26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/47 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/529 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2020
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a mhéid a bhaineann le coigeartú tairseacha leachtachta agus peircintílí trádála a úsáidtear chun an méid atá sonrach don ionstraim is infheidhme maidir le hionstraimí neamhchothromais áirithe a chinneadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 9(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 (2) ón gCoimisiún na ceanglais trédhearcachta is infheidhme maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh. D’fhonn cur chun feidhme rianúil na gceanglas sin a áirithiú, tugadh isteach leis an Rialachán Tarmligthe seo céimniú isteach bliantúil maidir le cur i bhfeidhm tairseacha trédhearcachta áirithe thar thréimhse 4 bliana, ó 2019 ar aghaidh. Leis an gcéimniú isteach sin, is féidir cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí trédhearcachta comhfhreagracha a leathnú de réir a chéile. Baineann sé sin go háirithe leis an gcritéar maidir le “meánlíon laethúil na dtrádálacha” a úsáidtear chun bannaí a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith agus chun na peircintílí trádála a chinneadh a úsáidtear chun an méid atá sonrach don ionstraim a chinneadh lena gceadaítear oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a tharscaoileadh. |
(2) |
Faoin gcur chuige céimnithe sin, ní théitear ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile go huathoibríoch. Ceanglaítear ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a mheasúnú bliantúil ar a oiriúnaí a bheadh sé dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní mór go ndéanfar anailís trí mheasúnú ESMA ar éabhlóid méideanna trádála i gcás na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann faoin gcéim reatha agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile ar an leachtacht atá ar fáil agus ar rannpháirtithe margaidh araon a thuar. Má tá údar cuí leis, ceanglaítear ar ESMA caighdeán rialála athbhreithnithe a chur isteach, mar aon lena thuarascáil, chun go bhféadfaidh sé dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile. |
(3) |
Chuir ESMA a mheasúnú agus a chaighdeáin rialála athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Iúil 2020. Tháinig ESMA ar an gconclúid gur measadh gur bannaí leachtacha iad idir 0,15 % agus 0,31 % de na bannaí arna dtrádáil idir an ceathrú ráithe de 2018 agus an tríú ráithe de 2019, de réir na gcritéar a bhfuil feidhm leo i gcéim S1. Bheadh méadú thart ar 50 % i gceist le dul ar aghaidh chuig céim S2. Maidir leis an méid atá sonrach don ionstraim, tháinig ESMA ar an gconclúid gur tharla 16 % de mhéid barúlach trádála na mbannaí ceannasacha agus 6 % de bhannaí eile faoin tarscaoileadh a bhaineann le méid atá sonrach don ionstraim i gcéim S1. Leis an aistriú chuig céim S2, ba cheart go n-áiritheofaí go mbeadh níos lú trádálacha bannaí incháilithe don tarscaoileadh sin. |
(4) |
Agus an measúnú a rinne ESMA á chur san áireamh, is iomchuí dul ar aghaidh chuig céim S2 chun bannaí a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith agus chun an méid atá sonrach don ionstraim le haghaidh bannaí a chinneadh. Leis an aistriú chuig céim S2, ba cheart go méadófaí an leibhéal trédhearcachta atá ar fáil sa mhargadh bannaí gan aon tionchar diúltach a bheith ar leachtacht. Mar sin féin, ós rud é nár foilsíodh na chéad ríomhanna trédhearcachta bliantúla a rinne ESMA ach i mbliana amháin i gcás ionstraimí neamhchothromais eile seachas bannaí, ní raibh dóthain fianaise ann chun dul ar aghaidh chuig céim S2 i gcás aicmí eile d’ionstraimí airgeadais. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a leasú dá réir sin, |
(6) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA atá an Rialachán seo bunaithe. |
(7) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ESMA maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583
Leasaítear Airteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 mar a leanas:
(a) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Chun na bannaí nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith a chinneadh chun críocha Airteagal 6 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1), glacfar leis an gcur chuige i leith an chritéir leachtachta “meánlíon laethúil na dtrádálacha” agus “meánlíon laethúil na dtrádálacha” a chomhfhreagraíonn do chéim S2 (deich dtrádáil laethúil) á chur i bhfeidhm.”; |
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais a chinneadh chun críocha Airteagal 5 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear faoi phointe (b)(i) d’Airteagal 13(2), úsáidfear an cur chuige maidir leis an bpeircintíl trádála a chuirfear i bhfeidhm agus an pheircintíl trádála a chomhfhreagraíonn do chéim S2 (an daicheadú peircintíl) á cur i bhfeidhm. Chun an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais a chinneadh chun críocha Airteagal 5 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear faoi phointí (b)(ii), (iii) agus (iv) d’Airteagal 13(2), úsáidfear an cur chuige don pheircintíl trádála a chuirfear i bhfeidhm agus an pheircintíl trádála a chomhfhreagraíonn do chéim S1 (an tríochadú peircintíl) á cur i bhfeidhm.”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Nollaig 2020
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.
(2) IO L 87, 31.3.2017, lch. 229.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).