagal 11

De mhaolú ar Airteagal 8(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368, le linn na bliana beachadóireachta 2021 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh imeacht ón tairseach 5 % maidir le seiceálacha ar an láthair ar iarratasóirí ar chabhair faoi chuimsiú a gclár beachadóireachta ar choinníoll go ndéanann siad na seiceálacha ar an láthair a ionadú le seiceálacha malartacha trí ghrianghraif a iarraidh, trí fhíschomhráite nó trí aon mhodh eile a d’fhéadfadh fónamh mar thacaíocht nuair atá cur chun feidhme cuí na mbeart a áirítear sa chlár beachadóireachta á fhíorú.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Caibidlí I agus II agus ag Caibidil III, Ranna 3 agus 4, ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag Caibidil III, Ranna 1 agus 2 ón 16 Deireadh Fómhair 2020.

Beidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 5, ón 1 Lúnasa 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  IO L 78, 20.3.2013, lch. 23.

(3)  IO L 78, 20.3.2013, lch. 41.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ó Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) 2017/39, (AE) 2015/1368 agus (AE) 2016/1240 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta (IO L 119, 17.4.2020, lch. 3).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíontacht (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 63, 4.3.2014, lch. 13).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha do na hoileáin bheaga Aeigéacha (IO L 63, 4.3.2014, lch. 53).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, deimhniú, an clár isteach agus amach, dearbhuithe agus fógraí éigeantacha agus le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ábhartha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/561 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 60).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 an 6 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm i leith clár oibre chun tacú leis na hearnálacha ola olóige agus ológa boird (IO L 168, 7.6.2014, lch. 95).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair in earnáil na beachadóireachta (IO L 211, 8.8.2015, lch. 9).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 181, 20.6.2014, lch. 1).

(17)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(18)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).