8.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/572 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/127 a mhéid a bhaineann le dáta chur chun feidhme forálacha áirithe de

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos, ceanglais shonracha comhdhéanaimh le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáit próitéine. Foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 go mbeidh feidhm ag a fhorálacha maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine ón 22 Feabhra 2021.

(2)

Ceadaíodh hidrealasáití próitéine a úsáid i mbainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach faoi Threoir 2006/141/CE (3). Sa tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“Údarás”) maidir le comhdhéanamh fíor-riachtanach bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, mar sin féin, (4), thug an tÚdarás dá aire nach mór sábháilteacht agus oiriúnacht gach foirmle shonrach ina bhfuil hidrealasáití próitéine a bhunú trí bhíthin meastóireacht chliniciúil.

(3)

Ní bhfuair ach foirmle amháin atá ar an margadh faoi láthair measúnú dearfach ón Údarás go dtí seo. Comhfhreagraíonn a chomhdhéanamh do na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127.

(4)

Tá measúnú á dhéanamh ag an Údarás faoi láthair ar shábháilteacht agus oiriúnacht roinnt comhdhéanamh eile, a chomhfhreagraíonn d’fhoirmlí atá curtha ar an margadh go dlíthiúil i gcomhréir le Treoir 2006/141/CE.

(5)

Féadfar na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 a nuashonrú le go bhféadfar foirmle a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine a bhfuil comhdhéanamh ag baint leis atá éagsúil leis an gcomhdhéanamh a ndearnadh measúnú dearfach air a chur ar an margadh, tar éis don Údarás meastóireacht cás ar chás a dhéanamh ar a sábháilteacht agus a n-oiriúnacht

(6)

De dheasca phaindéim COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte a bhaineann léi, mar sin féin, bhí moill ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh ar an bhfoirmle a bhfuil meastóireacht á déanamh uirthi ag an Údarás faoi láthair.

(7)

Chun míshocrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh a sheachaint, is gá cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine a chur siar ar feadh tréimhse ama a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar an meastóireacht a rinne an tÚdarás a chúiteamh.

(8)

I bhfianaise an ghá le míshocrachtaí sa mhargadh a sheachaint, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“I gcomhréir le hAirteagal 20(4) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, aisghairtear Treoir 2006/141/CE le héifeacht ón 22 Feabhra 2020. Beidh feidhm ag Treoir 2006/141/CE, mar sin féin, go dtí an 21 Feabhra 2022 maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine”

(2)

In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2020, ach amháin i leith bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine, a mbeidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2022.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha i ndáil le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin agus a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le faisnéis a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí óga (IO L 25, 2.2.2016, lch. 1).

(3)  Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach agus lena leasaítear Treoir 1999/21/CE (IO L 401, 30.12.2006, lch. 1).

(4)  Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí), 2014. Tuairim Eolaíoch maidir le comhdhéanamh riachtanach bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach. Iris EPSA 2014;12(7):3760.