30.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/60


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/547 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta chun ADIS agus EUROPHYT a bhunú agus a úsáid, deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla, deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus doiciméid tráchtála a eisiúint, sínithe leictreonacha a úsáid, agus feidhmiú TRACES, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 97/152/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia (1), agus go háirithe Airteagal 51 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (2) (“an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”), agus go háirithe pointí (b) go (f) den chéad mhír d’Airteagal 23, Airteagal 30(1)(b)(ii) agus pointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 35 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (3), agus go háirithe pointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír d’Airteagal 104 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (4) (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), go háirithe pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 58, pointe (f) den chéad mhír d’Airteagal 90, pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 102(6), Airteagal 103(6) agus pointí (a) go (d) agus pointe (g) den chéad mhír d’Airteagal 134 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (5), leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) agus a chomhpháirteanna córais, eadhon an córas lena gcuirtear chun feidhme na nósanna imeachta don Chóras Mear-Rabhaidh um Bia-ábhair agus Beathú agus Cúnamh agus Comhar Riaracháin (iRASFF), an córas chun fógra a thabhairt faoi ghalair ainmhithe agus í a thuairisciú (“ADIS”), an córas chun fógra a thabhairt faoi dhearbhú oifigiúil maidir le lotnaidí a bheith i bplandaí agus i dtáirgí plandaí ar chríoch na mBallstát (EUROPHYT) agus an Córas um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe chun sonraí, faisnéis agus doiciméid a mhalartú (TRACES). Leagtar síos leis freisin rialacha maidir leis na naisc riachtanacha idir na comhpháirteanna sin.

(2)

Leagtar síos leis freisin rialacha maidir leis an líonra le haghaidh fheidhmiú ADIS a bhunú agus liostú na réigiún maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú chun críche fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair ainmhithe.

(3)

Chun úsáid aonfhoirmeach ADIS ag na Ballstáit a áirithiú, leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (6) rialacha maidir le formáid agus struchtúr na sonraí chun fógraí agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair, sonraí atá le cur isteach sa chóras sin, an fhormáid agus an nós imeachta maidir le tuairisciú chomh maith le spriocdhátaí agus minicíochtaí na bhfógraí agus an tuairiscithe.

(4)

Ba cheart comhrialacha maidir le pointí teagmhála líonra ADIS a áireamh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 maidir le fógraí agus tuairiscí don Aontas a chur isteach i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002. Chun rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart forálacha maidir le huastréimhse stórála sonraí pearsanta in ADIS a áireamh sna rialacha sin freisin.

(5)

Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo freisin rialacha a áireofar i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715, maidir leis na naisc is gá idir ADIS agus TRACES d’fhonn a áirithiú go malartófar go huathoibríoch sonraí ábhartha a bhaineann le fógraí don Aontas nó go gcuirfear ar fáil iad sa dá chóras, agus chun faisnéis ábhartha a sholáthar do chomhaltaí an líonra.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 leagtar síos rialacha maidir le TRACES a úsáid chun fógraí idircheaptha maidir le coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina ngarchontúirt lotnaidí a thabhairt isteach nó a leathadh a chur chuig an líonra idircheaptha EUROPHYT. Foráiltear leis go ndéanfaidh pointe teagmhála an líonra idircheaptha EUROPHYT fógraí idircheaptha maidir le coinsíneachtaí a thrádáiltear san Aontas a chur isteach, agus go ndéanfaidh an t-oifigeach oifigiúil sláinte plandaí atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinsíneachtaí sin fógraí idircheaptha maidir le coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas a chur isteach.

(7)

Ós rud é go dtagann fógraí maidir le coinsíneachtaí idircheaptha plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thrádáiltear san Aontas faoi raon feidhme na bhfógraí maidir le neamhchomhlíonadh earraí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/625 agus go bhfuil na fógraí sin le malartú in iRASFF idir pointí teagmhála líonra foláirimh agus pointí teagmhála líonra comhair, ba cheart fógraí faoi na coinsíneachtaí idircheaptha sin a dhéanamh in iRASFF.

(8)

D‘fhonn a áirithiú tuilleadh go n-úsáidfear iRASFF chomh maith chun fógraí a mhalartú maidir le coinsíneachtaí neamhchomhlíontacha plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thrádáiltear san Aontas agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte plandaí, is iomchuí an sainmhíniú ar an téarma “fógra faoi neamhchomhlíonadh” a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a athscríobh.

(9)

Ag an am céanna, chun mearbhall faoi bhrí an téarma “riosca” a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a sheachaint, is gá an sainmhíniú sin a scriosadh, sainmhínithe áirithe ar fhógraí in iRASFF a oiriúnú ina n-ionad agus na catagóirí éagsúla riosca a shoiléiriú sna sainmhínithe sin.

(10)

Ar an gcaoi chéanna, chun mearbhall faoi bhrí na dtéarmaí sainmhínithe “líonra na calaoise bia” agus “fógra faoi chalaois bhia” a sheachaint i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 agus chun raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 a léiriú ar bhealach níos fearr sna téarmaí sainmhínithe sin, is gá na téarmaí sainmhínithe sin a athainmniú mar “líonra calaoise” agus “fógra calaoise” agus coigeartú a dhéanamh dá réir sin ar na forálacha go léir i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a bhaineann le calaois bhia.

(11)

Foráiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 freisin go n-áireofar san fhaisnéis maidir le coinsíneachtaí idircheaptha a thagann isteach san Aontas an fhaisnéis a thaifead an t-oifigeach oifigiúil sláinte plandaí sa doiciméad coiteann iontrála sláinte (CHED) i gcomhréir le hAirteagal 55(2) agus Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2017/625, faisnéis bhreise maidir leis na bearta a rinneadh i ndáil leis na coinsíneachtaí idircheaptha agus faisnéis maidir leis an gcoraintín a forchuireadh.

(12)

Ós rud é go bhfuil iontrálacha in CHED chun faisnéis a thaifeadadh maidir leis na bearta a rinneadh i ndáil le coinsíneachtaí idircheaptha, lena n-áirítear cásanna ina bhforchuirtear coraintín, ní gá fógra idircheaptha ina bhfuil an fhaisnéis chéanna a chur chuig TRACES freisin. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur leis an oibleagáid fógra idircheaptha ina bhfuil an fhaisnéis chéanna sin a chur chuig TRACES agus an oibleagáid na sonraí idircheaptha a thaifeadadh in CHED a chur ina hionad.

(13)

Thairis sin, ós rud é go mbeidh fógra le tabhairt in TRACES nó in iRASFF faoi aon neamhchomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625 a bhaineann le coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas nó a thrádáiltear san Aontas, ba cheart gach foráil a bhaineann le fógraí idircheaptha EUROPHYT a scriosadh ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715.

(14)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 leagtar síos rialacha maidir le húsáid CHEDanna leictreonacha agus maidir le heisiúint deimhnithe leictreonacha le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas. Áirítear sna rialacha sin ardleibhéil dearbhaithe maidir le fíorú céannachta na n-oifigeach deimhniúcháin sula ndeonaítear cumas sínithe leictreonacha agus maidir le ríomhstampa ama cáilithe a chur i bhfeidhm ar an síniú leictreonach arna ghiniúint ag tríú páirtí iontaofa.

(15)

Is léir ón taithí a fuarthas nach bhfuil gá leis na hardleibhéil dearbhaithe sin ós rud é go dtugann an sásra fíordheimhnithe leibhéal leordhóthanach dearbhaithe maidir leis an gcéannacht a mhaítear a bheith ag an sínitheoir roimh logáil isteach in TRACES, i gcóras náisiúnta Ballstáit, i gcóras deimhniúcháin leictreonaigh tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, níl an stampa ama riachtanach. Le sreabhadh slán sonraí laistigh de na córais agus idir na córais agus cur i bhfeidhm ríomhshéala cáilithe atá ceaptha chun am ceart, sláine agus cruinneas na sonraí a chruthú go hiontaofa, tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha chun gur féidir aon athrú ar na sonraí ina dhiaidh sin a bhrath.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo leasuithe a thabhairt isteach ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 lena gceadaítear do thréidlianna oifigiúla, oifigigh sláinte plandaí oifigiúla agus oifigigh deimhniúcháin sínithe leictreonacha a úsáid in CHEDanna leictreonacha agus deimhnithe ag a bhfuil leibhéil dearbhaithe céannachta níos ísle agus gan stampa ama a thaifeadadh, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(17)

Ba cheart a áireamh sa Rialachán seo freisin leasuithe ar na rialacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 maidir le heisiúint deimhnithe leictreonacha nó doiciméad tráchtála a ghabhann le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a aistrítear idir na Ballstáit de bhun Airteagal 150, Airteagal 161(5), Airteagal 167(4), Airteagal 217 agus Airteagal 223(5) de Rialachán (AE) 2016/429, coinsíneachtaí seachtháirgí áirithe ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus a iompraítear laistigh den Aontas de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (8), agus coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a onnmhairítear nó a athonnmhairítear ón Aontas de bhun Airteagal 100(5) agus Airteagal 101(6) de Rialachán (AE) 2016/2031. Ba cheart na rialacha sin a bheith cosúil leis na rialacha maidir le deimhnithe leictreonacha a eisiúint le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas.

(18)

Ós rud é go bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/2031 nach gcuirfear deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú nó athonnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile ó chríoch an Aontais ar fáil ach amháin trí CBFRO, nó trí mhalartú leictreonach leis, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha a ionchorprú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 maidir le heisiúint na ndeimhnithe sin i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(19)

D’fhonn forfheidhmiú rialacha an Aontais a neartú, foráiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 go ndéanfaidh pointí teagmhála líonra TRACES liostaí de na sonraí tagartha áirithe is gá chun go bhfeidhmeoidh TRACES go maith a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta in TRACES. Áirítear ar na liostaí bunaíochtaí gnó bia arna bhformheas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus bunaíochtaí, plandaí agus oibreoirí a láimhseálann seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe, arna gceadú nó arna gclárú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(20)

Chun na críche céanna, leis an Rialachán seo ba cheart síneadh breise a chur leis na liostaí sin de shonraí tagartha ionas go n-áireofar ann bunaíochtaí agus oibreoirí cláraithe formheasta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/429 chomh maith le hoibreoirí gairmiúla áirithe atá cláraithe de bhun Rialachán (AE) 2016/2031, a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíochtaí trasteorann.

(21)

I bhfianaise tacaíocht a sholáthar d’ullmhú anailísí riosca na mBallstát le haghaidh cigireachtaí nó iniúchtaí maidir le hiompar ainmhithe beo, ba cheart poist rialaithe arna bhformheas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle (11) a áireamh freisin ar na liostaí sonraí tagartha, mar aon le hiompróirí údaraithe, tiománaithe údaraithe agus freastalaithe údaraithe, agus modhanna iompair formheasta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (12).

(22)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart go mbeadh feidhm freisin ón 21 Aibreán 2021 ag na leasuithe a bhaineann le ADIS, ag na naisc riachtanacha idir ADIS agus TRACES, agus ag leathnú liostaí na sonraí tagartha chun bunaíochtaí agus oibreoirí cláraithe formheasta a áireamh de bhun Rialachán (AE) 2016/429.

(23)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sonraí tagartha maidir le dea-fheidhmiú TRACES, ba cheart go mbeadh feidhm freisin ón 21 Aibreán 2021 ag leathnú liostaí na sonraí tagartha ó Rialacháin (CE) Uimh. 1255/97, (CE) Uimh. 1/2005 agus (AE) 2016/2031.

(24)

Ós rud é gur gá tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na córais iRASFF agus TRACES i ndáil le fógraí idircheaptha, ba cheart dáta chur i bhfeidhm na leasuithe ar Roinn 3 de Chaibidil 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a chur siar go dtí an 1 Nollaig 2021.

(25)

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 97/152/CE ón gCoimisiún (13) an fhaisnéis atá le hiontráil i gcóras TRACES maidir le coinsíneachtaí ainmhithe nó táirgí ainmhithe ó thríú tíortha. Tá an Cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 12 de Chinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (14), airteagal a aisghaireadh le hAirteagal 146(1) de Rialachán (AE) 2017/625 le héifeacht ón 14 Nollaig 2019. Tá an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 97/152/CE san áireamh anois in CHED-A agus in CHED-P i Roinn A agus i Roinn B de Chuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715. Ar mhaithe le soiléireacht agus le comhsheasmhacht, ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 97/152/CE a aisghairm.

(26)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus thug sé a thuairim uaidh an 14 Eanáir 2021.

(27)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 mar a leanas:

1.

i gCaibidil 1, leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (8);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

“(9)

ciallaíonn ‘líonra RASFF’ an córas Mear-rabhaidh arna bhunú mar líonra le hAirteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir leis na fógraí dá dtagraítear i bpointí (15) go (20) den Airteagal seo;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

“(11)

ciallaíonn ‘líonra calaoise’ an líonra atá comhdhéanta den Choimisiún, de Europol agus de na comhlachtaí idirchaidrimh arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/625 chun na críche sonraí an malartú faisnéise a éascú maidir le fógraí calaoise mar a shainmhínítear i bpointe (21);”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

“(12)

ciallaíonn ‘líonra foláirimh agus comhair’ líonra atá comhdhéanta de RASFF, AAC agus líonraí calaoise;”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (14):

“(14)

ciallaíonn ‘fógra faoi neamhchomhlíonadh’ fógra in iRASFF faoi neamhchomhlíonadh maidir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625 nach riosca é de réir bhrí Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

“(20)

ciallaíonn ‘fógra faoi chead thar teorainn isteach a dhiúltú’ fógra in iRASFF maidir le diúltú baisc, coimeádáin nó lasta bia, ábhair teagmhála bia nó beatha i ngeall ar riosca dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;”;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (21):

“(21)

ciallaíonn ‘fógra calaoise’ fógra in iRASFF faoi neamhchomhlíonadh a bhaineann le gníomhaíocht a mheastar a rinne gnólachtaí nó daoine aonair d’aon ghnó chun ceannaitheoirí a mhealladh agus buntáiste míchuí a fháil as, de shárú ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625;”;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (22):

“(22)

ciallaíonn ‘fógra bunaidh’ fógra faoi neamhchomhlíonadh, fógra foláirimh, fógra faisnéise, fógra nuachta, fógra calaoise nó fógra faoi chead thar teorainn isteach a dhiúltú;”;

(i)

scriostar pointí (33) agus (34);

2.

i gCaibidil 2, leasaítear Airteagal 6(2) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

EUROPHYT agus TRACES, lena gceadaítear malartú sonraí maidir le fógraí ráigeanna EUROPHYT;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

iRASFF agus TRACES, lena gceadaítear malartú sonraí a bhaineann le taifid oibreoirí roimhe seo i ndáil le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625;”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(d)

ADIS agus TRACES, lena gceadaítear malartú sonraí agus faisnéis a bhaineann le fógraí don Aontas.”;

3.

i gCaibidil 3, leasaítear Roinn 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Comhlachtaí idirchaidrimh atá freagrach as cineálacha áirithe faisnéise a mhalartú

Cuirfidh na Ballstáit in iúl cé na comhlachtaí idirchaidrimh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/625 atá freagrach as faisnéis faoi fhógraí calaoise a mhalartú.”;

(b)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh na Ballstáit pointe teagmhála a líonra calaoise a áireamh ina bpointe teagmhála aonair.”;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

Fógraí calaoise

1.   Déanfaidh pointí teagmhála an líonra calaoise fógraí calaoise a mhalartú lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an fhaisnéis ar fad a cheanglaítear le hAirteagal 16(1);

(b)

tuairisc ar an gcleachtas a mheastar a bheith calaoiseach;

(c)

na hoibreoirí atá páirteach a shainaithint, i gcás inar féidir;

(d)

faisnéis i dtaobh imscrúduithe póilíneachta nó breithiúnacha a bheith ar siúl maidir leis an gcleachtas a mheastar a bheith calaoiseach;

(e)

faisnéis maidir le haon treoir ó na póilíní nó ó na húdaráis bhreithiúnacha a luaithe a bheidh siad ar fáil agus is féidir iad a nochtadh.

2.   Cuirfidh pointí teagmhála an líonra calaoise aon fhaisnéis maidir le rioscaí sláinte in iúl do phointe teagmhála a líonra RASFF gan moill mhíchuí.

3.   Déanfaidh pointe teagmhála an Choimisiúin gach fógra calaoise a fhíorú tar éis a mhalartaithe, gan aon mhoill mhíchuí.”;

(d)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Gan dochar do cheart rochtana an Choimisiúin de bhun Airteagal 8(2), ní bheidh rochtain ar fhógraí calaoise ach ag na pointí teagmhála de chuid an líonra calaoise a thugann fógra, dá tugtar fógra agus a n-iarrtar orthu.”;

(e)

in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   De mhaolú ar mhír 1, cumhdófar pointí (b), (c) agus (e) den mhír sin le fíorú ar fhógraí neamhchomhlíonadh, fógraí calaoise agus fógraí faoi chead thar teorainn isteach a dhiúltú.”;

(f)

in Airteagal 25(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

pointe teagmhála a thugann fógra chun neamhchomhlíonadh, calaois nó fógra leantach a tharraingt siar;”;

(g)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás ina mbaineann fógra maidir le neamhchomhlíonadh nó fógra calaoise le táirge de thionscnamh tríú tír nó arna dháileadh ar thríú tír nach bhfuil rochtain aici ar iRASFF ná ar TRACES, féadfaidh an Coimisiún an tríú tír sin a chur ar an eolas.”;

(h)

in Airteagal 28(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

malartóidh pointí teagmhála an líonra calaoise faisnéis maidir le fógraí calaoise trí ríomhphost;”;

4.

i gCaibidil 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2:

“ROINN 2

ADIS

Airteagal 29

Líonra ADIS

1.   Ainmneoidh gach comhalta de líonra ADIS pointe teagmhála amháin ar a laghad a bheidh freagrach as sonraí agus faisnéis maidir le fógra agus tuairiscí don Aontas a chur isteach in ADIS i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 6, 7, 8, 11 agus 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (*1).

2.   An liosta de na réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú, ar réigiúin iad a bhunaigh a Bhallstát agus a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002, déanfaidh gach pointe teagmhála de líonra ADIS é a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta in ADIS.

Airteagal 29a

Tréimhse stórála sonraí pearsanta

Déanfar sonraí pearsanta ó fhógraí agus ó thuarascálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 29(1) a stóráil in ADIS ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana.

Airteagal 29b

Socruithe teagmhasacha le haghaidh ADIS

1.   I gcás nach bhfuil fáil ar ADIS, cuirfidh pointí teagmhála líonra ADIS isteach na sonraí agus an fhaisnéis maidir le fógraí an Aontais agus tuarascálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 29(1) trí ríomhphost nó ar mhodh eile a shonraítear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

2.   A luaithe a bheidh fáil ar ADIS arís, cuirfidh pointí teagmhála líonra ADIS isteach ann na sonraí agus an fhaisnéis a cuireadh isteach lasmuigh den chóras.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalair a chur isteach, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).”;"

5.

i gCaibidil 3, leasaítear Roinn 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

Líonra ráigeanna EUROPHYT

Ainmneoidh gach comhalta de líonra ráigeanna EUROPHYT pointe teagmhála a bheidh freagrach as fógraí ráigeanna EUROPHYT a chur chuig EUROPHYT.”;

(b)

Scriostar Airteagail 31 agus 33;

6.

i gCaibidil 3, leasaítear Roinn 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:

“Airteagal 35

Líonra TRACES

Gan dochar d’Airteagal 4(2), ainmneoidh gach comhalta de líonra TRACES pointe teagmhála amháin nó níos mó le haghaidh na bhfeidhmiúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 132(d) agus in Airteagal 133 de Rialachán (AE) 2017/625, agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais a thagraíonn do TRACES.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

“Airteagal 39

Deimhnithe leictreonacha a eisiúint le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas agus sínithe leictreonacha a úsáid

1.   Na deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte/oifigiúla ainmhithe le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas, comhlíonfaidh siad na ceanglais seo uile:

(a)

go n-eiseofar iad i gceann de na córais seo a leanas:

(i)

TRACES;

(ii)

córas náisiúnta Ballstáit;

(iii)

córas deimhniúcháin leictreonaigh tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta atá in ann sonraí a mhalartú le TRACES;

(iv)

córas deimhniúcháin leictreonaigh tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta atá in ann sonraí a mhalartú le córas náisiúnta Ballstáit;

(b)

go síneoidh oifigeach údaraithe iad lena shíniú/síniú leictreonach;

(c)

go mbeidh ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil, nó síniú leictreonacha ardleibhéil nó síniú leictreonach cáilithe a ionadaí dhlíthiúil orthu.

2.   I gcás ina n-eiseofar deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla i gcomhréir le pointe (a)(iii) nó (iv) de mhír 1, ní bheidh gá le síniú leictreonach an oifigigh údaraithe.

3.   Tabharfar fógra don Choimisiún roimh ré go n-eiseofar deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla i gcomhréir le pointe (a)(iv) de mhír 1.

4.   Ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil le deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta, mar is gá chun plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais i gcomhréir le Roinn 1 de Chaibidil VI de Rialachán (AE) 2016/2031, ach amháin sa chás go bhfuil siad eisithe de réir phointe (a)(i) nó (iii) de mhír 1 den Airteagal seo.”;

(c)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas i ndiaidh Airteagal 39:

“Airteagal 39a

Deimhnithe leictreonacha agus doiciméid tráchtála a eisiúint le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe agus earraí idir na Ballstáit agus sínithe leictreonacha a úsáid

Na deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla maidir le gluaiseachtaí ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí geirmeacha idir na Ballstáit, agus doiciméid tráchtála leictreonacha le haghaidh seachtháirgí ainmhithe áirithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus a iompraítear go Ballstát eile, déanfaidh siad na ceanglais seo uile a chomhlíonadh:

(a)

go n-eiseofar in TRACES iad;

(b)

go síneoidh tréidlia oifigiúil nó oifigeach deimhniúcháin iad lena shíniú/síniú leictreonach;

(c)

go mbeidh ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil orthu.

Airteagal 39b

Deimhnithe leictreonacha a eisiúint le haghaidh onnmhairiú agus athonnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile agus sínithe leictreonacha a úsáid

Eiseofar deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú nó athonnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile ó chríoch an Aontais chuig tríú tír i gceann de na córais seo a leanas:

(a)

TRACES, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an deimhniú na ceanglais seo uile:

(i)

go bhfuil sé sínithe ag oifigeach deimhniúcháin é lena shíniú/síniú leictreonach;

(ii)

go bhfuil ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil air;

(b)

córas náisiúnta Ballstáit, ar choinníoll go gcomhlíonann an deimhniú na ceanglais seo uile:

(i)

go bhfuil sé sínithe ag oifigeach deimhniúcháin é lena shíniú/síniú leictreonach;

(ii)

go bhfuil sé tarchurtha chuig TRACES ar a dhéanaí tráth a shíníonn an t-oifigeach deimhniúcháin go leictreonach é agus go bhfuil an tarchur séalaithe le ríomhshéala ardleibhéil nó le ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

“Airteagal 41

Córas leictreonach CHED a úsáid

Is le ceann de na córais seo a leanas a úsáidfidh oibreoir nó údarás inniúil CHED i bhformáid leictreonach:

(a)

TRACES, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh CHED na ceanglais seo uile:

(i)

go bhfuil sé sínithe ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinínseacht é lena shíniú/síniú leictreonach;

(ii)

go bhfuil sé sínithe ag an tréidlia oifigiúil, ag an oifigeach oifigiúil sláinte plandaí nó ag an oifigeach deimhniúcháin ag poist rialaithe teorann nó ag pointí rialaithe lena shíniú/síniú leictreonach;

(iii)

go bhfuil ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil air;

(b)

córas náisiúnta Ballstáit, ar choinníoll go gcomhlíonann CHED na ceanglais seo uile:

(i)

go bhfuil sé sínithe ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht é lena shíniú/síniú leictreonach;

(ii)

go bhfuil sé sínithe ag an tréidlia oifigiúil, ag an oifigeach oifigiúil sláinte plandaí nó ag an oifigeach deimhniúcháin ag poist rialaithe teorann nó ag pointí rialaithe lena shíniú/síniú leictreonach;

(iii)

go bhfuil sé tarchurtha chuig TRACES ar a dhéanaí tráth a dhéantar an cinneadh maidir leis an gcoinsíneacht ar bhonn rialuithe oifigiúla agus go bhfuil an tarchur séalaithe le ríomhshéala ardleibhéil nó cáilithe an údaráis eisiúna inniúil.”;

(e)

in Airteagal 42, scriostar mír 3;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

“Airteagal 45

Liostaí de shonraí tagartha

1.   Déanfaidh gach pointe teagmhála líonra TRACES liostaí de na nithe seo a leanas a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta in TRACES:

(a)

bunaíochtaí gnó bia atá formheasta ag údarás inniúil a Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004;

(b)

bunaíochtaí, plandaí agus oibreoirí a láimhseálann seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe atá ceadaithe nó cláraithe ag údarás inniúil a Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

(c)

poist rialaithe a bhfuil formheas deonaithe ina leith ag údarás inniúil a Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle (*2);

(d)

iompróirí a dhéanann aistir fhada a bhfuil údarú deonaithe dóibh ag an údarás inniúil de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (*3);

(e)

bunaíochtaí a áirítear i gclár na mbunaíochtaí formheasta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 101 de Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a aistríonn siad ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha go Ballstát eile nó go nglacann siad ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha ó thríú tír;

(f)

bunaíochtaí a áirítear i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta agus na mbunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach dá dtagraítear in Airteagal 185(1)(b) agus (c) faoi seach de Rialachán (AE) 2016/429 sa mhéid go n-aistríonn siad ainmhithe dobharshaothraithe go Ballstát eile nó sa mhéid go bhfaigheann siad ainmhithe dobharshaothraithe ó thríú tír;

(g)

bunaíochtaí agus oibreoirí a áirítear i gclár na mbunaíochtaí agus na n-oibreoirí cláraithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 101 de Rialachán (AE) 2016/429 sa mhéid go n-aistríonn siad ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha go Ballstát eile nó go nglacann siad ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha ó thríú tír;

(h)

bunaíochtaí a áirítear i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 185(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/429 sa mhéid go n-aistríonn siad ainmhithe dobharshaothraithe go Ballstát eile nó sa mhéid go bhfaigheann siad ainmhithe dobharshaothraithe ó thríú tír;

(i)

iompróirí a bhfuil údarú deonaithe dóibh ag an údarás inniúil de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005;

(j)

tiománaithe agus freastalaithe feithiclí bóthair a iompraíonn eachainmhithe clóis nó ainmhithe clóis de speiceas buaibheach, caorach, gabhair nó mucach nó éanlaithe clóis ar dheonaigh an t-údarás inniúil deimhniú inniúlachta ina leith de bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005;

(k)

modhanna iompair de bhóthar a úsáidtear le haghaidh aistir fhada agus soithí beostoic ar dheonaigh an t-údarás inniúil deimhniú formheasa ina leith de bhun Airteagal 18(1) agus Airteagal 19(1) faoi seach de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005;

(l)

oibreoirí a áirítear i gclár na n-oibreoirí gairmiúla a thugann plandaí, táirgí plandaí agus réada eile isteach san Aontas a bhfuil deimhniú fíteashláintíochta ag teastáil ina leith dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;

(m)

stáisiúin choraintín agus saoráidí gaibhniúcháin ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2016/2031 chun gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thugtar isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tíortha.

2.   Cuirfidh na pointí teagmhála dá dtagraítear i mír 1 faisnéis in TRACES maidir le gach liosta dá dtagraítear sa mhír sin ag úsáid na sonraíochtaí teicniúla d’fhormáid na liostaí sin arna soláthar ag an gCoimisiún.

3.   Cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit na liostaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) de mhír 1 a chur ar fáil don phobal trína bhfoilsiú ar a shuíomh gréasáin nó trí TRACES.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir Chomhphobail le haghaidh post rialaithe agus lena leasaítear an plean bealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE (IO L 174, 2.7.1997, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).”."

Airteagal 2

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 97/152/CE.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021, cé is moite d’Airteagal 1(5) a mbeidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(2)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(3)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(4)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalair a aithint, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus ítimí atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir Chomhphobail le haghaidh post rialaithe agus lena leasaítear an plean bealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE (IO L 174, 2.7.1997, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).

(13)  Cinneadh 97/152/CE ón gCoimisiún an 10 Feabhra 1997 maidir leis an bhfaisnéis atá le hiontráil sa chomhad ríomhairithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe nó táirgí ainmhithe ó thríú tíortha a athsheoltar (IO L 59, 28.2.1997, lch. 50).

(14)  Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 maidir le nósanna imeachta tréidliachta allmhairithe a ríomhairiú (tionscadal Shift), lena leasaítear Treoracha 90/675/CEE, 91/496/CEE, 91/628/CEE agus Cinneadh 90/424/CEE, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 88/192/CEE (IO L 243, 25.8.1992, lch. 27).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).