26.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 68/108 |
RIALACHÁN (AE) 2021/341 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/424, (AE) 2019/1781, (AE) 2019/2019, (AE) 2019/2020, (AE) 2019/2021, (AE) 2019/2022, (AE) 2019/2023 agus (AE) 2019/2024 a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe, fearais chuisniúcháin, foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh, taispeántais leictreonacha, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (1), agus go háirithe Airteagal 15 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2009/125/CE tugtar de chumhacht don Choimisiún ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh. |
(2) |
Le Rialacháin (AE) 2019/424 (2), (AE) 2019/1781 (3), (AE) 2019/2019 (4), (AE) 2019/2020 (5), (AE) 2019/2021 (6), (AE) 2019/2022 (7), (AE) 2019/2023 (8) agus (AE) 2019/2024 (9) ón gCoimisiún (dá ngairtear na “Rialacháin leasaithe”), bunaíodh forálacha maidir le héicidhearthóireacht na bhfreastalaithe agus na dtáirgí stórála sonraí, mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe, fearais chuisniúcháin, foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh, taispeántais leictreonacha, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu. |
(3) |
Chun nach mbeadh mearbhall ar mhonaróirí ná ar údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh faoi na luachanna atá le háireamh i ndoiciméadacht theicniúil, agus maidir le lamháltais fíorúcháin, ba cheart sainmhíniú a thabhairt ar luachanna dearbhaithe sna Rialacháin leasaithe. |
(4) |
D’fhonn éifeachtacht agus inchreidteacht na Rialachán táirge-shonrach a fheabhsú agus tomhaltóirí a chosaint, táirgí atá in ann tástáil a bhrath agus a bhfeidhmíocht a athrú go huathoibríoch faoi dhálaí tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair a shonraítear sna Rialacháin seo nó a chuirtear san áireamh sa doiciméadacht theicniúil nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil, níor cheart cead a thabhairt iad a chur ar an margadh. |
(5) |
Ba cheart na paraiméadair táirge ábhartha a thomhas nó a ríomh trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe. Ba cheart a chur san áireamh sna modhanna sin modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu sin, caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
(6) |
Táirgí ina bhfuil foinsí solais nach féidir a bhaint as na táirgí lena bhfíorú gan damáiste a dhéanamh do cheann amháin nó níos mó de na foinsí eolais, ba cheart iad a thástáil mar fhoinsí solais chun comhlíontacht a mheasúnú agus a fhíorú. |
(7) |
I gcás taispeántais leictreonacha, níor forbraíodh caighdeáin chomhchuibhithe go fóill, agus ní chumhdaítear sna caighdeáin ábhartha reatha gach paraiméadar rialáilte is gá, go háirithe a mhéid a bhaineann le hArdraon Dinimiciúil agus Rialú Uathoibríoch Gile do thaispeántais leictreonacha agus aicme dálaí oibriúcháin le haghaidh freastalaithe agus táirgí stórála sonraí. Go dtí go nglacfaidh na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh an ghrúpa táirgí sin, na modhanna idirthréimhseacha a leagtar amach sa Rialachán seo nó modhanna iontaofa, cruinne in-atáirgthe eile, modhanna a chuireann san áireamh an úrscothacht a bhfuil glacadh ginearálta léi, ba cheart iad a úsáid chun inchomparáideacht na dtomhas agus na ríomhanna a áirithiú. |
(8) |
Taispeántais leictreonacha lena n-úsáid chun críocha gairmiúla amhail físeagarthóireacht, dearadh ríomhchuidithe, grafaicí nó taispeántais leictreonacha atá lena n-úsáid in earnáil na craoltóireachta, baineann feidhmíocht fheabhsaithe agus gnéithe an-sonrach leo nár cheart a bheith faoi réir ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh an mhóid “ar siúl” arna socrú le haghaidh táirgí níos cineálaí, cé gur gnách úsáid fuinnimh níos airde a bheith i gceist leo. Taispeántais thionsclaíocha a ceapadh lena n-úsáid faoi dhálaí oibriúcháin crua le haghaidh tomhais, tástála nó faireachán agus rialú próisis, baineann ceanglais shonracha arda leo, amhail na ceanglais sin maidir le híoschosaint iontrála (IP) leibhéal 65 mar a shainítear in EN 60529, agus níor cheart iad a bheith faoi réir ceanglas éicidhearthóireachta a shocraítear le haghaidh táirgí a ceapadh lena n-úsáid i dtimpeallachtaí tráchtála nó baile. |
(9) |
Is fearais chuisniúcháin ghairmiúla iad caibinéid ingearacha aeir stataigh le doirse neamh-thrédhearcacha agus sainítear iad i Rialachán (AE) 2015/1095 ón gCoimisiún (11), agus dá bhrí sin ba cheart iad a eisiamh ó Rialachán (AE) 2019/2024. |
(10) |
Ba cheart tuilleadh leasuithe a dhéanamh chun soiléireacht agus comhsheasmhacht na Rialachán a fheabhsú. |
(11) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, phléigh an Fóram Comhairliúcháin iad i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2009/125/CE. |
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2019/424 (AE) 2019/1781, (AE) 2019/2019, (AE) 2019/2020, (AE) 2019/2021, (AE) 2019/2022, (AE) 2019/2023 agus (AE) 2019/2024 a leasú dá réir. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 19 de Threoir 2009/125/CE. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/424
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/424 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d’Airteagal 4: “2. Chun críocha an mheasúnaithe comhréireachta de bhun Airteagal 8 de Threoir 2009/125/CE, sa doiciméadacht theicniúil beidh cóip den fhaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le pointe 3.4 d’Iarscríbhinn II agus le mionsonraí agus torthaí na ríomhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus, i gcás inarb infheidhme, in Iarscríbhinn II.2 a ghabhann leis an Rialachán seo.”; |
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Teacht timpeall Ní chuirfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe táirgí ar an margadh ar táirgí iad a dheartar sa chaoi go bhféadfaidh siad tástáil a bhrath (mar shampla trí na dálaí tástála nó an timthriall tástála a aithint) agus gníomhú go sonrach trína bhfeidhmíocht a athrú go huathoibríoch le linn na tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair sa doiciméadacht theicniúil nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil.”; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, agus IV agus cuirtear Iarscríbhinn IIIa isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1781
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1781 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2019
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2019 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 28:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Teacht timpeall agus nuashonruithe bogearraí Ní chuirfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe táirgí ar an margadh ar táirgí iad a dheartar sa chaoi go bhféadfaidh siad tástáil a bhrath (mar shampla trí na dálaí tástála nó an timthriall tástála a aithint) agus gníomhú go sonrach trína bhfeidhmíocht a athrú go huathoibríoch le linn na tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair sa doiciméadacht theicniúil nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil. Ní rachaidh ídiú fuinnimh an táirge ná aon cheann de na paraiméadair dhearbhaithe eile in olcas tar éis nuashonrú bogearraí ná nuashonrú dochtearraí nuair a dhéantar iad a thomhas leis an gcaighdeán tástála céanna is túisce a úsáideadh le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta, ach amháin le toiliú sainráite an úsáideora deiridh a fháil roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. Ní bheidh d’éifeacht riamh ag nuashonrú bogearraí go n-athrófar feidhmíocht an táirge ar bhealach a fhágann nach gcomhlíontar na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an dearbhú comhréireachta.”; |
(3) |
Cuirtear isteach an tAirteagal 11 seo a leanas: “Airteagal 11 Coibhéis idirthréimhseach maidir le comhlíonadh Mura ndearnadh aonad ar cuid den mhúnla céanna é nó de mhúnlaí comhionanna é a chur ar an margadh roimh an 1 Samhain 2020, aonaid na múnlaí a cuireadh ar an margadh idir an 1 Samhain 2020 agus an 28 Feabhra 2021 agus a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo, measfar go gcomhlíonann siad ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún.”; |
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2020
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2020 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:
|
(2) |
In Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe táirgí foinsí solais a áirithiú gur féidir foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh a bhaint lena bhfíorú ag údaráis faireachais margaidh gan damáiste buan a dhéanamh dóibh. Cuirfidh an doiciméadacht theicniúil treoracha ar fáil maidir leis an gcaoi chun é sin a dhéanamh.”; |
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Teacht timpeall agus nuashonruithe bogearraí Ní chuirfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe táirgí ar an margadh ar táirgí iad a dheartar sa chaoi go bhféadfaidh siad tástáil a bhrath (mar shampla trí na dálaí tástála nó an timthriall tástála a aithint) agus gníomhú go sonrach trína bhfeidhmíocht a athrú go huathoibríoch le linn na tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair sa doiciméadacht theicniúil nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil. Ní rachaidh ídiú fuinnimh an táirge ná aon cheann de na paraiméadair dhearbhaithe eile in olcas tar éis nuashonrú bogearraí ná nuashonrú dochtearraí nuair a dhéantar iad a thomhas leis an gcaighdeán tástála céanna is túisce a úsáideadh le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta, ach amháin le toiliú sainráite an úsáideora deiridh a fháil roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. Ní bheidh d’éifeacht riamh ag nuashonrú bogearraí go n-athrófar feidhmíocht an táirge ar bhealach a fhágann nach gcomhlíontar na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an dearbhú comhréireachta.”; |
(4) |
Cuirtear isteach an tAirteagal 12 seo a leanas: “Airteagal 12 Coibhéis idirthréimhseach maidir le comhlíonadh Mura ndearnadh aonad ar cuid den mhúnla céanna é nó de mhúnlaí comhionanna é a chur ar an margadh roimh an 1 Iúil 2021, aonaid na múnlaí a cuireadh ar an margadh idir an 1 Iúil 2021 agus an 31 Lúnasa 2021 agus a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo, measfar go gcomhlíonann siad ceanglais Rialacháin (CE) Uimh. 244/2009, (CE) Uimh. 245/2009 agus (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún.”; |
(5) |
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2021
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2021 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 1(2) mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Chun críocha measúnaithe comhréireachta de bhun Airteagal 8 de Threoir 2009/125/CE, sa doiciméadacht theicniúil beidh míniú, más gá, ar an gcúis nach bhfuil marcáil ar pháirteanna plaisteacha áirithe de réir na díolúine a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II agus le mionsonraí agus torthaí na ríomhanna a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo.”; |
(4) |
In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú mír: “Ní rachaidh ídiú fuinnimh an táirge ná aon cheann de na paraiméadair dhearbhaithe eile in olcas tar éis nuashonrú bogearraí ná nuashonrú dochtearraí nuair a dhéantar iad a thomhas leis an gcaighdeán tástála céanna is túisce a úsáideadh le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta, ach amháin le toiliú sainráite an úsáideora deiridh a fháil roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. Ní bheidh d’éifeacht riamh ag nuashonrú bogearraí go n-athrófar feidhmíocht an táirge ar bhealach a fhágann nach gcomhlíontar na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an dearbhú comhréireachta.”; |
(5) |
Cuirtear isteach an tAirteagal 12 seo a leanas: “Airteagal 12 Coibhéis idirthréimhseach maidir le comhlíonadh Mura ndearnadh aonad ar cuid den mhúnla céanna é nó de mhúnlaí comhionanna é a chur ar an margadh roimh an 1 Samhain 2020, aonaid na múnlaí a cuireadh ar an margadh idir an 1 Samhain 2020 agus an 28 Feabhra 2021 agus a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo, measfar go gcomhlíonann siad ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 642/2009.”; |
(6) |
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV agus cuirtear Iarscríbhinn IIIa isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 6
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2022
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2022 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Teacht timpeall agus nuashonruithe bogearraí Ní chuirfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe táirgí ar an margadh ar táirgí iad a dheartar sa chaoi go bhféadfaidh siad tástáil a bhrath (mar shampla trí na dálaí tástála nó an timthriall tástála a aithint) agus gníomhú go sonrach trína bhfeidhmíocht a athrú go huathoibríoch le linn na tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair sa doiciméadacht theicniúil nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil. Ní rachaidh ídiú fuinnimh an táirge ná aon cheann de na paraiméadair dhearbhaithe eile in olcas tar éis nuashonrú bogearraí ná nuashonrú dochtearraí nuair a dhéantar iad a thomhas leis an gcaighdeán tástála céanna is túisce a úsáideadh le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta, ach amháin le toiliú sainráite an úsáideora deiridh a fháil roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. Ní bheidh d’éifeacht riamh ag nuashonrú bogearraí go n-athrófar feidhmíocht an táirge ar bhealach a fhágann nach gcomhlíontar na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an dearbhú comhréireachta.”; |
(2) |
Cuirtear isteach an tAirteagal 13 seo a leanas: “Airteagal 13 Coibhéis idirthréimhseach maidir le comhlíonadh Mura ndearnadh aonad ar cuid den mhúnla céanna é nó de mhúnlaí comhionanna é a chur ar an margadh roimh an 1 Samhain 2020, aonaid na múnlaí a cuireadh ar an margadh idir an 1 Samhain 2020 agus an 28 Feabhra 2021 agus a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo, measfar go gcomhlíonann siad ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010.”; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, IV mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 7
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2023
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2023 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Teacht timpeall agus nuashonruithe bogearraí Ní chuirfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe táirgí ar an margadh ar táirgí iad a dheartar sa chaoi go bhféadfaidh siad tástáil a bhrath (mar shampla trí na dálaí tástála nó an timthriall tástála a aithint) agus gníomhú go sonrach trína bhfeidhmíocht a athrú go huathoibríoch le linn na tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair sa doiciméadacht theicniúil nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil. Ní rachaidh ídiú fuinnimh an táirge ná aon cheann de na paraiméadair dhearbhaithe eile in olcas tar éis nuashonrú bogearraí ná nuashonrú dochtearraí nuair a dhéantar iad a thomhas leis an gcaighdeán tástála céanna is túisce a úsáideadh le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta, ach amháin le toiliú sainráite an úsáideora deiridh a fháil roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. Ní bheidh d’éifeacht riamh ag nuashonrú bogearraí go n-athrófar feidhmíocht an táirge ar bhealach a fhágann nach gcomhlíontar na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an dearbhú comhréireachta.”; |
(3) |
Cuirtear isteach an tAirteagal 13 seo a leanas: “Airteagal 13 Coibhéis idirthréimhseach maidir le comhlíonadh Mura ndearnadh aonad ar cuid den mhúnla céanna é nó de mhúnlaí comhionanna é chur ar an margadh roimh an 1 Samhain 2020, aonaid na múnlaí a cuireadh ar an margadh idir an 1 Samhain 2020 agus an 28 Feabhra 2021 agus a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo, measfar go gcomhlíonann siad ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010.”; |
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, IV agus VI mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 8
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2024
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2024 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 1(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, IV mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1(3), Airteagal 3(4), Airteagal 5(6), Airteagal 6(3) agus Airteagal 7(4) agus Airteagal 8(3) ón 1 Bealtaine 2021. Beidh feidhm ag Airteagal 2 agus ag Airteagal 4(4) ón 1 Iúil 2021. Beidh feidhm ag Airteagail 4(1), (2) agus (5) ó 1 Meán Fómhair 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 285, 31.10.2009, lch. 10.
(2) Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus le táirgí stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (IO L 74, 18.3.2019, lgh. 46).
(3) Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2009 i dtaca le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hathfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí leithleacha a comhtháthaíodh i dtáirgí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 640/2009 ón gCoimisiún (IO L 272, 25.10.2019, lch. 74).
(4) Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 187).
(5) Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 244/2009, (CE) Uimh. 245/2009 agus (AE) Uimh. 1194/2012 (IO L 315, 5.12.2019, lch. 209).
(6) Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeántais leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 241).
(7) Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267).
(8) Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le meaisíní níocháin agus meaisíní niteoir-triomadóir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285).
(9) Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, 5.12.2019, lch. 313).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(11) Rialachán (AE) 2015/1095 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le caibinéid chuisniúcháin stórála tráchtála, caibinéid roisreo, aonaid chomhdhlúthúcháin agus fuarthóirí próisis (IO L 177, 8.7.2015, lch. 19).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinní I, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/424 agus cuirtear isteach Iarscríbhinn IIIa mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “In éagmais caighdeán ábhartha agus go dtí go bhfoilseofar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha san Iris Oifigiúil, úsáidfear na modhanna tástála idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IIIa nó I modhanna iontaofa, cruinne agus in-athsholáthraithe eile, a chuireann san áireamh an úrscothacht a aithnítear go ginearálta.”; |
(3) |
cuirtear an Iarscríbhinn IIIa seo a leanas leis*: “IARSCRÍBHINN IIIa Modhanna Idirthréimhseacha Tábla 1 Tagairtí agus nótaí cáilitheacha
Tábla 2 Tagairtí agus nótaí cáilitheacha le haghaidh táirgí stórála sonraí
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(1) Tá gá leis sin mar gheall ar éagsúlacht leathan na gcártaí APA ar an margadh agus toisc nach n áirítear leis an uirlis SERT aon oibreog a úsáideann APAnna. Dá bhrí sin, ní bheadh torthaí éifeachtúlachta SERT do fhreastalaithe a bhfuil cártaí APA forlíontacha iontu nó cártaí breise eile iontu ionadaíoch ar fheidhmíocht/ar thoilleadh cumhachta an fhreastalaí.
(2) I gcás freastalaithe a ndearbhaítear gur cuid de thacar táirgí gaolmhara freastalaí iad, foráiltear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/424 gur féidir le húdaráis na mBallstát tástáil a dhéanamh ar an gcumraíocht feidhmíochta bunleibhéil nó ar an gcumraíocht feidhmíochta ardleibhéil agus, de réir shainmhínithe 21 agus 22 d’Iarscríbhinn I, beidh gach cainéal cuimhne den bhundearadh céanna agus den bhuntoilleadh céanna DIMM sna cumraíochtaí sin.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1781 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, cuid 1, cuirtear an méid seo a leanas ionad an dara mír: “Maidir leis na seacht bpointe oibriúcháin de réir Iarscríbhinn I.2 pointe (13), áfach, cinnfear na caillteanais trí thomhas ionchuir-aschuir dhírigh nó trí ríomh.”; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2019 mar a leanas
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe (38) seo a leanas léi:
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, cuid 2, cuirtear an méid seo a leanas ionad phointe (f):
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(1) i gcás trí aonad bhreise arna dtástáil de réir mar a fhorordaítear i bpointe 4, ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna a chinntear le haghaidh na dtrí aonad bhreise.”.
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2020 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (52):
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(*1) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013, lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta don chosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).”;’
IARSCRÍBHINN V
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2021 agus cuirtear Iarscríbhinn IIIa leis mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II, pointe A.1. mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
cuirtear isteach an Iarscríbhinn IIIa seo a leanas: “IARSCRÍBHINN IIIa Modhanna Idirthréimhseacha 1. EILIMINTÍ BREISE DO THOMHAIS AGUS RÍOMHANNA Tábla 3b Ceanglais maidir le trealamh tástála agus cumraíocht UUT (*1)
1.1. Achoimre ar ord na tástála
1.2. Sonraí tástála 1.2.1. UUT (taispeáint) agus an uirlis tomhais a shocrú
Figiúr 1: Socrú fisiciúil na Taispeána agus na foinse solais chomhthimpeallaigh Má tá feidhm ABC ar fáil agus má sholáthraítear seastán don UUT déanfar é seo a cheangal leis an gcuid taispeána agus an UUT a chur ar bhord cothrománach nó ar ardán cothrománach 0,75 méadar ar a laghad ar airde atá clúdaithe in ábhar dubh íseal-fhrithchaiteachta (tá feilt, lomra nó canbhás cúlra amharclannaigh ina n-ábhair thipiciúla). Beidh gach cuid den seastán nochta i gcónaí. Taispeáintí atá beartaithe lena gcrochadh ar bhalla, beidh siad crochta ar fhráma d’fhonn rochtain éasca a fháil orthu agus beidh ciumhais íochtair na taispeána ar a laghad 0,75 méadar ón urlár. Níor cheart dromchla an urláir faoin taispeáint agus suas le 0,5 méadar os comhair na taispeána a bheith an-fhrithchaiteach agus go hidéalach bheadh sé clúdaithe le hábhar dubh, íseal-fhrithchaiteach. Déanfar suíomh fisiceach bhraiteoir ABC an UUT a chinneadh agus tabharfar faoi deara comhordanáidí tomhaiste an tsuímh sin, i gcoibhneas le pointe seasta lasmuigh den UUT. Déanfar nóta de na hachair H agus D chomh maith le huillinn léis an teilgeora (féach Figiúr 1) chun cabhrú le hin-atrialltacht na dtomhas. Ag brath ar riachtanais leibhéal soilsis na foinse solais beidh na hachair H&D cothrom le ± 5 mm de ghnáth agus beidh siad idir 1.5 m agus 3 m. Maidir le coigeartú uillinn léis an teilgeora, is féidir sleamhnán dubh le bosca láir beag bán a úsáid chun díriú ar an mbraiteoir ABC agus léas caol solais a sholáthar le haghaidh tomhas uilleach. Má tá braiteoir ABC deartha chun oibriú go barrmhaith le huillinn léis soilsis lasmuigh den 45° a mholtar, is féidir an uillinn tosaíochta seo a úsáid agus na sonraí a thaifeadadh. I gcás ina n-úsáidtear méadar lonrais neamhtheagmhála (suíomh i gcéin) agus uillinn léis íseal don fhoinse solais, beifear cúramach chun a áirithiú nach léireofar an fhoinse i limistéar na taispeána a úsáidtear chun lonras a thomhas. Beidh méadar soilsis gléasta chomh gar agus is féidir don bhraiteoir ABC, agus déanfar réamhchúraimí chun frithchaitheamh solais chomhthimpeallaigh ó chásáil an mhéadair a théann isteach sa bhraiteoir a sheachaint . Féadfar é seo a bhaint amach trí mhodhanna éagsúla i gcomhcheangal, lena n-áirítear tríd an méadar soilsis a chumhdach i bhfeilt dhubh agus trí ghléasadh meicniúil inchoigeartaithe a éascú nach bhfágann gur féidir le cásáil an mhéadair a bheith ag gobadh amach os comhair an bhraiteora ABC. Moltar an nós imeachta cruthaithe seo a leanas chun leibhéil soilsis braiteora ABC a logáil go cruinn agus ar bhealach a bheadh in-atriallta le híosmhéid de dhúshláin a bhaineann le gléasadh meicniúil. Ceadaíonn an nós imeachta seo ceartú le haghaidh aon earráid soilsis a tugadh isteach leis an dodhéantacht phraiticiúil an méadar soilsis a ghléasadh díreach ag an suíomh fisiciúil céanna leis an mbraiteoir ABC le haghaidh soilsiú comhuaineach. Fágann an nós imeachta dá bhrí sin gur féidir soilsiú comhuaineach a dhéanamh i leith an bhraiteora ABC agus an mhéadair soilis gan suaitheadh fisiciúil ón UUT agus ón méadar tar éis a socraithe. Le bogearraí logála cuí, is féidir na hathruithe céime is gá sa soilseas a shionchrónú le tomhas cumhachta an mhóid ‘ar siúl’ agus le tomhas lonras na taispeána chun an ABC a logáil agus a phróifíliú go huathoibríoch. Beidh an méadar soilsis suite cúpla ceintiméadar amach ón mbraiteoir ABC chun a áirithiú nach mbeidh frithchaitheamh díreach ón léas teilgeora, ó chásáil an mhéadair, in ann dul isteach sa bhraiteoir ABC. Beidh ais chothrománach an bhrathadóra um méadar soilsis ar an ais chothrománach chéanna leis an mbraiteoir ABC a bhfuil ais ingearach an mhéadair aici atá comhthreomhar go docht le plána ingearach na taispeána. Comhordanáidí fisiciúla phointe gléasta an mhéadair i gcoibhneas leis an bpointe seachtrach buan a úsáidtear chun suíomh fisiceach an bhraiteora ABC a thaifeadadh, déanfar na comhordanáidí sin a thomhas agus a thabhairt faoi deara. Beidh an teilgeoir gléasta i suíomh le hais a léis theilgthe ar aon líne le plána ingearach atá ceartingearach le dromchla na taispeána agus a shíneann trí ais ingearach an bhraiteora ABC (féach Figiúr 1). Déanfar airde agus claonan ardáin teilgeora, agus fad an ardain ón UUT a choigeartú chun go mbeidh íomha fráma iomlán theilgthe de bhuaiclonras an bháin in ann díriú ar limistéar a chlúdaíonn an braiteoir ABC agus an méadar soilsis agus ag an am céanna an t-uasleibhéal comhthimpeallach soilsithe (lux) a sheachadadh a bheidh ag teastáil ag an mbraiteoir le haghaidh tástála . Sa chomhthéacs seo, tabharfar faoi deara go bhfuil roinnt Taispeáintí Digiteacha Comharthaíochta a bhfuil ABC ag feidhmiú acu i ndálaí solais chomhthimpeallaigh ó suas le 20 000 lux go dtí faoi bhun 100 lux. Beidh an méadar teagmhála lonrais chun lonras taispeána a thomhas rigeáilte chun bheith ar aon líne le lár an scáileáin UUT. Ní rachaidh an íomhá soilsis theilgthe a fhorluíonn ar an dromchla cothrománach faoi bhun na taispeána UUT thar phlána ceartingearach na taispeána mura gcuirfidh seastán frithchaiteach isteach i limistéar chun tosaigh níos mó ná sin, agus sa chás sin déanfar imeall na híomhá a ailíniú le foircinn an tseastáin (féach Figiúr 1). Ní bheidh imeall cothrománach uachtair na híomhá teilgthe níos lú ná 1 cm faoi bhun chiumhais íochtair chumhdach an mhéadair teagmhála lonraislonras . Féadfar é seo a dhéanamh trí choigeartú optúil nó trí shuíomh fisiciúil an teilgeora, laistigh de shrianta na huillinne léis 45° is gá agus laistigh de shrianta an tsoilsis is mó is gá ag an mbraiteoir ABC. Leis na comhordanáidí méadar UUT agus soilseas tugtha faoi deara agus an teilgeoir a tháirgeann soilseas cobhsaí laistigh den raon atá le tomhas (de ghnáth baintear amach cobhsaíocht cúpla nóiméad tar éis lasc-air le hinnill lampa soladstaide) déanfar an UUT a bhogadh go leordhóthanach chun gur féidir aghaidh tosaigh agus lár bhrathadóir an mhéadair soilsis a ailíniú leis na comhordanáidí suímh fhisiciúil a tugadh faoi deara do bhraiteoir ABC an UUT. Ní mór nóta a dhéanamh den soilseas a thomhaistear ag an bpointe seo agus an méadar a chur ar ais sa suíomh suiteála mar aon leis an UUT. Déanfar an soilseas a thomhas arís ag an suíomh suiteála. Féadfar an difríocht céatadáin idir an soilseas arna thomhas ag an dá shuíomh tástála (más ann dóibh) a chur i bhfeidhm sa tuairisciú deiridh mar fhachtóir ceartúcháin maidir le gach tomhas soilsis breise (ní athraíonn an fachtóir ceartúcháin sin leis an leibhéal soilsis). Soláthraítear leis seo tacar sonraí cruinn le haghaidh an tsoilsis ag an mbraiteoir ABC cé nach bhfuil an uirlis tomhais lux suite ag an bpointe sin agus fágann sé gur féidir lonras taispeána, cumhacht agus soilseas a bhreacadh go comhuaineach chun an ABC a phróifíliú go cruinn. Ní dhéanfar aon athruithe fisiciúla eile ar shocrú na tástála. Murab ionann agus teilifíseáin, d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ná braiteoir solais chomhthimpeallaigh amháin ag taispeáintí digiteacha comharthaíochta. Chun críoch tástála, cinnfidh an teicneoir braiteoir aonair a úsáidfear sa tástáil, agus bainfidh sé na braiteoirí solais eile amach trí iad a cheilt le téip theimhneach. Féadfar braiteoirí nach bhfuil ag teastáil a dhíchumasú freisin má thugtar smacht chun é sin a dhéanamh. I bhformhór na gcásanna bheadh an braiteoir éadain ar mbraiteoir is oiriúnaí le húsáid. Féadfar modhanna tomhais le haghaidh taispeáintí digiteacha comharthaíochta ina bhfuil iliomad braiteoirí solais a fhiosrú tuilleadh mar mhionchoigeartú ar mhodh tástála chun bheith cáilithe i gcaighdeán comhchuibhithe. I gcás saotharlanna tástála ar fearr leo foinse lampa is féidir a mhaolú a úsáid seachas foinse solais teilgeora a úsáid sa socrú tástála a bhfuil cur síos déanta air, beidh feidhm ag an tsonraíocht lampa seo a leanas agus na saintréithe lampa tomhaiste arna dtaifeadadh. An fhoinse solais a úsáidtear chun an braiteoir ABC a shoilsiú ar shainleibhéil soilsiúcháin, úsáidfidh sí lampa maolaithe frithchaiteoirí LED agus beidh trastomhas 90 mm ± 5 mm aici. 40 ° ± 5 ° a bheidh in uillinn léis rátaithe an lampa. Is é 2700 K ± 300 K a bheidh sa dath-theocht chomhchoibhneasach rátaithe (CCT) ar fud an raoin soilsis 12 lux go dtí an soilsiú buaice is gá chun tástáil a dhéanamh. Beidh an t-innéacs grádaithe dathaithe (CRI) cothrom le 80 ± 3. Beidh dromchla éadain an lampa trédhearcach (i.e., ní bheidh sé daite nó brataithe le hábhar modhnaithe speictrim) agus féadfaidh sé dromchla éadain mín nó gráinneach a bheith aige; nuair a lonraítear i gcoinne dromchla bán aonfhoirmeach é, beidh cuma mhín ar an bpatrún idirleata le feiceáil ag an tsúil fhornocht. Ní mhodhnóidh an chóimeáil lampa speictream na foinse LED, lena n-áirítear na bandaí IR agus UV. Ní bheidh éagsúlacht ann idir saintréithe an tsolais thar raon iomlán an mhaolaithe is gá don tástáil ABC. 1.2.2. Cur chun feidhme ceart rabhadh maidir le“gnáthchumraíocht” agus le tionchar fuinnimh a sheiceáil. Beidh méadar cumhachta ceangailte leis an UUT chun críoch breathnóireachta agus cuirfear foinse físchomhartha amháin ar a laghad ar fáil. Le linn na tástála seo deimhneofar marthanacht ABC i ngach cumraíocht réamhshocruithe eile, seachas “cumraíocht an tsiopa”. 1.2.3. Socrú Fuaime Cuirfear comhartha ionchuir ar fáil ina mbeidh fuaim agus físeán (is idéalach an ton 1 kHz ar an ábhar tástála cumhachta físe SDR). Laghdófar socrú airde na fuaime go dtí tásc taispeána nialais, nó rialú balbhaithe gníomhachtaithe. Ní mór a dheimhniú nach mbeidh aon éifeacht ag gníomhachtú an rialaithe bhalbhaithe ar pharaiméadair phictiúir sa ‘ghnáthchumraíocht’. 1.2.4. Patrún bhuaiclonras an bháin a shainaithint chun buaiclonras an bháin a thomhas Nuair a léiríonn UUT patrún bhuaiclonras an bháin, d’fhéadfadh an solas ar thaispeáint maolú go tapa laistigh den chéad cúpla soicind agus maolú de réir a chéile go dtí mbeidh sé cobhsaí. Fágann sé sin nach féidir luachanna cumhachta agus lonrais a thomhas ar bhealach comhsheasmhach agus in-athdhéanta, go díreach tar éis an íomhá a thaispeáint. Chun tomhais in-athdhéanta a fháil, ní mór leibhéal áirithe cobhsaíochta a bhaint amach. Trí thástáil a dhéanamh ar thaispeáintí trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht reatha, tugtar le fios gur leor 30 soicind chun cobhsaíocht lonrais a chur san áireamh le haghaidh íomhá bhuaiclonras an bháin. Mar bhreathnóireacht phraiticiúil, fágann an fad ama sin freisin go mbíonn an t-am ag aon taispeáint stádais ar an scáileán imeacht as radharc. Is minic a bhíonn leictreonaic agus bogearraí tiomántáin taispeána atá ionsuite ar tháirgí taispeána reatha chun soláthar cumhachta taispeána a chosaint ar fhorthiomáint agus an scáileán a chosaint ar dhiansheasmhacht a fhulaingt (triailrith) tríd an gcumhacht iomlán don scáileán a theorannú. D’fhéadfadh lonras teoranta agus ídiú cumhachta teoranta a bheith mar thoradh air sin agus é ag taispeáint, mar shampla, limistéar mór de phatrún tástála dinimiciúil bán. Sa mhodheolaíocht tástála sin, déantar an buaiclonras a thomhas agus patrún tástála dinimiciúil atá 100 % bán á thaispeáint, ach déantar an limistéar bán a theorannú go heimpíreach chun gníomhú sásraí cosanta a sheachaint. Cinntear an pátrún tástála dinimiciúil iomchuí trí raon na n-ocht bpátrún tástála dhinimiciúla ‘bosca agus imlíne’ a thaispeáint bunaithe ar phátrúin tástála dhinimiciúla VESA ‘L’ ón gceann is lú (L 10) go dtí an ceann is mó (L 80), agus cumhacht agus lonras scáileáin á dtaifeadadh. Tabharfaidh graf de chumhacht agus lonras scáileáin vs pátrún L cúnamh chun a chinneadh an bhfuil an tiomántán taispeána á theorannú agus cén uair a bhfuil sé á theorannú. Mar shampla, má tá ídiú cumhachta ag méadú ó L 10 go L 60, agus lonras ag méadú nó ag fanacht mar atá sé (gan laghdú) san am céanna, is cosúil ansin nach iad na patrúin sin is cúis le teorannú. Mura léiríonn patrún tástála dinimiciúil L 70 aon mhéadú ar ídiú cumhachta nó ar lonras (i gcás ina raibh méadú ar phatrúin L roimhe seo), léireofaí leis sin go dtarlaíonn teorannú ag L 70 nó idir L 60 agus L 70. D’fhéadfadh sé gur tharla teorannú idir L 50 agus L 60 agus go raibh na pointí grafta ag L 60, i ndáiríre, ar fhána síos. Dá bhrí sin, is é L 50 an patrún is mó a bhfuil muid cinnte ina leith nach ndéantar aon teorannú ann agus is é sin an patrún is ceart a úsáid chun an buaiclonras a thomhas. I gcás nach mór cóimheas lonrais a dhearbhú, déanfar an patrúin lonrais a roghnú sa socrú réamhshocraithe is gile. Más eol go bhfuil saintréithe tiomántáin lonrais taispeántais ag UUT nach bhfágann gur féidir patrún tástála dinimiciúil barrmhaith de bhuaiclonras an bháin a roghnú leis an nós imeachta roghnúcháin thuasluaite, féadfar an próiseas roghnúcháin simplithe seo a leanas a úsáid. Maidir le taispeáintí ag a bhfuil fad trasnánach cothrom le 15,24 cm (6 orlach) nó níos mó agus níos lú ná 30,48 cm (12 orlach), úsáidfear comhartha PeakLumMotion L 40. Maidir le taispeáintí ag a bhfuil fad trasnánach cothrom le 30,48cm (12 orlach), úsáidfear comhartha PeakLumMotion L 20. An pátrún tástála dinimiciúil ar bhuaiclonras an bháin, patrún arna roghnú ag ceachtar de na nósanna imeachta, dearbhófar é agus bainfear úsáid as le haghaidh gach tástáil lonrais. 1.2.5. Raon rialaithe solais chomhthimpeallaigh ABC agus aga folaigh gnímh ABC a chinneadh. Chun críocha Rialachán (AE) 2019/2021, soláthraítear liúntas cumhachta ABC sa dearbhú EEI má chomhlíonann saintréith rialaithe ABC ceanglais shonracha maidir le rialú ar lonras taispeána idir leibhéil solais chomhthimpeallaigh de 100 lux agus 12 lux le pointí tagra de 60 lux agus 35 lux. Ní mór don athrú ar lonras taispeána idir 100 lux agus 12 lux de sholas comhthimpeallach laghdú 20 % ar an gceanglas maidir le cumhacht taispeána a sholáthar chun bheith i gcomhréir leis an liúntas cumhachta ABC faoin Rialachán. An patrún tástála dinimiciúil ‘L’ a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht rialaithe lonrais ABC, is féidir é a úsáid go comhuaineach chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht laghdaithe cumhachta. Maidir le taispeáintí digiteacha comharthaíochta, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag raon i bhfad níos leithne de rialú ABC le hathrú soilsis agus d’fhéadfaí síneadh a chur leis an modheolaíocht tástála a ndéantar cur síos uirthi anseo chun sonraí a bhailiú le haghaidh athbhreithnithe a dhéanfar ar an Rialachán amach anseo. 1.2.5.1 Próifíliú ar Aga Folaigh ABC Aga folaigh na feidhme rialaithe ABC, is é sin an mhoill ama idir an t-athrú ar sholas comhthimpeallach a bhraitear ag an mbrathadóir ABC agus an t-athrú a thagann as lonras taispeána an UUT. Taispeántar le sonraí tástála gur féidir an mhoill sin a bheith chomh fada le 60 soicind agus ní mór é sin a chur san áireamh agus rialú ABC á phróifíliú. Chun meastachán a thabhairt ar aga folaigh, athraítear an sleamhnán 100 lux (féach 1.2.5.2), faoi dhálaí cobhsaí lonrais taispeána, go dtí an sleamhnán lux 60 agus taifeadtar an t-eatramh ama is gá chun leibhéal lonrais taispeántais cobhsaí níos ísle a bhaint amach. Ar an leibhéal lonrais cobhsaí níos ísle, athraítear an sleamhnán 60 lux go dtí an sleamhnán 100 lux agus tugtar faoi deara an t-eatramh ama is gá chun leibhéal lonrais cobhsaí níos airde a bhaint amach. Luach níos airde an eatraimh ama, is é sin an luach a úsáidtear le haghaidh aga folaigh, agus cuirtear 10 soicind dhiscréideacha leis. Déantar é sin a shábháil mar thréimhse teilgin an taispeántais sleamhnán le haghaidh gach sleamhnán. 1.2.5.2 Soilsiú na Foinse Solais a Rialú Maidir le próifíliú ABC, taispeántar patrún tástála dinimiciúil de bhuaiclonras an bháin mar a shainaithnítear é in 1.2.4 ar UUT, toisc go n-athraítear gile na foinse solais ó bhán trí raon de shleamhnáin liatha chun athruithe ar shoilsiú chomhthimpeallach a ionsamhlú. Maidir le leibhéal soilsiúcháin a rialú, athraítear trédhearcacht liath an chéad sleamhnáin chun túsphointe an phróifílithe (e.g. 120 lux) a bhaint amach tríd an leibhéal lux ag an méadar soilsis a thomhas. Déantar an sleamhnán a chóipeáil agus a shábháil. Socraítear leibhéal nua trédhearcachta léithe le haghaidh na cóipe go dtí an pointe tagra riachtanach 100 lux agus déantar an sleamhnán a chóipeáil agus a shábháil. Déantar an próiseas an athuair le haghaidh na bpointí tagra 60 lux, 35 lux agus 12 lux. Is féidir sleamhnán soilsis dubh (trédhearcacht 0 %) a chur anseo le haghaidh siméadracht breactha sonraí agus is féidir sleamhnáin na bpointí tagra a chóipeáil agus a thabhairt isteach in ord ardaitheach soilsiúcháin síos go dtí 120 lux. 1.2.5.3 Dath-Theocht na Foinse Solais a Rialú Ceanglas breise is ea dath-theocht a shocrú le haghaidh phointe bán an tsolais theilgthe chun in-atrialltacht na sonraí tástála a áirithiú i gcás ina n-úsáidtear foinse solais éagsúil le haghaidh teilgeora chun críoch fíoraithe. Le haghaidh na modheolaíochta tástála sin, sonraítear dath-theocht 2700K ± 300K le haghaidh pointe bán ar mhaithe le comhsheasmhacht le modheolaíocht ABC sna caighdeáin tástála roimhe seo. Socraítear an pointe bán sin go héasca in aon ríomhchlár tábhachtach um chruthú sleamhnáin trí úsáid a bhaint as dath oiriúnach líonta sholadaigh (e.g. Dearg/Oráiste) agus as coigeartú trédhearcachta. Leis na huirlisí sin, is féidir pointe bán an teilgeora, a bhíonn níos fuaire de ghnáth, a choigeartú go dtí an 2700K a moladh, agus déanfar sin trí thrédhearcacht an datha roghnaithe a athrú agus dath-theocht á tomhas trí fheidhm an mhéadair soilsis san am céanna. A luaithe a bhaintear amach an teocht riachtanach, cuirtear i bhfeidhm ar na sleamhnáin uile í. 1.2.5.4 Taifeadadh Sonraí Déantar ídiú cumhachta, lonras scáileáin agus soilseas ar an mbraiteoir ABC a thomhas agus a logáil le linn an taispeántais sleamhnáin. Ní mór do na sonraí sin a bheith i gcomhchoibhneas leis an am. Ní mór pointí tagra le haghaidh trí pharaiméadar a logáil chun ídiú cumhachta a nascadh le lonras scáileáin agus le soilseas an bhraiteora ABC. Is féidir aon líon sleamhnán a chruthú idir na pointí tagra chun ard-ghráinneacht sonraí a bhaint amach laistigh de na srianta ama atá ar fáil don tástáil. Maidir le taispeáintí digiteacha comharthaíochta atá ceaptha oibriú faoi réimse leathan dálaí soilsiúcháin chomhthimpeallaigh, is féidir raon oibriúcháin an rialaithe ABC thar lonras taispeána a shuí de láimh leis an rialú trédhearcachta duibhe ag oibriú ar shleamhnán aonair teilgthe de bhuaiclonras an bháin atá réamhshocraithe chuig an dath-theocht is gá. An chumraíocht réamhshocraithe arna moladh maidir leis an taispeáint dhigiteach chomharthaíochta le haghaidh réimse leathan dálaí oibríochta solais chomhthimpeallaigh, is ó chlár an úsáideora a roghnófar í. Ag pointe cobhsaí lonrais taispeána, athrófar an sleamhnán teilgthe ó thrédhearcacht dhubh 0 % go trédhearcacht dhubh 100 % chun an tréimhse folaigh a shuí. Chun raon oibríochta ABC a shuí, cuirfear an méid sin i bhfeidhm ansin ar chéimeanna trédhearcachta léithe na sleamhnán ó dhubh go pointe nach ndéantar aon athrú ar lonras taispeána ann. Féadfar taispeántas sleamhnán a chruthú ansin sa ghráinneacht is gá chun próifíliú a dhéanamh ar an raon sin. 1.2.6. Tomhais lonrais taispeána Le ABC cumasaithe agus leibhéal solais chomhthimpeallaigh 100 lux tomhaiste ag an méadar soilsis, taispeánfaidh an UUT patrún bhuaiclonras an bháin a roghnaíodh (féach 1.2.4) ag lonras cobhsaí. Chun bheith i gcomhréir leis na Rialacháin, dearbhófar le tomhas lonrais gurb é 220 cd/m2 nó níos mó an leibhéal lonrais taispeána le haghaidh na gcatagóirí taispeána uile seachas monatóirí. Le haghaidh monatóirí, ceanglaítear leibhéal comhréireachta 150 cd/m2 nó níos mó. Le haghaidh taispeáintí gan ABC nó gaireas nach n-éilíonn an liúntas ABC, is féidir tomhais a dhéanamh gan an chuid sin den mbinse tástála ina bhfuil an solas comhthimpeallach. Le haghaidh na dtaispeáintí sin a bhfuil leibhéal dearbhaithe bhuaiclonras an bháin is lú na an ceanglas comhréireachta 220 cd/m2 nó 150 cd/m2 acu, de réir mar is infheidhme, trína ndearadh sa ghnáthchumraíocht, déanfar buaiclonras an bháin a thomhas arís sa chumraíocht féachana réamhshocraithe lena soláthraítear an tomhas is airde ar bhuaiclonras an bháin. Chun bheith i gcomhréir leis an Rialachán, 65 % nó níos mó a bheidh i gcóimheas ríofa an tomhais ar bhuaiclonras an bháin sa ghnáth-chumraíocht féachana agus an tomhais is airde ar bhuaiclonras an bháin. Dearbhaítear gurb é sin an ‘cóimheas lonrais’. Maidir leis na UUTanna sin a bhfuil ABC acu is féidir a mhúchadh, déanfar tástáil comhréireachta sa ghnáthchumraíocht. Taispeánfar an patrún cobhsaithe de bhuaiclonras an bháin sa choinníoll soilsiúcháin chomhthimpeallaigh tomhaiste 100 lux. Deimhneofar gurb ionann an ceanglas cumhachta UUT, arna thomhas le ABC ar siúl, agus an ceanglas cumhachta arna thomhas ag lonras cobhsaithe le ABC múchta, nó gur lú ná an ceanglas sin é. Murab ionann an chumhacht thomhaiste, is é an mód a thugann an chumhacht thomhaiste is airde a úsáidfear le haghaidh chumhacht an mhóid ‘ar siúl’. 1.2.7. Mód cumhachta ‘ar siúl’ a thomhas Maidir le gach ceann de na córais chumhachtaithe UUT a chumhdaítear thíos, déanfar an chumhacht SDR a thomhas sa ghnáthchumraíocht, trí úsáid a bhaint as an leagan ardghléine den chomhad 10 nóiméad ‘tástáil dhinimiciúil físchumhachta SDR’, mura rud é go bhfuil comhoiriúnacht comhartha ionchuir teoranta do SD. Deimhneofar go mbeidh foinse an chomhaid agus comhéadan ionchuir an UUT in ann leibhéil sonraí físe atá dubh go hiomlán agus bán go hiomlán a chur ar fáil. Ní mór don UUT aon mhéadú ó thaobh scála ar thaifeach ardghléine físe go buntaifeach na taispeána UUT a phróiseáil, seachas gaireas seachtrach ina gceadaíonn UUT an méid sin. Más gá gaireas seachtrach a úsáid chun méadú chuig buntaifeach an UUT a bhaint amach, déanfar sonraí an ghairis sin agus a chomhéadain leis an UUT a thaifeadadh. Is é an dearbhú cumhachta an mheánchumhacht a chinntear le linn athsheinm an chomhaid 10 nóiméad iomlán. Tomhaistear cumhacht HDR, i gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfeidhm sin, trí úsáid a bhaint as an dá chomhad HDR 5 nóiméad ‘cumhacht HDR-HLG’ agus ‘cumhacht HDR-HDR10’. Mura dtacaítear le ceann de na móid HDR seo, dearbhófar cumhacht HDR ar an mód lena dtacaítear. Saintréithe ionstraimíochta tástála agus dálaí tástála mar a shonraítear i gcaighdeáin ábhartha, tá feidhm acu maidir le gach tástáil chumhachta. Ní gá fad a bhaint as téamh táirge le teicneolaíocht taispeána UUT reatha agus is áisiúil é a dhéanamh leis an bpatrún dinimiciúil tástála de bhuaiclonras an bháin a aithnítear i roinn 1.2.4 thuas. Nuair a bhíonn léamha cumhachta cobhsaí leis an UUT a léiríonn an patrún sin, féadfar tús a chur le tomhais chumhachta leis na comhaid tástála cumhachta dhinimiciúla SDR agus HDR. I gcás ina bhfuil ABC ag táirge, múchfar é sin. Mura féidir é a mhúchadh, déanfar an táirge a thástáil faoi na dálaí solais chomhthimpeallaigh 100 lux tomhaiste a thuairiscítear i roinn 1.2.5 thuas. Maidir le UUTanna a bhfuil sé beartaithe iad úsáid ar phríomhlíonraí AC lena n-áirítear iad siúd a bhaineann úsáid as ionchur DC caighdeánaithe ach a bhfuil soláthar cumhachta seachtrach (EPS) curtha ar fáil acu atá pacáistithe leis an UUT, déanfar cumhacht an mhóid ‘ar siúl’ a thomhas ag an bpointe soláthair AC.
Chun críocha na modheolaíochta, tá feidhm ag na cáilíochtaí seo a leanas: Ceallra lánluchtaithe: Pointe le linn luchtaithe nuair, de réir threoracha an mhonaróra, trí tháscaire nó tréimhse ama, nach gá an táirge a luchtú a thuilleadh. Déanfar próifíliú amhairc ar an bpointe seo chun tagairt a dhéanamh ina dhiaidh sin le léiriú grafach ar loga luchtaithe an mhéadair cumhachta, a dhéantar le tomhais chumhachta 1 shoicind gráinneachta i dtréimhse 30 nóiméad roimh an bpointe lánluchtaithe agus ina dhiaidh. Ceallra iomlán díluchtaithe: Pointe le linn an mhóid ‘ar siúl’, ag a bhfuil an UUT dínasctha de fhoinse cumhachta sheachtrach, ina múchann an taispeáint go huathoibríoch (ní trí fheidhmeanna fuireachais uathoibríocha) nó ina scoireann sí de bheith ag feidhmiú agus íomhá á taispeáint aici. Mura bhfuil aon táscaire ann nó mura mbeidh aon tréimhse ama luchtaithe shonraithe ann, díluchtófar an ceallra go hiomlán. Déanfar an ceallra a athluchtú ansin agus gach feidhm taispeána atá faoi rialú an úsáideora múchta. Déanfar an t-ionchur cumhachta in aghaidh an ama le gráinneacht sonraí nach lú ná léamh amháin in aghaidh an tsoicind a logáil go huathoibríoch. I gcás ina dtaispeánfaidh an loga tús le mód cothabhála ceallra comhréidh ísealchumhachta nó tréimhse cumhachta an-íseal le pléascthaí cumhachta eadrannacha, an t-am a logáiltear go dtí an pointe sin ó thús thimthriall luchtaithe an cheallra, measfar gurb é sin an t-aga luchtaithe bunúsach. Ceallra a ullmhú: Déanfar aon cheallra ian litiam neamhúsáidte a luchtú go hiomlán agus a dhíluchtú go hiomlán aon uair amháin, sula ndéanfar an chéad tástáil ar UUT. Déanfar gach cineál ceallra/teicneolaíochta eile nach bhfuil in úsáid a luchtú go hiomlán agus a dhíluchtú go hiomlán trí huaire, sula ndéanfar an chéad tástáil ar UUT. Modh Cuir UUT i bhfearas le haghaidh na tástála ábhartha uile a bhfuil cur síos uirthi sa doiciméad modheolaíochta tástála seo. Chun an dearbhú um thomhas cumhachta AC nó DC a roghnú, cuir na caveats thuas maidir le cumhachtú i bhfeidhm. Déanfar gach seicheamh dinimiciúil tástála lena mbaineann tomhas cumhachta um chomhréireacht agus dearbhú rialála le ceallra an táirge luchtaithe go hiomlán agus leis an bhfoinse cumhachta sheachtrach dínasctha. Deimhneofar an staid lánluchtaithe leis an ngraf de phróifíl luchtaithe loga an mhéadair cumhachta. Athrófar an táirge go dtí an mód tomhais is gá agus cuirfear tús láithreach leis an seicheamh dinimiciúil tástála. Nuair a bheidh an seicheamh dinimiciúil tástála críochnaithe múchfar an táirge agus cuirfear tús le seicheamh luchtaithe logáilte. Nuair a léirítear staid lánluchtaithe le próifíl an loga luchtaithe, úsáidtear an mheánchumhacht a taifeadadh ó thús an luchtaithe go tús na staide lánluchtaithe logáilte chun an chumhacht atá le taifeadadh le haghaidh cheanglas an Rialacháin a ríomh. Sna móid fuireachais, fuireachais líonraithe agus ‘as’ (más infheidhme), beidh tréimhsí fada luchtaithe ceallra de dhíth chun in-atrialltacht mhaith sonraí a sholáthar ó mheánchumhacht an athluchtaithe (e.g. 48 n-uair an chloig i gcás na mód ‘as’ nó fuireachais agus 24 uair an chloig i gcás an mhóid fuireachais líonraithe) Chun lonras a thomhas agus lonras ABC a phróifíliú, is féidir an fhoinse cumhachta sheachtrach a bheith nasctha i gcónaí. Chun laghdú na cumhachta ABC a thástáil, seinnfear go leanúnach seicheamh an bhuaiclonrais dhinimiciúil iomchuí ar feadh 30 nóiméad faoi dhálaí solais chomhthimpeallaigh 12 lux. Déanfar an ceallra a athluchtú láithreach agus tabharfar an mheánchumhacht faoi deara. Déanfar amhlaidh an athuair faoi dhálaí comhthimpeallacha 100 lux agus deimhneofar gurb é 20 % nó níos mó an difríocht idir na meánchumhachtaí athluchtaithe. Maidir leis an dearbhú cumhachta SDR, an seicheamh dinimiciúil iomchuí 10 nóiméad um thomhas cumhachta SDR, seinnfear é 3 huaire go seicheamhach agus déanfar an meánriachtanas cumhachta chun ceallra a athluchtú a logáil (P measured (SDR)= athluchtú fuinnimh/aga athsheanma iomlán). Maidir leis an dearbhú cumhachta HDR, gach ceann den dá chomhad dhinimiciúla cúig nóiméad um thomhas cumhachta HDR, seinnfear iad go gearr i ndiaidh a chéile agus déanfar an meánriachtanas cumhachta chun an ceallra a athluchtú a logáil (P measured (HDR) = athluchtú fuinnimh /aga athsheanma iomlán). 1.2.8. Meánriachtanas cumhachta an mhóid ísealchumhachta agus an mhóid ‘as’ Ionstraimíocht tástála agus dálaí tástála mar a shonraítear i gcaighdeáin ábhartha, tá feidhm acu maidir le gach tástáil chumhachta a dhéantar ar na móid ísealchumhachta agus ‘as’. Beidh feidhm ag na caveats ó 1.2.7 thuas maidir le cumhacht AC nó DC a thomhas agus úsáidfear an nós imeachta tástála speisialta a chumhdaítear in 1.2.7 maidir le taispeáintí a chumhachtaítear le ceallraí i gcás inarb infheidhme.”; |
(5) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(*1) Aonad atá á Thástáil
IARSCRÍBHINN VI
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2022 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe (19) seo a leanas leis:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN VII
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, IV agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2023 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe (29) seo a leanas leis:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(4) |
in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
|
(*1) I gcás trí aonad bhreise arna dtástáil de réir mar a fhorordaítear i bpointe 4, ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna a chinntear le haghaidh na dtrí aonad bhreise.”;
IARSCRÍBHINN VIII
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2024 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (22):
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|