4.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 74/27


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/384 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Márta 2021

maidir le hoiriúnacht na n-ainmníochtaí cineálacha de speicis plandaí talmhaíochta nó speicis glasraí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2009

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 9(6) de,

Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (2), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 9(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoracha 2002/53/CE agus 2002/55/CE leagtar síos rialacha ginearálta maidir le hoiriúnacht ainmníochtaí cineáil trí bhíthin tagairt d’Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle (3).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 chun cineál planda a fhormheas, ní mór don Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO) a mheas go bhfuil a ainmníocht chineáil oiriúnach. Tá ainmníocht chineáil oiriúnach mura bhfuil bac ar bith ann i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 den Airteagal sin.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 637/2009 ón gCoimisiún (4), bunaítear rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm critéir áirithe a leagtar amach in Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 i ndáil le hoiriúnacht na n-ainmníochtaí de chineálacha speiceas talmhaíochta agus speiceas plandaí glasraí chun an chéad fhomhír d’Airteagal 9(6) de Threoir 2002/53/CE agus an chéad fhomhír d’Airteagal 9(6) de Threoir 2002/55/CE a chur i bhfeidhm.

(4)

Bhunaigh CPVO agus na Ballstáit sainghrúpa, a d’fhorbair agus a leasaigh treoirlínte maidir le hoiriúnacht na n-ainmníochtaí faoi Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 (“Treoirlínte maidir le hainmníochtaí cineáil”) (5). Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le soiléirithe breise a thagann as na Treoirlínte maidir le hainmníochtaí cineáil.

(5)

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 637/2009 roinnt uaireanta. I bhfianaise an ghá atá ann na rialacha atá ann cheana a leasú agus ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(6)

Tá ainmníocht chineáil le formheas ach amháin má tá sí mí-oiriúnach mar gheall ar bhaic. Faoi Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, ní mór bac a chur ar úsáid ainmníochta cineáil i gcás réamhcheart tríú páirtí, deacrachtaí maidir le haithint nó atáirgeadh, ainmníochtaí comhionanna le cineál den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar, ainmníochtaí a úsáidtear go coitianta chun earraí a mhargú, i gcás ina bhféadfadh an ainmníocht a bheith ina hábhar masla i gceann de na Ballstáit nó i gcás ina mbeadh sí in aghaidh an bheartais phoiblí, i gcás mearbhaill de bharr cosúlacht amhairc, foghraíochta nó choincheapúil nó i gcás ábhar míthreorach.

(7)

Chun am leordhóthanach a thabhairt d’údaráis inniúla chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 i ndáil le hoiriúnacht na n-ainmníochtaí de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí talmhaíochta chun críocha na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(6) de Threoir 2002/53/CE agus na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(6) de Threoir 2002/55/CE.

Airteagal 2

Oiriúnacht ainmníochtaí cineáil

1.   Beidh ainmníocht chineáil oiriúnach mura mbeidh aon bhac ann maidir lena hainmniú.

2.   Tá bac maidir le hainmniú ainmníochta cineáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a chuirtear bac ar úsáid ainmníochta cineáil i gcríoch an Aontais i gcás ina gcloítear le hagóid ó thríú páirtí ag a bhfuil réamhcheart, mar a leagtar amach in Airteagal 3(1);

(b)

nuair atá coinbhleacht ann idir an ainmníocht chineáil le tásca geografacha, le hainmniúcháin tionscnaimh nó le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, mar a leagtar amach in Airteagal 3(2);

(c)

nuair a d’fhéadfadh an ainmníocht chineáil a bheith ina cúis le deacrachtaí dá cuid úsáideoirí maidir lena haithint nó lena hatáirgeadh, mar a leagtar amach in Airteagal 4;

(d)

nuair atá an ainmníocht chineáil comhionann, nó nuair a d’fhéadfaí í a thógáil in amhlachas ainmníochta cineáil, le hainmníocht chineáil faoina bhfuil cineál eile den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar cláraithe i gclár oifigiúil cineálacha plandaí nó faoinar cuireadh ábhar de chineál eile ar fáil ar an margadh, mar a leagtar amach in Airteagal 5;

(e)

nuair a d’fhéadfadh an ainmníocht chineáil mearbhall a chothú mar gheall ar a cosúlacht amhairc, foghraíochta nó choincheapúil le hainmníocht chineáil den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar, mar a leagtar amach in Airteagal 5;

(f)

nuair atá an ainmníocht chineáil comhionann le hainmniúcháin a úsáidtear go coitianta chun earraí a mhargú, nó ainmniúcháin nach mór iad a choinneáil saor faoi reachtaíocht eile, nó nuair a d’fhéadfaí í a thógáil in amhlachas na n-ainmniúchán sin, mar a leagtar amach in Airteagal 6;

(g)

nuair a d’fhéadfadh an ainmníocht chineáil an pobal a chur amú nó mearbhall a chur orthu, mar a leagtar amach in Airteagal 7.

Airteagal 3

Réamhcheart tríú páirtí

1.   Is ann do bhac mar gheall ar réamhcheart tríú páirtí, i gcás ina gcloífidh aon údarás inniúil le hagóid tríú páirtí, a bhfuil trádmharc aige, i gcoinne ainmniú na hainmníochta cineáil i gcríoch an Aontais. Baineann an bac sin le trádmharcanna:

(a)

a cláraíodh i mBallstát amháin nó níos mó ná sin, nó san Aontas roimh chlárú na hainmníochta cineáil;

(b)

atá comhionann nó comhchosúil leis an ainmníocht chineáil; agus

(c)

a chláraítear i ndáil le hearraí den speiceas céanna leis an gcineál lena mbaineann nó de speiceas neasghaolmhar.

2.   I gcás tásca geografacha, ainmniúcháin tionscnaimh nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia, deochanna biotáilleacha, fíonta cumhraithe agus táirgí fíona mar réamhcheart ag tríú páirtí, cuirfear bac ar ainmníocht chineáil i gcríoch an Aontais i gcás ina sáródh an ainmníocht chineáil an méid seo a leanas:

(a)

Airteagail 13 nó 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(b)

Airteagal 103 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(c)

Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(d)

Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

3.   Maidir le bac ar oiriúnacht ainmníochta mar gheall ar an réamhcheart dá dtagraítear i mír 1, scoirfidh an bac sin de bheith ann más rud é go mbeidh toiliú i scríbhinn faighte ó shealbhóir an réamhchirt chun an ainmníocht a úsáid i ndáil leis an gcineál lena mbaineann, ar choinníoll nach bhféadfadh an toiliú sin an pobal a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

4.   I gcás ina bhfuil réamhcheart ag an iarratasóir i leith na hainmníochta cineáil atá beartaithe ina hiomláine nó cuid di, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94.

Airteagal 4

Deacrachtaí maidir le haithint nó le hatáirgeadh ainmníochta cineáil

1.   Is ann do bhac mar gheall ar dheacrachtaí a mhéid a bhaineann le haithint nó le hatáirgeadh ainmníochta cineáil nuair atá ainmníocht chineáil ina cúis le deacrachtaí ag a húsáideoirí a mhéid a bhaineann lena haitheantas nó lena hatáirgeadh.

2.   Measfar go gcruthaíonn ainmníocht chineáil deacrachtaí dá húsáideoirí a mhéid a bhaineann lena haithint nó lena hatáirgeadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil breischéimeanna nó sárchéimeanna inti, nó go bhfuil sí comhdhéanta díobh;

(b)

go bhfuil ainmneacha luibheolaíocha speiceas inti atá sa ghrúpa speiceas plandaí talmhaíochta nó speiceas plandaí glasraí lena mbaineann an cineál, nó go bhfuil sí comhdhéanta de na hainmneacha sin;

(c)

go bhfuil téarmaí pórúcháin agus teicniúla inti agus go bhfuil sí comhdhéanta díobh, mura rud é nach gcuirfeadh a n-úsáid in éineacht le téarmaí eile cosc ar aithint na hainmníochta cineáil sa cháil sin;

(d)

go bhfuil sí comhdhéanta go heisiach d’ainm geografach a bhfuil clú bainte amach aige maidir leis an speiceas lena mbaineann;

(e)

go bhfuil sí comhdhéanta de litir nó uimhir aonair nó uimhreacha amháin, mura bhfuil sé seo ina chleachtas bunaithe chun cineálacha áirithe a ainmniú;

(f)

go bhfuil an iomarca focal nó eilimintí inti, nó go bhfuil sí comhdhéanta den iomarca focal nó eilimintí, mura ndéanann dul na foclaíochta rud inaitheanta di;

(g)

go bhfuil marc poncaíochta nó siombail eile inti, meascán de chás uachtair agus íochtair (seachas i gcás ina bhfuil an chéad litir sa chás uachtair agus an chuid eile den ainmníocht sa chás íochtair), foscript, forscript nó dearadh nó eilimint fháthchiallach (seachas an uaschamóg (’), an chamóg (,), suas le dhá comhartha uaillbhreasa neamhchóngaracha (!), an lánstad, nó siombail an fleiscín, na tulslaise (/) nó na cúlslaise (\));

(h)

go bhfuil sí comhdhéanta d’fhoscript, forscript nó dearadh, lógó nó eilimint fháthchiallach nó go bhfuil siad sin inti.

Airteagal 5

Ainmníochtaí atá comhionann, a d’fhéadfaí í a thógáil in amhlachas cineáil eile

1.   Is ann do bhac le haghaidh ainmniú ainmníochta cineáil i gcás ina bhfuil sí comhionann leis an méid seo a leanas nó ina bhféadfaí í a thógáil in amhlachas an mhéid seo a leanas:

(a)

ainmníocht chineáil faoina bhfuil cineál eile den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar cláraithe i gclár oifigiúil cineálacha; nó

(b)

ainmníocht chineáil faoina ndearnadh ábhar de chineál eile a mhargú i mBallstát nó i gcríoch páirtí chonarthaigh den Aontas Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (“UPOV”);

ach amháin murab ann don chineál eile sin a thuilleadh agus nach bhfuil aon tábhacht ar leith ag baint lena ainmníocht.

2.   Lena fháil amach an bhfuil mearbhall ann chun críocha mhír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil anailís ar gach ceann de na gnéithe amhairc, foghraíochta agus coincheapúla ar leithligh agus ansin déanfaidh sé measúnú foriomlán, agus ainmníochtaí cineálacha den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar á gcur san áireamh, ar choinníoll go raibh na cineálacha lena mbaineann dá dtagraítear sa mhír seo agus i mír 1 faoi réir ceart maidir le cineálacha plandaí nó iarratas ar cheart den chineál sin, nó go raibh siad glactha go hoifigiúil lena margú, i gcríoch ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

an tAontas;

(b)

an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(c)

páirtí conarthach de chuid UPOV;

(d)

ball den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (“ECFE”).

3.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “speicis neasghaolmhara” na speicis a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

ciallaíonn “clár oifigiúil cineálacha” catalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 17 de Threoir 2002/53/CE, nó in Airteagal 17 de Threoir 2002/55/CE, nó i Liosta Cineálacha ECFE, nó i gclár cineálacha plandaí de chuid Bhall UPOV;

(c)

ciallaíonn “ní ann do chineál a thuilleadh” cineál nach ann dá ábhar a thuilleadh;

(d)

ciallaíonn “níl aon tábhacht ar leith ag baint leis an ainmníocht” go meastar gur cailleadh an tábhacht ar leith a bhain leis an ainmníocht chineáil atá cláraithe i gclár oifigiúil cineálacha ar dhul in éag tréimhse 10 mbliana tar éis di a bheith scriosta ón gclár sin, ach amháin má tá imthosca eisceachtúla ann.

Airteagal 6

Ainmniúcháin a úsáidtear go coitianta i margú earraí

1.   Is ann do bhac ar ainmniú ainmníochta cineáil nuair atá an ainmníocht chineáil comhionann le hainmniúcháin a úsáidtear go coitianta chun earraí a mhargú, nó ainmniúcháin nach mór iad a choinneáil saor faoi reachtaíocht eile, nó nuair a d’fhéadfaí í a thógáil in amhlachas na n-ainmniúchán sin.

2.   Is éard a bheidh sna hainmniúcháin a úsáidtear go coitianta chun earraí a mhargú, nó nach mór iad a choinneáil saor faoi reachtaíocht eile:

(a)

ainmníochtaí airgeadra;

(b)

téarmaí a bhaineann le meáchan agus tomhas;

(c)

nathanna agus téarmaí nár cheart a úsáid chun críoch eile seachas iad siúd a bheartaítear faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi reachtaíocht Bhallstáit.

Airteagal 7

Ábhar míthreorach

1.   Is ann do bhac ar ainmniú ainmníochta cineáil i gcás ina bhféadfadh an ainmníocht an pobal a chur amú nó mearbhall a chur orthu maidir le saintréithe, luach nó céannacht an chineáil, nó maidir le haitheantas an phóraitheora nó aon pháirtí eile sna himeachtaí.

2.   Measfar go bhféadfadh ainmníocht chineáil an pobal a chur amú nó mearbhall a chur orthu sna cásanna seo a leanas:

(a)

go ngineann sí míthuairim go bhfuil an ainmníocht gaolmhar le cineál sonrach eile, nó go bhfuil sí díorthaithe ó chineál sonrach eile;

(b)

go ngineann sí míthuairim go bhfuil saintréith nó luach ar leith aici;

(c)

go dtagraíonn sí do shaintréith nó do luach sonrach ar bhealach a thugann le tuiscint go mbaineann an tsaintréith nó an luach sonrach sin leis an gcineál sin amháin, cé go bhféadfadh an tsaintréith nó an luach céanna a bheith ag cineálacha eile den speiceas céanna;

(d)

go bhfuil sí comhchosúil le hainm trádála aitheanta seachas trádmharc cláraithe nó ainmníocht chineáil;

(e)

go dtugann sí le fios gur cineál eile é an cineál;

(f)

go ngineann sí míthuairim maidir le céannacht an iarratasóra, céannacht an duine atá freagrach as an gcineál a chothabháil nó céannacht an phóraitheora;

(g)

go bhfuil an méid seo a leanas inti, nó go bhfuil sí comhdhéanta de:

(i)

breischéimeanna nó sárchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith mealltach ó thaobh shaintréithe an chineáil de;

(ii)

ainmneacha luibheolaíocha nó gnáthainmneacha na speiceas atá sa ghrúpa speiceas plandaí talmhaíochta nó speiceas plandaí glasraí lena mbaineann an cineál;

(iii)

ainm an duine nádúrtha nó dhlíthiúil, nó tagairt dó, chun míthuairim a ghiniúint maidir le céannacht an iarratasóra, céannacht an duine atá freagrach as an gcineál a chothabháil nó céannacht an phóraitheora;

(h)

tá ainm geografach leis ar dócha go gcuirfidh sé dallamullóg ar an úsáideoir maidir leis na saintréithe nó an luach saothraithe agus úsáid an chineáil.

Airteagal 8

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 637/2009

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2009.

Leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige, áfach, maidir le hainmníochtaí cineáil a mhol an t-iarratasóir don údarás inniúil lena bhformheas roimh an 1 Eanáir 2022.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 193, 20.7.2002, lch. 1.

(2)  IO L 193, 20.7.2002, lch. 33.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí (IO L 227, 1.9.1994, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 637/2009 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2009 lena mbunaítear rialacha cur chun feidhme maidir le hoiriúnacht na n-ainmníochtaí cineálacha de speicis plandaí talmhaíochta agus speicis glasraí talmhaíochta (IO L 191, 23.7.2009, lch. 10).

(5)  CPVO Guidelines on variety denominations [Treoirlínte CPVO maidir le hainmníochtaí cineáil], Cruinniú 1 den Chomhairle Riaracháin de (2018), DOC-AC-2018-1-7.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).

(9)  Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Sainmhíniú ar speicis neasghaolmhara de réir bhrí Airteagal 5(3)

Chun críche “speicis neasghaolmhara”, dá dtagraítear in Airteagal 5(3), a shainmhíniú, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

más ann do níos mó ná aicme amháin laistigh de ghéineas, beidh feidhm ag an liosta aicmí i gcuid I;

(b)

má chuimsítear níos mó ná aon ghéineas amháin faoi aicmí, beidh feidhm ag an liosta aicmí i gcuid II;

(c)

mar riail ghinearálta, i gcás na ngéineas agus na speiceas nach gcumhdaítear leis na liostaí aicmí i gcodanna I agus II, measfar gur aicme atá i ngéineas sa chás sin.

CUID I

AICMÍ A BHFUIL GÉINEAS ACU

Aicmí

Na hainmneacha luibheolaíocha

Aicme 1.1:

Brassica oleracea

Aicme 1.2:

Brassica seachas Brassica oleracea

Aicme 2.1:

Beta vulgaris L. var. alba DC., Beta vulgaris L. var. altissima

Aicme 2.2:

Beta vulgaris ssp. vulgaris var. conditiva Alef. (syn.: B. vulgaris L. var. rubra L.), B. vulgaris L. var. cicla L., B. vulgaris L. ssp. vulgaris var. vulgaris.

Aicme 2.3:

Beta seachas aicmí 2.1 agus 2.2.

Aicme 3.1:

Cucumis sativus

Aicme 3.2:

Cucumis melo

Aicme 3.3:

Cucumis seachas aicmí 3.1 agus 3.2

Aicme 4.1:

Solanum tuberosum L.

Aicme 4.2:

Tráta agus fréamhstoic trátaí:

Solanum lycopersicum L. (Lycopersicon esculentum Mill.)

Solanum cheesmaniae (L. Ridley) Fosberg (Lycopersicon cheesmaniae L. Riley)

Solanum chilense (Dunal) Reiche (Lycopersicon chilense Dunal)

Solanum chmielewskii (C.M. Rick et al.) D.M. Spooner et al. (Lycopersicon chmielewskii C. M. Rick et al.)

Solanum galapagense S.C. Darwin & Peralta (Lycopersicon cheesmaniae f. minor (Hook. f.) C. H. Müll.) (Lycopersicon cheesmaniae var. minor (Hook. f.) D. M. Porter)

Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner (Lycopersicon agrimoniifolium Dunal) (Lycopersicon hirsutum Dunal) (Lycopersicon hirsutum f. glabratum C. H. Müll.)

Solanum pennellii Correll (Lycopersicon pennellii (Correll) D’Arcy)

Solanum peruvianum L. (Lycopersicon dentatum Dunal) (Lycopersicon peruvianum (L.) Mill.)

Solanum pimpinellifolium L. (Lycopersicon pimpinellifolium (L.) Mill.) (Lycopersicon racemigerum Lange)

agus hibridí idir na speicis sin

Aicme 4.3:

Solanum melongena L.

Aicme 4.4:

Solanum seachas aicmí 4.1, 4.2 agus 4.3

CUID II

AICMÍ LENA gCUIMSÍTEAR NÍOS MÓ NÁ GÉINEAS AMHÁIN

Aicmí

Na hainmneacha luibheolaíocha

Aicme 201:

Secale, Triticosecale, Triticum

Aicme 203 (*):

Agrostis, Dactylis, Festuca, Festulolium, Lolium, Phalaris, Phleum agus Poa

Aicme 204 (*)

Lotus, Medicago, Ornithopus, Onobrychis, Trifolium

Aicme 205:

Cichorium, Lactuca


(*)  Ní bhunaítear Aicmí 203 agus 204 ar bhonn speicis neasghaolmhara amháin