6.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 116/1


RIALACHÁN (AE) 2021/557 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá géarchéim COVID-19 ag déanamh difear ollmhór do dhaoine, do chuideachtaí, do chórais sláinte agus do gheilleagair na mBallstát. Ina theachtaireacht an 27 Bealtaine 2020 dar teideal “Europe's Moment: Repair and Prepare for the Next Generation” [Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile], chuir an Coimisiún i bhfáth go leanfaidh leachtacht agus rochtain ar mhaoiniú de bheith ina ndúshláin sna míonna atá le teacht. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht a thabhairt don téarnamh ón suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis trí leasuithe dírithe ar an reachtaíocht airgeadais atá ann cheana a thabhairt isteach.

(2)

An suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch a lean as paindéim COVID-19 agus na bearta srianta eisceachtúla a bhí ag teastáil, tá tionchar forleathan acu ar an ngeilleagar. Tá ar ghnólachtaí aghaidh a thabhairt ar bhriseadh i slabhraí soláthair, ar dhúnadh sealadach agus ar éileamh laghdaithe, agus tá aghaidh á tabhairt ag teaghlaigh san am céanna ar an dífhostaíocht agus ar laghdú ioncaim. Tá gníomhaíocht fhorleathan déanta ag údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun tacú le teaghlaigh agus le gnóthais shócmhainneacha chun an fód a sheasamh in aghaidh an mhoillithe ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, rud atá géar ach sealadach, agus in aghaidh an ghanntanais leachtachta a tháinig chun cinn dá bharr.

(3)

Tá sé tábhachtach go n-úsáidfidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (institiúidí) a gcaipiteal san áit is mó a mbeidh sé de dhíth, agus go n-éascófar an méid sin, le creat rialála an Aontais, le linn dóibh déanamh amhlaidh agus go n-áiritheofar leis, san am céanna, go ngníomhóidh na hinstitiúidí go stuama. I dteannta na solúbthachta dá bhforáiltear leis na rialacha atá ann cheana, d’áiritheofaí, le hathruithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), go ndéanfaí foráil le creat urrúsúcháin an Aontais maidir le huirlis bhreise chun téarnamh eacnamaíoch an Aontais a chothú tar éis ghéarchéim COVID-19.

(4)

Cúinsí urghnácha ghéarchéim COVID-19 agus a mhéad atá na dúshláin a ghabhann léi, dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ba iad a spreag an glao ar ghníomhaíocht láithreach chun a áirithiú go mbeadh na hinstitiúidí in ann cistí leordhóthanacha a dhíriú ar ghnólachtaí, ionas go gcuideofar leo maolú a dhéanamh ar an ngéarchéim eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi.

(5)

De bharr ghéarchéim COVID-19, tá riosca ann go dtiocfaidh méadú ar líon na neamhchosaintí neamhthuillmheacha (NPEnna), agus tá gá níos mó go ndéanfadh institiúidí a NPEnna a bhainistiú agus aghaidh a thabhairt orthu. Bealach amháin gur féidir le hinstitiúidí déanamh amhlaidh ná a NPEnna a thrádáil ar an margadh trí urrúsú. Ina theannta sin, sa chomhthéacs reatha, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar rioscaí a scaradh ó na codanna den chóras airgeadais a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo agus go ndéanfaidh iasachtóirí seasaimh a gcaipitil a neartú. Bealach amháin chun é sin a bhaint amach ná an t-urrúsú sintéiseach, mar aon le, mar shampla, cistí dílse nua a thiomsú.

(6)

Níor cheart eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin (SSPEnna) a bhunú ach i dtríú tíortha nach bhfuil liostaithe ag an Aontas (5) ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, agus ar nuashonruithe air (Iarscríbhinn I), nó i liosta na dtríú tíortha ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcórais maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac. In Iarscríbhinn II maidir leis an Staid reatha i dtaca leis an gcomhar leis an Aontas i ndáil le gealltanais arna nglacadh ag dlínsí comhoibríocha chun prionsabail an dea-rialachais cánach a chur chun feidhme, tuairiscítear ar staid reatha na bpléití le tríú tíortha comhoibríocha áirithe, a bhfuil cleachtais dhochracha chánach i bhfeidhm ag cuid acu. Ba cheart é a bheith mar thoradh ar phléití den sórt sin go ndéanfaí cleachtais dhochracha chánach a fhoirceannadh go tráthúil chun srianta a bheidh ann amach anseo ar bhunú SSPEnna a sheachaint.

(7)

Chun acmhainneacht na n-údarás náisiúnta a athneartú maidir le seachaint cánach a chomhrac, ba cheart d’infheisteoir fógra a thabhairt d’údaráis chánach inniúla an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air chun críoch cánach aon uair atá sé le hinfheistiú in SSPE arna bhunú, tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i ndlínse a luaitear in Iarscríbhinn II chun córas cánach dochrach a oibriú. Féadfar úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin chun a mheasúnú an mbaineann an t-infheisteoir tairbhe chánach as.

(8)

Mar a luaigh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), sa Tuairim uaidh maidir le Láimhseáil Rialála na nUrrúsuithe Neamhchosaintí Neamhthuillmheacha (7), maidir leis na rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní a thacaíonn le hurrúsuithe NPE, is rioscaí iad atá éagsúil go heacnamaíoch ó na rioscaí a bhaineann le hurrúsuithe sócmhainní tuillmheacha. Déantar NPEnna a urrúsú ar lascaine ar an luach ainmniúil nó ar an luach gan íoc atá orthu agus léirítear leo measúnú an mhargaidh, inter alia, ar an dóchúlacht go ndéanfaidh oibriú amach an fhiachais sreafaí airgid leordhóthanacha agus aisghabháil sócmhainní a ghiniúint. Dá bhrí sin, is é an riosca atá ann d’infheisteoirí ná nach nginfear, le hoibriú amach an fhiachais i leith na sócmhainní, sreafaí airgid agus aisghabháil sócmhainní atá leordhóthanach chun an glanluach ar a ceannaíodh na NPEnna a chumhdach. Dá bhrí sin, ní hionann an riosca iarbhír caillteanais d’infheisteoirí agus luach ainmniúil na punainne, ach is ionann é agus an luach lascainithe, eadhon, luach atá glan ón lascaine praghais ar a n-aistrítear na sócmhainní foluiteacha. Dá bhrí sin, i gcás urrúsuithe NPE, is iomchuí méid na coinneála riosca a ríomh ar bhonn an luacha lascainithe sin.

(9)

Leis an gceanglas maidir le coinneáil riosca, déantar leasanna na dtionscnóirí, na n-urraitheoirí agus na n-iasachtóirí bunaidh a bhfuil baint acu le hurrúsú a ailíniú le leasanna na n-infheisteoirí. Go hiondúil, maidir le hurrúsuithe na sócmhainní tuillmheacha, is é leas an tionscnóra an leas forleathan ar an taobh díola de, agus is minic gurb é an tionscnóir an t-iasachtóir bunaidh freisin. Maidir le hurrúsuithe NPE, áfach, féachann tionscnóirí leis na sócmhainní a mhainnigh a scaradh óna gcláir chomhardaithe, toisc go bhféadfadh sé nár mhian leo a bheith bainteach leo a thuilleadh ar bhealach ar bith. I gcásanna den sórt sin, is ag seirbhíseoir na sócmhainní a bheidh leas níos mó in oibriú amach an fhiachais i leith na sócmhainní agus in aisghabháil an luacha.

(10)

Roimh ghéarchéim airgeadais 2008, lean roinnt gníomhaíochtaí urrúsúcháin samhail “tionscain agus dáileadh”. Leis an tsamhail sin, roghnaíodh sócmhainní ar cháilíocht níos ísle le haghaidh urrúsú, rud a chuaigh chun dochair d’infheisteoirí a raibh, sa deireadh, níos mó riosca acu ná mar a bheartaigh siad. Chun cleachtais den sórt sin a chosc sa todhchaí, tugadh isteach ceanglas chun fíorú a dhéanamh ar na caighdeáin deonaithe creidmheasa a úsáidtear i gcruthú na sócmhainní urrúsaithe. Maidir le hurrúsuithe NPE, áfach, is beag an tábhacht a ghabhann leis na caighdeáin deonaithe creidmheasa is infheidhme tráth a thionscnaítear na sócmhainní urrúsaithe de bharr na n-imthosca sonracha, lena n-áirítear ceannachán na sócmhainní neamhthuillmheacha sin agus an cineál urrúsaithe. Ina ionad sin, is toisc níos tábhachtaí i leith infheistíochtaí in urrúsuithe NPE é caighdeáin fhónta a chur i bhfeidhm i roghnú agus praghsáil na neamhchosaintí. Dá bhrí sin, is gá leasú a dhéanamh ar fhíorú na gcaighdeán deonaithe creidmheasa chun go mbeidh an t-infheisteoir in ann dícheall cuí a dhéanamh maidir le caighdeán agus feidhmíocht na sócmhainní neamhthuillmheacha chun cinneadh infheistíochta a dhéanamh atá ciallmhar agus eolach, agus á áirithiú ag an am céanna nach mbainfear mí-úsáid as an maolú sin. Dá bhrí sin, maidir le hurrúsú NPE, ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán fónta le haghaidh roghnú agus phraghsáil na neamhchosaintí.

(11)

Is é atá i gceist le hurrúsuithe sintéiseacha an riosca creidmheasa a bhaineann le sraith iasachtaí a aistriú, ar iasachtaí móra corparáideacha nó iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad go hiondúil, trí bhíthin comhaontú cosanta creidmheasa lena gceannaíonn an tionscnóir cosaint chreidmheasa ón infheisteoir. Baintear cosaint chreidmheasa den sórt sin amach trí ráthaíochtaí airgeadais nó díorthaigh chreidmheasa a úsáid ach fágtar úinéireacht na sócmhainní leis an tionscnóir agus ní aistrítear í chuig SSPE, mar is amhlaidh d’urrúsuithe traidisiúnta. Geallann an tionscnóir, mar cheannaitheoir cosanta, go ndéanfaidh sé préimh cosanta creidmheasa a íoc, rud a ghineann an toradh d’infheisteoirí. Dá réir sin, geallann an t-infheisteoir, mar dhíoltóir cosanta, go ndéanfaidh sé íocaíocht shonrach cosanta creidmheasa a íoc i gcás ina dtarlaíonn teagmhas creidmheasa réamhchinntithe.

(12)

Ba cheart maolú iomchuí a dhéanamh ar chastacht iomlán na struchtúr urrúsúcháin agus ar na rioscaí a bhaineann leo agus níor cheart aon dreasachtaí rialála a sholáthar do thionscnóirí a d’fhágfadh go roghnóidís urrúsuithe sintéiseacha in áit urrúsuithe traidisiúnta. Dá bhrí sin, maidir leis na ceanglais le haghaidh urrúsuithe atá simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe (STS) laistigh den chlár comhardaithe, ba cheart dóibh a bheith thar a bheith comhsheasmhach le critéir STS le haghaidh urrúsuithe fíordhíolacháin traidisiúnta.

(13)

Tá ceanglais áirithe ann le haghaidh urrúsuithe traidisiúnta STS nach bhfuil oiriúnach d’urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe de bharr difríochtaí bunúsacha idir an dá chineál urrúsaithe sin, go háirithe mar gheall ar an bhfíoras go mbaintear an t-aistriú riosca amach in urrúsuithe sintéiseacha trí chomhaontú cosanta creidmheasa in ionad na sócmhainní foluiteacha a dhíol. Dá bhrí sin, ba cheart critéir STS a oiriúnú, i gcás inar gá, chun na difríochtaí sin a chur san áireamh. Thairis sin, is gá sraith ceanglas nua a thabhairt isteach, ar ceanglais iad a bhaineann go sonrach le hurrúsuithe sintéiseacha, chun a áirithiú, le creat STS, go ndíreofar ar urrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe, agus orthu sin amháin, agus go ndéanfar an comhaontú cosanta creidmheasa a struchtúrú chun seasamh an tionscnóra agus an infheisteora araon a chosaint go leordhóthanach. Leis an tacar nua ceanglas sin, ba cheart go bhféachfaí le haghaidh a thabhairt ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí don tionscnóir agus don infheisteoir araon.

(14)

Is é ba cheart a bheith mar chuspóir ag aistriú riosca creidmheasa ná na neamhchosaintí arna dtionscnú nó arna gceannach ag institiúid atá á rialú ag an Aontas, atá laistigh dá croí-ghníomhaíochtaí gnó i ndáil le hiasachtú agus atá á gcoinneáil laistigh dá clár comhardaithe nó, i gcás struchtúr grúpa, dá clár comhardaithe comhdhlúite ar dháta deiridh an idirbhirt. Leis an gceanglas sin ar an tionscnóir i ndáil leis na neamhchosaintí urrúsaithe a choinneáil laistigh den chlár comhardaithe, ba cheart urrúsuithe arbatráiste a eisiamh ó raon feidhme lipéad STS.

(15)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí ailíniú ar leasanna na dtionscnóirí, na n-urraitheoirí agus na n-iasachtóirí bunaidh a bhfuil baint acu le hurrusú. Leis an gceanglas maidir le coinneáil riosca a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2402, a bhfuil feidhm aige maidir le gach cineál urrúsaithe, rannchuidítear le hailíniú a dhéanamh ar na leasanna sin. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglas den sórt sin freisin maidir le hurrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe. Ar a laghad, ba cheart don tionscnóir, don urraitheoir nó don iasachtóir bunaidh glanleas eacnamaíoch ábhartha nach lú ná 5 % a choinneáil, ar bhonn leanúnach, san urrúsú. D’fhéadfadh údar cuí a bheith le cóimheasa coinneála riosca níos airde agus tugadh faoi deara iad sa mhargadh cheana.

(16)

Ba cheart don tionscnóir a áirithiú nach ndéanfaidh sé an riosca creidmheasa céanna a fhálú níos mó ná uair amháin trí chosaint chreidmheasa a fháil sa bhreis ar an gcosaint chreidmheasa arna soláthar le hurrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe. Chun stóinseacht an chomhaontaithe cosanta creidmheasa a áirithiú, ba cheart dó na ceanglais maidir le maolú riosca creidmheasa a leagtar síos in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chomhlíonadh, ceanglais nach mór a bheith comhlíonta ag institiúidí a bhfuil aistriú riosca suntasach á lorg acu trí urrúsú sintéiseach.

(17)

D’fhéadfadh amúchadh neamhsheicheamhach a bheith ina ghné d’urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe chun nach mbeadh costais dhíréireacha ann maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha a chosaint ná maidir le forbairt na punnaine. Le truicir áirithe a bhaineann le feidhmíocht, ba cheart cur i bhfeidhm an amúchta sheicheamhaigh a chinneadh chun a áirithiú nach ndearnadh amúchadh cheana féin ar na tráinsí lena soláthraítear cosaint chreidmheasa i gcás ina dtarlaíonn caillteanais shuntasacha ag deireadh na hidirbhearta, lena n-áirithítear, ar an gcaoi sin, nach ndéanfar an bonn a bhaint d’aistriú riosca suntasach.

(18)

Chun coinbhleachtaí idir an tionscnóir agus an t-infheisteoir a sheachaint, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ó thaobh raon feidhme na cosanta creidmheasa a cheannaítear le haghaidh neamhchosaintí foluiteacha, le cosaint chreidmheasa den sórt sin, ba cheart tagairt a dhéanamh d’oibleagáidí tagartha a shainaithnítear go soiléir, as a n-eascraíonn na neamhchosaintí foluiteacha, ar oibleagáidí iad atá ar eintitis nó oibleagáideoirí a shainaithnítear go soiléir. Dá bhrí sin, ba cheart na hoibleagáidí tagartha, ar ina leith a cheannaítear an chosaint, a shainaithint go soiléir i gcónaí, trí chlár tagartha, agus ba cheart iad a choinneáil cothrom le dáta. Ba cheart don cheanglas sin a bheith ina chuid indíreach de na critéir lena sainítear urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe agus lena n-eisiatar urrúsú arbatráiste ó chreat STS.

(19)

Le teagmhais chreidmheasa lena spreagtar íocaíochtaí faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa, ba cheart a áireamh iontu, ar a laghad, na teagmhais sin dá dtagraítear i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is teagmhais aitheanta agus inaitheanta iad teagmhais den sórt sin ó thaobh an mhargaidh de agus ba cheart a áirithiú leo comhsheasmhacht leis an gcreat stuamachta. Le bearta staonta, arb é atá iontu lamháltais i leith féichiúnaí a bhfuil deacrachtaí aige nó a mbeidh deacrachtaí aige a ghealltanais airgeadais a chomhlíonadh, níor cheart cosc a chur ar theagmhas cosanta creidmheasa a spreagadh.

(20)

Ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do cheart an tionscnóra, mar cheannaitheoir cosanta, íocaíochtaí tráthúla a fháil i leith caillteanais iarbhír. Dá réir sin, le doiciméadacht an idirbhirt, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le próiseas fónta agus trédhearcach um réiteach díospóidí chun caillteanais iarbhír sa phunann tagartha a chinneadh, ionas nach ndéanfar gearríocaíochtaí leis an tionscnóir. Ós rud é go bhféadfadh próiseas fada a bheith ag baint leis na caillteanais a oibriú amach agus chun a áirithiú go ndéanfar íocaíochtaí tráthúla leis an tionscnóir, ba cheart íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh ar a dhéanaí 6 mhí tar éis do theagmhas creidmheasa tarlú. Thairis sin, ba cheart sásra coigeartaithe deiridh a bheith ann chun a áirithiú go gcumhdófar na caillteanais iarbhír leis na híocaíochtaí eatramhacha agus chun cosc a chur ar na caillteanais eatramhacha sin ró-íocaíocht a dhéanamh, rud a rachadh chun dochair d’infheisteoirí. Leis an sásra socraíochta caillteanais, ba cheart a shonrú go soiléir freisin an uastréimhse fadaithe ar cheart feidhm a bheith aici maidir leis an bpróiseas chun na neamhchosaintí sin a oibriú amach agus níor cheart tréimhse fadaithe den sórt sin a bheith níos faide ná 2 bhliain. Leis an sásra socraíochta caillteanais sin, ba cheart éifeachtúlacht an chomhaontaithe cosanta creidmheasa a áirithiú ó thaobh an tionscnóra de, agus ba cheart cinnteacht dhlíthiúil a sholáthar d’infheisteoirí maidir le dáta foirceanta na hoibleagáide atá orthu íocaíochtaí a dhéanamh, agus ba cheart, dá bhrí sin, rannchuidiú le margadh dea-fheidhmiúil.

(21)

Is cleachtas forleathan margaidh é gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a bheith ann, cleachtas a chuireann feabhas ar an gcinnteacht dhlíthiúil do gach páirtí atá páirteach in idirbheart, agus, ar an gcaoi sin, a laghdaíonn an dóchúlacht go mbeidh agóidí agus dlíthíocht ann a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar an bpróiseas leithdháilte caillteanais. Chun feabhas a chur ar fhóntacht shásra socraíochta caillteanais an idirbhirt, ba cheart gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a cheapadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chirte agus cruinneas gnéithe áirithe den chosaint chreidmheasa i gcás inar spreagadh teagmhas creidmheasa.

(22)

Ba cheart préimheanna cosanta creidmheasa a bheith ag brath ar mhéid gan íoc agus riosca creidmheasa an tráinse chosanta, agus orthu sin amháin. Níor cheart préimheanna neamh-theagmhasacha a cheadú in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe toisc go bhféadfaí úsáid a bhaint astu chun an bonn a bhaint den aistriú riosca iarbhír ón tionscnóir, mar cheannaitheoir cosanta, chuig díoltóirí cosanta. Ba cheart cosc a chur ar shocruithe eile freisin, amhail íocaíochtaí préimhe tosaigh, sásraí lacáiste nó struchtúir phréimhe atá róchasta, le haghaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe.

(23)

Chun cobhsaíocht agus leanúnachas cosanta creidmheasa a áirithiú, níor cheart don tionscnóir a bheith in ann urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe a fhoirceannadh go luath ach amháin i gcúinsí áirithe teoranta, dea-shainithe. Cé gur cheart don tionscnóir a bheith i dteideal clabhsúr a chur ar an gcosaint chreidmheasa go luath i gcás ina dtarlaíonn eachtraí rialála sonraithe áirithe, ba cheart athruithe iarbhír ar reachtaíocht nó ar chánachas a bheith i gceist leis na teagmhais sin, ar athruithe iad nárbh fhéidir a thuar go réasúnta an tráth a rinneadh an t-idirbheart agus a bhfuil éifeacht ábhartha dhíobhálach acu ar cheanglais chaipitil an tionscnóra nó ar eacnamaíocht an idirbhirt i gcoibhneas le hionchais na bpáirtithe an tráth sin. Níor cheart clásail glaonna chasta don tionscnóir a bheith ina ngnéithe d’urrúsuithe STS laistigh den chlár chomhardaithe, go háirithe glaonna-ama gearrthréimhse arb é is aidhm dóibh léiriú sheasamh a gcaipitil a athrú go sealadach de réir an cháis.

(24)

Is gné choitianta é barrachas an raoin difríochta shintéisigh i gcineálacha áirithe idirbheart, agus is sásra é a chuidíonn le hinfheisteoirí agus le tionscnóirí araon, chun laghdú a dhéanamh ar chostas na cosanta creidmheasa agus ar an neamhchosaint atá i mbaol, faoi seach. I dtaca leis sin, tá barrachas an raoin difríochta shintéisigh riachtanach le haghaidh roinnt aicmí sonracha de shócmhainní miondíola, amhail FBManna agus iasachtú tomhaltóirí, lena mbaineann táirgeacht agus caillteanais chreidmheasa níos airde ná aicmí sócmhainne eile, agus a ndéanann na neamhchosaintí urrúsaithe barrachas an raoin difríochta a ghiniúint ina leith chun na caillteanais sin a chumhdach. Mar sin féin, i gcás méid barrachais an raoin difríochta shintéisigh atá faoi réir sheasamh an infheisteora a bheith ró-ard, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon chaillteanais ar an infheisteoir sna suíomhanna urrúsúcháin in aon chás réadúil, rud a d’fhágfadh nach mbeadh aistriú riosca iarbhír mar thoradh air. Chun cúiseanna imní maoirseachta a mhaolú agus chun an ghné struchtúrach sin a chaighdeánú tuilleadh, tá sé tábhachtach critéir dhochta le haghaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe a shonrú agus nochtadh iomlán a áirithiú maidir le húsáid bharrachais an raoin difríochta shintéisigh.

(25)

Níor cheart ach do chomhaontuithe cosanta creidmheasa d’ardchaighdeán a bheith incháilithe le haghaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár chomhardaithe. Ba cheart cosaint chreidmheasa neamhchistithe a áirithiú trí raon feidhme na soláthraithe cosanta creidmheasa incháilithe a theorannú do na heintitis sin atá ina soláthraithe incháilithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a aithnítear mar chontrapháirtithe a bhfuil ualú riosca de 0 % acu i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí den Rialachán sin. I gcás cosaint chreidmheasa chistithe, ba cheart ceart a bheith ag an tionscnóir, mar cheannaitheoir cosanta, agus ag na hinfheisteoirí, mar dhíoltóirí cosanta, dul ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán, lenar cheart tagairt a dhéanamh do chomhthaobhacht d’aon chineál dá bhféadfaí ualú riosca de 0 % a shannadh faoin gCaibidil sin, faoi réir socruithe taiscí nó coimeádta iomchuí. I gcás ina ndéantar an chomhthaobhacht a sholáthar i bhfoirm airgead tirim, ba cheart í a choinneáil in institiúid creidmheasa tríú páirtí nó i dtaisce le ceannaitheoir na cosanta, a bheadh faoi réir seasamh íosta maidir le cáilíocht creidmheasa sa dá chás.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla a ainmniú a bheadh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na ceanglais nach mór don urrúsú sintéiseach a chomhlíonadh chun a bheith incháilithe le haghaidh ainmniú STS. D’fhéadfadh sé gurb ionann an t-údarás inniúil agus an t-údarás a ainmnítear chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtionscnóirí, na n-urraitheoirí agus SSPEnna leis na ceanglais nach mór d’urrúsuithe traidisiúnta a chomhlíonadh chun ainmniú STS a fháil. Mar a bhí amhlaidh i gcás na n-urrúsuithe traidisiúnta, d’fhéadfadh údarás inniúil den sórt sin a bheith éagsúil ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtionscnóirí, na n-iasachtóirí bunaidh, SSPEnna, na n-urraitheoirí agus na n-infheisteoirí leis na hoibleagáidí stuamachta a leagtar síos in Airteagail 5 go 9 de Rialachán (AE) 2017/2402, comhlíontacht a cuireadh de chúram go sonrach ar na húdaráis inniúla atá i gceannas ar mhaoirseacht stuamachta a dhéanamh ar na hinstitiúidí airgeadais ábhartha, mar gheall ar ghné stuamachta na n-oibleagáidí sin.

(27)

Chun iarmhairtí diúltacha ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, ba cheart formaoirseacht stuamachta iomchuí ar an macraileibhéal a bheith ag gabháil le tabhairt isteach creata shonraigh maidir le hurrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe. Go sonrach, ba cheart don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), faireachán a dhéanamh ar na rioscaí macrastuamachta a ghabhann le hurrúsú sintéiseach agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh i dtaobh an ndéantar iad a scaradh go leordhóthanach ón gcuid shistéamach den chóras airgeadais.

(28)

Chun ceanglais trédhearcachta a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a chomhtháthú i Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE tuarascáil a fhoilsiú i ndáil le creat sonrach maidir le hurrúsú inbhuanaithe a fhorbairt, i ndlúthchomhar leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC), a bunaíocht le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Leis an tuarascáil sin, ba cheart measúnú cuí a dhéanamh, go háirithe, ar thosca inbhuanaitheachta a thabhairt isteach, ar cheanglais maidir le nochtadh comhréireach agus dícheall cuí a chur chun feidhme, ar inneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair faisnéise maidir le drochthionchair chomhshaoil agus shóisialta agus drochthionchair a bhaineann le rialachas, agus ar aon tionchair ionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ar chobhsaíocht airgeadais agus ar uas-scálú ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais agus ar acmhainneacht iasachtaithe bainc. Bunaithe ar an tuarascáil sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le creat sonrach maidir le hurrúsú inbhuanaithe a chruthú, in éineacht le togra reachtach, más iomchuí.

(29)

Maidir le nochtadh d’infheisteoirí i ndáil le rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú agus i ndáil le tionchair dhíobhálacha inbhuanaitheachta ar chinnteoireacht a mheas, níl siad forbartha go leordhóthanach toisc nach bhfuil nochtadh den sórt sin faoi réir ceanglais chomhchuibithe go fóill. De bhun Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), tá sé d’oibleagáid ar mhonaróirí táirgí airgeadais agus ar chomhairleoirí airgeadais d’infheisteoirí deiridh dhrochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh, agus a nochtadh conas a dhéantar na drochthionchair phríomha sin a chur san áireamh lena mbeartais maidir le dícheall cuí. Tá caighdeáin theicniúla rialála ag gabháil leis an nochtadh maidir le tionchair dhíobhálacha inbhuanaitheachta, caighdeáin a fhorbraítear go comhpháirteach ag ÚBE, ÚEUM agus ÚEÁPC (ar a dtugtar “na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha” go cineálach) maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise ábhartha atá le nochtadh faoi Rialachán (AE) 2019/2088. Ba cheart an rogha a bheith ag tionscnóirí urrúsuithe STS freisin faisnéis shonrach a nochtadh maidir le drochthionchair ar thosca inbhuanaitheachta a mheas, agus aird ar leith á tabhairt ar an aeráid agus ar thionchair eile chomhshaoil agus shóisialta agus ar thionchair eile a bhaineann le rialachas. Chun nochtadh faisnéise a chomhchuibhiú agus chun comhsheasmhacht idir Rialachán (AE) 2019/2088 agus Rialachán (AE) 2017/2404 a áirithiú, ba cheart do Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, trí chur leis an obair atá déanta acu a mhéid is féidir i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2019/2088 agus tríd an obair sin a chur in oiriúint do shainiúlachtaí urrúsuithe, i gcás inar gá agus inarb ábhartha.

(30)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat urrúsúcháin STS a leathnú go dtí urrúsú sintéiseach agus deireadh a chur le bacainní rialála ar urrúsú NPEnna chun acmhainneachtaí iasachtaithe a mhéadú tuilleadh gan ísliú a dhéanamh ar na caighdeáin stuamachta le haghaidh iasachtú bainc a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

(31)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/2402 a leasú dá réir sin.

(32)

I bhfianaise an ghá bearta spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 a luaithe is féidir, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2402

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(24)

ciallaíonn ‘neamhchosaint neamhthuillmheach’ nó ‘NPE’ rísíocht a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(25)

ciallaíonn ‘urrúsú NPE’ urrúsú le tacaíocht ó chomhthiomsú de neamhchosaintí neamhthuillmheacha nach lú luach ainmniúil na neamhchosaintí sin ná 90 % de luach ainmniúil iomlán an chomhthiomsaithe tráth a thionscanta agus tráth ar bith níos déanaí i gcás ina gcuirtear sócmhainní leis an gcomhthiomsú foluiteach nó i gcás ina a mbaintear iad den chomhthiomsú sin mar gheall ar athshlánú, athstruchtúrú nó aon chúis ábhartha eile;

(26)

ciallaíonn ‘comhaontú cosanta creidmheasa’ comhaontú a thugtar i gcrích idir an tionscnóir agus an t-infheisteoir chun riosca creidmheasa na neamhchosaintí urrúsaithe a aistriú ón tionscnóir chuig an infheisteoir trí bhíthin díorthaigh chreidmheasa nó ráthaíochtaí, lena ngeallann an tionscnóir méid, ar a dtugtar préimh cosanta creidmheasa, a íoc leis an infheisteoir agus lena ngeallann an t-infheisteoir méid, ar a dtugtar íocaíocht cosanta creidmheasa, a íoc leis an tionscnóir i gcás ina dtarlaíonn ceann de na teagmhais chreidmheasa a shainítear go conarthach;

(27)

ciallaíonn ‘préimh cosanta creidmheasa’ an méid atá geallta ag an tionscnóir íoc leis an infheisteoir faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa as an gcosaint chreidmheasa a gheall an t-infheisteoir;

(28)

ciallaíonn ‘íocaíocht cosanta creidmheasa’ an méid atá geallta ag an infheisteoir íoc leis an tionscnóir faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa i gcás ina dtarlaíonn teagmhas creidmheasa a shainítear sa chomhaontú cosanta creidmheasa;

(29)

ciallaíonn ‘barrachas an raoin difríochta shintéisigh’ an méid, de réir na doiciméadachta ar urrúsú sintéiseach, atá ainmnithe go conarthach ag an tionscnóir chun caillteanais na neamhchosaintí urrúsaithe a chumhdach a d’fhéadfadh tarlú roimh dháta aibíochta an idirbhirt;

(30)

ciallaíonn ‘tosca inbhuanaitheachta’ tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

(31)

ciallaíonn ‘lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha’ an difríocht idir iarmhéid gan íoc na neamhchosaintí sa chomhthiomsú foluiteach agus an praghas ag a ndíolann an tionscnóir na neamhchosaintí sin le SSPE, i gcás nach ndéantar an tionscnóir ná an t-iasachtóir bunaidh a aisíoc i leith na difríochta sin.

(*)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

liostaítear an tríú tír mar thríú tír ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

(*)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).”;"

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

liostaítear an tríú tír in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach;”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Maidir le SSPE arna bhunú, tar éis an 9 Aibreán 2021, i ndlínse a luaitear in Iarscríbhinn II chun córas cánach dochrach a oibriú, tabharfaidh an t-infheisteoir fógra faoin infheistíocht in urrúis arna n-eisiúint ag an SSPE sin d’údaráis chánach inniúla an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an infheisteoir chun críoch cánach.”;

(3)

in Airteagal 5(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

i gcás neamhchosaintí neamhthuillmheacha, go gcuirtear caighdeáin fhónta i bhfeidhm agus neamhchosaintí á roghnú agus á bpraghsáil.”;

(4)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“Agus an glanleas eacnamaíoch ábhartha á thomhas, déanfaidh an coinneálaí aon táillí a chur san áireamh a bhféadfaí úsáid a bhaint astu, i gcleachtas, chun laghdú a dhéanamh ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír.

I gcás urrúsuithe traidisiúnta NPE, féadfaidh an seirbhíseoir ceanglas na míre seo a chomhlíonadh freisin ar choinníoll gur féidir leis an seirbhíseoir a léiriú go bhfuil saineolas aige maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí atá comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe agus go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca i bhfeidhm aige atá dea-dhoiciméadaithe agus leormhaith a bhaineann le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   De mhaolú ar mhír 3, i gcás urrúsuithe NPE, i gcás inar comhaontaíodh lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha, maidir le glanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneáil chun críocha na míre sin, ní bheidh an choinneáil sin níos lú ná 5% de shuim ghlanluach na neamhchosaintí urrúsaithe a cháilíonn mar neamhchosaintí neamhthuillmheacha ná, más infheidhme, luach ainmniúil aon neamhchosaintí tuillmheacha urrúsaithe.

Déanfar glanluach na neamhchosanta neamhthuillmhí a ríomh tríd an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha, a comhaontaíodh ar leibhéal na neamhchosanta urrúsaithe aonair tráth a tionscanta nó, i gcás inarb infheidhme, sciar comhfhreagrach den lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a comhaontaíodh ar leibhéal an chomhthiomsaithe de neamhchosaintí foluiteacha tráth a tionscanta a asbhaint as luach ainmniúil na neamhchosanta nó, i gcás inarb infheidhme, as an luach gan íoc atá uirthi tráth a tionscanta. Thairis sin, chun glanluach na neamhchosaintí neamhthuillmheacha urrúsaithe a chinneadh, féadfar a áireamh leis an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha an difríocht idir méid ainmniúil thráinsí urrúsú NPE arna fhrithghealladh ag an tionscnóir chun iad a dhíol ina dhiaidh sin agus an praghas ar a ndíoltar na tráinsí sin den chéad uair le tríú páirtithe neamhghaolmara.”;

(c)

leasaítear mír 7 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(f)

na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhíreanna 3 agus 3a i gcás urrúsuithe NPE;

(g)

iarmhairt na dtáillí arna n-íoc leis an gcoinneálaí ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír de réir bhrí mhír 1.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.”;

(5)

in Airteagal 9(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir le neamhchosaintí foluiteacha a bhí ina neamhchosaintí neamhthuillmheacha tráth ar cheannaigh an tionscnóir iad ón tríú páirtí ábhartha, beidh feidhm ag caighdeáin fhónta maidir leis na neamhchosaintí a roghnú agus a phraghsáil.”;

(6)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

déanann an t-urrúsú na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 1, 2, nó 2a den Chaibidil seo a chomhlíonadh, agus tugadh fógra do ÚEUM de bhun Airteagal 27(1); agus”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 1 de Chaibidil 4:

“Ceanglais le haghaidh urrúsú traidisiúnta simplí trédhearcach caighdeánaithe neamh-ABCP”

(8)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:

“Urrúsú traidisiúnta simplí trédhearcach caighdeánaithe neamh-ABCP”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cé is moite de chláir ABCP agus d’idirbhearta ABCP, measfar gur STS iad na hurrúsuithe traidisiúnta a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 20, 21 agus 22.”;

(9)

leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh tionscnóirí, ón 1 Meitheamh 2021, cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le drochthionchair phríomha na sócmhainní arna maoiniú ag neamhchosaintí foluiteacha ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas léi:

“6.   Faoin 10 Iúil 2021, déanfaidh ÚMEnna, trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo, i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus le drochthionchair eile chomhshaoil agus shóisialta agus drochthionchair eile a bhaineann le rialachas.

I gcás inarb ábhartha, leis na dreachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar na caighdeáin theicniúla arna bhforbairt de bhun an tsainordaithe a tugadh do ÚMEnna i Rialachán (AE) 2019/2088, go háirithe in Airteagal 2a agus in Airteagal 4(6) agus (7) de, nó tarraingeofar ar na caighdeáin sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(10)

cuirtear an Roinn seo a leanas isteach:

ROINN 2a

Ceanglais le haghaidh urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe laistigh den chlár comhardaithe

Airteagal 26a

Urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe laistigh den chlár comhardaithe

1.   Measfar gur STS laistigh den chlár comhardaithe iad na hurrúsuithe sintéiseacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 26b go 26e.

2.   Féadfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, treoirlínte agus moltaí a ghlacadh, i gcomhréir le Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 26b go 26e den Rialachán seo.

Airteagal 26b

Ceanglais maidir le simplíocht

1.   Eintiteas atá údaraithe nó ceadúnaithe san Aontas a bheidh i dtionscnóir.

Tionscnóir a cheannaíonn neamhchosaintí tríú páirtí ar a chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin, cuirfidh sé i bhfeidhm beartais maidir le creidmheas, bailiúchán, fiachas a oibriú amach agus seirbhísiú a chuirtear i bhfeidhm i leith na neamhchosaintí sin atá chomh dian céanna leo sin a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm i leith neamhchosaintí inchomparáide nár ceannaíodh.

2.   Tionscnófar neamhchosaintí foluiteacha mar chuid de phríomhghníomhaíocht ghnó an tionscnóra.

3.   Tráth a dhúntar idirbheart, coinneofar na neamhchosaintí foluiteacha laistigh de chlár comhardaithe an tionscnóra nó de chuid eintitis a bhaineann leis an ngrúpa céanna lena mbaineann an tionscnóir.

Chun críocha na míre seo, is é a bheidh i ngrúpa ná ceachtar den dá rud seo a leanas:

(a)

grúpa eintiteas dlíthiúil atá faoi réir comhdhlúthú stuamachta i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d’Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE.

4.   Ní dhéanfaidh an tionscnóir a neamhchosaint ar riosca creidmheasa neamhchosaintí foluiteacha an urrúsaithe a fhálú thar an gcosaint a fhaightear tríd an gcomhaontú cosanta creidmheasa.

5.   Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, comhlíonfar na rialacha maidir le maolú riosca creidmheasa a leagtar síos in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó i gcás nach bhfuil feidhm ag an Airteagal sin, comhlíonfar na ceanglais atá chomh dian céanna le ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin.

6.   Soláthróidh an tionscnóir uiríll agus barántaí gur comhlíonadh na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá teideal dlíthiúil iomlán agus bailí ag an tionscnóir nó ag eintiteas an ghrúpa lena mbaineann an tionscnóir ar na neamhchosaintí foluiteacha agus ar na cearta coimhdeacha comhlachaithe a ghabhann leo;

(b)

i gcás inar institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an tionscnóir, nó i gcás inar gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE é, coinníonn an tionscnóir, nó eintiteas a áirítear i raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, riosca creidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha laistigh dá chlár comhardaithe;

(c)

comhlíonann gach neamhchosaint fholuiteach, ar an dáta a áirítear iad sa phunann urrúsaithe, na critéir incháilitheachta agus na coinníollacha uile le haghaidh íocaíocht cosanta creidmheasa, cé is moite de tharlú teagmhais creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e(1), i gcomhréir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa atá laistigh de dhoiciméadacht an urrúsúcháin;

(d)

chomh fada agus is eol don tionscnóir, sa chonradh maidir le gach neamhchosaint fholuiteach tá oibleagáid dhlithiúil, bhailí, cheangailteach agus in-fhorfheidhmithe ar an bhféichiúnaí na suimeanna airgid a shonraítear sa chonradh sin a íoc;

(e)

comhlíonann na neamhchosaintí foluiteacha na critéir fhrithgheallta atá chomh dian céanna leis na critéir fhrithgheallta chaighdeánacha a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe;

(f)

chomh fada agus is eol don tionscnóir, ní raibh sárú ábhartha ná mainneachtain déanta ag aon duine de na féichiúnaithe ar aon oibleagáid a bhí orthu i leith neamhchosaint fholuiteach ar an dáta a áirítear an neamhchosaint fholuiteach sin sa phunann urrúsaithe;

(g)

chomh fada agus is eol don tionscnóir, níl aon fhaisnéis bhréagach maidir le mionsonraí na neamhchosaintí foluiteacha i ndoiciméadacht an idirbhirt;

(h)

tráth a dhúntar an t-idirbheart nó nuair a dhéantar neamhchosaint fholuiteach a áireamh sa phunann urrúsaithe, níl leasú déanta ar an gconradh idir an féichiúnaí agus an t-iasachtóir bunaidh i ndáil leis an neamhchosaint fholuiteach sin ar bhealach lena ndéantar difear d’in-fhorfheidhmitheacht nó d’inbhailitheacht na neamhchosanta foluití sin.

7.   Le neamhchosaintí foluiteacha, comhlíonfar critéir incháilitheachta a bheidh réamhdhearbhaithe, soiléir agus doiciméadaithe, ar critéir iad nach lamháilfear leo bainistiú gníomhach punainne a dhéanamh ar na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach.

Chun críocha na míre seo, maidir le hionadú neamhchosaintí lena ndéantar sárú ar uiríll nó ar bharántaí nó, i gcás ina n-áirítear tréimhse athshlánaithe san urrúsú, ní mheasfar na neamhchosaintí a chuirtear leis lena gcomhlíontar na coinníollacha athshlánaithe sainithe mar bhainistiú gníomhach punainne.

Le haon neamhchosaint a chuirfear leis i ndiaidh dháta deiridh an idirbhirt, comhlíonfar critéir incháilitheachta atá chomh dian céanna leis na critéir a cuireadh i bhfeidhm le linn roghnú tosaigh na neamhchosaintí foluiteacha.

Féadfar neamhchosaint fholuiteach a dhíchur ón idirbheart sna cásanna seo a leanas maidir leis an neamhchosaint fholuiteach sin:

(a)

aisíocadh ina hiomláine í nó d’aibigh sí ar shlí eile;

(b)

diúscraíodh í le linn ghnáthchúrsa gnó an tionscnóra, ar choinníoll nach ionann an diúscairt sin agus tacaíocht intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

tá sí faoi réir leasú nach bhfuil faoi thionchar creidmheasa, amhail fiachas a athmhaoiniú nó a athstruchtúrú, agus ar leasú é a tharlaíonn le linn ghnáthchúrsa seirbhísithe na neamhchosanta foluití sin; nó

(d)

níor comhlíonadh léi na critéir incháilitheachta tráth a áiríodh í san idirbheart.

8.   Beidh tacaíocht ag an urrúsú ó chomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainní de, lena gcuirtear na saintréithe sonracha a bhaineann le sreafaí airgid an chineáil sócmhainne san áireamh, lena n-áirítear a saintréithe conarthacha, riosca creidmheasa agus réamhíocaíochta. Is aon chineál sócmhainne amháin a bheidh i gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha.

Sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh oibleagáidí atá ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe de réir conartha, ar féidir leo dul ar iontaoibh iomlán na bhféichiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, na ráthóirí.

Beidh sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe ag na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar féidir éagsúlacht a bheith ag baint le méideanna a dtráthchodanna, a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí cíosa, príomhshuime nó úis, nó le haon cheart eile maidir le hioncam a fháil ó shócmhainní lena dtugtar tacaíocht do na híocaíochtaí sin. Féadfaidh na neamhchosaintí foluiteacha fáltais a ghiniúint freisin as díolachán aon sócmhainní atá maoinithe nó atá ar léas.

Ní áireofar urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, seachas bannaí corparáideacha nach ndéantar a liostáil ar ionad trádála.

9.   Ní áireofar aon suíomhanna urrúsúcháin i neamhchosaintí foluiteacha.

10.   Déanfar na caighdeáin fhrithgheallta ar dá mbun a thionscnaítear neamhchosaintí foluiteacha agus aon athruithe ábhartha ó na caighdeáin fhrithgheallta a bhí ann roimhe sin a nochtadh go hiomlán d’infheisteoirí ionchasacha gan moill mhíchuí. Frithgheallfar na neamhchosaintí foluiteacha agus féadfar dul ar iontaoibh iomlán féichiúnaí nach SSPE é. Ní bheidh baint ag aon tríú páirtí le cinntí maidir le creidmheas nó frithghealladh a bhaineann leis na neamhchosaintí foluiteacha.

I gcás urrúsuithe inar iasachtaí cónaithe na neamhchosaintí foluiteacha, ní áireofar sa chomhthiomsú iasachtaí aon iasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir.

Leis an measúnú ar acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE nó in Airteagal 18(1) go (4), pointe (a) d’Airteagal 18(5) agus Airteagal 18(6) de Threoir 2014/17/AE nó, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.

Beidh saineolas ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh i ndáil le neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leis na neamhchosaintí a ndearnadh urrúsú orthu.

11.   Le neamhchosaintí foluiteacha, tráth a roghnófar iad, ní áireofar neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí nó ráthóir ag a bhfuil fadhbanna creidmheasa a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:

(a)

dearbhaíodh go raibh sé dócmhainneach nó gur dheonaigh cúirt ceart críochnaitheach, neamh-inachomhairc forfheidhmithe nó damáiste ábhartha dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé laistigh de 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é maidir lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha laistigh de 3 bliana roimh an dáta a rinneadh na neamhchosaintí foluiteacha a roghnú, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i)

ní raibh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint fholuiteach athstruchtúraithe ón dáta a rinneadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é nárbh fholáir dó a bheith déanta 1 bhliain amháin ar a laghad roimh an dáta ar a roghnaíodh na neamhchosaintí foluiteacha; agus

(ii)

leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an tionscnóir i gcomhréir le pointí (a) agus (e)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), leagtar amach go soiléir an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus mionsonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;

(b)

bhí sé, tráth thionscanta na neamhchosanta foluití, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach ann do chlár poiblí creidmheasa den sórt sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh; nó

(c)

tá measúnú creidmheasa nó scór creidmheasa aige lena dtugtar le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfar íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha i bhfad níos airde ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra agus nach bhfuil urrúsaithe.

12.   Beidh íocaíocht amháin ar a laghad déanta ag féichiúnaithe tráth a áireofar na neamhchosaintí foluiteacha, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

urrúsú imrothlach é an t-urrúsú, le tacaíocht ó neamhchosaintí atá iníoctha in aon tráthchuid amháin nó a bhfuil aibíocht de níos lú ná 1 bhliain amháin ag gabháil leis, lena n-áirítear íocaíochtaí míosúla gan teorannú ar chreidmheasanna imrothlacha; nó

(b)

tá an neamhchosaint ina athmhaoiniú ar neamhchosaint a áirítear san idirbheart cheana féin.

13.   Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena ndéantar sonrú breise maidir le cé na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i mír 8 a mheastar a bheith aonchineálach.

Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 26c

Ceanglais maidir le caighdeánú

1.   Comhlíonfaidh an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na ceanglais maidir le coinneáil riosca i gcomhréir le hAirteagal 6.

2.   I ndoiciméadacht an idirbhirt, tabharfar tuairisc ar an ráta úis agus ar na rioscaí airgeadra a eascraíonn as urrúsú agus ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar íocaíochtaí a dhéantar leis an tionscnóir agus leis na hinfheisteoirí. Déanfar na rioscaí sin a mhaolú go hiomchuí agus nochtfar aon bhearta a ghlactar chuige sin. Aon chomhthaobhacht lena ndaingnítear oibleagáidí an infheisteora faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa, ainmneofar í san airgeadra céanna ina n-ainmnítear an íocaíocht cosanta creidmheasa.

I gcás urrúsú lena mbaintear úsáid as SSPE, beidh méid dliteanais SSPE a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí úis do na hinfheisteoirí, ag gach dáta íocaíochta, cothrom le méid ioncam SSPE ón tionscnóir agus le haon socruithe comhthaobhachta, nó níos lú ná na méideanna sin.

Ní bheidh díorthaigh san áireamh sa chomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha ach amháin chun rioscaí maidir leis an ráta úis nó rioscaí airgeadra na neamhchosaintí foluiteacha a fhálú. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

3.   Maidir le haon íocaíochtaí ráta úis dá dtagraítear i ndáil leis an idirbheart, bunófar ar cheachtar de na nithe seo a leanas iad:

(a)

rátaí úis an mhargaidh a úsáidtear go ginearálta, nó rátaí earnála a úsáidtear go ginearálta lena léirítear na costais a bhaineann le cistí, agus nach ndéantar tagairt d’fhoirmlí casta nó do dhíorthaigh chasta leo;

(b)

ioncam a ghintear leis an gcomhthaobhacht lena ndaingnítear oibleagáidí an infheisteora faoin gcomhaontú cosanta.

Maidir le haon íocaíochtaí úis dá dtagraítear atá dlite faoi na neamhchosaintí foluiteacha, bunófar iad ar rátaí úis an mhargaidh a úsáidtear go ginearálta, nó ar rátaí earnála a úsáidtear go ginearálta lena léirítear na costais a bhaineann le cistí, agus ní dhéanfar tagairt d’fhoirmlí casta nó do dhíorthaigh chasta leo.

4.   Tar éis do theagmhas forfheidhmithe tarlú i leith an tionscnóra, ceadófar don infheisteoir gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh.

I gcás urrúsú lena mbaintear úsáid as SSPE, nuair a sheachadfar fógra um fhorfheidhmiú nó fógra um fhoirceannadh maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, ní dhéanfar aon mhéid airgid thirim a ghaistiú in SSPE thar a bhfuil riachtanach chun feidhmiú oibríochtúil an SSPE sin a áirithiú, chun íocaíocht na n-íocaíochtaí cosanta le haghaidh neamhchosaintí foluiteacha a mhainnigh atáthar fós á n-oibriú amach tráth an fhoirceanta, nó chun a áirithiú go n-aisíocfar go hordúil na hinfheisteoirí i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe.

5.   Leithdháilfear caillteanais ar shealbhóirí suíomh urrúsúcháin in ord shinsearacht na dtráinsí, ag tosú leis an tráinse is sóisearaí.

Cuirfear amúchadh seicheamhach i bhfeidhm maidir le gach tráinse chun méid gan íoc na dtráinsí a chinneadh ag gach dáta íocaíochta, ag tosú ón tráinse is sinsearaí.

De mhaolú ar an dara fomhír, áireofar ar na hidirbhearta a bhfuil tosaíocht neamhsheicheamhach íocaíochtaí ina gné díobh truicir a bhaineann le feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha a bhfuil mar thoradh leo tosaíocht íocaíochtaí lena ndéanfar íocaíochtaí seicheamhacha de réir ord sinsearachta a thabhairt ar ais i gcás an amúchta. Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sna truicir sin a bhaineann le feidhmíocht:

(a)

an méadú ar mhéid carnach na neamhchosaintí a mhainnigh nó an méadú ar na caillteanais charnacha ar mó iad ná céatadán áirithe de mhéid gan íoc na punainne foluití;

(b)

aon truicear breise siarbhreathnaitheach amháin eile; agus

(c)

aon truicear réamhbhreathnaitheach amháin.

Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le sonraíocht na dtruicear a bhaineann le feidhmíocht agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le calabrú na dtruicear sin.

Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2021.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

De réir mar a amúchfaidh tráinsí, déanfar méid áirithe na comhthaobhachta atá cothrom le méid amúchadh na dtráinsí sin a thabhairt ar ais do na hinfheisteoirí, ar choinníoll go bhfuil na tráinsí sin comhthaobhaithe ag na hinfheisteoirí.

I gcás inar tharla teagmhas creidmheasa, dá dtagraítear in Airteagal 26e, i ndáil le neamhchosaintí foluiteacha agus nár cuireadh i gcrích oibriú amach an fhiachais i leith na neamhchosaintí sin, beidh méid na cosanta creidmheasa atá fágtha ar aon dáta íocaíochta coibhéiseach le méid ainmniúil gan íoc na neamhchosaintí foluiteacha sin, ar a laghad, lúide méid aon íocaíochta eatramhaí a dhéanfar i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha sin.

6.   I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireofar forálacha iomchuí luath-amúchta nó truicir maidir leis an tréimhse imrothlach a fhoirceannadh, i gcás inar urrúsú imrothlach é urrúsú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

meath ar cháilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin;

(b)

méadú ar chaillteanais atá os cionn tairseach réamhshocraithe;

(c)

mainneachtain i dtaca le neamhchosaintí foluiteacha nua leordhóthanacha a ghiniúint lena gcomhlíontar an cháilíocht chreidmheasa réamhshocraithe laistigh de thréimhse shonraithe.

7.   I ndoiciméadacht an idirbhirt, sonrófar an méid seo a leanas go soiléir:

(a)

oibleagáidí conarthacha, dualgais chonarthacha agus freagrachtaí conarthacha an tseirbhíseora, an iontaobhaí agus na soláthraithe fosheirbhíse eile, de réir mar is infheidhme, agus an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 26e(4);

(b)

na forálacha lena n-áirithítear ionadú ar an seirbhíseoir, ar an iontaobhaí, ar na soláthraithe fosheirbhíse eile nó ar an ngníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 26e(4) i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta ceachtar de na soláthraithe seirbhíse sin, i gcás ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse sin éagsúil ón tionscnóir, ar bhealach nach gcuirfear deireadh le soláthar na seirbhísí sin;

(c)

na nósanna imeachta seirbhísithe a bhfuil feidhm acu maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ag dáta deiridh an idirbhirt agus ina dhiaidh sin agus na cúinsí faoina bhféadfar na nósanna imeachta sin a mhodhnú;

(d)

na caighdeáin sheirbhísithe a mbeidh sé d’oibleagáid ar an seirbhíseoir a chomhlíonadh agus na neamhchosaintí foluiteacha á seirbhísiú aige laistigh de shaolré iomlán an urrúsaithe.

8.   Beidh saineolas ag an seirbhíseoir maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí atá comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe agus beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca aige atá dea-dhoiciméadaithe agus leormhaith a bhaineann le neamhchosaintí a sheirbhísiú.

Cuirfidh an seirbhíseoir nósanna imeachta um sheirbhísiú i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha atá ar a laghad chomh dian céanna leis na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm ag an tionscnóir maidir le neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe.

9.   Coinneoidh an tionscnóir clár tagartha atá cothrom le dáta chun na neamhchosaintí foluiteacha a shainaithint i gcónaí. Leis an gclár sin, sainaithneofar na féichiúnaithe tagartha, na hoibleagáidí tagartha as a n-eascraíonn na neamhchosaintí foluiteacha, agus, le haghaidh gach neamhchosanta foluití, an méid ainmniúil atá cosanta agus an méid atá gan íoc.

10.   I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireofar forálacha soiléire lena n-éascaítear réiteach tráthúil ar choinbhleachtaí idir aicmí éagsúla infheisteoirí. I gcás urrúsú lena mbaintear úsáid as SSPE, saineofar cearta vótála go soiléir agus déanfar iad a leithdháileadh ar shealbhóirí bannaí agus sainaithneofar go soiléir freagrachtaí an iontaobhaí agus na n-eintiteas eile a bhfuil dualgais mhuiníneacha orthu i leith infheisteoirí.

Airteagal 26d

Ceanglais maidir le trédhearcacht

1.   Sula ndéanfar praghsáil, cuirfidh an tionscnóir ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha sonraí statacha agus dinimiciúla maidir le feidhmíocht stairiúil i dtaobh mainneachtana agus caillteanais amhail sonraí maidir le faillí agus maidir le mainneachtain, i gcás neamhchosaintí atá comhchosúil go substaintiúil leis na neamhchosaintí atá á n-urrúsú, chomh maith le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an dearbhú go bhfuil comhchosúlacht ann. Leis na sonraí sin, cumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad.

2.   Beidh sampla na neamhchosaintí foluiteacha faoi réir fíorú seachtrach ag páirtí iomchuí agus neamhspleách sula ndúnfar an t-idirbheart, lena n-áirítear fíorú go bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha incháilithe le haghaidh cosaint chreidmheasa faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa.

3.   Déanfaidh an tionscnóir, roimh phraghsáil an urrúsaithe, samhail sreafa airgid i leith dliteanais a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha lena léirítear go cruinn an gaol conarthach atá ann idir na neamhchosaintí foluiteacha agus na híocaíochtaí a aistrítear idir an tionscnóir, infheisteoirí, tríú páirtithe eile agus, i gcás inarb infheidhme, SSPE, agus, i ndiaidh na praghsála, cuirfidh an tionscnóir an tsamhail sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach agus d’infheisteoirí ionchasacha arna hiarraidh sin.

4.   I gcás urrúsú inarb iasachtaí cónaithe nó inarb iasachtaí nó léasanna gluaisteán na neamhchosaintí foluiteacha, foilseoidh an tionscnóir an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil na sócmhainní a mhaoinítear le hiasachtaí cónaithe nó iasachtaí nó léasanna gluaisteán den sórt sin, mar chuid den fhaisnéis a nochtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh tionscnóirí, ón 1 Meitheamh 2021, a chinneadh an fhaisnéis atá ar fáil maidir le drochthionchair phríomha na sócmhainní arna maoiniú ag na neamhchosaintí foluiteacha ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú.

5.   Beidh an tionscnóir freagrach as Airteagal 7 a chomhlíonadh. Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha arna hiarraidh sin roimh an bpraghsáil. Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear le pointí (b) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) a chur ar fáil roimh an bpraghsáil, i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad. Déanfar an doiciméadacht deiridh a chur ar fáil do na hinfheisteoirí ar a dhéanaí 15 lá tar éis dhúnadh an idirbhirt.

6.   Faoin 10 Iúil 2021, déanfaidh ÚMEnna, trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo, i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus le drochthionchair eile chomhshaoil agus shóisialta agus drochthionchair eile a bhaineann le rialachas.

I gcás inarb ábhartha, leis na dreachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, léireofar na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt de bhun an tsainordaithe a tugadh do ÚMEnna i Rialachán (AE) 2019/2088, go háirithe in Airteagal 2a, agus in Airteagal 4(6) agus (7) de, nó tarraingeofar ar na caighdeáin sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 26e

Ceanglais maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí agus barrachas an raoin difríochta shintéisigh

1.   Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, cumhdófar ar a laghad na teagmhais chreidmheasa seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéantar an t-aistriú riosca a bhaint amach trí úsáid a bhaint as ráthaíochtaí, na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 215(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

i gcás ina ndéantar an t-aistriú riosca a bhaint amach trí úsáid a bhaint as díorthaigh chreidmheasa, na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 216(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Déanfar gach teagmhas creidmheasa a dhoiciméadú.

Maidir le bearta staonta de réir bhrí Airteagal 47b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha, ní dhéanfaidh siad cosc a chur ar theagmhais chreidmheasa incháilithe a spreagadh.

2.   Maidir leis an íocaíocht cosanta creidmheasa tar éis do theagmhas creidmheasa tarlú, déanfar í a ríomh bunaithe ar an gcaillteanas réadaithe iarbhír a d’fhulaing an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh, arna oibriú amach i gcomhréir lena mbeartais chaighdeánacha agus lena nósanna imeachta caighdeánacha maidir le haisghabháil i gcás na gcineálacha ábhartha neamhchosaintí agus arna taifeadadh ina ráitis airgeadais tráth a dhéantar an íocaíocht. Beidh an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa iníoctha laistigh de thréimhse ama shonraithe tar éis oibriú amach an fhiachais i leith na neamhchosanta foluití ábhartha i gcás ina bhfuil oibriú amach an fhiachais curtha i gcrích roimh aibíocht dhlíthiúil sceidealaithe an chomhaontaithe cosanta creidmheasa nó roimh fhoirceannadh luath an chomhaontaithe cosanta creidmheasa.

Déanfar íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa 6 mhí ar a dhéanaí tar éis do theagmhas creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 tarlú i gcásanna nach bhfuil oibriú amach an fhiachais i leith na gcaillteanas don neamhchosaint fholuiteach ábhartha curtha i gcrích faoi dheireadh na tréimhse 6 mhí sin. Socrófar an íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa ar an gceann is airde ar a laghad díobh seo a leanas:

(a)

méid an chaillteanais ionchasaigh atá coibhéiseach leis an lagú arna thaifeadadh ag an tionscnóir ina ráitis airgeadais i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme tráth a dhéantar an íocaíocht eatramhach, ag glacadh leis nach ann don chomhaontú cosanta creidmheasa agus nach gcumhdaítear aon chaillteanais leis;

(b)

i gcás inarb infheidhme, méid an chaillteanais ionchasaigh arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

I gcás ina ndéantar íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa, déanfar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun an socrú eatramhach maidir le caillteanais a oiriúnú don chaillteanas réadaithe iarbhír.

Sa chomhaontú cosanta creidmheasa, sonrófar an modh chun íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh cosanta creidmheasa a ríomh.

Beidh an íocaíocht cosanta creidmheasa comhréireach le sciar mhéid ainmniúil gan íoc na neamhchosanta foluití comhfhreagraí a chumhdaítear leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa.

Beidh ceart an tionscnóra i dtaca le híocaíocht cosanta creidmheasa a fháil in-fhorfheidhmithe. Sa chomhaontú cosanta creidmheasa, déanfar na méideanna atá iníoctha ag infheisteoirí faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a leagan amach go soiléir agus beidh teorainn leis na méideanna sin. Beifear in ann na méideanna sin a ríomh i ngach cúinse. Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, déanfar na cúinsí a leagan amach go soiléir faoina mbeidh ceanglas ar infheisteoirí íocaíochtaí a dhéanamh. Déanfaidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i mír 4 measúnú i dtaobh ar tharla na cúinsí sin.

Ríomhfar méid na híocaíochta cosanta creidmheasa ar leibhéal na neamhchosanta foluití aonair ar tharla teagmhas creidmheasa ina leith.

3.   Sa chomhaontú cosanta creidmheasa, sonrófar an uastréimhse fadaithe a bheidh i bhfeidhm le haghaidh oibriú amach an fhiachais i leith na neamhchosaintí foluiteacha ar ina leith a tharla teagmhas creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, ach nach bhfuil an oibriú amach an fhiachais curtha i gcrích ina leith tráth aibíocht dhlíthiúil sceidealaithe an chomhaontaithe cosanta creidmheasa nó tráth fhoirceannadh luath an chomhaontaithe cosanta creidmheasa. Ní bheidh tréimhse fadaithe den sórt sin níos faide ná 2 bhliain. Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, forálfar go ndéanfar íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa, faoi dheireadh na tréimhse fadaithe sin, ar bhonn mheastachán an tionscnóra maidir le caillteanas deiridh a chaithfeadh an tionscnóir a thaifeadadh ina ráitis airgeadais ag an tráth sin, ag glacadh leis nach ann don chomhaontú cosanta creidmheasa agus nach gcumhdaítear aon chaillteanais leis.

I gcás ina ndéantar an comhaontú cosanta creidmheasa a fhoirceannadh, leanfar le hoibriú amach an fhiachais i leith aon teagmhas creidmheasa gan íoc a tharla roimh an bhfoirceannadh sin ar an gcaoi céanna agus a thuairiscítear sa chéad fhomhír.

Déanfar na préimheanna cosanta creidmheasa atá le híoc faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a struchtúrú ag brath ar mhéid ainmniúil gan íoc na neamhchosaintí tuillmheacha urrúsaithe tráth na híocaíochta agus léireofar leo riosca an tráinse chosanta. Chun na gcríoch sin, leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, ní shonrófar préimheanna ráthaithe, íocaíochtaí préimhe tosaigh, sásraí lacáiste nó sásraí eile a d'fhéadfadh leithdháileadh iarbhír caillteanas ar infheisteoirí a sheachaint nó a laghdú nó sciar de na préimheanna íoctha a íoc ar ais leis an tionscnóir tar éis aibíocht an idirbhirt.

De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, ceadófar íocaíochtaí préimhe tosaigh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis an Státchabhair, i gcás ina ndéantar foráil shonrach maidir leis an scéim ráthaíochta i ndlí náisiúnta Ballstáit agus ina mbaineann sé leas as frithráthaíocht d’aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 214(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

I ndoiciméadacht an idirbhirt, tabharfar tuairisc ar an mbealach a ríomhtar an phréimh cosanta creidmheasa agus aon dearbháin nóta, más ann dóibh, i dtaca le gach dáta íocaíochta le linn shaolré iomlán an urrúsaithe.

Beidh cearta na n-infheisteoirí i dtaca le préimheanna cosanta creidmheasa a fháil in-fhorfheidhmithe.

4.   Déanfaidh an tionscnóir gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a cheapadh roimh dháta deiridh an idirbhirt. I gcás gach neamhchosanta foluití a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith, déanfaidh gníomhaire fíoraithe an tríú páirtí gach ceann de na nithe seo a leanas a fhíorú ar a laghad:

(a)

gur teagmhas creidmheasa mar a shonraítear i dtéarmaí an chomhaontaithe cosanta é an teagmhas creidmheasa dá dtagraítear san fhógra teagmhais creidmheasa;

(b)

gur áiríodh an neamhchosaint fholuiteach sa phunann tagartha tráth a tharla an teagmhas creidmheasa lena mbaineann;

(c)

gur comhlíonadh, leis an neamhchosaint fholuiteach, na critéir incháilitheachta tráth a áiríodh sa phunann tagartha í;

(d)

i gcás inar cuireadh neamhchosaint fholuiteach leis an urrúsú mar thoradh ar athshlánú, gur comhlíonadh, leis an athshlánú sin, coinníollacha an athshlánaithe;

(e)

go bhfuil méid an chaillteanais deiridh comhsheasmhach leis na caillteanais arna dtaifeadadh ag an tionscnóir ina ráiteas brabúis agus caillteanais;

(f)

go bhfuil, tráth a dhéantar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa, na caillteanais i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha leithdháilte i gceart ar na hinfheisteoirí.

Beidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, ar SSPE agus glacfaidh sé leis an gceapachán mar ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí faoi dháta deiridh an idirbhirt.

Féadfaidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí an fíorú a dhéanamh ar bhonn samplála seachas ar bhonn gach neamhchosanta foluití aonair dá n-iarrtar íocaíocht cosanta creidmheasa. Féadfaidh infheisteoirí fíorú incháilitheacht aon neamhchosanta foluití faoi leith a iarraidh, áfach, i gcás nach bhfuil siad sásta leis an bhfíorú ar bhonn samplála.

I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireoidh an tionscnóir gealltanas go gcuirfidh sé an fhaisnéis uile is gá ar fáil don ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí chun na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír a fhíorú.

5.   Ní fhéadfaidh tionscnóir idirbheart a fhoirceannadh roimh aibíocht sceidealaithe an idirbhirt sin ar aon chúis ach amháin sna teagmhais seo a leanas:

(a)

dócmhainneacht an infheisteora;

(b)

mainneachtain an infheisteora aon suimeanna a íoc atá dlite faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa nó sárú an infheisteora ar aon oibleagáid ábhartha a leagtar síos i ndoiciméid an idirbhirt;

(c)

teagmhais rialála ábhartha, lena n-áirítear:

(i)

athruithe ábhartha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, athruithe ábhartha arna ndéanamh ag údaráis inniúla ar léirmhíniúcháin ar na dlíthe sin atá foilsithe go hoifigiúil, i gcás inarb infheidhme, nó athruithe ábhartha ar láimhseáil an idirbhirt ó thaobh cánachais nó cuntasaíochta de, athruithe a bhfuil éifeacht dhíobhálach ábhartha acu ar éifeachtúlacht eacnamaíoch idirbhirt, agus é sin, i ngach cás, i gcomparáid lena rabhthas ag súil leis tráth a rinneadh an t-idirbheart agus nárbh fhéidir a bheith ag súil go réasúnach leis an tráth sin;

(ii)

cinneadh ó údarás inniúil nach bhfuil cead, nó nach bhfuil cead a thuilleadh, ag an tionscnóir nó ag aon chleamhnaí de chuid an tionscnóra aistriú riosca creidmheasa shuntasaigh a aithint i gcomhréir le hAirteagal 245(2) nó (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis an urrúsú;

(d)

feidhm a bhaint as rogha chun an t-idirbheart a ghlaoch ag am ar leith (glao-ama), nuair a bheidh an tréimhse ama, arna tomhas ó dháta deiridh an idirbhirt, cothrom le meánré ualaithe na punainne tagartha tosaigh, nó níos mó ná sin, ag dáta deiridh an idirbhirt;

(e)

feidhm a bhaint as céadrogha ar cheannach farasbairr mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 242 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(f)

i gcás cosaint creidmheasa neamhchistithe, ní cháilíonn an t-infheisteoir a thuilleadh mar sholáthraí cosanta incháilithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 8.

Le doiciméadacht an idirbhirt, sonrófar cibé an gcuirtear san áireamh san idirbheart lena mbaineann aon cheann de na cearta ar ghlaonna dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) agus an dóigh ina ndéantar cearta ar ghlaonna den sórt sin a struchtúrú.

Chun críocha phointe (d), ní dhéanfar struchtúrú ar an nglao-ama ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa nó ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí ná ní dhéanfar é a struchtúrú ar bhealach eile lena soláthrófaí feabhsú creidmheasa.

Nuair a bhaintear feidhm as an nglao-ama, déanfaidh na tionscnóirí fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, lena n-áirítear údar maith maidir le húsáid an ghlao-ama agus cuntas inchreidte lena léirítear nach meath ar cháilíocht na sócmhainní foluiteacha is cúis le feidhm a bhaint as an nglao.

I gcás cosaint creidmheasa cistithe, tráth fhoirceannadh an chomhaontaithe cosanta creidmheasa, déanfar comhthaobhacht a thabhairt ar ais do na hinfheisteoirí in ord shinsearacht na dtráinsí faoi réir fhorálacha ábhartha an dlí dócmhainneachta, de réir mar is infheidhme maidir leis an tionscnóir.

6.   Ní fhéadfaidh tionscnóirí idirbheart a fhoirceannadh roimh aibíocht sceidealaithe an idirbhirt sin ar aon chúis seachas mainneachtain an phréimh cosanta creidmheasa a íoc nó aon sárú ábhartha eile ag an tionscnóir ar oibleagáidí conarthacha.

7.   Féadfaidh an tionscnóir barrachas an raoin difríochta shintéisigh a ghealladh, rud a bheidh ar fáil mar fheabhsú creidmheasa do na hinfheisteoirí, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

sonraítear, i ndoiciméadacht an idirbhirt, méid bharrachas an raoin difríochta shintéisigh a gheallann an tionscnóir a úsáid mar fheabhsú creidmheasa ag gach tréimhse íocaíochta agus sloinntear é mar chéatadán socraithe d’iarmhéid iomlán gan íoc na punainne ag tús na tréimhse íocaíochta ábhartha (barrachas socraithe an raoin difríochta shintéisigh);

(b)

barrachas an raoin difríochta shintéisigh nach n-úsáidtear chun caillteanais chreidmheasa a chumhdach a thagann chun cinn le linn gach tréimhse íocaíochta, déanfar é a thabhairt ar ais don tionscnóir;

(c)

maidir le tionscnóirí a bhaineann úsáid as Cur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní bheidh an méid iomlán a ghealltar in aghaidh na bliana níos airde ná suimeanna rialála na gcaillteanas ionchasach 1 bhliana amháin ar na neamhchosaintí foluiteacha uile le haghaidh na bliana sin, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158 den Rialachán sin;

(d)

maidir le tionscnóirí nach mbaineann úsáid as Cur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar ríomh an chaillteanais ionchasaigh 1 bhliana amháin den phunann fholuiteach a chinneadh go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt;

(e)

sonraítear, i ndoiciméadacht an idirbhirt, na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo.

8.   Beidh comhaontú cosanta creidmheasa i bhfoirm ceann díobh seo a leanas:

(a)

ráthaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-aistrítear an riosca creidmheasa chuig aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 214(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcáilíonn na neamhchosaintí i dtaca leis an infheisteoir le haghaidh ualú riosca de 0 % faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí den Rialachán sin;

(b)

ráthaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Teideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhaineann tairbhe as frithráthaíocht d’aon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo; nó

(c)

cosaint chreidmheasa eile nach dtagraítear di i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i bhfoirm ráthaíochta, díorthach creidmheasa nó nótaí creidmheas-nasctha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go bhfuil oibleagáidí an infheisteora urrúsaithe ag comhthaobhacht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 9 agus 10 den Airteagal seo.

9.   Le cosaint chreidmheasa eile dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 8, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

is ceart in-fhorfheidhmithe é ceart an tionscnóra an chomhthaobhacht a úsáid chun oibleagáidí an infheisteora maidir le híocaíochtaí creidmheasa a chomhlíonadh, agus áirithítear in-fhorfheidhmitheacht an chirt sin trí shocruithe comhthaobhachta iomchuí;

(b)

is ceart in-fhorfheidhmithe é ceart na n-infheisteoirí, i gcás ina leachtaítear an t-urrúsú nó de réir mar a amúchtar na tráinsí, aon chomhthaobhacht a aisíoc nár baineadh úsáid aisti chun íocaíochtaí cosanta a dhéanamh;

(c)

i gcás ina n-infheistítear an chomhthaobhacht in urrúis, leagtar amach le doiciméadacht an idirbhirt na critéir incháilitheachta agus an socrú coimeádta maidir leis na hurrúis sin.

Sonrófar le doiciméadacht an idirbhirt cibé an bhfuil infheisteoirí fós neamhchosanta ar riosca creidmheasa an tionscnóra.

Gheobhaidh an tionscnóir tuairim ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhneofar in-fhorfheidhmitheacht na cosanta creidmheasa i ngach dlínse ábhartha.

10.   I gcás ina soláthraítear cosaint chreidmheasa eile i gcomhréir le pointe (c) de mhír 8 den Airteagal seo, rachaidh an tionscnóir agus an t-infheisteoir ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán, a bheidh i gceann amháin den dá rud seo a leanas:

(a)

comhthaobhacht i bhfoirm urrúis fiachais a bhfuil ualach riosca 0 % orthu dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

tá uastréimhse aibíochta 3 mhí fós ag gabháil leis na hurrúis fiachais sin nach mbeidh níos faide ná an tréimhse atá fágtha go dtí an chéad dáta íocaíochta eile;

(ii)

is féidir na hurrúis fiachais sin a fhuascailt in airgead tirim i méid atá cothrom le hiarmhéid gan íoc an tráinse chosanta;

(iii)

tá na hurrúis fiachais sin i seilbh coimeádaí atá neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí;

(b)

comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim atá á coinneáil ag institiúid creidmheasa tríú páirtí lena mbaineann céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó os a cionn i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, faoi réir an toilithe shainráite i ndoiciméadacht deiridh an idirbhirt ag an infheisteoir tar éis a dhícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar aon neamhchosaint ábhartha ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí, is é an tionscnóir, agus an tionscnóir amháin, a fhéadfaidh dul ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán i bhfoirm airgead tirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid, ar a laghad, le haghaidh chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Féadfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 29(5), tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, comhthaobhacht a cheadú i bhfoirm airgid thirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid le haghaidh chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar dheacrachtaí margaidh, ar bhaic oibiachtúla a bhaineann leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa arna sannadh ar an mBallstát den institiúid, nó ar fhadhbanna comhchruinnithe suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann sa Bhallstát lena mbaineann mar gheall ar chur i bhfeidhm íoscheanglas chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear sa dara fomhír.

I gcás nach gcáilíonn an institiúid creidmheasa tríú páirtí ná an tionscnóir ná cleamhnaí dá chuid le haghaidh na céime íosta den cháilíocht chreidmheasa, aistreofar an chomhthaobhacht laistigh de 9 mí chuig institiúid creidmheasa tríú páirtí ag a bhfuil céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó níos airde nó déanfar an chomhthaobhacht a infheistiú in urrúis a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír.

Measfar na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo a bheith comhlíonta i gcás infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag an tionscnóir, i gcomhréir le hAirteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm na gcleachtas maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh faoin Airteagal seo, agus aird ar leith á tabhairt ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus ar rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais eile na n-infheisteoirí a eascraíonn as cleachtais den sórt sin maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh.

Déanfaidh ÚBE tuarascáil ina mbeidh a chuid torthaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Aibreán 2023.

Faoin 10 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil, ar bhonn na tuarascála sin de chuid ÚBE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird ar leith á tabhairt ar an riosca carntha iomarcaigh de riosca creidmheasa an chontrapháirtí sa chóras airgeadais, in éineacht le togra reachtach chun an tAirteagal seo a leasú, más iomchuí.”;

(11)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“Déanfaidh tionscnóirí agus urraitheoirí fógra a thabhairt i gcomhpháirt do ÚEUM trí bhíthin an teimpléid dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e (‘fógra STS’). I gcás chlár ABCP, is é an t-urraitheoir, agus an t-urraitheoir amháin, a bheidh freagrach as fógra a thabhairt faoin gclár sin agus, laistigh den chlár sin, faoi na hidirbhearta ABCP a chomhlíonann Airteagal 24. I gcás urrúsú sintéiseach, is é an tionscnóir, agus an tionscnóir amháin, a bheidh freagrach as an bhfógra.

I bhfógra STS, beidh míniú ón tionscnóir agus ón urraitheoir ar an gcaoi ar comhlíonadh gach ceann de na critéir STS a leagtar amach in Airteagail 20 go 22, Airteagail 24 go 26 nó Airteagail 26b go 26e.”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas a bhaint as seirbhís tríú páirtí atá údaraithe faoi Airteagal 28 chun a mheasúnú an bhfuil Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú.”;

(ii)

sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“I gcás ina mbaineann an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas as seirbhísí tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 chun a mheasúnú an bhfuil Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú, beidh ráiteas san áireamh i bhfógra STS gur dheimhnigh an tríú páirtí údaraithe sin gur comhlíonadh critéir STS.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tabharfaidh an tionscnóir agus, i gcás inarb infheidhme, an t-urraitheoir, fógra láithreach do ÚEUM agus cuirfidh siad a n-údarás inniúil ar an eolas i gcás nach gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e a thuilleadh.”;

(d)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Ar a shuíomh gréasáin oifigiúil, coimeádfaidh ÚEUM liosta de na hurrúsuithe uile ar ina leith a thug na tionscnóirí agus na hurraitheoirí fógra dó á rá go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e.”;

(e)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.”;

(f)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.”;

(12)

in Airteagal 28(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“1.   Údaróidh an t-údarás inniúil do thríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 27(2) measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil critéir STS dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsuithe.”;

(13)

in Airteagal 29(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas maidir le hainmniú na n-údarás inniúil de bhun na míre seo faoin 10 Deireadh Fómhair 2021. Go dtí go n-ainmneofar údarás inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 26a go 26e, déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 18 go 27 is infheidhme an 8 Aibreán 2021 maoirseacht freisin ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 26a go 26e.”;

(14)

leasaítear Airteagal 30(2) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

na próisis agus na sásraí chun an glanleas eacnamaíoch ábhartha a thomhas i gceart agus a chaomhnú ar bhonn leanúnach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus bailiú agus nochtadh tráthúil na faisnéise uile atá le cur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(aa)

i gcás neamhchosaintí nach bhfuil mar chuid d’urrúsú NPE:

(i)

na critéir deonaithe creidmheasa arna gcur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí tuillmheacha i gcomhréir le hAirteagal 9;

(ii)

na caighdeáin fhónta do roghnú agus praghsáil arna gcur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí foluiteacha atá ina neamhchosaintí neamhthuillmheacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1);”;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(d)

i gcás urrúsuithe NPE, na próisis agus na sásraí chun comhlíonadh Airteagal 9(1) a áirithiú lena gcuirtear cosc ar aon drochúsáid den mhaolú dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1);

(e)

i gcás urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, na próisis agus na sásraí chun comhlíonadh Airteagail 26b go 26e a áirithiú;”;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31:

“Airteagal 31

Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an margadh urrúsúcháin

1.   Faoi theorainneacha a shainordaithe, beidh BERS freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais.

2.   Chun rannchuidiú leis na rioscaí sistéamacha do chobhsaíocht airgeadais san Aontas a eascraíonn as forbairtí laistigh den chóras airgeadais a chosc nó a mhaolú, agus forbairtí maicreacnamaíocha á gcur san áireamh, déanfaidh BERS faireachán leanúnach ar fhorbairtí sa mhargadh urrúsúcháin ar mhaithe le tréimhsí a sheachaint ina mbeadh anás airgeadais go forleathan. I gcás ina measann BERS gur gá sin, agus ar a laghad gach 3 bliana, foilseoidh BERS, i gcomhar le ÚBE, tuarascáil ar na himpleachtaí, i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, don mhargadh urrúsúcháin chun béim a leagan ar na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais.

3.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo agus don tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 44, déanfaidh BERS, i ndlúthchomhar le ÚMEanna, tuarascáil a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2022 lena ndéanfar measúnú ar an tionchar atá ag tabhairt isteach urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe ar chobhsaíocht airgeadais, agus ar aon rioscaí sistéamacha ionchasacha, amhail rioscaí arna gcruthú le comhchruinniú agus le hidircheangailteacht i measc díoltóirí neamhphoiblí cosanta creidmheasa.

Cuirfear san áireamh i dtuarascáil BERS dá dtagraítear sa chéad fhomhír na gnéithe sonracha d’urrúsú sintéiseach, eadhon a shaintréith shaincheaptha agus phríobháideach sna margaí airgeadais, agus déanfar scrúdú ann maidir le cibé an bhfuil láimhseáil urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe fabhrach do laghdú foriomlán ar rioscaí sa chóras airgeadais agus do mhaoiniú níos fearr ar an bhfíorgheilleagar.

Agus a thuarascáil á ullmhú aige, bainfidh BERS úsáid as foinsí sonraí ábhartha éagsúla, amhail:

(a)

sonraí arna mbailiú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 7(1);

(b)

toradh na n-athbhreithnithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 30(2); agus

(c)

sonraí arna gcoimeád i stórtha urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, tabharfaidh BERS rabhaidh agus, i gcás inarb iomchuí, eiseoidh sé moltaí maidir le gníomhaíocht feabhais mar fhreagairt ar na rioscaí sin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear i dtaca lena iomchuí a bheadh sé na leibhéil coinneála riosca a mhodhnú, nó maidir le bearta stuamachta eile ar an macraileibhéal.

Laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an moladh a tharchur, déanfaidh seolaí an mholta, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar an moladh a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS agus tabharfaidh sé údar maith le haon neamhghníomhaíocht.”;

(16)

leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

inar ainmníodh urrúsú mar STS agus inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE an urrúsaithe sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26, nó Airteagail 26a go 26e a chomhlíonadh;”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

i gcás sárú dá dtagraítear i bpointe (e) nó (f) de mhír 1 den chéad fhomhír den Airteagal seo, toirmeasc sealadach ar an tionscnóir agus ar an urraitheoir lena gcuirtear cosc air fógra a thabhairt faoi Airteagal 27(1) á rá go gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, in Airteagail 23 go 26 nó in Airteagail 26a go 26e.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

i gcás sárú dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, aistarraingt shealadach an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 28 don tríú páirtí atá údaraithe chun a mheasúnú an bhfuil Airteagail 19 go 22 nó Airteagail 23 go 26, Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú.”;

(17)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 43a

Forálacha idirthréimhseacha maidir le hurrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe

1.   I dtaca le hurrúsuithe sintéiseacha a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú cosanta creidmheasa maidir leo roimh an 9 Aibreán 2021, ní fhéadfaidh tionscnóirí agus SSPEnna an t-ainmniú ‘STS’ nó ‘simplí trédhearcach caighdeánaithe’, nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin, a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 agus na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo tráth a thabharfar an fógra dá dtagraítear in Airteagal 27(1).

2.   Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear in Airteagal 27(6), déanfaidh tionscnóirí, chun críocha na hoibleagáide a leagtar amach in Airteagal 27(1), an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil do ÚEUM i scríbhinn.

3.   Measfar gur STS iad urrúsuithe ar cruthaíodh na chéad suíomhanna urrúsúcháin dóibh roimh an 9 Aibreán 2021 ar choinníoll:

(a)

gur chomhlíon siad, tráth na chéad suíomhanna urrúsúcháin a chruthú, na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 26b(1) go (5), (7) go (9) agus (11) agus (12), Airteagail 26c(1) agus (3), Airteagal 26e(1), an chéad fhomhír d'Airteagal 26e(2), an tríú agus an cheathrú fomhír d’Airteagal 26e(3), agus Airteagail 26e(6) go (9); agus

(b)

go gcomhlíonann siad, tráth a thugtar an fhógra de bhun Airteagal 27(1) agus ó shin i leith, na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 26b(6) agus (10), Airteagail 26c(2) agus (4) go (10), Airteagail 26d(1) go (5) agus an dara go dtí an seachtú fomhír d’Airteagal 26e(2), an chéad fhomhír agus an dara agus an cúigiú fomhír d’Airteagal 26e(3) agus Airteagail 26e(4) agus (5) .

4.   Chun críocha phointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

in Airteagal 26d(2), measfar go léitear ‘sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)’ in ionad ‘sula ndúnfar an t-idirbheart’;

(b)

in Airteagal 26d(3), measfar go léitear ‘sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)’ in ionad ‘roimh phraghsáil an urrúsaithe’;

(c)

in Airteagal 26d(5):

(i)

sa dara habairt, measfar go léitear ‘sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)’ in ionad ‘roimh an bpraghsáil’;

(ii)

sa tríú habairt, measfar go léitear ‘sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)’ in ionad ‘roimh an bpraghsáil, i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad’;

(iii)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa cheathrú habairt;

(iv)

forléireofar tagairtí do chomhlíonadh Airteagal 7 amhail is dá mbeadh feidhm ag Airteagal 7 maidir leis na hurrúsuithe sin d’ainneoin Airteagal 43(1).”;

(18)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

sa chéad mhír, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(e)

suíomh geografach SSPEnna.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar dó gach 3 bliana faoi phointe (e), soláthróidh an Coimisiún measúnú ar na cúiseanna le rogha an tsuímh, lena n-áirítear, faoi réir infhaighteacht agus inrochtaineacht na faisnéise, a mhéid atá ról criticiúil ag córas fabhrach cánach agus rialála a bheith ann.”;

(19)

scriostar Airteagal 45.

(20)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 45a

Creat urrúsúcháin inbhuanaithe a fhorbairt

1.   Faoin 1 Samhain 2021, déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le ÚEÁPC, tuarascáil a fhoilsiú maidir le creat urrúsúcháin inbhuanaithe a fhorbairt chun ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hinbhuanaitheacht a lánpháirtiú sa Rialachán seo. Sa tuarascáil sin, déanfar measúnú cuí ar na nithe seo a leanas, go háirithe:

(a)

cur chun feidhme ceanglas maidir le nochtadh comhréireach agus dícheall cuí a bhaineann le dea-thionchair agus drochthionchair ionchasacha na sócmhainní arna maoiniú ag na neamhchosaintí foluiteacha ar thosca inbhuanaitheachta;

(b)

inneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise maidir le tosca inbhuanaitheachta i ndáil le dea-thionchair agus drochthionchair ar ábhair chomhshaoil, shóisialta agus ábhair a bhaineann le rialachas;

(c)

conas creat sonrach urrúsúcháin inbhuanaithe a bhunú lena léirítear na táirgí airgeadais a chumhdaítear faoi Airteagail 8 agus 9 de Rialachán (AE) 2019/2088 nó lena dtarraingítear ar na táirgí airgeadais sin, agus lena gcuirtear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

(d)

na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag creat urrúsúcháin inbhuanaithe ar chobhsaíocht airgeadais, ar an uas-scálú ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais agus ar acmhainneacht iasachtaithe bainc.

2.   Agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á dréachtú, déanfaidh ÚBE, i gcás inarb ábhartha, na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 7, 8 agus 9 de Rialachán (AE) 2019/2088 a léiriú nó tarraingeoidh sé orthu, agus déanfaidh sé ionchur a lorg ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh.

3.   I gcomhar leis an tuarascáil athbhreithnithe faoi Airteagal 46, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar thuarascáil ÚBE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le creat urrúsúcháin sonrach inbhuanaithe a chruthú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiúin, i gcás inarb iomchuí.

(*)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).”;"

(21)

in Airteagal 46, leasaítear an dara mír mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 22(4) agus 26d(4) agus cibé an bhféadfar iad a leathnú chuig urrúsú i gcás nach iasachtaí cónaithe nó iasachtaí nó léasanna gluaisteáin iad na neamhchosaintí foluiteacha, d’fhonn nochtadh comhshaoil, sóisialta agus rialachais a phríomhshruthú;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(i)

an fhéidearthacht maidir le caighdeánú breise agus ceanglais i ndáil le nochtadh i bhfianaise dea-chleachtais margaidh atá ag forbairt, eadhon trí úsáid a bhaint as teimpléid, le haghaidh urrúsuithe traidisiúnta agus sintéiseacha araon, lena n-áirítear le haghaidh urrúsuithe saincheaptha príobháideacha i gcás nach gcaithfear réamheolaire a tharraingt suas ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

(*)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).”."

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 377, 9.11.2020, lch. 1.

(2)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 30.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2021.

(4)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

(5)  Féach, go háirithe: Conclúidí ón gComhairle an 8 Samhain 2016 maidir leis na critéir agus an próiseas i dtaca le bunú liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach agus an Iarscríbhinn a ghabhann leo (IO C 461, 10.12.2016, lch. 2) agus na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach agus na hIarscríbhinní a ghabhann leo (IO C 66, 26.2.2021, lch. 40).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(7)  Tuairim ón Údarás Baincéireachta Eorpach chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le Láimhseáil Rialála na nUrrúsuithe Neamhchosaintí Neamhthuillmheacha, EBA-OP-2019-13, arna foilsiú an 23 Deireadh Fómhair 2019.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(12)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).