26.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 68/170 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/347 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Feabhra 2021
lena bhformheastar clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil mar shubstaint ghníomhach le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha (1) a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil. |
(2) |
Rinneadh meastóireacht ar chlóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2, dífhabhtáin i réimse na sláinte príobháidí agus i réimse na sláinte poiblí agus i dtáirgí bithicídeacha eile, i gcineál táirge 3, táirgí bithicídeacha sláinteachais tréidliachta, i gcineál táirge 4, dífhabhtáin i réimse an bhia agus na beatha, agus i gcineál táirge 5, dífhabhtáin uisce óil mar a shainítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chomhfhreagraíonn do chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 faoi seach mar a shainítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(3) |
Ainmníodh an tSlóvaic mar Bhallstát rapporteur agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta tuarascálacha measúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin an 19 Samhain 2010. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (4) (“an Ghníomhaireacht”) an 16 Meitheamh 2020, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. |
(5) |
De réir na dtuairimí sin, féadfar a bheith ag súil go ndéanfaidh táirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 a úsáideann clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir 98/8/CE a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíontar sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe a bhaineann lena n-úsáid. |
(6) |
Agus tuairimí ón nGníomhaireacht á gcur san áireamh, is iomchuí clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil a fhormheas le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 faoi réir comhlíonadh sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe. |
(7) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a ligean in éag sula bhformheastar substaint ghníomhach chun gur féidir le páirtithe leasmhara na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil mar shubstaint ghníomhach le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 faoi réir sonraíochtaí agus coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 582/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).
(3) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).
(4) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir le hiarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí, clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil, Cineál táirge: 2, 3, 4 agus 5, ECHA/BPC/256, 257, 258, 259 a ghlacadh an 16 Meitheamh 2020.
IARSCRÍBHINN
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Aitheantais |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
An cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
||||
Clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil |
Ainm IUPAC: Aigéad hipeaclórúil Uimh. CE: 232-232-5 Uimh. CAS: 7790-92-3 |
Sonraíocht arna bunú le haghaidh aigéad hipeaclórúil (mar íosmheáchan tirim 90,87 % w/w) lena scaoiltear clóirín gníomhach. Is é aigéad hipeaclórúil an príomhspeiceas ag pH 3,0 - 7,4. |
1 Iúil 2022 |
30 Meitheamh 2032 |
2 |
Tá údaruithe táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
||||
3 |
Tá údaruithe táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
|||||||||
4 |
Tá údaruithe táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
|||||||||
5 |
Tá údaruithe táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(1) Is í an íonacht a shonraítear sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Féadfaidh an tsubstaint ghníomhach sa táirge a chuirtear ar an margadh íonacht chomhionann nó éagsúil a bheith aici i gcás ina gcruthaítear gur coibhéiseach go teicniúil í leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).