22.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 60/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/275 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Feabhra 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/2063 an 13 Samhain 2017. |
(2) |
An 7 Nollaig 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’) dearbhú thar ceann an Aontais inar luadh gur leanadh, faraor, de thoghcháin Veiniséala don National Assembly a thionól an 6 Nollaig 2020 gan comhaontú náisiúnta faoi choinníollacha toghchánacha, gur mhainnigh siad na híoschaighdeáin idirnáisiúnta le haghaidh próiseas inchreidte a chomhlíonadh, agus gur mhainnigh siad muintir Veiniséala a shlógadh chun páirt a ghlacadh iontu. Cuireadh i dtreis sa dearbhú nach bhféadfadh an t-Aontas a rá, de bharr na heaspa measa seo ar an iolrachas polaitiúil agus de bharr dícháiliú, agus ionchúiseamh, ceannairí freasúra, go raibh an próiseas toghchánach sin inchreidte, cuimsitheach nó trédhearcach, ná go raibh na torthaí ionadaíoch ar thoil mhuintir Veiniséala. |
(3) |
An 6 Eanáir 2021, d’eisigh an tArdionadaí an dara dearbhú thar ceann an Aontais maidir le toghcháin Veiniséala don National Assembly inar cuireadh i dtreis gurb oth go mór leis an Aontas gur ghlac an National Assembly a shainordú an 5 Eanáir 2021 ar bhonn na dtoghchán neamhdhaonlathach. Léiríodh ann freisin gurb iad na toghcháin don National Assembly a toghadh in 2015 an uair dheiridh a raibh an tsaoirse ag muintir Veiniséala iad féin a chur in iúl i bpróiseas toghchánach. Ar deireadh, luadh sa dearbhú go raibh an tAontas faoi réir chun bearta breise spriocdhírithe a dhéanamh. |
(4) |
An 25 Eanáir 2021, ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le Veiniséala, inar luadh gurb oth go mór leis an Aontas gur deis chaillte don daonlathas a bhí sna toghcháin reachtacha a bhí ann an 6 Nollaig 2020, a reáchtáladh gan comhaontú náisiúnta maidir le coinníollacha toghcháin, agus nár chomhlíon siad na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le próiseas daonlathach. Thairis sin, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir gur gá cearta an duine a urramú. Luaigh sí freisin nach bhféadfadh aon bhealach a bheith ann amach as an ngéarchéim pholaitiúil i Veiniséala dá mbeadh eagla ar a saoránaigh go ngabhfaí iad agus go ndéanfaí géarleanúint orthu, lena n-áirítear a dteaghlaigh, as a gcearta agus saoirsí bunúsacha a fheidhmiú. |
(5) |
Léiríodh sna Conclúidí ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 go bhfuil an tAontas, i bhfianaise staid chearta an duine, an smachta reachta agus an daonlathais i Veiniséala atá ag dul in olcas, faoi réir chun bearta sriantacha breise spriocdhírithe a ghlacadh i gcoinne na ndaoine sin a bhaineann an bonn den daonlathas nó den smacht reachta agus ina gcoinne siúd atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Ceapadh na bearta sin chun nach ndéanfaí díobháil do mhuintir Veiniséala, agus is féidir iad a aisiompú. |
(6) |
Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na staide tromchúisí atá fós ann i Veiniséala, ba cheart naoi nduine dhéag a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine a leanas ar an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“37. |
Remigio CEBALLOS ICHASO |
Dáta breithe: 1 Bealtaine 1963 Uimhir Aitheantais: V-6557495 Inscne: fireann |
Ceannasaí ar Operational and Strategic Command of the Bolivarian National Armed Forces of Venezuela (Comando Estratégico Operacional Fuerzas Armadas Nacionales Bolivarianas (CEOFANB)), an t-orgán is airde sa Venezuelan Armed Forces, ó mhí an Mheithimh 2017 i leith. Rialaíonn CEOFANB na Bolivarian National Armed Forces (FANB) agus an Bolivarian National Guard. Tá CEOFANB freagrach freisin as idirghábhálacha FANB i léirsithe a chomhordú. Agus é ina cheannasaí ar CEOFANB, freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear forneart iomarcach a bheith á úsáid agus íde mhídhaonna, tháireach á tabhairt ag oifigigh FANB agus ag fo-fhórsaí faoina cheannas, lena n-áirítear an Bolivarian National Guard. Dar le foinsí éagsúla, an Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala ina measc, tá FANB agus an Bolivarian National Guard freagrach as sáruithe ar chearta an duine. |
22.2.2021 |
38. |
Omar José PRIETO FERNÁNDEZ |
Dáta breithe: 25 Bealtaine 1969 Uimhir Aitheantais: V-9761075 Inscne: fireann |
Gobharnóir ar Zulia State ó mhí na Nollag 2017 i leith. Sa phost sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta in Zulia State. Ba é an National Constituent Assembly (ANC), atá neamhaitheanta, a chuir faoi mhionn oifige é, tar éis do bhuaiteoir dlisteanach an toghcháin diúltú do ANC é a chur faoi mhionn oifige. Rinne Omar José Prieto Fernández na toghcháin neamhdhaonlathacha don National Assembly, a tionóladh an 6 Nollaig 2020, a chur chun cinn go gníomhach. Thairis sin, in Zulia State, bhagair sé ‘cuairteanna tí’ ar cheannairí freasúra agus luaigh sé go ndearbhófaí Zulia State a bheith neamhspleách dá nglacfadh rialtas eatramhach cumhacht faoi stiúir Juan Guaidó. |
22.2.2021 |
39. |
José Dionisio BRITO RODRÍGUEZ |
Dáta breithe: 15 Eanáir 1971 Uimhir Aitheantais: V-8263861 Inscne: fireann |
Comhalta den National Assembly nár toghadh go daonlathach agus cathaoirleach ar an gCoimisiún Parlaiminteach a imscrúdaíonn na ‘gníomhartha arna ndéanamh i gcoinne na Poblachta’ ag comhaltaí den National Assembly a toghadh in 2015. Thairis sin, ghlac José Dionisio Brito Rodríguez ceannaireacht go neamhdhlisteanach ar an bpáirtí freasúra Primero Justicia,de bharr cinneadh a rinne an Supreme Court i mí an Mheithimh 2020. In 2019, díbríodh é ó Primero Justicia, de bharr líomhaintí maidir le héilliú. Thairis sin, mar chomhalta den National Assembly, ghlac sé páirt i dtoghadh neamhdhlisteanach Luis Eduardo Parra Rivero mar Uachtarán ar an National Assembly an 5 Eanáir 2020, rud a bhain an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní míleata bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach sa National Assembly. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an National Assembly chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán air. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. |
22.2.2021 |
40. |
José Bernabé GUTIÉRREZ PARRA |
Dáta breithe: 21 Nollaig 1952 Uimhir Aitheantais: V-1565144 Inscne: fireann |
Comhalta den National Assembly nár toghadh go daonlathach agus ceannaire neamhdhlisteanach ar an bpáirtí freasúra Acción Democrática. D’éirigh le José Bernabé Gutiérrez Parra dul i gceannas, go neamhdhlisteanach, ar an bpáirtí freasúra Acción Democrática i mí an Mheithimh 2020 trí rialú ón Supreme Court. De shárú ar sheasamh an pháirtí sula ndeachaigh sé i gceannas air, ghlac Gutiérrez Parra páirt le Acción Democrática i dtoghcháin neamhdhaonlathacha an National Assembly a tionóladh an 6 Nollaig 2020. D’athraigh Gutiérrez Parra seasamh an pháirtí, bhain sé leas as siombail an pháirtí agus ghlac sé páirt sna toghcháin agus sna himeachtaí poiblí amhail díospóireachtaí ar an teilifís. Rinne comhaltaí dlisteanacha de chuid Acción Democrática, a dúirt gur comhcheilg agus feall a bhí ina chuid gníomhaíochtaí,Gutiérrez Parra a dhíbirt ón bpáirtí. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. |
22.2.2021 |
41. |
Luis Fernando DAMIANI BUSTILLOS |
Dáta breithe: 27 Aibreán 1946 Inscne: fireann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin. |
22.2.2021 |
42. |
Lourdes Benicia SUÁREZ ANDERSON |
Dáta breithe: 7 Márta 1965 Inscne: baineann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sí freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú aontaobhach cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sí leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sí é sin. |
22.2.2021 |
43. |
Calixto Antonio ORTEGA RÍOS |
Dáta breithe: 12 Deireadh Fómhair 1950 Inscne: fireann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin. |
22.2.2021 |
44. |
René Alberto DEGRAVES ALMARZA |
Inscne: fireann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin. |
22.2.2021 |
45. |
Arcadio DELGADO ROSALES |
Dáta breithe: 23 Meán Fómhair 1954 Inscne: fireann |
Breitheamh agus Leas-Uachtarán ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin. |
22.2.2021 |
46. |
Carmen Auxiliadora ZULETA DE MERCHÁN |
Dáta breithe: 13 Nollaig 1947 Inscne: baineann |
Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sí freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú aontaobhach cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sí leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sí é sin. |
22.2.2021 |
47. |
Indira Maira ALFONZO IZAGUIRRE |
Dáta breithe: 29 Aibreán 1968 Áit bhreithe: La Guaira (La Guaira State, Venezuela) Uimhir Aitheantais: V-6978710 Inscne: baineann |
Cathaoireach ar an National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) ón 13 Meitheamh 2020 i leith. Iarchomhalta den Electoral Chamber agus den Plenary Chamber den Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)), an Dara Leas-Chathaoirleach ar an TSJ ó 2015 go dtí an 24 Feabhra 2017, Leas-Chathaoirleach ar an TSJ ón 24 Feabhra 2017 go dtí an 12 Meitheamh 2020. Mar chomhalta den Electoral Chamber den TSJ, tá Indira Maira Alfonzo Izaguirre freagrach as na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcoinne an National Assembly a bhí nuathofa ag an am i mí na Nollag 2015, arb é ba thoradh leo nárbh fhéidir leis an National Assembly a chumhacht reachtach a fheidhmiú. Thairis sin, ghlac sí lena ceapachán mar chathaoirleach ar CNE i mí an Mheithimh 2020, ceapachán a rinne an TSJ cé gurb é sin saincheart an National Assembly. Sa ról sin, d’eagraigh sí agus mhaoirsigh sí toghcháin neamhdhaonlathacha an National Assembly a tionóladh an 6 Nollaig 2020 agus ghlac sí páirt san athrú a rinneadh, an 30 Meitheamh 2020, ar na noirm thoghchánacha do na toghcháin sin. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. |
22.2.2021 |
48. |
Leonardo Enrique MORALES POLEO |
Inscne: fireann |
Leas-Uachtarán ar an National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) ón 7 Lúnasa 2020 i leith agus Uachtarán ar an Political Participation and Financing Commission. Cheap an Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) Leonardo Enrique Morales Poleo ina Leas-Uachtarán ar CNE agus ina Uachtarán ar an Political Participation and Financing Commission an 7 Lúnasa 2020 cé gurb é sin saincheart an National Assembly. Thairis sin, díreach sular ceapadh é, bhí sé sa Advanced Progressive Party (Avanzada progresista). Mar chomhalta de CNE, ghlac sé páirt iomlán i maoirsiú an phróisis thoghchánaigh as a d’eascair toghcháin neamhdhaonlathacha an National Assembly an 6 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. |
22.2.2021 |
49. |
Tania D’AMELIO CARDIET |
Dáta breithe: 5 Nollaig 1971 Áit bhreithe: Italy Náisiúntacht: Veiniséalach Uimhir Aitheantais: V-11691429 Inscne: baineann |
Comhalta (Reachtaire) den National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) don tréimhse 2016-2023. Iarchomhalta (Reachtaire) de CNE don tréimhse 2010-2016. Rannchuidigh Tania d’Amelio Cardiet go díreach, trína cuid gníomhaíochta sna feidhmeanna a bhí aici mar reachtaire ar an CNE ó 2010 i leith, leis an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí thoghcháin neamhdhaonlathacha an National Assembly in 2020, trí pháirt a ghlacadh san athrú a rinneadh, an 30 Meitheamh 2020, ar na noirm thoghchánacha do na toghcháin sin, agus trí pháirt a ghlacadh in eagrú agus i gcur i ngníomh thoghcháin uachtaránachta 2018. Thairis sin, ghlac Amelio Cardiet lena ceapachán ag CNE in 2016, ceapachán a rinne an Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)), cé gurb é sin saincheart an National Assembly. |
22.2.2021 |
50. |
José Miguel DOMÍNGUEZ RAMÍREZ |
Dáta breithe: 17 Deireadh Fómhair 1979 Uimhir Aitheantais: V-14444352 Inscne: fireann |
Stiúrthóir ar na Special Action Forces (Fuerzas de Acciones Especiales (FAES)) ón 6 Bealtaine 2019. Iar-Phríomh-Choimisinéir ar FAES in Táchira State. Ina theannta sin, bhí José Miguel Domínguez Ramírez mar Stiúrthóir Oibríochtaí ar FAES, a thagann faoin Bolivarian National Police de chuid Veiniséala. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala a rinne oifigigh FAES. Tá FAES aitheanta as maruithe seachbhreithiúnacha agus as a ról foréigneach maidir le heasaontú freasúróirí polaitiúla, an fhreasúra agus agóideoirí a chur faoi chois, rud a d’fhág gur éiligh Michelle Bachelet, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, go ndéanfaí FAES a dhíscaoileadh. Thairis sin, roimhe seo, bhí Domínguez Ramírez ina chomhalta d’fhoireann slándála Veiniséala a thosaigh ag scaoileadh ar agóideoirí mac léinn an 12 Feabhra 2014, rud a d’fhág go bhfuair mac léinn amháin ar a laghad, Bassil Da Costa, bás. |
22.2.2021 |
51. |
Carlos Ramón Enrique CARVALLO GUEVARA |
Uimhir Aitheantais: V-10132041 Inscne: fireann |
Rannán-Ghinearál, agus Leas-Stiúrthóir an Military Counter-Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ón 21 Lúnasa 2020 i leith. Comharba an Ghinearáil Rafael Ramón Blanco Marrero. Roimhe seo, bhí Carlos Ramón Enrique Carvallo Guevara ar fiannas le DGCIM i réigiún Los Andes, agus bhí post uaschéime aige sa Bolivarian National Guard. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Veiniséala a rinne oifigigh de chuid DGCIM a bhí faoina cheannas. Sna torthaí a d’fhoilsigh an Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala le déanaí, cuirtear síos ar DGCIM mar institiúid atá freagrach go díreach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. |
22.2.2021 |
52. |
Jesús Emilio VÁSQUEZ QUINTERO |
Uimhir Aitheantais: V-7422049 Inscne: fireann |
Rannán-Ghinearál ón 5 Iúil 2019 i leith agus Ard-Aighne an Military Prosecutor’s Office ó mhí na Nollag 2017 i leith. Freagrach, agus é ina Ard-Aigne ar an Military Prosecutor’s Office, as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Luaitear an Military Prosecutor’s Office le hionchúiseamh breithiúnach inmheánach sna Armed Forces, agus le mainneachtain a dhéanamh teagmhais a imscrúdú, lena n-áirítear cás bhás an chaptaein Acosta in 2019. Thairis sin, tá ceartas míleata á chur i bhfeidhm ar shibhialtaigh. |
22.2.2021 |
53. |
Carlos Enrique TERÁN HURTADO |
Uimhir Aitheantais: V-8042567 Inscne: fireann |
Briogáidire-Ghinearál ón 5 Iúil 2019 i leith agus ceann ar an Special Directorate of Criminal Investigation of the Directorate-General of Military Counter-Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó 2019 i leith. I bhfeidhmeanna roimhe seo, bhí an Briogáidire-Ghinearál Carlos Enrique Terán Hurtado ina cheann ar na póilíní in Falcón State agus ina cheann ar DGCIM in Táchira State. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear íde chruálach mhídhaonna ar choinneálaithe, a rinne oifigigh de chuid DGCIM a bhí faoina cheannas. Sna torthaí mionsonraithe ón Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala, luaitear go sonrach go bhfuil an Briogáidire-Ghinearál Terán Hurtado ar cheann de na gníomhaithe freagracha, agus go bhfuil baint aige le cás an chaptaein de la Sotta. |
22.2.2021 |
54. |
Manuel Eduardo PÉREZ URDANETA |
Dáta breithe: 29 Nollaig 1960 nó 26 Bealtaine 1962 Áit bhreithe: Cagua, State of Aragua Uimhir Aitheantais: V-6357038 Uimhir Phas: 001234503 (dulta in éag in 2012) Inscne: fireann |
Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Dlí agus Cirt ón 7 Aibreán 2015 i leith. Tá an Briogáidire-Ghinearál Manuel Eduardo Pérez Urdaneta ar cheann den chúig Leas-Aire laistigh den Ministry of the Interior and Justice de chuid Veiniséala. Faoina chúram, cuimsítear an tSlándáil Choisctheach agus an tSábháilteacht Phoiblí (Viceministro de prevención y Seguridad Ciudadana). Roimhe seo, bhí an Briogáidire-Ghinearál Pérez ina Stiúrthóir ar an Bolivarian National Police. Freagrach, sa ról sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear forneart trom fisiciúil a úsáid i gcoinne agóideoirí síochánta, a rinne oifigigh den Bolivarian National Police a bhí faoina údarás. |
22.2.2021 |
55. |
Douglas Arnoldo RICO GONZÁLEZ |
Dáta breithe: 28 Meán Fómhair 1969 Uimhir Aitheantais: V-6864238 Inscne: fireann |
Stiúrthóir ar an Scientific, Penal, and Criminal Investigation Corps (Cuerpo de Investigaciones Científicas, Penales y Criminalísticas (CICPC)) ón 5 Feabhra 2016 i leith. Roimhe sin, bhí sé ina leas-stiúrthóir ar CICPC. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Veiniséala a rinne oifigigh de chuid DGCIM a bhí faoina cheannas. Sa tuarascáil ón Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala, cuirtear síos ar CICPC mar institiúid a dhéanann sáruithe córasacha ar chearta an duine i Veiniséala. |
22.2.2021” |