3.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/48


RIALACHÁN (AE) 2021/691 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2021

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Na prionsabail chothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagail 9 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-áirítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, tá siad le hurramú agus cistí de chuid an Aontais á gcur chun feidhme, ag cur san áireamh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. De bhun Airteagail 8 agus 10 CFAE, tá sé le bheith mar aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh chomh maith le gach idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit gné na hinscne a chomhtháthú i gcur chun feidhme na gcistí. Ba cheart cuspóirí cistí de chuid an Aontais a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus chuspóirí an Aontais cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as á chur san áireamh.

(2)

An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (“an Colún”) a fhógairt i gcomhpháirt le chéile mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Eoraip. Agus aird á tabhairt aige ar na hathruithe atá ag teacht ar an saol oibre, is gá don Aontas ullmhú do dhúshláin an domhandaithe agus an digitithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, tríd an bhfás a dhéanamh níos cuimsithí agus trí fheabhas a chur ar bheartais fostaíochta agus shóisialta. Tá 20 bunphrionsabal an Cholúin roinnte ina dtrí chatagóir: comhdheiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; coinníollacha córa oibre; agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Feidhmeoidh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chreat treorach uileghabhálach don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a bhunaítear leis an Rialachán seo, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais na prionsabail ábhartha a chur i bhfeidhm i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin.

(3)

An 20 Meitheamh 2017, d’fhormhuinigh an Chomhairle freagairt an Aontais ar Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. Leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé forbairt inbhuanaithe a bhaint amach i ngach ceann de na trí ghné – an ghné eacnamaíoch, an ghné shóisialta, agus an ghné chomhshaoil – ar dhóigh chothrom chomhtháite. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an fhorbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú i gcreat beartais an Aontais agus go mbeidh an tAontas uaillmhianach sna beartais a úsáideann sé chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 dar teideal “Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip” sa mhéid gur céadchéim é i bpríomhshruthú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus maidir le prionsabal rialaithe sár-riachtanach a dhéanamh den fhorbairt inbhuanaithe do bheartais uile an Aontais, lena n-áirítear trína ionstraimí maoiniúcháin.

(4)

I mí Feabhra 2018, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua-aimseartha nua d’Aontas Eorpach a n-éiríonn leis a thosaíochtaí a bhaint amach go héifeachtúil tar éis 2020”. Sa teachtaireacht sin, cuireadh i dtábhacht go dtacaíonn buiséad an Aontais le geilleagar sóisialta margaidh uathúil na hEorpa. Tá sé fíorthábhachtach deiseanna fostaíochta a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin scileanna, go háirithe iad sin a bhaineann leis an digitiú, uathoibriú agus aistriú i dtreo geilleagar atá inbhuanaithe agus tíosach ar acmhainní, i gcomhréir iomlán le Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras). Bunphrionsabal de chuid chreat airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027 (CAI 2021 go 2027) a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (4) a bheidh sa tsolúbthacht bhuiséadach. Beidh sásraí solúbthachta i bhfeidhm ionas go mbeidh an tAontas in ann freagairt ar theagmhais ar bhealach níos tráthúla, agus chun a áirithiú go mbainfear úsáid as acmhainní buiséadacha sna réimsí is mó a bhfuil práinn leo.

(5)

Ina “Pháipéar Bán maidir le Todhchaí na hEorpa” an 1 Márta 2017, léiríonn an Coimisiún go bhfuil imní air maidir le gluaiseachtaí leithliseachais agus go bhfuil fás ag teacht faoin amhras atá ar chuid den phobal faoi shochair na trádála oscailte agus faoi gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais go ginearálta.

(6)

Ina “Pháipéar Machnaimh maidir le leas a bhaint as an domhandú” an 10 Bealtaine 2017, shainaithin an Coimisiún go bhfuil domhandú na trádála agus athrú na teicneolaíochta ar an bpríomhchúis a bhfuil éileamh méadaithe ar fhórsa oibre oilte agus a bhfuil laghdú ar mhéid na bpost ann dóibh siúd ar bheagán cáilíochtaí. Agus aitheantas á thabhairt do na buntáistí a bhaineann le trádáil níos oscailte, is deimhin leis an gCoimisiún go bhfuil bealaí iomchuí ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhiúltacha ghaolmhara. Ós rud é gurb amhlaidh cheana nach bhfuil sochair reatha an domhandaithe le brath go cothrom ar fud an daonra ná ar fud na réigiún, agus gur suntasach an tionchar atá aige sin ar na daoine a ndearnadh dochar dóibh, tá baol ann go gcuirfidh na hathruithe teicneolaíocha agus comhshaoil leis na tionchair dhiúltacha sin. Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na hinbhuanaitheachta, is gá a áirithiú go roinnfear sochair an domhandaithe ar bhealach níos cothroime tríd an bhfás eacnamaíoch agus an dul chun cinn teicneolaíoch a thabhairt le chéile le cosaint shóisialta leormhaith agus le tacaíocht ghníomhach chun rochtain a fháil ar dheiseanna fostaíochta agus féinfhostaíochta.

(7)

Ina “Pháipéar Machnaimh ar Thodhchaí Airgeadais an Aontais” an 28 Meitheamh 2017, cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir nach mór éagsúlachtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir na Ballstáit agus laistigh de na Ballstáit a laghdú agus is deimhin leis, dá bhrí sin, gur príomhthosaíocht is ea é infheistíocht a dhéanamh san fhorbairt inbhuanaithe, sa chomhionannas, sa chuimsiú sóisialta, san oideachas agus oiliúint, agus sa tsláinte.

(8)

Is é is dócha go gcuirfidh an domhandú, athruithe teicneolaíocha agus an t-athrú aeráide níos mó le hidirnascacht agus idirspleáchas gheilleagair an domhain. Cuid lárnach agus cuid dhosheachanta den athrú sin is ea athdháileadh an tsaothair. Chun sochair an athraithe a dháileadh go cothrom, tá sé iontach tábhachtach cúnamh a thabhairt d’oibrithe iomarcacha agus d’oibrithe ar baol go leagfar as a bpost iad. Is iad Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a cheaptar chun cúnamh a thabhairt ar bhealach réamhghníomhach, agus CED, a cheaptar chun cúnamh a thabhairt ar bhealach frithghníomhach i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, príomhionstraimí an Aontais chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe a n-imrítear tionchar orthu. Is é teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Creat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú” an 13 Nollaig 2013 ionstraim bheartais an Aontais ina leagtar síos creat dea-chleachtais chun réamhaíocht a dhéanamh agus chun aghaidh a thabhairt ar an athstruchtúrú corparáideach. Tá creat cuimsitheach ann maidir leis an dóigh ar cheart aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an choigeartaithe agus an athstruchtúraithe eacnamaíoch agus ar an tionchar ar an bhfostaíocht agus an tionchar sóisialta atá ag na dúshláin sin. Iarrann sé freisin ar na Ballstáit úsáid a bhaint as cistiú ón Aontas agus cistiú náisiúnta ar bhealach lena áirithítear go dtugtar cosaint níos éifeachtaí ar thionchar sóisialta an athstruchtúraithe, go háirithe na héifeachtaí díobhálacha ar an bhfostaíocht.

(9)

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) do CAI 2007 go 2013 (“an Ciste”), cuireadh ar bun é chun cur ar chumas an Aontais dlúthpháirtíocht a léiriú d’oibrithe a chaill a bpost mar gheall ar mhórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda de bharr an domhandaithe.

(10)

Rinneadh raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 a leathnú le Rialachán (CE) Uimh. 546/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) mar chuid den Phlean Eorpach don Téarnamh Eacnamaíoch, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Samhain 2008, chun oibrithe a chaill a bpost mar thoradh díreach ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta a chur san áireamh.

(11)

Thar ré CAI 2014 go 2020, leathnaíodh raon feidhme an Chiste le Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) sa dóigh is go n-áireofaí ní hamháin daoine a leagadh as a bpost de bharr mórshuaitheadh eacnamaíoch a tharla de dhroim na géarchéime domhanda airgeadais agus eacnamaíoch a dtugtar aghaidh uirthi i Rialachán (CE) Uimh. 546/2009, ach poist a chaillfí de bharr aon ghéarchéim nua domhanda agus eacnamaíoch freisin. Anuas air sin, le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“an Rialachán Airgeadais”), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 chun, inter alia, rialacha a thabhairt isteach lena gceadaítear don Chiste, ar bhonn eisceachtúil, comhiarratais a bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) páirteach iontu a chumhdach, ar FBManna iad atá lonnaithe in aon réigiún amháin agus atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla eacnamaíocha arna sainiú ar leibhéal rannáin NACE Athbhreithniú 2, i gcás ina léireoidh an Ballstát iarrthach gur gnólachtaí de chineál FBM an príomhchineál nó an t-aon chineál gnólachta sa réigiún.

(12)

Mar fhreagairt ar an bhféidearthacht go dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan comhaontú um tharraingt siar, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú le Rialachán (AE) 2019/1796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) chun a shonrú gur faoi raon feidhme an Chiste a chumhdófaí aon iomarcaíochtaí a d’eascródh as tarraingt siar den sórt sin. Ach ó tharla go raibh comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm nuair a tharraing an Ríocht Aontaithe siar, níor tugadh feidhm don Rialachán sin.

(13)

Rinne an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an gCiste chun measúnú a dhéanamh an bhfuil cuspóirí an Chiste á mbaint amach agus a mhéid atá siad sin á mbaint amach. Léiríodh go raibh an Ciste éifeachtach sa mhéid agus gur éirigh leis níos mó oibrithe iomarcacha a athimeascadh san fhostaíocht ná mar a rinneadh sa chlárthréimhse roimhe sin. Fuarthas amach sa mheastóireacht sin freisin go raibh breisluach an Aontais ag baint leis an gCiste. Is fíor sin go háirithe i gcás éifeachtaí toirte an Chiste, is é sin go gcuireann cúnamh ón gCiste le líon agus le héagsúlacht na seirbhísí a chuirtear ar fáil ach, sa bhreis air sin, cuireann sé le leibhéal déine na seirbhísí sin. Ina theannta sin, tá bearta idirghabhála ón gCiste iontach feiceálach agus léiríonn siad breisluach an Aontais don phobal. Mar sin féin, sainaithníodh roinnt fadhbanna. Measadh go raibh an nós imeachta slógtha rófhadálach. Ina theannta sin, thuairiscigh roinnt mhaith Ballstát go raibh deacrachtaí acu an anailís chríochnúil chúlra a chur le chéile ar an teagmhas a spreag na hiomarcaíochtaí. Ba mhinic go ndearnadh Ballstáit a dhíspreagadh cur isteach ar thacaíocht ón gCiste, go príomha i ngeall ar fhadhbanna acmhainneachta airgeadais agus institiúide. D’fhéadfadh sé nach bhfuil ann ach easpa foirne: faoi láthair, ní féidir le Ballstáit cúnamh teicniúil a iarraidh ach amháin má chuireann siad tacaíocht ón gCiste chun feidhme. Ós rud é go bhféadfadh iomarcaíochtaí tarlú gan choinne, is den tábhacht a áirithiú go mbeidh Ballstáit réidh le gníomhú láithreach agus gurbh fhéidir leo iarratas a thíolacadh gan mhoill. Ina theannta sin, i roinnt Ballstát, teastaíonn iarrachtaí níos déine fothaithe acmhainneachta institiúidí chun a áirithiú go gcuirfear cásanna a chumhdaítear faoi CED chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ina theannta sin, cáineadh an tairseach a moladh i.e. íoslíon 500 duine a leagadh as a bpost, as a bheith ró-ard, go háirithe i gcás na réigiún sin inar beag an daonra.

(14)

Tá tábhacht ar leith fós ag baint le ról CED mar ionstraim sholúbtha a thacaíonn le hoibrithe a chailleann a bpost de bharr mórtheagmhais athstruchtúrúcháin agus a chuidíonn leo post eile a fháil a luaithe is féidir. Ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tabhairt tacaíocht shonrach aonuaire d’oibrithe iomarcacha chun athimeascadh i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe a éascú i limistéir, in earnálacha, i gcríocha nó i margaí saothair atá buailte go dona ag mórshuaitheadh eacnamaíoch. I bhfianaise an idirghníomhaithe agus na n-éifeachtaí frithpháirteacha a bhaineann leis an trádáil oscailte agus na forbairtí eacnamaíocha agus airgeadais amhail rúscadh eacnamaíoch neamhshiméadrach, an t-athrú teicneolaíoch, an digitiú, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó ar chomhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh, mar aon le tosca eile lena n-áirítear an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, agus má áirítear go bhfuil sé ag éirí níos deacra toisc shonrach amháin a aimsiú ar cúis é le daoine a bheith á leagan as a bpost, is ar thionchar suntasach teagmhais athstruchtúrúcháin amháin ba cheart slógadh CED a bhunú. I bhfianaise an chuspóra atá ag CED, is é sin tacaíocht a thabhairt i gcásanna práinne, de chomhlánú ar an gcúnamh níos réamhghníomhaí a thugtar faoi CSE+, ba cheart do CED fanacht ina ionstraim sholúbtha speisialta lasmuigh d’uasteorainneacha buiséadacha CAI, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 dar teideal “Buiséad nua-aimseartha d’Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn – Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027”, agus an Iarscríbhinn a ghabhann léi.

(15)

Chun gné Eorpach CED a choinneáil, ba cheart iarratas ar thacaíocht a spreagadh nuair a tharlaíonn mórtheagmhas athstruchtúrúcháin a bhfuil tionchar suntasach aige ar an ngeilleagar áitiúil nó réigiúnach. Ba cheart tionchar den sórt sin a chinneadh trí thagairt a dhéanamh d’íoslíon daoine a leagadh as a bpost laistigh de thréimhse thagartha shonrach. Agus torthaí na meastóireachta meántéarma á gcur san áireamh, ba cheart an tairseach a shocrú ag 200 daoine a leagadh as a bpost laistigh de thréimhse thagartha 4 mhí (nó 6 mhí i gcásanna earnálacha). Ós rud é go mbíonn tionchar chomh suntasach céanna ar an margadh saothair áitiúil ag babhtaí dífhostaithe in earnálacha éagsúla laistigh den réigiún céanna, ba cheart a bheith in ann iarratais réigiúnacha a dhéanamh freisin. Sna margaí saothair beaga, amhail i mBallstáit bheaga nó réigiúin iargúlta, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, nó in imthosca eisceachtúla, ba cheart a bheith in ann iarratais a thíolacadh i gcásanna inar leagadh líon níos lú daoine as a bpost. Go hiondúil, níor cheart don Bhallstát a iarratas ar chúnamh ó CED a thíolacadh tráth is déanaí ná 12 seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse tagartha. Mar sin féin, chun nach mbeidh bearna cistithe ann toisc go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm tar éis an 1 Eanáir 2021 agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, ba cheart an teorainn ama sin a chur ar fionraí idir an 1 Eanáir 2021 agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)

Níor cheart CED, a ceapadh mar chiste do mhórtheagmhais athstruchtúrúcháin, a shlógadh i gcásanna dífhostaithe san earnáil phoiblí a tharlaíonn de thoradh ciorruithe buiséadacha. Mar sin féin, ba cheart do CED a bheith in ann tacú le hoibrithe iomarcacha i bhfiontair atá gníomhach ar mhargadh iomaíoch, ar fiontair iad a soláthraíonn earraí nó seirbhísí d’eintiteas dá dtugtar maoiniú poiblí agus dá ndearna ciorruithe buiséadacha difear. Le CED, ba cheart a bheith in ann tacú freisin le daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar chiorruithe buiséadacha.

(17)

Chun dlúthpháirtíocht an Aontais le daoine dífhostaithe a léiriú, ba cheart ráta cómhaoinithe CED, mar chiste frithghníomhach, a ailíniú leis an ráta cómhaoinithe is airde de CSE+, mar chiste réamhghníomhach, sa Bhallstát lena mbaineann, ach níor cheart é a bheith níos lú ná 60 %.

(18)

Ba cheart don Choimisiún cuid de bhuiséad an Aontais a leithdháiltear ar CED a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte leis na Ballstáit de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais. Dá bhrí sin, agus CED á chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit cloí leis na prionsabail dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais, amhail an bhainistíocht fhónta airgeadais, an trédhearcacht agus an neamh-idirdhealú.

(19)

Tugann an Lárionad Faireacháin Eorpach um an Athrú, atá lonnaithe san Fhoras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú i mBaile Átha Cliath, cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit i ndáil le hanailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun cuidiú leis an meastóireacht ar threochtaí domhandaithe, athruithe teicneolaíocha agus comhshaoil, athstruchtúrú agus úsáid CED. Déanann an Fhaireachlann Eorpach um Athstruchtúrú, a thugtar cothrom le dáta ar bhonn laethúil, an tuairisciú a dhéantar ar theagmhais athstruchtúrúcháin ar mórscála ar fud an Aontais a leanúint, ar bhonn líonra teagmhálaithe náisiúnta. D’fhéadfadh sí a bheith ina cuidiú chun cásanna féideartha idirghabhála a shainaithint ag céim luath.

(20)

Maidir le hoibrithe iomarcacha agus le daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht, ba cheart rochtain chothrom a bheith acu ar CED, ar shlí nach bhfuil spleách ar chineál an chonartha fostaíochta nó ar chineál an chaidrimh fostaíochta a bhí acu. Dá bhrí sin, ba cheart oibrithe iomarcacha agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht a mheas mar dhream a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as CED chun críocha an Rialacháin seo.

(21)

Ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe arb é is aidhm leo tairbhithe a athimeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe laistigh nó lasmuigh den chéad earnáil ina raibh siad gníomhach, agus iad a ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití. Ina theannta sin, ba cheart féachaint leis an bhféinfhostaíocht agus cruthú na fiontraíochta a chur chun cinn leis an tacaíocht sin, lena n-áirítear trí chomharchumainn a bhunú. Ba cheart bearta a bheith ag teacht le riachtanais fhéideartha an mhargaidh saothair áitiúil nó réigiúnaigh. Mar sin féin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart tacú le soghluaisteacht oibrithe iomarcacha chun cuidiú leo fostaíocht a aimsiú in áit éigin eile. Ba cheart béim ar leith a leagan ar leathadh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach agus ar steiréitíopaí inscne san fhostaíocht a shárú, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart cuimsiú liúntas airgid i bpacáistí comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a shrianadh. Níor cheart na bearta a fhaigheann tacaíocht ó CED a chur in ionad na mbeart cosanta sóisialta éighníomhach. D’fhéadfaí fostóirí a spreagadh le bheith rannpháirteach sa chomhchistiú náisiúnta do bhearta a fhaigheann tacaíocht ó CED sa bhreis ar na bearta nach mór dóibh a sholáthar de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna.

(22)

Agus pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe á chur chun feidhme agus á cheapadh, arb is aidhm dó athimeascadh na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu a éascú, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh agus na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní in earnálacha theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) agus in earnálacha na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM) trí athoiliúint agus athcháiliú na mban a chur chun cinn sna hearnálacha sin. Agus pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe á chur chun feidhme agus á cheapadh acu, ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit ionadaíocht na hinscne a bhfuil tearcionadaíocht á déanamh uirthi a mhéadú, rud a chuirfeadh leis na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a laghdú.

(23)

Ós rud é go dteastaíonn leibhéal áirithe inniúlachta digití ón bhfórsa oibre de bharr chlaochlú digiteach an gheilleagair, ba cheart leathadh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach a mheas mar ghné chothrománach d’aon phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a thairgtear.

(24)

Agus bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair á dtarraingt suas, ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do bhearta a rannchuideoidh go suntasach le hinfhostaitheacht na dtairbhithe. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an líon is mó is féidir de thairbhithe atá rannpháirteach sna bearta sin a athimeascadh i bhfostaíocht inbhuanaithe a luaithe is féidir laistigh de 6 mhí ó dheireadh na tréimhse cur chun feidhme. Ba cheart cúiseanna na n-iomarcaíochtaí a chur san áireamh i gcás inarb ábhartha i gceapadh an phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe, chomh maith lena bhfuil á thuar don mhargadh saothair amach anseo agus na scileanna a mheastar a bheidh ag teastáil. Ba cheart don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a bheith comhoiriúnach leis an aistriú i dtreo geilleagar a bheidh tíosach ar acmhainní agus inbhuanaithe.

(25)

Agus bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair á dtarraingt suas, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar thairbhithe faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil gaolta cleithiúnacha acu, daoine óga nó scothaosta atá dífhostaithe, daoine a bhfuil leibhéal íseal cáilíochtaí acu, daoine de bhunadh imirceach agus daoine atá i mbaol bochtaineachta, i bhfianaise go mbíonn fadhbanna ar leith ag na grúpaí sin dul isteach sa mhargadh saothair an athuair. Mar sin féin, ba cheart prionsabail an chomhionannais inscne agus an neamh-idirdhealaithe, ar cuid de chroíluachanna an Aontais iad agus atá cumhdaithe sa Cholún, a urramú agus a chur chun cinn nuair a bhíonn CED á chur chun feidhme.

(26)

D’fhonn tacaíocht éifeachtach agus thapa a thabhairt do thairbhithe, ba cheart do na Ballstáit a lándícheall a dhéanamh iarratais chomhlánaithe a thíolacadh agus iarratas á dhéanamh ar ranníocaíocht airgeadais ó CED. I gcás ina dteastaíonn tuilleadh faisnéise ón gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar iarratas, ba cheart soláthar faisnéise den sórt sin a bheith faoi réir sprioc-ama. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais araon iarratais a phróiseáil a luaithe is féidir.

(27)

Ar mhaithe leis na tairbhithe agus na comhlachtaí atá freagrach as na bearta a chur chun feidhme, ba cheart don Bhallstát iarrthach na gníomhaithe uile atá páirteach sa nós imeachta um iarratas a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn ar an iarratas agus ba cheart dó iad a choinneáil rannpháirteach, nuair is féidir, agus bearta á gcur chun feidhme.

(28)

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, níor cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a chur in ionad bearta tacaíochta atá ar fáil do thairbhithe laistigh de chistí Aontais nó beartais nó cláir eile de chuid an Aontais, ach ba cheart, i gcás inar féidir, na bearta tacaíochta sin a chomhlánú leis na ranníocaíochtaí airgeadais.

(29)

Ba cheart forálacha speisialta a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis na cásanna a chumhdaítear faoi CED agus maidir le torthaí CED. Ba cheart do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí CED feasacht a ardú maidir lena bhfuil bainte amach le cistiú ón Aontas tríd an bpobal a chur ar an eolas. Tá gníomhaíochtaí trédhearcachta agus cumarsáide ríthábhachtach chun gníomhaíocht an Aontais a léiriú ar an talamh agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhaisnéis atá cruinn agus cothrom le dáta. Ar mhaithe le CED a chur chun cinn agus a bhreisluach mar chuid de bhuiséad an Aontais a léiriú, ba cheart ábhar cumarsáide agus infheictheachta arna fhorbairt ag na Ballstáit a chur ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais arna iarraidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart ceadúnas atá saor ó ríchíosanna, neamheisiach agus do-chúlghairithe a thabhairt don Aontas chun an t-ábhar sin a úsáid maille le haon chearta a bhaineann leis cheana féin.

(30)

Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, ba cheart caiteachas a bheith incháilithe do ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta ar a dtosaíonn Ballstát ag soláthar seirbhísí pearsantaithe nó ón dáta a dtabhaíonn Ballstát caiteachas riaracháin agus CED á chur chun feidhme.

(31)

Chun na riachtanais a thagann chun cinn a chumhdach, go háirithe i rith na chéad mhíonna de gach bliain, sa chás ina bhfuil deacracht ar leith ag baint leis na féidearthachtaí le haghaidh aistrithe ó línte buiséid eile, ba cheart méid leormhaith de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a chur ar fáil ar líne bhuiséid CED sa nós imeachta buiséadach bliantúil.

(32)

Is iad CAI 2021-2027 agus Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo achmhainní dílse nua a thabhairt isteach (10) a chinneann creat buiséadach CED.

(33)

Ar mhaithe leis na tairbhithe, ba cheart cúnamh a chur ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir. Ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais atá páirteach i bpróiseas cinnteoireachta CED a ndícheall a dhéanamh amanna próiseála a laghdú agus nósanna imeachta a shimpliú ionas go ndéanfaí glacadh réidh agus mear na gcinntí maidir le slógadh CED a áirithiú.

(34)

Is iad na FBManna cnámh droma gheilleagar an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach fiontraíocht a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt do FBManna chun fás eacnamaíoch, nuálaíocht, cruthú post agus lánpháirtiú sóisialta a áirithiú. Is ar bhonn gníomhach a chuireann an tAontas fiontraíocht chun cinn trí dhaoine a spreagadh chun a ngnó féin a chur ar bun. I gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, ba cheart é a bheith indéanta cabhrú le hoibrithe iomarcacha a ngnó féin a chur ar bun. I gcás ina ndúntar fiontar, ba cheart é a bheith indéanta freisin cuidiú le hoibrithe iomarcacha cuid de ghníomhaíochtaí an iarfhostóra nó na gníomhaíochtaí go léir a ghlacadh ar láimh.

(35)

Chun críoch trédhearcachta agus faisnéise, ba cheart do na Ballstáit sonraí a nochtadh sna tuarascálacha deiridh faoi aon Státchabhair nó aon chistiú a fuair an fiontar atá ag dífhostú na n-oibrithe sna 5 bliana roimh an tuarascáil. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir le micrifhiontair ná FBManna, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, chun aon ualach díréireach riaracháin ar na Ballstáit a sheachaint, go háirithe i gcás iarratais earnála ar CED a bhaineann le níos mó ná micrifhiontar nó FBM amháin.

(36)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar CED ar bhonn faisnéis arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí sin, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí CED ar an láthair.

(37)

Chun go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann grinnscrúdú polaitiúil a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach le cúnamh CED agus chun go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán leanúnach a dhéanamh orthu, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tuarascáil deiridh a thíolacadh maidir le cur chun feidhme CED.

(38)

Ba cheart do na Ballstáit tacú leis an gCoimisiún agus meastóireachtaí á ndéanamh trí shonraí ábhartha atá ar fáil dóibh a sholáthar.

(39)

Chun meastóireachtaí a éascú amach anseo, ba cheart suirbhé ar na tairbhithe a dhéanamh tar éis gach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur chun feidhme. Ba cheart rochtain a bheith ag rannpháirtithe ar an suirbhé tairbhithe ar feadh 4 seachtaine ar a laghad agus ba cheart é a sheoladh le linn an séú mí tar éis dheireadh na tréimhse chur chun feidhme. Ba do na Ballstáit cabhrú leis an gCoimisiún an suirbhé ar na tairbhithe a dhéanamh trí na tairbhithe a spreagadh a bheith rannpháirteach trí chuireadh chun páirt a ghlacadh agus meabhrúchán amháin ar a laghad a sheoladh amach. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na hiarrachtaí a rinneadh chun teagmháil a dhéanamh leis na tairbhithe. Ba cheart don Choimisiún na sonraí arna mbailiú chun críoch meastóireachta a úsáid. Chun inchomparáideacht idir cásanna a áirithiú, ba cheart don Choimisiún teimpléad an tsuirbhé ar na tairbhithe a dhearadh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus ba cheart dó aistriúcháin i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais a chur ar fáil.

(40)

I gcomhréir leis an gcuspóir deireadh a chur le neamhionannais agus comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná, ba cheart faisnéis imdhealaithe ó thaobh inscne de a áireamh in anailísí agus tuarascálacha a bhaineann le CED.

(41)

Ba cheart liosta táscairí a leagan amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo chun faireachán a dhéanamh ar úsáid CED agus, go háirithe, ar an dul chun cinn maidir lena chuspóirí a bhaint amach. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chun na táscairí sin a leasú.

(42)

Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach fós as cur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais agus as bainistiú agus rialú na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh le cistiú ón Aontas, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin Airgeadais. Ba cheart do na Ballstáit údar a thabhairt le húsáid na ranníocaíochta airgeadais a fhaigheann siad ó CED. I bhfianaise na tréimhse giorra cur chun feidhme le haghaidh idirghabhálacha CED, ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe a bheith ag teacht le cineál ar leith na n-idirghabhálacha sin.

(43)

Ba cheart do na Ballstáit aon neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, arna ndéanamh ag tairbhithe, a chosc agus a bhrath agus déileáil go héifeachtach leo. Ina theannta sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (13) agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (14), tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (15), cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcomhoibreoidh aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, go dtabharfaidh sé na cearta agus an rochtain is gá don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus go n-áiritheoidh sé go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le haon neamhrialtachtaí a bhraitear, lena n-áirítear calaois, agus maidir le haon ghníomhaíocht leantach a rinne siad i dtaca leis na neamhrialtachtaí sin agus maidir le haon imscrúduithe de chuid OLAF. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis an gCoimisiún, le OLAF, leis an gCúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, le OIPE, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 63(2) den Rialachán Airgeadais maidir le gach ábhar a bhaineann le calaois amhrasta nó calaois bhunaithe.

(44)

Chun feabhas a chur le cosaint bhuiséad an Aontais, ba cheart don Choimisiún córas comhtháite idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil, lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca chun measúnú agus anailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha, agus ba cheart don Choimisiún úsáid an chórais sin a spreagadh d’fhonn go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ar bhealach ginearálta é.

(45)

Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(46)

Ag léiriú a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, agus leis an ngealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú le sprioc a bhaint amach 30 % de chaiteachas bhuiséid an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide agus leis an uaillmhian go mbeadh 7,5 % de bhuiséad an Aontais ag léiriú caiteachais bhithéagsúlachta in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus na forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh.

(47)

Chun gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar úsáid CED, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a leagan amach lena gcinntear na cásanna neamhrialtachta atá le tuairisciú agus na sonraí atá le soláthar ag na Ballstáit chun neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar íocaíochtaí déanacha, a ghnóthú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(48)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le suirbhéanna ar na tairbhithe a dhéanamh agus an fhormáid chun neamhrialtachtaí a thuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(49)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(50)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse ábhartha beartais agus ionas gur féidir an Clár a chur chun feidhme amhail ó thús CAI 2021-2027, ní mór foráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ó thús na bliana airgeadais 2021. Níor cheart don Choimisiún, áfach, tús a chur leis an nós imeachta buiséadach go dtí go dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm.

(51)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) do thréimhse CAI 2021 go 2027.

Leagtar síos leis cuspóirí CED, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar, lena n-áirítear iarratais ó na Ballstáit ar ranníocaíochtaí airgeadais ó CED le haghaidh bearta atá dírithe ar na tairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 4, le CED, cuirfear tacaíocht ar fáil d’oibrithe iomarcacha agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht de dheasca mórtheagmhais athstruchtúrúcháin.

Airteagal 2

Misean agus cuspóirí

1.   Le CED, tacófar le claochluithe socheacnamaíocha a eascraíonn as an domhandú agus as athruithe teicneolaíocha agus comhshaoil trí chuidiú le hoibrithe iomarcacha agus le daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht oiriúnú d’athruithe struchtúrtha. Ciste éigeandála a oibríonn go frithghníomhach a bheidh in CED. Dá réir sin, le CED, rannchuideofar le cur chun feidhme na bprionsabal a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus cuirfear feabhas ar an gcomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch i measc réigiún agus Ballstát.

2.   Is iad cuspóirí CED dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe san Aontas a chur chun cinn trí chúnamh a thairiscint i gcás ina dtarlóidh mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, go háirithe de dheasca dúshláin a bhaineann leis an domhandú, amhail athruithe i bpatrúin na trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó ar chomhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, mar aon leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, nó de dheasca an digitithe nó an uathoibrithe. Le CED, tabharfar tacaíocht do na tairbhithe fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a fháil arís a luaithe is féidir. Cuirfear béim ar leith ar na bearta a chuidíonn leis na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “oibrí iomarcach” oibrí, gan beann ar chineál agus fad a chaidrimh nó a caidrimh fostaíochta, a bhfuil deireadh tagtha roimh am leis an gconradh nó caidreamh fostaíochta atá aige nó aici de bharr iomarcaíochta, nó nach ndearnadh athnuachan ar an gconradh nó caidreamh fostaíochta a bhí aige nó aici, ar chúiseanna eacnamaíocha;

(2)

ciallaíonn “duine féinfhostaithe” duine nádúrtha a bhfuil níos lú ná 10 oibrithe fostaithe aige nó aici;

(3)

ciallaíonn “tairbhí” duine nádúrtha atá rannpháirteach i mbearta comhchistithe de chuid CED;

(4)

ciallaíonn “neamhrialtacht” sárú ar an dlí is infheidhme, de thoradh gníomh nó neamhghníomh a rinne oibreoir eacnamaíoch a bhfuil baint aige le cur chun feidhme CED, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do bhuiséad an Aontais trí chaiteachais gan údar a ghearradh ar an mbuiséad sin.

(5)

ciallaíonn “tréimhse cur chun feidhme” an tréimhse dar tús na dátaí dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 8(7) agus dar críoch 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh maidir leis an ranníocaíocht airgeadais de bhun Airteagal 15(2).

Airteagal 4

Critéir idirghabhála

1.   Féadfaidh Ballstáit cur isteach ar ranníocaíochtaí airgeadais ó CED le haghaidh bearta atá dírithe ar oibrithe iomarcacha agus ar dhaoine féinfhostaithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   I gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, soláthrófar ranníocaíocht airgeadais ó CED i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin de na cúinsí seo a leanas:

(a)

scor gníomhaíochta de 200 oibrí iomarcach nó duine féinfhostaithe ar a laghad, thar thréimhse thagartha 4 mhí, i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil feidhm ag an scor gníomhaíochta sin maidir le soláthraithe an fhiontair nó a tháirgeoirí iartheachtacha;

(b)

scor gníomhaíochta de 200 oibrí iomarcach nó duine féinfhostaithe ar a laghad, thar thréimhse thagartha 6 mhí, go háirithe in FBManna, i gcás ina bhfuil siad uile ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ar leibhéal rannáin NACE Athbhreithniú 2 agus ina bhfuil siad lonnaithe i réigiún amháin nó in dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2, nó i níos mó ná dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2 ar choinníoll gurb ann do 200 oibrí nó daoine féinfhostaithe ar a laghad a ndéantar difear dóibh in dhá cheann de na réigiúin i dteannta a chéile;

(c)

scor gníomhaíochta de 200 oibrí iomarcach nó duine féinfhostaithe ar a laghad, thar thréimhse thagartha 4 mhí, go háirithe in FBManna, i gcás ina bhfuil siad uile ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna nó in earnálacha éagsúla eacnamaíocha arna sainiú ar leibhéal rannáin NACE Athbhreithniú 2 agus atá lonnaithe sa réigiún céanna arna sainiú ar leibhéal NUTS 2.

3.   I margaí saothair beaga, go háirithe maidir le hiarratais lena mbaineann FBManna, i gcás ina dtugann an Ballstát iarrthach bunús cuí leis, measfar go bhfuil iarratas ar ranníocaíocht airgeadais faoin Airteagal seo inghlactha fiú mura ndéantar na critéir a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh ina n-iomláine, ar choinníoll go mbíonn mórthionchar ag na hiomarcaíochtaí ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. I gcásanna den sórt sin, sonróidh an Ballstát iarrthach cé acu de na critéir idirghabhála a leagtar amach i mír 2 nach bhfuil á gcomhlíonadh ina iomláine.

4.   In imthosca eisceachtúla, beidh feidhm freisin ag mír 3 maidir le margaí saothair seachas na margaí saothair beaga. Ní rachaidh méid comhiomlánaithe na ranníocaíochtaí airgeadais i gcásanna den sórt sin thar 15 % d’uasteorainn bhliantúil CED.

5.   Ní shlógfar CED i gcás ina ndífhostaítear fostaithe de chuid na hearnála poiblí de bharr ciorruithe buiséadacha arna ndéanamh ag Ballstát.

Airteagal 5

Iomarcaíochtaí agus scor gníomhaíochta a ríomh

Sonróidh an Ballstát iarrthach an modh a úsáidtear chun líon na n-oibrithe iomarcacha agus na ndaoine féinfhostaithe a ríomh, chun críoch Airteagal 4 ar cheann amháin nó níos mó de na dátaí seo a leanas:

(a)

an dáta ar a dtugann an fostóir fógra i scríbhinn don údarás poiblí inniúil maidir leis na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir 98/59/CE ón gComhairle (18);

(b)

dáta fhógra indibhidiúil an fhostóra go bhfuil sé chun an t-oibrí a dhéanamh iomarcach nó chun conradh nó caidreamh fostaíochta an oibrí a fhoirceannadh;

(c)

dáta foirceanta de facto nó dáta éaga an chonartha fostaíochta nó an chaidrimh fostaíochta;

(d)

dáta dheireadh na tréimhse ar sannadh an t-oibrí don ghnóthas úsáideora;

(e)

i dtaca le daoine féinfhostaithe, dáta scoir na ngníomhaíochtaí mar a chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le forálacha riaracháin.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát iarrthach faisnéis bhreise a sholáthar don Choimisiún faoi líon iarbhír na n-iomarcaíochtaí a tharla i gcomhréir le hAirteagal 4, sula gcuirfidh an Coimisiún an measúnú i gcrích.

Airteagal 6

Tairbhithe incháilithe

Féadfaidh an Ballstát iarrthach pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe (“pacáiste comhordaithe”), ar pacáiste é atá cómhaoinithe ag CED, a sholáthar do thairbhithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 7. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i measc na dtairbhithe incháilithe:

(a)

oibrithe iomarcacha agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5, laistigh de na tréimhsí tagartha dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) go (4);

(b)

oibrithe iomarcacha agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5, lasmuigh den tréimhse thagartha dá bhforáiltear in Airteagal 4, eadhon 6 mhí roimh thús na tréimhse tagartha nó idir deireadh na tréimhse tagartha agus an lá deiridh roimh dháta críochnaithe an mheasúnaithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún.

Measfar oibrithe agus daoine féinfhostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír a bheith ina dtairbhithe incháilithe ar choinníoll gur féidir nasc cúisíoch soiléir a bhunú leis an teagmhas a spreag na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha.

Airteagal 7

Bearta incháilithe

1.   Féadfar ranníocaíocht airgeadais ó CED a dhéanamh le haghaidh bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair atá ina gcuid de phacáiste comhordaithe, atá ceaptha chun athimeascadh san fhostaíocht nó san fhéinfhostaíocht a éascú do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, go háirithe na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste ina measc.

2.   I bhfianaise a thábhachtaí atá na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch agus i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní, measfar gur gné chothrománach do cheapadh pacáistí comhordaithe é leathadh na scileanna sin. Cuirfear an gá leis an oiliúint agus leibhéal na hoiliúna in oiriúint do cháilíochtaí agus scileanna gach tairbhí.

Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh sa phacáiste comhordaithe:

(a)

oiliúint agus athoiliúint shainoiriúnaithe, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le scileanna teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus scileanna eile a theastaíonn sa ré dhigiteach, deimhniú ar an eolas agus na scileanna a fuarthas, seirbhísí aonair cúnaimh i gcuardach poist agus gníomhaíochtaí grúpa spriocdhírithe, treoir ghairme, seirbhísí comhairleacha, meantóireacht, cúnamh do shocrúchán oibre seachtrach, cur chun cinn na fiontraíochta, cúnamh don fhéinfhostaíocht, do chruthú gnó, do tháthcheangail ó fhostaithe, agus gníomhaíochtaí comhair;

(b)

bearta speisialta a bhfuil teorainn ama leo, amhail liúntais um chuardach poist, dreasachtaí earcaíochta d’fhostóirí, liúntais soghluaisteachta, liúntais cúraim leanaí, liúntais oiliúna, liúntais chothabhála, agus liúntais do chúramóirí.

Ní rachaidh costais na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír os cionn 35 % de chostas iomlán an phacáiste comhordaithe.

Ní rachaidh na hinfheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, le haghaidh cruthú gnó agus le haghaidh táthcheangail ó fhostaí os cionn EUR 22 000 in aghaidh an tairbhí.

I gceapadh an phacáiste comhordaithe, cuirfear san áireamh a bhfuil á thuar don mhargadh saothair amach anseo agus na scileanna a mheastar a bheidh ag teastáil. Beidh an pacáiste comhordaithe comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin a bheidh tíosach ar acmhainní, leagfar béim ann ar leathadh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach, agus tabharfar aird ar an éileamh sa mhargadh saothair áitiúil.

3.   Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais ó CED:

(a)

bearta speisialta a bhfuil teorainn ama leo, dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 2, mura bhfuil na bearta sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint;

(b)

bearta a bhfuil fiontair freagrach astu de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna.

Ní chuirfear bearta a fhaigheann tacaíocht ó CED in ionad bearta cosanta sóisialta éighníomhacha.

4.   Déanfar an pacáiste comhordaithe a tharraingt suas i gcomhairle leis na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta, de réir mar is infheidhme.

5.   Ar thionscnamh an Bhallstáit iarrthaigh, féadfar ranníocaíocht airgeadais ó CED a dhéanamh le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, agus rialaithe agus tuairiscithe.

Airteagal 8

Iarratais

1.   Déanfaidh an Ballstát iarrthach iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CED a thíolacadh don Choimisiún laistigh de 12 sheachtain ón dáta a chomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(2), (3) nó (4).

2.   Cuirfear an teorainn ama dá dtagraítear i mír 1 ar fionraí idir an 1 Eanáir 2021 agus an 3 Bealtaine 2021.

3.   Arna iarraidh sin don Bhallstát iarrthach, soláthróidh an Coimisiún treoir le linn an nós imeachta um iarratas.

4.   Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a tíolacadh an t-iarratas, nó, i gcás inarb infheidhme, laistigh de 10 lá oibre ón dáta a bheidh aistriúchán ar an iarratas i seilbh an Choimisiúin, cibé acu is déanaí, tabharfaidh an Coimisiún admháil fála i leith an iarratais agus iarrfaidh sé ar an mBallstát iarrthach aon fhaisnéis bhreise a thabhairt atá ag teastáil uaidh chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas.

5.   I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise, tabharfaidh an Ballstát freagra air sin laistigh de 15 lá oibre ó dháta na hiarrata. Déanfaidh an Coimisiún an sprioc-am sin a fhadú 10 lá oibre ar iarraidh a fháil ón mBallstát iarrthach. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le haon iarraidh den sórt sin ar fhadú.

6.   Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an mBallstát iarrthach, cuirfidh an Coimisiún i gcrích a mheasúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh ag an iarratas laistigh de 50 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil nó, i gcás inarb infheidhme, ón aistriúchán ar an iarratas sin a fháil.

I gcás nach mbeidh an Coimisiún in ann an sprioc-am sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas roimh an sprioc-am sin, agus míneoidh sé na cúiseanna leis an moill agus socróidh sé dáta nua chun a mheasúnú a thabhairt i gcrích. Ní bheidh an dáta nua sin tráth nach déanaí ná 20 lá oibre tar éis an sprioc-am faoin gcéad fhomhír.

7.   Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san iarratas:

(a)

measúnú ar líon na n-iomarcaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 5, mar aon leis an modh ríofa;

(b)

i gcás inar lean an fiontar atá ag dífhostú dá chuid gníomhaíochtaí tar éis na n-iomarcaíochtaí, deimhniú go bhfuil a chuid oibleagáidí dlíthiúla lena rialaítear na hiomarcaíochtaí comhlíonta aige agus go bhfuil foráil déanta dá chuid oibrithe aige dá réir;

(c)

míniú ar an méid a cuireadh san áireamh na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú, agus ar an dóigh a gcomhlánaíonn an pacáiste comhordaithe na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag cistí de chuid an Aontais eile nó ag cistí náisiúnta eile, lena n-áirítear faisnéis faoi bhearta atá éigeantach do na fiontair atá ag dífhostú lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna, agus faisnéis faoi na gníomhaíochtaí atá déanta ag na Ballstáit cheana chun cuidiú le hoibrithe iomarcacha;

(d)

tuairisc achomair ar na teagmhais ba chúis le hiomarcaíocht na n-oibrithe;

(e)

i gcás inarb infheidhme, sainaithint na bhfiontar, soláthraithe nó tairgeoirí agus earnálacha iartheachtacha atá ag dífhostú;

(f)

miondealú measta ar chomhdhéanamh na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, de réir inscne, aoisghrúpa agus leibhéal oideachais, a úsáideadh do cheapadh an phacáiste comhordaithe;

(g)

an tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí i dtaca leis an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus i dtaca le fostaíocht;

(h)

tuairisc mhionsonraithe ar an bpacáiste comhordaithe agus ar an gcaiteachas gaolmhar, lena n-áirítear, go háirithe, aon bhearta mar thaca le tionscnaimh fostaíochta do thairbhithe faoi mhíbhuntáiste, tairbhithe óga agus tairbhithe scothaosta;

(i)

an buiséad measta do gach ceann de chomhpháirteanna an phacáiste comhordaithe a bheidh ina dtaca ag na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus d’aon ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

(j)

na dátaí ar cuireadh tús le soláthar an phacáiste comhordaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus leis na gníomhaíochtaí chun CED a chur chun feidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 7, nó na dátaí ar a bhfuiltear le tús a chur leo;

(k)

na nósanna imeachta a leanadh chun dul i gcomhairle leis na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu nó lena n-ionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nó le geallsealbhóirí ábhartha eile de réir mar is infheidhme;

(l)

ráiteas go gcomhlíonann an tacaíocht arna hiarraidh ó CED rialacha nós imeachta agus ábhair an Aontais maidir le Státchabhair chomh maith le ráiteas ina leagtar amach an chúis nach dtagann an pacáiste comhordaithe in ionad bearta a bhfuil fostóirí freagrach astu de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna;

(m)

foinsí réamh-mhaoinithe nó comhchistithe náisiúnta agus comhchistiú eile, más infheidhme.

Airteagal 9

Comhlántacht, comhlíonadh agus comhordú

1.   Ní chuirfear ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad bearta a bhfuil fostóirí freagrach astu de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna.

2.   Comhlánóidh tacaíocht do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear na bearta sin a fhaigheann tacaíocht airgeadais eile ó bhuiséad an Aontais freisin, i gcomhréir leis na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú.

3.   Beidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED teoranta don mhéid is gá le tacaíocht shealadach, aonuaire a sholáthar do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu. Comhlíonfaidh na bearta a fhaigheann tacaíocht ó CED dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear na rialacha maidir le Státchabhair.

4.   I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ballstát iarrthach comhordú an chúnaimh ó thacaíocht airgeadais eile ó bhuiséad an Aontais.

5.   Maidir leis na bearta sonracha a fhaigheann ranníocaíocht airgeadais ó CED, áiritheoidh an Ballstát iarrthach nach bhfaigheann siad tacaíocht airgeadais eile ó bhuiséad an Aontais.

Airteagal 10

Comhionannas idir fir agus mná, agus neamh-idirdhealú

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit gur bunchuid den tréimhse cur chun feidhme é comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne, agus go gcuirfear chun cinn iad le linn na tréimhse cur chun feidhme.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Ballstát gach beart iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar fhéiniúlacht inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc maidir le rochtain ar CED agus le linn na gcéimeanna éagsúla den tréimhse cur chun feidhme.

Airteagal 11

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar uasmhéid 0,5 % d’uasteorainn bhliantúil CED a úsáid le haghaidh caiteachas teicniúil agus riaracháin chun é a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta, mar aon le bailithe sonraí, lena n-áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin a chuireann le hinfheictheacht CED ina cháil mar chiste nó maidir le tionscadail shonracha agus bearta cúnaimh theicniúil eile. Le bearta den sórt sin, féadfar clárthréimhsí amach anseo nó roimhe seo a chumhdach.

2.   Faoi réir na huasteorann a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, tíolacfaidh an Coimisiún iarratas ar aistriú leithreasuithe le haghaidh cúnamh teicniúil chuig na línte ábhartha buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán Airgeadais.

3.   Cuirfidh an Coimisiún cúnamh teicniúil chun feidhme ar a thionscnamh féin faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach i gcomhréir le pointí (a) agus (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

I gcás ina gcuireann an Coimisiún cúnamh teicniúil chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, áiritheoidh sé nós imeachta trédhearcach chun an tríú páirtí a ainmniú a bheidh freagrach as na cúraimí a shanntar dó a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, mar aon leis an bpobal i gcoitinne, ar an eolas faoin bhfochonraitheoir a roghnófar chun na críche sin.

4.   Áireofar ar chúnamh teicniúil an Choimisiúin faisnéis agus treoir a sholáthar do na Ballstáit maidir le húsáid CED agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis freisin mar aon le treoir fhollasach do na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le húsáid CED. Mar chuid de na bearta treorach sin, féadfar tascfhórsaí a chur ar bun i gcásanna mórshuaitheadh eacnamaíoch i mBallstát ar leith.

Airteagal 12

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas d’fhoinse an chistithe de chuid an Aontais, áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin agus leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis spriocdhírithe chomhleanúnach, éifeachtach chomhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal.

Úsáidfidh na Ballstáit suaitheantas an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021 go 2027”) mar aon leis an ráiteas simplí faoin maoiniú, “comhchistithe ag an Aontas Eorpach”.

2.   Déanfaidh an Coimisiún láithreacht ar líne a chothabháil agus a nuashonrú go rialta, a bheidh inrochtana i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais, chun faisnéis nuashonraithe faoi CED a sholáthar, mar aon le treoir maidir le hiarratais a chur isteach, samplaí de bhearta incháilithe agus liosta de theagmhálacha na mBallstát a nuashonraítear go rialta chomh maith le faisnéis faoi iarratais ar glacadh leo agus a diúltaíodh agus faoi ról Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa nós imeachta buiséadach.

3.   Cuirfidh an Coimisiún chun cinn scaipeadh forleathan na ndea-chleachtas atá ann cheana agus déanfaidh sé gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feasacht shaoránaigh agus oibrithe an Aontais ar CED a ardú, lena n-áirítear daoine a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar fhaisnéis.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar ábhar cumarsáide agus infheictheachta a chur ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais, arna iarraidh sin, agus go dtabharfar don Aontas ceadúnas atá saor ó ríchíos, neamheisiach agus do-chúlghairthe chun an t-ábhar sin a úsáid maille le haon chearta a bhaineann leis cheana féin, chun CED a phoibliú nó i ndáil le tuairisciú a dhéanamh maidir le húsáid bhuiséad an Aontais. Leis an oibleagáid sin, ní cheanglófar ar na Ballstáit costais bhreise mhóra nó ualach riaracháin mór a thabhú.

Leis an gceadúnas, tabharfar na cearta a leagtar amach in Iarscríbhinn I don Aontas.

4.   Na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo, rannchuideoidh siad le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, ar choinníoll go mbaineann tosaíochtaí den sórt sin leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 2.

Airteagal 13

An ranníocaíocht airgeadais a chinneadh

1.   Ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8, agus aird á tabhairt go háirithe ar líon na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, ar na bearta a bheartaítear agus ar na costais mheasta, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus moladh maidir le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CED, más ann dó, a fhéadfar a íoc laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún a mheastóireacht chun críche agus tíolacfaidh sé a mholadh faoin sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 8(6).

2.   Is é an ráta cómhaoinithe CSE+ is airde sa Bhallstát ábhartha, nó 60 %, cibé acu is airde, a bheidh i ráta cómhaoinithe CED do na bearta a thairgtear, mar a leagtar amach in Airteagal 112(3) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027.

3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8, go bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh, cuirfidh sé tús láithreach leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 15.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8, nach bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh, tabharfaidh sé fógra láithreach don Bhallstát iarrthach, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 14

Tréimhse incháilitheachta

1.   Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ó na dátaí a leagtar amach san iarratas i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 8(7) ar a dtosaíonn an Ballstát lena mbaineann, nó ar a bhfuil le tosú, ag soláthar an phacáiste comhordaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, nó ar a dtabhaíonn an Ballstát lena mbaineann an caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus (5).

2.   Tosóidh an Ballstát na bearta incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 a chur chun feidhme gan moill mhíchuí agus déanfaidh sé na bearta sin a luaithe is féidir, agus ar aon chuma laistigh de 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh maidir leis an ranníocaíocht airgeadais.

3.   I gcás ina bhfaighidh tairbhí rochtain ar chúrsa oideachais nó oiliúna a mhaireann ar a laghad 2 bhliain, beidh costas an chúrsa sin incháilithe le haghaidh comhchistiú ó CED go dtí an dáta ar a mbeidh an tuarascáil deiridh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) dlite, ar choinníoll go mbeidh na costais ábhartha íoctha roimh an dáta sin.

4.   Beidh caiteachas de bhun Airteagal 7(5) incháilithe le haghaidh comhchistiú ó CED go dtí an sprioc-am chun an tuarascáil deiridh a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1).

Airteagal 15

Nós imeachta buiséadach agus cur chun feidhme

1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar á gcomhlíonadh, cuirfidh sé togra chun CED a shlógadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh maidir le CED a shlógadh go comhpháirteach laistigh de 6 seachtaine tar éis an togra ón gCoimisiún a bheith curtha faoina mbráid.

An tráth céanna a thíolacfaidh sé a thogra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le haistriú chuig na línte ábhartha buiséadacha.

Déanfar aistrithe a bhaineann le CED i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán Airgeadais.

2.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a fhaigheann an Coimisiún fógra faoi fhormheas an aistrithe bhuiséadaigh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

Cinneadh maoiniúcháin a bheidh sa chinneadh sin de réir bhrí Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais.

3.   Áireofar na nithe seo a leanas i dtogra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh de bhun mhír 1:

(a)

an measúnú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8(6), mar aon le hachoimre ar an bhfaisnéis ar a bhfuil an measúnú sin bunaithe; agus

(b)

na cúiseanna lena dtugtar údar do na méideanna a mholtar i gcomhréir le hAirteagal 13(1).

Airteagal 16

Cistí neamhleora

De mhaolú ar na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagail 8 agus 15, i gcásanna eisceachtúla agus ar choinníoll nach leor na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá fágtha in CED chun an méid cúnaimh a bhfuil gá leis de réir an togra ón gCoimisiún a chumhdach, féadfaidh an Coimisiún an togra maidir le CED a shlógadh agus as an iarraidh ar aistriú buiséadach ina dhiaidh sin a chur siar go dtí go mbeidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil an bhliain dár gcionn. Urramófar uasteorainn bhuiséadach bhliantúil CED i ngach uile chás.

Airteagal 17

Íocaíocht agus úsáid na ranníocaíochta airgeadais

1.   Íocfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais leis an mBallstát lena mbaineann in íocaíocht réamh-mhaoinithe amháin arb é 100 % de mhéid na ranníocaíochta, agus déanfar sin i bprionsabal laistigh de 15 lá oibre ó theacht i bhfeidhm cinnidh maidir le ranníocaíocht airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 15(2). Déanfar an réamh-mhaoiniú a imréiteach a luaithe a bheidh an ráiteas caiteachais deimhnithe tíolactha ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 20(1). Déanfar an méid nár caitheadh a aisíoc leis an gCoimisiún.

2.   Déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais.

3.   Cinnfidh an Coimisiún téarmaí mionsonraithe teicniúla an mhaoinithe sa chinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

4.   Agus na bearta atá sa phacáiste á ndéanamh aige, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na gníomhaíochtaí a leasú trí bhearta incháilithe eile a liostaítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 7(2) a chur leo, ar choinníoll go dtugtar údar cuí le leasuithe den sórt sin agus nach dtéann an t-iomlán thar mhéid na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na leasuithe arna mbeartú agus, má aontaíonn sé, leasóidh sé an cinneadh maidir leis an ranníocaíocht airgeadais dá réir sin.

5.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann méideanna a ath-leithdháileadh idir míreanna buiséid a leagtar síos sa chinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais de bhun Airteagal 15(2). Má bhíonn méadú níos mó ná 20 % i gceist i gcás ceann amháin nó níos mó de na míreanna a shonraítear mar thoradh ar ath-leithdháileadh, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún roimh ré.

Airteagal 18

Úsáid an euro

Is in euro a léireofar gach méid dá dtagraítear in iarratais, i gcinntí maidir le ranníocaíochtaí airgeadais, i dtuarascálacha agus i ngach doiciméad eile, arna ndéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 19

Táscairí

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn CED maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach. Baileofar sonraí pearsanta a bhaineann leis na táscairí sin ar bhonn an Rialacháin seo chun críocha an Rialacháin seo agus chun na gcríoch sin amháin. Déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

2.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí CED ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar na Ballstáit.

Airteagal 20

Tuarascáil deiridh agus clabhsúr

1.   Tráth nach déanaí ná an seachtú mí tar éis dhul in éag na tréimhse chur chun feidhme, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil deiridh a thíolacadh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais ábhartha, lena n-áirítear faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

(a)

cineál na mbeart agus na dtorthaí, lena mínítear na dúshláin a bhí ann, na ceachtanna a foghlaimíodh, sineirgí agus comhlántachtaí le cistí eile de chuid an Aontais, go háirithe CSE+, agus lena léirítear, i gcás inar féidir, comhlántacht na mbeart leis na bearta arna gcistiú ag cláir eile de chuid an Aontais nó ag cláir náisiúnta i gcomhréir le Creat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú;

(b)

ainmneacha na gcomhlachtaí a sheachaid an pacáiste comhordaithe sa Bhallstát;

(c)

na táscairí a leagtar amach i bpointí (1) agus (2) d’Iarscríbhinn II;

(d)

cibé acu a fuair an fiontar atá ag dífhostú Státchabhair nó cistiú eile ó chistí comhtháthaithe nó struchtúracha an Aontais sna 5 bliana roimhe sin, ach amháin i gcás inar micrifhiontar nó FBM é; agus

(e)

ráiteas lena dtugtar údar leis an gcaiteachas.

2.   Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Choimisiún an fhaisnéis ar fad a éilítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh sé an ranníocaíocht airgeadais a fhoirceannadh trí mhéid deiridh na ranníocaíochta airgeadais ó CED agus, más ann dó, an t-iarmhéid atá dlite ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 24 a shocrú.

Airteagal 21

Tuarascáil dhébhliantúil

1.   Faoin 1 Lúnasa 2021 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach, chainníochtúil agus cháilíochtúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 an 2 bhliain roimhe sin. Díreofar go príomha sa tuarascáil ar na torthaí a baineadh amach le CED agus go háirithe beidh faisnéis inti maidir le hiarratais a tíolacadh, an t-aga próiseála, cinntí a glacadh, bearta a cistíodh, lena n-áirítear staidreamh ar na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus faisnéis maidir le comhlántacht beart den sórt sin le bearta arna gcistiú ó chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe CSE+, agus faisnéis maidir le foirceannadh ranníocaíochtaí airgeadais a rinneadh. Tabharfar faisnéis sa tuarascáil freisin faoi na hiarratais a diúltaíodh toisc nach raibh siad incháilithe nó ar ina leith a laghdaíodh an méid toisc nach raibh go leor leithreasuithe ann.

2.   Cuirfear an tuarascáil freisin, mar fhaisnéis, faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Choiste na Réigiún agus na gcomhpháirtithe sóisialta.

Airteagal 22

Meastóireachtaí

1.   Ar a thionscnamh féin agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

meastóireacht mheántéarmach faoin 30 Meitheamh 2025; agus

(b)

meastóireacht shiarghabhálach faoin 31 Nollaig 2029.

2.   Cuirfear torthaí na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, na Cúirte Iniúchóirí, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Choiste na Réigiún agus na gcomhpháirtithe sóisialta, mar fhaisnéis. Cuirfear moltaí na meastóireachtaí san áireamh i gceapadh na gclár nua i réimse na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta nó maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chláir atá ann cheana.

3.   Áireofar sna meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 staidreamh ábhartha maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais, arna mhiondealú de réir earnála agus Ballstáit.

4.   Seoltar suirbhé ar na tairbhithe le linn an séú mí tar éis dheireadh gach tréimhse cur chun feidhme. Beidh an suirbhé ar na tairbhithe ar oscailt le haghaidh rannpháirtíochta ar feadh 4 sheachtaine ar a laghad. Dáilfidh na Ballstáit an suirbhé ar na tairbhithe ar na tairbhithe, seolfaidh siad amach meabhrúchán amháin ar a laghad agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dáileadh agus faoin meabhrúchán a seoladh. Déanfaidh an Coimisiún na freagairtí ar na suirbhéanna ar na tairbhithe a thiomsú agus a anailísiú ar mhaithe lena n-úsáid i meastóireachtaí amach anseo.

5.   Úsáidfear suirbhéanna ar na tairbhithe chun sonraí a bhailiú ar an athrú a mheastar a bheith tagtha ar dhálaí infhostaitheachta na dtairbhithe, nó, i gcás na dtairbhithe sin a bhfuil post faighte acu cheana, sonraí faoi cháilíocht na fostaíochta a fuair siad, amhail aon athrú ar na huaireanta oibre, ar chineál an chonartha nó an chaidrimh fostaíochta (lánaimseartha nó páirtaimseartha; conradh ar théarma seasta nó conradh neamhiata), an leibhéal freagrachta nó athrú ar leibhéal an tuarastail i gcomparáid leis an bhfostaíocht a bhí acu roimhe, agus an earnáil ina bhfuair an duine fostaíocht. Déanfar an fhaisnéis sin a mhiondealú de réir inscne, aoisghrúpa, leibhéal oideachais agus leibhéal taithí gairmiúla.

6.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach cén uair agus conas atá suirbhé ar na tairbhithe le déanamh agus an teimpléad atá le húsáid.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 23

Bainistíocht agus rialú airgeadais

1.   Gan dochar do fhreagracht an Choimisiúin buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme, glacfaidh na Ballstáit freagracht as bainistiú na mbeart a fhaigheann tacaíocht ó CED agus as rialú airgeadais na mbeart. Déanfaidh siad an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

a fhíorú go ndearnadh socruithe bainistíochta agus rialaithe a chur ar bun agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme ar bhealach ina n-áirithítear go bhfuil cistí an Aontais á n-úsáid go héifeachtúil agus i gceart, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;

(b)

a áirithiú gur ceanglas éigeantach é seachadadh sonraí faireacháin i gconarthaí le comhlachtaí a sheachadann na pacáistí comhordaithe;

(c)

a fhíorú go ndearnadh na bearta maoinithe i gceart;

(d)

a áirithiú go bhfuil caiteachas arna chistiú bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe, agus go bhfuil siad dleathach agus rialta;

(e)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear calaois, agus méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú mar aon le hús ar íocaíochtaí déanacha i gcás inarb iomchuí.

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún maidir le neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur dleathach agus gur rialta an caiteachas a áireofar sna cuntais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus déanfaidh siad na gníomhaíochtaí uile is gá chun neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus chun tuairisc a thabhairt orthu. Leis na gníomhaíochtaí sin, áireofar bailiú faisnéise faoi úinéirí tairbhiúla na bhfaighteoirí cistithe i gcomhréir le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. Na rialacha a bhaineann le sonraí den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, comhlíonfar leo na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Beidh an rochtain is gá ar an bhfaisnéis sin ag an gCoimisiún, ag OLAF agus ag an gCúirt Iniúchóirí.

3.   Chun críocha Airteagal 63(3) den Rialachán Airgeadais, sainaithneoidh na Ballstáit na comhlachtaí a bheidh freagrach as bainistiú agus rialú na mbeart a fhaigheann tacaíocht ó CED. Is iad na comhlachtaí sin a sholáthróidh don Choimisiún an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 63(5), (6) agus (7) den Rialachán Airgeadais maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais nuair a thíolactar an tuarascáil deiridh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) den Rialachán seo.

I gcás ina bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha tugtha ag na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 go bhfuil na híocaíochtaí dleathach agus rialta, agus gur tugadh cuntas ceart orthu, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún go bhfuil na húdaráis sin deimhnithe faoin Rialachán seo. Ar fhógra den sórt sin a dhéanamh, tabharfaidh an Ballstát sin le fios cé na húdaráis atá deimhnithe agus na feidhmeanna atá acu.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na ceartuithe airgeadais is gá i gcás ina bhfionntar neamhrialtacht. Beidh páirtchealú nó lánchealú na ranníocaíochta airgeadais sna ceartuithe a dhéanfaidh na Ballstáit. Gnóthóidh na Ballstáit aon suim a íocadh go míchuí mar thoradh ar neamhrialtacht a bhraitear agus íocfaidh siad an méid sin ar ais leis an gCoimisiún. I gcás nach n-íocann an Ballstát ábhartha an tsuim ar ais san am a cheadaítear, beidh ús mainneachtana dlite.

5.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin gcúram atá air buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme, gach céim eile is gá chun a fhíorú go ndéantar na gníomhaíochtaí arna maoiniú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Tá sé de fhreagracht ar an mBallstát lena mbaineann a áirithiú go bhfuil córais dhea-fheidhmiúla bhainistíochta agus rialaithe i bhfeidhm acu. Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil na córais sin ar bun.

Chuige sin, gan dochar do chumhachtaí na Cúirte Iniúchóirí ná do na seiceálacha arna ndéanamh ag an mBallstát i gcomhréir le forálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin agus na riaracháin, féadfaidh oifigigh nó seirbhísigh de chuid an Choimisiúin seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha samplacha, ar na bearta arna maoiniú ag CED trí fhógra 12 lá oibre ar a laghad a thabhairt. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát lena mbaineann d’fhonn an cúnamh go léir is gá a fháil uaidh. Féadfaidh oifigigh nó seirbhísigh an Bhallstáit lena mbaineann páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun pointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí na critéir a leagan amach chun na cásanna neamhrialtachta atá le tuairisciú agus na sonraí atá le soláthar a chinneadh.

7.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach an fhormáid atá le húsáid chun neamhrialtachtaí a thuairisciú.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar na doiciméid tacaíochta ar fad maidir le caiteachas arna thabhú ar fáil don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí ar feadh tréimhse 3 bliana tar éis foirceannadh ranníocaíochta airgeadais a fhaightear ó CED.

Airteagal 24

An ranníocaíocht airgeadais a ghnóthú

1.   I gcás ina mbeidh costas iarbhír an phacáiste comhordaithe níos lú ná méid na ranníocaíochta airgeadais de bhun Airteagal 15, gnóthóidh an Coimisiún an méid comhfhreagrach tar éis deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a bharúlacha a thíolacadh.

2.   Má mheasann an Coimisiún, tar éis dó na fíoruithe is gá a chur i gcrích, gur theip ar Bhallstát na hoibleagáidí a luaitear sa chinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais a chomhlíonadh nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh na n-oibleagáidí atá air faoi Airteagal 23(1), tabharfaidh sé deis don Bhallstát lena mbaineann a bharúlacha a thíolacadh.

Mura dtagtar ar chomhaontú, glacfaidh an Coimisiún, laistigh de 12 mhí ó na barúlacha a fháil ón mBallstát, cinneadh chun na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh trí pháirtchealú nó lánchealú na ranníocaíochta airgeadais ó CED leis an mbeart i gceist.

Gnóthóidh an Ballstát lena mbaineann aon suim a íocadh go míchuí mar thoradh ar neamhrialtacht agus, i gcás nach n-íocann an Ballstát sin an tsuim ar ais san am a cheadaítear, beidh ús mainneachtana dlite.

Airteagal 25

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 23(6) a thabhairt don Choimisiún ar feadh ré CED.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23(6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 27

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, leanfaidh pointe (b) d’Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 d’fheidhm a bheith aige go dtí go ndéanfar an mheastóireacht ex-post dá dtagraítear sa phointe sin.

Airteagal 28

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais CED na costais cúnaimh teicniúl is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir CED agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na bearta incháilithe dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) agus (5) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh..

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021, cé is moite d’Airteagal 15, a mbeidh feidhm aige ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an 3 Bealtaine 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 82.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 239.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 19 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le bunú an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú (IO L 406, 30.12.2006, lch. 1)

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 546/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú (IO L 167, 29.6.2009, lch. 26).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 855).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 maidir le bunú an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) (IO L 279 I, 31.10.2019, lch. 4).

(10)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(14)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(15)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(16)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO L 225, 12.8.1998, lch. 16).

(19)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CUMARSÁID AGUS INFHEICTHEACHT

Leis an gceadúnas dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 12(3), bronnfar, ar a laghad, na cearta seo a leanas ar an Aontas:

(1)

úsáid inmheánach, eadhon an ceart chun na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a atáirgeadh, a chóipeáil agus a chur ar fáil d’institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus d’institiúidí agus gníomhaireachtaí na mBallstát agus dá bhfoirne;

(2)

atáirgeadh na n-ábhar cumarsáide agus infheictheachta trí aon mhodh agus in aon fhoirm, ina n-iomláine nó i bpáirt;

(3)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a chur in iúl don phobal trí na modhanna cumarsáide go léir;

(4)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta (nó cóipeanna díobh) a dháileadh ar an bpobal i bhfoirm ar bith;

(5)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a stóráil agus a chartlannú;

(6)

na cearta maidir leis na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a fho-cheadúnú do thríú páirtithe.


IARSCRÍBHINN II

Comhtháscairí aschuir agus toraidh le haghaidh iarratais ar CED (dá dtagraítear in Airteagal 19(1), i bpointe (c) d’Airteagal 20(1) agus in Airteagal 21(1))

Is de réir inscne (fireann, baineann, neamh-dhénártha (1)) a dhéanfar gach sonra pearsanta (2) a mhiondhealú (3).

(1)

Comhtháscairí aschuir maidir le tairbhithe:

(a)

daoine dífhostaithe*;

(b)

daoine neamhghníomhacha*;

(c)

daoine fostaithe*;

(d)

daoine féinfhostaithe*;

(e)

daoine faoi bhun 30 bliana d’aois*;

(f)

daoine os cionn 54 bliana d’aois*;

(g)

daoine a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin (ISCED 0-2) acu*;

(h)

daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu*;

(i)

daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5-8) acu*.

Tá an líon iomlán tairbhithe le ríomh go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann le stádas fostaíochta (4).

(2)

Comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le tairbhithe:

(a)

céatadán de thairbhithe CED atá fostaithe nó féinfhostaithe 6 mhí ó dheireadh na tréimhse cur chun feidhme*,

(b)

céatadán de thairbhithe CED a bhain cáilíocht amach faoi 6 mhí ó dheireadh na tréimhse cur chun feidhme*,

(c)

céatadán de thairbhithe CED atá i mbun oideachais nó oiliúna 6 mhí ó dheireadh na tréimhse cur chun feidhme*.

Leis na sonraí sin, táthar le líon iomlán ríofa na dtairbhithe mar a thuairiscítear faoi na comhtháscairí aschuir a leagtar amach i bpointe (1) a chumhdach. Mar sin, tiocfaidh na céatadáin leis an iomlán ríofa sin freisin.


(1)  De réir na reachtaíochta náisiúnta.

(2)  Tá na húdaráis bhainistíochta le córas a bhunú lena dtaifeadfar agus lena stórálfar sonraí na rannpháirtithe aonair i bhfoirm leictreonach. Ní mór na socruithe próiseála sonraí a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm a bheith i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe Airteagail 4, 6 agus 9 de.

(3)  Na sonraí a thuairiscítear faoi na táscairí a bhfuil * in aice leo, is sonraí pearsanta iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679. Tá sé riachtanach iad a phróiseáil chun an oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh (pointe (c) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679).

(4)  Dífhostaithe, neamhghníomhach, fostaithe, féinfhostaithe