13.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/587 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Aibreán 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 maidir le bearta sriantacha i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (2), chinn an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 13 Aibreán 2022.

(3)

Tá duine amháin a ainmnítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 éagtha, agus ba cheart a iontráil siúd a bhaint den Iarscríbhinn sin. Chinn an Chomhairle freisin gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le 34 duine agus le heintiteas amháin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1

(2)  Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lch. 51).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 (“Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)”) mar a leanas:

(1)

scriostar iontráil 16 (maidir le HADDAD Hassan (dá ngairtear Hassan ZAREH DEHNAVI freisin) sa liosta dar teideal “Daoine”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis an 34 duine agus leis an eintiteas amháin seo a leanas:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

AHMADI- MOQADDAM Esmail

Áit bhreithe:Tehran (an Iaráin)

Dáta breithe: 1961

Inscne: fireann

Iar-Chomhairleoir Sinsearach Gnóthaí Slándála do Cheannaire Armed Forces General Staff. Ceannaire Phóilíní Náisiúnta na hIaráine ó 2005 go dtí go luath in 2015. Chomh maith leis sin, bhí sé ina Cheannaire ar Chibearphóilíní na hIaráine (liostaithe) ó mhí Eanáir 2011 go dtí go luath in 2015. Bhí fórsaí faoina cheannas chun tosaigh in ionsaithe brúidiúla a rinneadh ar agóidí síochánta, chomh maith le hionsaí foréigneach istoíche ar shuanliosanna Ollscoil Tehran an 15 Meitheamh 2009. Iarcheannaire ar Cheanncheathrú na hIaráine ag tacú le Muintir Éimin.

12.4.2011

4.

FAZLI Ali

Inscne: fireann

Teideal: Briogáidire-Ghinearál

Iarcheannaire Imam Hossein Cadet College (ó 2018 go dtí mí an Mheithimh 2020). Iar-leas-Cheannasaí Basij (2009-2018), Ceann Seyyed al-Shohada Corps de chuid IRGC, Cúige Tehran (go dtí mí Feabhra 2010). Tá Seyyed al-Shohada Corps i gceannas ar shlándáil i gCúige Tehran agus bhí ról lárnach aige sa chur faoi chois brúidiúil a rinneadh ar agóideoirí in 2009.

12.4.2011

8.

MOTLAGH Bahram Hosseini

Inscne: fireann

Ball d’fhoireann teagaisc Ollscoil Imam Hossein (Caomhnóirí na Réabhlóide). Iarcheannaire ar Army Command and General Staff College (DAFOOS). Iar-Cheann Seyyed al-Shohada Corps de chuid IRGC, Cúige Tehran. Bhí ról tábhachtach ag Seyyed al-Shohada Corps maidir leis an gcur faoi chois a rinneadh ar na hagóidí in 2009 a eagrú.

12.4.2011

11.

RAJABZADEH Azizollah

Inscne: fireann

Ceannasaí Urban Order Headquarters ó 2014 i leith. Iar-Cheann Tehran Disaster Mitigation Organisation (2010-2013). Mar Cheann phóilíní Tehran go dtí mí Eanáir 2010, bhí sé freagrach as ionsaithe foréigneacha póilíní ar agóideoirí agus ar mhic léinn. Mar Cheannasaí Law Enforcement Forces in the Greater Tehran, ba é an t-ardoifigeach ba thábhachtaí a cuisíodh i gcás mí-úsáidí in Kahrizak Detention Centre i mí na Nollag 2009.

12.4.2011

15.

DORRI-NADJAFABADI Ghorban-Ali

Áit bhreithe: Najafabad (an Iaráin)

Dáta breithe: 3.12.1950

Inscne: fireann

Comhalta de Assembly of Experts agus ionadaí an Supreme Leader i gCúige Markazi (‘Central’) agus Ceann an Supreme Administrative Court. Ionchúisitheoir Ginearálta na hIaráine go dtí mí Mheán Fómhair 2009, chomh maith le hiar-Aire Faisnéise faoi Uachtaránacht Khatami. Mar Ionchúisitheoir Ginearálta na hIaráine, d’ordaigh sé agus rinne sé maoirsiú ar na seóthrialacha tar éis na chéad agóidí i ndiaidh an toghcháin, inar diúltaíodh cearta agus rochtain ar aturnae do na cúisithe.

12.4.2011

19.

JAFARI- DOLATABADI Abbas

Áit bhreithe: Yazd (an Iaráin)

Dáta breithe: 1953

Inscne: fireann

Comhairleoir do Supreme Disciplinary Court na mbreithiúna ó 29 Aibreán 2019. Iar-Ionchúisitheoir Ginearálta Tehran (mí Lúnasa 2009-mí Aibreáin 2019). Chúisigh oifig Dolatabadi líon mór agóideoirí, lena n-áirítear daoine a ghlac páirt in agóidí Lá Ashura i mí na Nollag 2009. D’ordaigh sé go ndúnfaí oifig Karroubi i mí Mheán Fómhair 2009 agus go ngabhfaí roinnt polaiteoirí leasaitheacha, agus chuir sé cosc ar dhá pháirtípholaitiúla leasaitheacha i mí an Mheithimh 2010. Rinne a oifig agóideoirí a chúiseamh i leith ‘Muharebeh’, nó naimhdeas i gcoinne Dé, lena ngabhann pionós an bháis, agus dhiúltaigh sé próis chuí dóibh siúd a raibh pionós á bhagairt orthu. Chomh maith leis sin, dhírigh a oifig ar leasaitheoirí, ar ghníomhaithe ar son chearta an duine, agus ar bhaill na meán, mar chuid de chniogbheartaíocht leathan ar an bhfreasúra polaitiúil.

I mí Dheireadh Fómhair 2018 d’fhógair sé do na meáin go ndéanfaí ceathrar gníomhaithe ar son an chomhshaoil ón Iaráin a coinníodh a chúiseamh i leith ‘an t-éilliú a chur chun cinn ar domhan’, ar cúiseamh é lena ghabhann pionós an bháis.

12.4.2011

21.

MOHSENI-EJEI Gholam-Hossein

Áit bhreithe: Ejiyeh (an Iaráin)

Dáta breithe: thart ar 1956

Inscne: fireann

Comhalta den Expediency Council. Ionchúisitheoir Ginearálta na hIaráine ó Mheán Fómhair 2009 go dtí 2014. Iar-Leas-Cheann agus urlabhraí na mBreithiúna. Iar-Aire Faisnéise le linn thoghcháin 2009. Fad a bhí sé ina Aire Faisnéise le linn an toghcháin in 2009, bhí gníomhairí faisnéise faoina cheannas freagrach as coinneáil, céasadh agus admhálacha bréagacha faoi bhrú a fháil ó na céadta gníomhaithe, iriseoirí, easaontacha agus polaiteoirí leasaitheacha. Ina theannta sin, cuireadh iallach ar fhigiúirí polaitiúla admhálacha bréagacha a dhéanamh faoi cheistiúcháin dhofhulaingthe lenar áiríodh céasadh, mí-úsáid, dúmhál agus bagairt a chur ar a muintir.

12.4.2011

22.

MORTAZAVI Said

Áit bhreithe: Meybod (an Iaráin)

Dáta breithe: 1967

Inscne: fireann

Ceann an Chórais Leasa ó 2011 go 2013. Ionchúisitheoir Ginearálta Tehran go dtí mí Lúnasa 2009. Mar Ionchúisitheoir Ginearálta Tehran, d’eisigh sé ordú ginearálta a úsáideadh chun na céadta gníomhaithe, iriseoirí agus mac léinn a choinneáil. I mí Eanáir 2010, cuireadh an fhreagracht dhíreach air, in imscrúdú parlaiminteach, as triúr príosúnach a choinneáil a fuair bás i gcoimeád ina dhiaidh sin. Cuireadh ar fionraí óna oifig é i mí Lúnasa 2010 tar éis imscrúdú ag breithiúna na hIaráine ar an ról a bhí aige maidir le bás an triúr fear a bhí á gcoinneáil ar a orduithe tar éis an toghcháin.

I mí na Samhna 2014, d’aithin údaráis na hIaráine go hoifigiúil an ról a bhí aige i mbás cimí. Fuair cúirt na hIaráine neamhchiontach é an 19 Lúnasa 2015, sna cúisimh a bhain le céasadh agus bás triúr fear óg in Kahrizak Detention Centre in 2009. Daoradh chun príosúin in 2017 agus scaoileadh saor é i Meán Fómhair 2019.

12.4.2011

27.

ZARGAR Ahmad

Inscne: fireann

Breitheamh ag an Supreme Court agus Ceannaire ar Tehran Revolutionary Court. Ceann ‘Organization for the Preservation of Morality’. Iar-bhreitheamh ag an dara brainse de Special Economic Corruption Court. Iar-bhreitheamh, Tehran Appeals Court, Brainse 36.

Dheimhnigh sé barántais príosúnachta fhadtéarmacha agus barántais bháis i gcoinne agóideoirí.

12.4.2011

33.

ABBASZADEH- MESHKINI, Mahmoud

Inscne: fireann

Feisire Parlaiminte ó mhí Feabhra 2020 i leith. Iar-chomhairleoir do High Council for Human Rights na hIaráine (go dtí 2019). Iar-rúnaí don High Council for Human Rights. Iarghobharnóir i gCúige Ilam. Iarstiúrthóir polaitiúil na hAireachta Gnóthaí Baile. Mar Cheann ar Article 10 Committee of the Law on Activities of Political Parties and Groups, bhí sé i gceannas ar léirsithe agus imeachtaí poiblí eile a údarú agus páirtithe polaitiúla a chlárú.

Sa bhliain 2010, chuir sé gníomhaíochtaí dhá pháirtí pholaitiúla leasaitheacha a bhí nasctha le Mousavi – Islamic Iran Participation Front agus Islamic Revolution Mujahedeen Organisation - ar fionraí. Ó 2009 ar aghaidh, tá toirmeasc comhsheasmhach, leanúnach á chur aige ar na cruinnithe neamhrialtasacha go léir, rud a shéanann ceart bunreachtúil chun agóid a dhéanamh agus gabhadh go leor léirsitheoirí síochánta dá bharr sin, de shárú ar an gceart chun saoirse comhthionóil.

In 2009, dhiúltaigh sé freisin cead don fhreasúra searmanas a eagrú chun brón a dhéanamh ar dhaoine a maraíodh le linn agóidí de bharr thoghcháin an Uachtaráin.

10.10.2011

34.

AKBARSHAHI Ali-Reza

Inscne: fireann

Iar-Ard-Stiúrthóir Drug Control Headquarters na hIaráine (ar a dtugtar freisin: Anti-Narcotics Headquarters). Iar-Cheannasaí ar Phóilíní Tehran. Faoina cheannaireacht, bhí an fórsa póilíneachta freagrach as fórsa seachbhreithiúnach a úsáid ar amhrastaigh le linn gabhála agus coinneála réamhthrialach. Bhí póilíní Tehran luaite le ruathair ar shuanliosanna ollscoil Tehran i mí an Mheithimh 2009 freisin, tráth a raibh breis agus 100 mac léinn gortaithe ag na póilíní agus Basiji de réir Choimisiún Majlis na hIaráine. Ceann na bpóilíní iarnróid go dtí 2018.

10.10.2011

36.

AVAEE Seyyed Ali-Reza (ar a dtugtar freisin: AVAEE Seyyed Alireza, AVAIE Alireza)

Áit bhreithe: Dezful (an Iaráin)

Dáta breithe: 20.5.1956

Inscne: fireann

An tAire Dlí agus Cirt. Iar-Stiúrthóir na hoifige imscrúduithe speisialta. Go dtí Iúil 2016, Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Ceann an Chláir Phoiblí. Comhairleoir don Chúirt Araíonachta do Bhreithiúna ó Aibreán 2014. Iar-Uachtarán na mBreithiúna in Tehran. Ina cháil mar Uachtarán na mBreithiúna in Tehran, bhí sé freagrach as sáruithe ar chearta an duine, as gabhálacha treallacha, as diúltú do chearta na bpríosúnach agus as líon ard básuithe.

10.10.2011

39.

GANJI Mostafa Barzegar

Inscne: fireann

Ard-Stiúrthóir ar Inspection Supervision and Performance Evaluation of Courts ó mhí an Mheithimh 2020. Iar-Ionchúisitheoir Ginearálta Qom (2008-2017) agus iar-cheannaire ar ard-stiúrthóireacht na bpríosún. Bhí sé freagrach as na dosaenacha ciontóirí a choinneáil go treallach agus as drochíde a thabhairt dóibh i Qom. Bhí sé deacair sárú tromchúiseach a dhéanamh ar an gceart chun próise cuí, ag cur le húsáid iomarcach agus mhéadaitheach phionós an bháis agus méadú mór ar líon na ndaoine a cuireadh chun báis in 2009/2010.

10.10.2011

40.

HABIBI Mohammad Reza

Inscne: fireann

Príomh-Bhreitheamh Isfahan. Iar-Ard-Aighne Isfahan. Iar-Cheann Oifig Aireacht Dlí agus Cirt in Yazd. Iar-Leas-Ionchúisitheoir Isfahan. Comhpháirteach in imeachtaí ina ndiúltaítear triail chóir do chosantóirí – amhail Abdollah Fathi, a cuireadh chun báis i mí na Bealtaine 2011 tar éis do Habibi neamhaird a thabhairt ar a cheart chun éisteacht a fháil agus ar shaincheisteanna meabhairshláinte le linn a thrialach i mí an Mhárta 2010. Bhí sé, dá bhrí sin, comhpháirteach i sárú tromchúiseach ar an gceart chun próise cuí, ag cur leis an méadú ard básuithe in 2011.

10.10.2011

41.

HEJAZI Mohammad

Áit bhreithe: Isfahan (an Iaráin)

Dáta breithe: 1956

Inscne: fireann

Leas-Cheannasaí ar Fhórsa Quds IRGC ó 2020 i leith mar thoradh ar atheagrú an tslabhra ceannais tar éis mharú an Ghinearáil Qasem Soleimani. Mar IRGC-General, bhí ról lárnach aige in imeaglú agus i mbagairt a dhéanamh ar ‘naimhde’ na hIaráine. Iar-Cheann ar IRGC Sarollah Corps IRGC in Tehran agus ina iar-Cheann ar Basij Forces, ról lárnach aige i gcniogbheartaíocht iarthoghcháin na n-agóideoirí in 2009.

10.10.2011

44.

JAZAYERI Massoud

Inscne: fireann

Teideal: Briogáidire-Ghinearál

Comhairleoir cultúir do Chomhcheann Foirne Fórsaí Armtha na hIaráine ó mhí Aibreáin 2018 i leith. Mar chuid d’fhoireann chomhpháirteach mhíleata Fhórsaí Armtha na hIaráine, ba é Briogáidire-Ghinearál Massoud Jazayeri an Leas-Cheann Foirne i ngnóthaí cultúrtha agus na meán (ar a dtugtar freisin Ceanncheathrú Poiblíochta agus Cosanta Stáit). Chomhoibrigh sé go gníomhach leis an gcur faoi chois a rinneadh ar agóideoirí in 2009 mar Leas-Cheannaire Foirne. Thug sé rabhadh in agallamh Kayhan gur aithníodh go leor agóideoirí laistigh agus lasmuigh den Iaráin agus go ndéileálfaí leo ag an am ceart.

D’iarr sé go hoscailte go gcuirfí deireadh leis na mórmheáin chumarsáide eachtracha agus le freasúra na hIaráine. In 2010, d’iarr sé ar an rialtas dlíthe níos déine a rith i gcoinne mhuintir na hIaráine a chomhoibríonn le foinsí na meán cumarsáide eachtracha.

10.10.2011

45.

JOKAR Mohammad Saleh

Áit bhreithe: Yazd (an Iaráin)

Dáta breithe: 1957

Inscne: fireann

Feisire Parlaiminte do Chúige Yazd. Iar-Ionadaí do Ghnóthaí Parlaiminteacha na Revolutionary Guards. Ón mbliain 2011 go 2016, bhí sé ina ionadaí parlaiminteach le haghaidh Cúige Yazd agus ina Chomhalta den Choiste Parlaiminteach um Shlándáil Náisiúnta agus Beartas Eachtrach. Iar-Cheannasaí ar Student Basij Forces. Sa ról sin, ghlac sé páirt ghníomhach i gcur faoi chois agóidí agus síolteagasc leanaí agus daoine óga d’fhonn leanúint den tsaoirse cainte agus den easaontú a chloí. Mar Chomhalta den Choiste Parlaiminteach um Shlándáil Náisiúnta agus Beartas Eachtrach, thacaigh sé go poiblí le cur in aghaidh an rialtais a chur faoi chois.

10.10.2011

46.

KAMALIAN Behrouz (dá ngairtear Hackers Brain, Behrooz_Ice freisin)

Áit bhreithe: Tehran (an Iaráin)

Dáta breithe: 1983

Inscne: fireann

Ceannaire ar an gcibearghrúpa ‘Ashiyaneh’ a bhfuil nasc aige le réimeas na hIaráine. Tá ‘Ashiyaneh’ Digital Security’, arna bhunú ag Behrouz Kamalian, freagrach as dian-chibirionsaithe ar an lucht freasúra intíre, ar leasaitheoirí intíre agus ar institiúidí eachtracha. Chuidigh obair ‘Ashiyaneh’ (eagraíocht Kamalian) le cniogbheartaíocht an réimis i gcoinne an fhreasúra a raibh go leor sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gceist léi in 2009. Lean Kamalian agus an cibearghrúpa ‘Ashiyaneh’ dá gcuid gníomhaíochtaí go dtí Eanáir 2020 ar a laghad.

10.10.2011

47.

KHALILOLLAHI Moussa (dá ngairtear KHALILOLLAHI Mousa, ELAHI Mousa Khalil freisin)

Áit bhreithe: Tabriz (an Iaráin)

Dáta breithe: 1963

Inscne: fireann

Ionchúisitheoir Tabriz ó 2010 go 2019. Bhí baint aige le cás Sakineh Mohammadi-Ashtiani agus bhí sé comhpháirteach i sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun próise cuí.

10.10.2011

48.

MAHSOULI Sadeq (dá ngairtear MAHSULI Sadeq freisin)

Áit bhreithe: Oroumieh (an Iaráin)

Dáta breithe: 1959/1960

Inscne: fireann

Leas-Ardrúnaí an Paydari Front (Front of Islamic Stability). Iar-Chomhairleoir don Iar-Uachtarán Mahmoud Ahmadinejad, iar-chomhalta den Expediency Council agus iar-Leas-Cheann an Perseverance Front. An tAire Leasa agus Slándála Sóisialta idir 2009 agus 2011. An tAire Gnóthaí Baile go dtí mí Lúnasa 2009. Mar Aire Gnóthaí Baile, bhí údarás ag Mahsouli ar na fórsaí póilíneachta, ar ghníomhairí slándála na haireachta inmheánaí agus ar na gníomhairí i ngnáthéadaí. Bhí na fórsaí a bhí faoina stiúir freagrach as ionsaithe ar shuanliosanna in Ollscoil Tehran an 14 Meitheamh 2009 agus céasadh mac léinn in íoslach na hAireachta (leibhéal 4 den íoslach iomráiteach). Rinneadh mí-úsáid thromchúiseach ar agóideoirí eile in Ionad Coinneála Kahrizak, a bhí á fheidhniú ag póilíní faoi rialú Mahsouli.

10.10.2011

53.

TALA Hossein (dá ngairtear TALA Hosseyn freisin)

Áit bhreithe: Tehran (an Iaráin)

Dáta breithe: 1969

Inscne: fireann

Méara Eslamshahr. Iar-MP san Iaráin. Iar-Ard-Ghobharnóir (‘Farmandar’) i gCúige Tehran go dtí mí Mheán Fómhair 2010, bhí sé freagrach as gníomhú na bhfórsaí póilíneachta agus dá bhrí sin as léirsithe a chur faoi chois. Fuair sé duais i mí na Nollag 2010 mar gheall ar a ról sa chur faoi chois tar éis an toghcháin.

10.10.2011

54.

TAMADDON Morteza (dá ngairtear TAMADON Morteza freisin)

Áit bhreithe: Shahr Kord-Isfahan (an Iaráin)

Dáta breithe: 1959

Inscne: fireann

Iar-Cheann ar Tehran provincial Public Security Council. Iar-Ard-Ghobharnóir IRGC i gCúige Tehran. Ina cháil mar Ghobharnóir agus mar Cheannaire ar Tehran provincial Public Security Council, bhí sé freagrach go foriomlán as na gníomhaíochtaí diansmachtúla go léir a rinne IRGC i gCúige Tehran, lena n-áirítear cniogbheartaíocht a dhéanamh ar agóidí polaitiúla ó mhí an Mheithimh 2009 i leith. Comhalta boird faoi láthair in Ollscoil Teicneolaíochta Khajeh Nasireddin Tusi.

10.10.2011

60.

HOSSEINI Dr Mohammad (dá ngairtear HOSSEYNI, Dr Seyyed Mohammad; Seyed, Sayyed agus Sayyid freisin)

Áit bhreithe: Rafsanjan, Kerman (an Iaráin)

Dáta breithe: 23.7.1961

Inscne: fireann

Comhairleoir don Iar-Uachtarán Mahmoud Ahmadinejad agus urlabhraí don fhaicsean docht polaitiúil YEKTA. An tAire Cultúir agus Treoraíochta Ioslamaí (2009-2013). Iar-bhall den IRGC, bhí sé comhpháirteach i gcur faoi chois iriseoirí.

10.10.2011

63.

TAGHIPOUR Reza

Áit bhreithe: Maragheh (an Iaráin)

Dáta breithe: 1957

Inscne: fireann

Comhalta de 11ú parlaimint na hIaráine (toghcheantar Tehran). Comhalta den Supreme Cyberspace Council. Iar-chomhalta Chomhairle Cathrach Teheran. Iar-Aire Faisnéise agus Cumarsáide (2009-2012).

Ina cháil mar Aire Faisnéise, bhí sé ar dhuine de na hoifigigh ba shinsearaí a bhí i gceannas ar an gcinsireacht agus ar ghníomhaíochtaí idirlín agus ar gach cineál cumarsáide a rialú (go háirithe fóin phóca). Baineann na ceistitheoirí úsáid as sonraí pearsanta, post agus cumarsáid na gcoinneálaithe agus na gcoinneálaithe polaitiúla á gceistiú. Cuireadh bac ar línte móibíleacha agus teachtaireachtaí téacs, cuireadh isteach ar chainéil teilifíse satailíte agus cuireadh an t-idirlíon ar fionraí go háitiúil nó cuireadh moill air ar a laghad ar bith roinnt uaireanta le linn léirsithe sráide tar éis thoghchán uachtaránachta 2009.

23.3.2012

65.

LARIJANI Sadeq

Áit bhreithe: Najaf (an Iaráic)

Dáta breithe: 1960 nó mí Lúnasa 1961

Inscne: fireann

Ainmnithe ina Cheann ar an Expediency Council an 29 Nollaig 2018. Iar-Cheann na mBreithiúna (2009-2019. Ceanglaítear ar Cheann na mBreithiúna toiliú a thabhairt do gach pionós qisas (cúiteamh), hodoud (coireanna i gcoinne Dé) agus ta’zirat (coireanna i gcoinne an stáit) agus iad a fhaomhadh. Áirítear leis sin pianbhreitheanna lena ngearrtar pionós an bháis, lascadh agus teascadh. I ndáil leis sin, tá séala curtha aige le roinnt pianbhreitheanna phionós an bháis, rud a sháraíonn caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear bású le clocha, bású trí thachtadh (crochadh), ógánaigh a chur chun báis, agus básuithe poiblí amhail bású príosúnach a crochadh de dhroichid os comhair na mílte. Bhí baint aige, dá bhrí sin, le líon mór básuithe. Ina theannta sin, cheadaigh sé pianbhreitheanna pionóis coirp amhail teascadh agus aigéad a shileadh isteach i súile an duine a chiontaítear. Ó tháinig Sadeq Larijani i réim, tá méadú suntasach tagtha ar líon na bpríosúnach polaitiúil, na gcosantóirí ar chearta an duine agus na ndaoine ó mhionlaigh a bheith á ngabháil go treallach. Tá Sadeq Larijani freagrach as teipeanna sistéamacha i bpróiseas breithiúnach na hIaráine i ndáil leis an gceart chun triail chóir a fháil.

23.3.2012

66.

MIRHEJAZI Ali

Inscne: fireann

Ar dhuine de chiorcal inmheánach an Cheannaire Uachtaraigh, ar dhuine de na daoine a bhí freagrach as cur faoi chois agóidí a phleanáil, rud atá á chur chun feidhme ó 2009 agus baint aige leo siúd atá freagrach as agóidí a chur faoi chois.

Bhí sé freagrach freisin as cosc a chur le corraíl phoiblí i mí na Nollag 2017/2018 agus i mí na Samhna 2019.

23.3.2012

67.

SAEEDI Ali

Inscne: fireann

Ceann bhiúró idé-eolaíochta polaitiúil an Supreme Leader. Iar-Ionadaí an Supreme Leader do Pasdaran (1995-2020) tar éis a ghairm ar fad a chaitheamh in institiúid an airm agus, go sonrach, i seirbhís faisnéise Pasdaran. De bharr an róil oifigiúil sin, bhí sé ar dhuine de na príomhdhaoine ag tarchur orduithe ó Oifig an Supreme Leader chuig fearas cur faoi chois Pasdaran.

23.3.2012

69.

MORTAZAVI Seyyed Solat

Áit bhreithe: Farsan, Tchar Mahal-o-Bakhtiari (Theas) - (an Iaráin)

Dáta breithe: 1967

Inscne: fireann

Ón 16 Meán Fómhair 2019, ceann bhrainse eastáit réadaigh an Mostazafan Foundation, atá á reáchtáil go díreach ag an Supreme Leader Khamenei. Stiúrthóir ar chraobh Tehran den Fhondúireacht Astan Qods Razavi, go dtí mí na Samhna 2019. Iarmhéara Mashhad, an dara cathair is mó san Iaráin, áit a dtarlaíonn básuithe poiblí go rialta. Iar-Leas-Aire Gnóthaí Baile le freagracht as gnóthaí polaitiúla, a ceapadh in 2009. Ina cháil sin, bhí sé freagrach as daoine a labhair amach mar chosaint ar a gcearta dlisteanach, lena n-áirítear saoirse chun tuairimí a nochtadh, a chur faoi chois. Ina dhiaidh sin, ceapadh é ina Cheann ar Choiste Toghcháin na hIaráine do thoghcháin pharlaiminteacha in 2012 agus do na toghcháin uachtaránachta in 2013.

23.3.2012

73.

FARHADI Ali

Inscne: fireann

Leas-Cheann na Cigireachta um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Iniúchadh Poiblí in Aireacht Dlí agus Cirt Tehran. Iar-ionchúisitheoir Karaj. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear cásanna cúirte inar tugadh pionós an bháis. Tharla líon ard básuithe i réigiún Karaj le linn a thréimhse mar ionchúisitheoir.

23.3.2012

79.

RASHIDI AGHDAM Ali Ashraf

Inscne: fireann

Iarcheannaire Phríosún Evin. (2012-2015). Tháinig meath ar dhálaí sa phríosún, le linn a théarma, agus rinneadh tagairt do dhrochíde níos déine a bheith á tabhairt do phríosúnaigh. I mí Dheireadh Fómhair 2012, chuaigh naonúr príosúnach baineann ar stailc ocrais mar agóid i gcoinne shárú a gceart agus i gcoinne na cóireála foréigní ó ghardaí príosúin.

12.3.2013

82.

SARAFRAZ Mohammad (Dr.) (dá ngairtear Haj-agha Sarafraz freisin)

Áit bhreithe: Tehran (an Iaráin)

Dáta breithe: thart ar 1963

Áit chónaithe: Tehran

Inscne: fireann

Iarchomhalta den Supreme Cyberspace Council. An tIar-Uachtarán ar Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) (2014-2016). Iar-Cheann IRIB World Service agus Press TV, freagrach as gach cinneadh maidir le clársceidealú. Tá dlúthbhaint aige le fearas slándála an stáit. Faoina cheannaireacht, d’oibrigh Press TV, in éineacht le IRIB, i gcomhar le seirbhísí slándála agus le hionchúisitheoirí na hIaráine chun admhálacha éigeantacha ó choinneálaithe a chraoladh, lena n-áirítear admháil ón iriseoir agus scannánóir Iaránach-Cheanadach Maziar Bahari sa chlár seachtainiúil ‘Iran Today’. Ghearr an rialtóir craolacháin neamhspleách OFCOM fíneáil GBP 100 000 ar Press TV as admháil Bahari a chraoladh in 2011, a scannánaíodh sa phríosún agus Bahari faoi éigeantas. Tá baint ag Sarafraz, dá bhrí sin, le sárú a dhéanamh ar an gceart chun próise cuí agus triail chóir a fháil.

12.3.2013

84.

EMADI, Hamid Reza (dá ngairtear Hamidreza Emadi freisin)

Áit bhreithe: Hamedan (an Iaráin)

Dáta breithe: thart ar 1973

Áit chónaithe: Tehran

Áit oibre: Ceanncheathrú Press TV, Tehran

Inscne: fireann

Stiúrthóir an tSeomra Nuachta le Press TV. Iarléiritheoir sinsearach le Press TV.

Freagrach as admhálacha éigeantacha ó choinneálaithe a léiriú agus a chraoladh, lena n-áirítear iriseoirí, gníomhaithe polaitiúla agus daoine ar de ghrúpaí mionlaigh Choirdíneacha agus Arabacha iad, lena sáraítear cearta a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le triail chóir agus próis chuí a fháil. Ghearr an rialtóir craolacháin neamhspleách OFCOM fíneáil GBP 100 000 ar Press TV sa Ríocht Aontaithe as admháil éigeantach ón iriseoir agus scannánóir Iaránach-Cheanadach Maziar Bahari a chraoladh in 2011, a scannánaíodh sa phríosún agus Bahari faoi éigeantas. Tá sé tuairiscithe ag ENRanna gur tharla cásanna eile d’admhálacha éigeantacha a chraol Press TV. Tá baint ag Emadi, dá bhrí sin, le sárú a dhéanamh ar an gceart chun próise cuí agus triail chóir a fháil.

12.3.2013

86.

MUSAVI-TABAR Seyyed Reza

Áit bhreithe: Jahrom (an Iaráin)

Dáta breithe: 1964

Inscne: fireann

Iarcheann na hOifige Ionchúisimh Réabhlóide Shiraz. Freagrach as gabháil mhídhleathach agus as drochíde a thabhairt do ghníomhaithe polaitiúla, d’iriseoirí, do chosantóirí chearta an duine, do lucht Baha’i agus do phríosúnaigh choinsiasa, a ndearnadh ciapadh, céasadh, diancheistiú orthu agus ar diúltaíodh rochtain ar dhlíodóirí agus ar phróis chuí dóibh. Shínigh Musavi-Tabar orduithe breithiúnacha sa Lárionad Coinneála Uimh. 100 (príosún fireann), a bhfuil míchlú air, lena n-áirítear ordú chun príosúnach baineann Baha’i Raha Sabet a choinneáil ar feadh trí bliana i ngaibhniú aonair.

12.3.2013

87.

KHORAMABADI Abdolsamad

Inscne: fireann

Leas-Stiúrthóir um Maoirseacht Bhreithiúnach (ón 13 Deireadh Fómhair 2018). Iarcheannaire an ‘Commission to Determine the Instances of Criminal Content’, eagraíocht rialtais atá i gceannas ar chinsireacht ar líne agus ar chibearchoireacht. Faoina cheannaireacht, shainigh an Coimisiún ‘cibearchoireacht’ le líon catagóirí doiléire lena ndéantar cruthú agus foilsiú ábhair a mheasann an réimeas a bheith míchuí a choiriúlú. Bhí sé freagrach as cur faoi chois agus as bac a chur ar go leor láithreán gréasáin de chuid an fhreasúra, ar nuachtáin leictreonacha, blaganna, láithreáin ghréasáin de chuid eagraíochtaí neamhrialtasacha um chearta an duine agus ar Google agus Gmail ó mhí Mheán Fómhair 2012. Bhí páirt ghníomhach aige féin agus ag an gCoimisiún i mbás an bhlagálaí Sattar Beheshti i mí na Samhna 2012 agus é faoi choinneáil. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún a raibh sé mar cheannaire air freagrach go díreach as sáruithe sistéamacha ar chearta an duine, go háirithe trí rochtain an phobail i gcoitinne ar shuíomhanna gréasáin a thoirmeasc agus a scagadh agus, ó am go chéile, rochtain ar an idirlíon a dhíchumasú go hiomlán.

12.3.2013”;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

Cibear-phóilíní

Suíomh: Tehran (an Iaráin)

Suíomh gréasáin: http://www. cyberpolice.ir

Is aonad é an Iranian Cyber Police, a bunaíodh in Eanáir 2011, den Islamic Republic of Iran Police, atá faoi cheannas Vahid Majid. Ón am a bunaíodh é go dtí go luath sa bhliain 2015 bhí sé faoi cheannas Esmail Ahmadi-Moqaddam (liostaithe). Chuir Ahmadi-Moqaddam i dtreis go rachadh an Cyber Police i ngleic le grúpaí frith-réabhlóideacha agus easaontacha a d’úsáid líonraí sóisialta idirlíon-bhunaithe in 2009 chun agóidí a spreagadh i gcoinne atoghadh an Uachtaráin Mahmoud Ahmadinejad. I mí Eanáir 2012, d’eisigh an Cyber Police treoirlínte nua do chaiféanna idirlín, lenar ceanglaíodh ar úsáideoirí faisnéis phearsanta a chur ar fáil a choinneodh úinéirí caifé ar feadh sé mhí, chomh maith le taifead de na suíomhanna gréasáin ar thug siad cuairt orthu. Ceanglaítear freisin leis na rialacha sin ar úinéirí caifé ceamaraí teilifíse ciorcaid iata a shuiteáil agus na taifeadtaí a choinneáil ar feadh sé mhí. Leis na rialacha nua sin, d’fhéadfaí logleabhar a chruthú a bhféadfadh na húdaráis úsáid a bhaint as chun gníomhaithe nó éinne a mheasfaí a bheith ina bhagairt don tslándáil náisiúnta a rianú.

I mí an Mheithimh 2012, thuairiscigh meáin na hIaráine go mbeadh cniogbheartaíocht á seoladh ag an Cyber Police ar líonraí príobháideacha fíorúla (VPNanna). An 30 Deireadh Fómhair 2012, ghabh an Cyber Police an blagálaí Sattar Beheshti gan bharántas as ‘ghníomhaíochtaí i gcoinne na slándála náisiúnta ar líonraí sóisialta agus Facebook’. Bhí rialtas na hIaráine cáinte ag Beheshti ina bhlag. Fuarthas Beheshti marbh ina chill phríosúin an 3 Samhain 2012, agus creidtear go ndearna údaráis an Cyber Police é a chéasadh chun báis. Tá an Cyber Police freagrach as Riarthóirí Ghrúpa Telegram iomadúla a ghabháil i dtaca leis na hagóidí ar fud na tíre i mí na Samhna 2019.

12.3.2013”