17.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 91/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/457 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/161 a mhéid a bhaineann le maolú ó oibleagáid na mórdhíoltóirí i dtaobh aitheantóirí uathúla na dtáirgí arna n-onnmhairiú chuig an Ríocht Aontaithe a dhíchoimisiúnú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 54a(2)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear in Airteagal 54a(1) de Threoir 2001/83/CE go mbeidh gnéithe sábháilteachta ag táirgí íocshláinte a bheidh faoi réir oidis.

(2)

De bhun Airteagal 22(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/161 ón gCoimisiún (2), tá an mórdhíoltóir le haitheantóir uathúil táirgí íocshláinte a bhfuil sé beartaithe aige iad a dháileadh lasmuigh den Aontas a dhíchoimisiúnú.

(3)

An 1 Feabhra 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. De bhun Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), is infheidhme dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn idirthréimhse a dtiocfaidh deireadh léi an 31 Nollaig 2020 (“idirthréimhse”).

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, tá feidhm ag reachtaíocht an Aontais i dTuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

(5)

Mura mbeadh maolú ó na rialacha is infheidhme déanta, bheadh d’éifeacht ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas ar an gcaoi sin gur ghá na haitheantóirí uathúla a dhíchoimisiúnú le haghaidh táirgí íocshláinte atá ceaptha le dáileadh sa Ríocht Aontaithe.

(6)

Déantar roinnt táirgí íocshláinte a sholáthar don Chipir, d’Éirinn, do Mhálta nó do Thuaisceart Éireann tríd an mBreatain Mhór. Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, i gcomhréir le hAirteagal 54a(1) de Threoir 2001/83/CE, is faoi allmhaireoirí a bhfuil údarú monaraíochta acu sna réimsí sin a bheadh sé aitheantóir uathúil nua a ghreamú de na táirgí íocshláinte nuair a chuirfí ar an margadh iad. Níl aon allmhaireoir a bhfuil údarú monaraíochta aige ann faoi láthair sa Chipir, in Éirinn, i Málta ná i dTuaisceart Éireann áfach agus dá bhrí sin, níl aon allmhaireoir sna limistéir sin a d’fhéadfadh an oibleagáid sin a chomhlíonadh ón 1 Eanáir 2021. Chun soláthairtí a áirithiú i gcomhréir leis an oibleagáid i dtaobh aitheantóir uathúil nua a ghreamú, is gá na slabhraí soláthair a athdhearadh.

(7)

Chun a áirithiú go ndéanfar táirgí íocshláinte a mhargú agus aitheantóir uathúil acu sna margaí beaga atá i dtuilleamaí na Ríochta Aontaithe faoi láthair le haghaidh a gcuid soláthairtí táirgí íocshláinte, is gá dá bhrí sin maolú sealadach a dheonú do mhórdhíoltóirí ón oibleagáid i dtaobh aitheantóir uathúil na dtáirgí a bhfuil sé beartaithe acu iad a dháileadh sa Ríocht Aontaithe a dhíchoimisiúnú mar go bhféadfar na táirgí sin a athonnmhairiú chuig an Aontas. Níor cheart go gcuirfeadh an maolú sin isteach ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar i gcomhar le hIarscríbhinn 2 den Phrótacal sin.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/161 a leasú dá réir sin.

(9)

Ag féachaint don deireadh atá ar tí teacht leis an idirthréimhse, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne. Ós rud é go dtiocfaidh deireadh le hidirthréimhse an chomhaontaithe um tharraingt siar an 31 Nollaig 2020, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/161, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar phointe (a), ón 1 Eanáir 2021 go dtí 31 Nollaig 2021, ní bhainfidh an oibleagáid i dtaobh aitheantóir uathúil na dtáirgí íocshláinte atá beartaithe ag an mórdhíoltóir a dháileadh lasmuigh den Aontas Eorpach le táirgí a bhfuil sé beartaithe aige iad a dháileadh sa Ríocht Aontaithe (*1).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/161 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2015 lena bhforlíontar Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na gnéithe sábháilteachta atá ar phacáistiú táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 32, 9.2.2016, lch. 1).