24.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/505 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2021

maidir le húdarú aigéid fhosfaraigh 60 % ar iompróir silice a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe a bhaineann le feidhmghrúpa na leasaitheach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear d’údarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus don fhoras agus do na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú nó a dhiúltú. Le hAirteagal 10 den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Le Treoir 70/524/CEE údaraíodh aigéad ortafosfarach, gan teorainn ama, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an breiseán sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh dhá iarratas isteach chuig an gCoimisiún chun athmheastóireacht a dhéanamh ar aigéad ortafosfarach.

(4)

Bhain an chéad cheann de na hiarratais sin le hullmhóid aigéid ortafosfaraigh (67 %-85,7 %) meáchan/meáchan (tuaslagán uiscí). Údaraíodh an ullmhóid sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013 ón gCoimisiún (3) ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch.

(5)

Cuireadh an dara iarratas isteach le haghaidh athmheastóireacht a dhéanamh ar aigéad fosfarach 60 % ar iompróir silice mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus san fheidhmghrúpa “leasaithigh”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(6)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 17 Márta 2020 (4) de bharr na sonraí teoranta a cuireadh ar fáil sa sainchomhad bunaidh agus in éagmais freagra ar bith ón iarratasóir ar na hiarrataí éagsúla ón Údarás le haghaidh tuilleadh faisnéise, ar dtús an 22 Iúil 2011 agus ar deireadh an 3 Márta 2020, nach raibh an tÚdarás in ann tuairim a thabhairt ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht aigéid fhosfaraigh 60 % ar iompróir silice mar bhreiseán le haghaidh gach speicis ainmhíoch.

(7)

Thairis sin, an 8 Bealtaine 2020 d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir faisnéis a chur in iúl maidir leis an obair leantach ar an iarratas lena mbaineann, ach níor tugadh aon fhreagra.

(8)

De réir Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, ní mór don iarratasóir a léiriú go leordhóthanach, i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme (5) a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, go gcomhlíonann an breiseán na coinníollacha maidir le húdarú a leagtar síos sa Rialachán sin.

(9)

Ós rud é nár chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis agus na sonraí a iarradh ar fáil lena gcuirfí ar chumas an Údaráis measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht aigéid fhosfaraigh 60 % ar iompróir silice, níor suíodh, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an mbreiseán ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol, agus go bhfuil ceann amháin ar a laghad de na saintréithe aige a leagtar amach in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(10)

Léirítear leis an measúnú ar aigéad fosfarach 60 % ar iompróir silice nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin a dhiúltú.

(11)

Dá bhrí sin, aigéad fosfarach 60 % ar iompróir silice, mar tháirge atá ann cheana de réir bhrí Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, chomh maith le beatha ina bhfuil sé, ba cheart iad a tharraingt siar ón margadh. Ba cheart tréimhse ama teoranta a cheadú, áfach, le haghaidh stoic an bhreiseáin agus a réamh-mheascán atá ann cheana, agus an beatha ina bhfuil sé, a tharraingt siar ón margadh, chun gur féidir le hoibreoirí an oibleagáid maidir le tarraingt siar a chomhlíonadh i gceart.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú a dhiúltú

Diúltaítear údarú aigéid fhosfaraigh 60 % ar iompróir silice mar bhreiseán beathaithe, a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “leasaithigh”.

Airteagal 2

Aistarraingt ón margadh

1.   Stoic an bhreiseáin atá ann cheana, dá dtagraítear in Airteagal 1, agus stoic na réamh-mheascán ina bhfuil sé, aistarraingeofar ón margadh iad faoin 13 Deireadh Fómhair 2021.

2.   Ábhair bheatha agus beatha chumaisc a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe, a táirgeadh leis an mbreiseán nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 roimh an 13 Deireadh Fómhair 2021, aistarraingeofar ón margadh iad faoin 13 Aibreán 2022.

3.   Ábhair bheatha agus beatha chumaisc a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad, a táirgeadh leis an mbreiseán nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 roimh an 13 Deireadh Fómhair 2021, aistarraingeofar ón margadh iad faoin 13 Aibreán 2023.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1055/2013 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2013 maidir le húdarú ullmhóid aigéid ortafosfaraigh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 288, 30.10.2013, lch. 57).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(4):6064.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).