22.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 60/1


RIALACHÁN (AE) 2021/267 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2021

lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo, le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus síneadh a chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91 agus 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De dheasca mharthanacht phaindéim COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi, is dúshlán do na Ballstáit iad, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh, agus leagann siad ualach trom ar na húdaráis náisiúnta, ar shaoránaigh an Aontais agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe oibreoirí iompair. Tá imthosca urghnácha cruthaithe ag an ngéarchéim sláinte poiblí, imthosca nárbh fhéidir a thuar go réasúnta nuair a glacadh na bearta ábhartha, a dhéanann difear do ghnáthghníomhaíocht na n-údarás inniúil sna Ballstáit agus d’obair na ngnóthas iompair a mhéid a bhaineann leis na foirmiúlachtaí riaracháin atá le cur i gcrích sna hearnálacha difriúla iompair. Tá tionchar nach beag ag na himthosca urghnácha sin ar réimsí éagsúla a chumhdaítear le dlí iompair an Aontais.

(2)

Go háirithe, is féidir nach mbeidh oibreoirí iompair ná daoine eile lena mbaineann in ann na foirmiúlachtaí ná na nósanna imeachta is gá a chur i gcrích d’fhonn forálacha áirithe de dhlí an Aontais a chomhlíonadh, ar forálacha iad a bhaineann le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe a athnuachan nó síneadh a chur leo, nó d’fhonn céimeanna eile a chur i gcrích atá riachtanach lena gcoinneáil bailí. Ar na cúiseanna céanna, is féidir nach mbeidh údaráis inniúla na mBallstát in ann na hoibleagáidí arna mbunú le dlí an Aontais a chomhlíonadh ná a áirithiú go ndéileálfar leis na hiarrataí ábhartha arna dtabhairt isteach ag na hoibreoirí iompair sula rachaidh na sprioc-amanna is infheidhme in éag.

(3)

Le Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha maidir le hathnuachan agus síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta i ndáil le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe agus maidir le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe, de bhun gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Rialachán sin, ba cheart a bheith déanta laistigh den tréimhse ón 1 Márta 2020, nó, i gcásanna áirithe, an 1 Feabhra 2020, go 31 Lúnasa 2020. I gcomhréir leis an Rialachán sin, athnuadh na deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe sin, chomh maith le seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe, nó cuireadh síneadh leo nó cuireadh ar athlá iad, de réir mar ba iomchuí, ar feadh 6 mhí nó, i gcásanna áirithe, 7 mí.

(4)

Ballstáit áirithe a mheas faoin 1 Lúnasa 2020 gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan agus seiceálacha tréimhsiúla áirithe nó oiliúint thréimhsiúil a chur i gcrích, de bharr bearta a rinne siad, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, chuir siad iarrataí réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú chun síntí ama breise eile a chur i bhfeidhm. Ghlac an Coimisiún sé chinneadh lena n-údaraítear síntí den sórt sin (4).

(5)

In ainneoin feabhsuithe áirithe ar an ngéarchéim a bhain le paindéim COVID-19 i samhradh na bliana 2020, cuireadh iachall ar na Ballstáit na bearta a choinneáil ar bun agus, i gcásanna áirithe, na bearta a threisiú a rinneadh chun scaipeadh COVID-19 a chosc de dheasca nach raibh an géarchéim ag imeacht agus go raibh iarmhairtí na géarchéime sin ag dul in olcas le linn an tríú ráithe de 2020. Mar gheall ar na bearta sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh oibreoirí iompair ná daoine eile lena mbaineann in ann na foirmiúlachtaí ná na nósanna imeachta is gá a chur i gcrích d’fhonn forálacha áirithe de dhlí an Aontais a chomhlíonadh, ar forálacha iad a bhaineann le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe a athnuachan nó síneadh a chur leo nó le seiceálacha tréimhsiúla áirithe nó oiliúint thréimhsiúil a chur i gcrích nó d’fhonn céimeanna eile a chur i gcrích atá riachtanach lena gcoinneáil bailí, de réir mar a bhí in earrach 2020. Ar na cúiseanna céanna, is féidir nach mbeidh údaráis inniúla na mBallstát in ann na hoibleagáidí arna mbunú le dlí an Aontais a chomhlíonadh ná a áirithiú go ndéileálfar leis na hiarrataí ábhartha arna dtabhairt isteach ag na hoibreoirí iompair sula rachaidh na sprioc-amanna is infheidhme in éag.

(6)

Is gá, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh a mbeidh sé de rún leo teacht i dtír ar na fadhbanna sin agus deimhneacht dhlíthiúil agus feidhmiú ceart na ngníomhartha dlí lena mbaineann araon a áirithiú. Ba cheart foráil a dhéanamh chuige sin, go háirithe i leith teorainneacha ama áirithe, mar aon leis an bhféidearthacht don Choimisiún sínte ama a údarú ar bhonn iarraidh arna cur isteach ag Ballstát ar bith.

(7)

Le Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar síos rialacha is infheidhme maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí nó paisinéirí a iompar. Ní mór deimhniú inniúlachta gairmiúla (“CPC”) a bheith ag na tiománaithe sin agus ní mór dóibh a chruthú go bhfuil an oiliúint thréimhsiúil déanta acu trí cheadúnas tiomána nó cárta cáilíochta tiománaí a bheith acu, ar a bhfuil an oiliúint thréimhsiúil cláraithe. De dheasca na ndeacrachtaí do shealbhóir deimhnithe inniúlachta gairmiúla maidir le hoiliúint thréimhsiúil a chur i gcrích agus maidir le CPC, lena ndeimhnítear cur i gcrích na hoiliúna tréimhsiúla sin, a athnuachan, de dheasca na n-imthosca urghnácha a d’eascair as marthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, is gá síneadh a chur le bailíocht an CPC sin ar feadh tréimhse 10 mí óna dáta éaga, chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le hiompar de bhóthar. Ba cheart do CPCanna, ar cuireadh síneadh lena dtréimhse bailíochta cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/698, tairbhe a bhaint freisin as aon síneadh breise amháin ar feadh tréimhse réasúnta ama i bhfianaise na srianta atá ann faoi láthair agus ar chúiseanna sábháilteachta ar bhóithre chomh maith.

(8)

Le Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar síos rialacha maidir le sábháilteacht iarnróid. Déantar foráil sa treoir sin maidir le ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag na Ballstáit a aithint go frithpháirteach bunaithe ar cheadúnas tiomána de réir mhúnla an Aontais, agus leagtar síos léi sraith íoscheanglas do na ceadúnais sin. Go háirithe, ní mór ceadúnas tiomána bailí a bheith ag tiománaithe mótarfheithiclí, ar ceadúnas tiomána é nach mór a athnuachan nó, i gcásanna áirithe, a mhalartú ar dhul in éag a bhailíochta riaracháin. Ó tharla gur deacair ceadúnais tiomána a athnuachan de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, tar éis an 31 Lúnasa 2020, is gá síneadh a chur le bailíocht ceadúnas tiomána áirithe ar feadh tréimhse 10 mí óna ndáta éaga, chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le soghluaisteacht de bhóthar. Ba cheart do cheadúnais tiomána, ar cuireadh síneadh lena dtréimhse bailíochta cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/698, tairbhe a bhaint freisin as aon síneadh breise amháin ar feadh tréimhse réasúnta ama i bhfianaise na srianta atá ann faoi láthair agus ar chúiseanna sábháilteachta ar bhóithre chomh maith.

(9)

Le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) leagtar síos rialacha maidir le tacagraif san iompar de bhóthar. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfar na rialacha maidir le ham tiomána, am oibre agus tréimhsí scíthe, mar a leagtar amach iad i Rialachán (AE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus i dTreoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), chun iomaíocht chóir agus sábháilteacht ar bhóithre a áirithiú. Mar gheall ar an ngá atá le leanúnachas i soláthar seirbhísí iompair de bhóthar d’ainneoin na ndeacrachtaí atá ann cigireachtaí rialta ar thacagraif a dhéanamh de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, ba cheart na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, ar chóir iad a bheith déanta idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, a dhéanamh anois tráth nach déanaí ná 10 mí tar éis an dáta a rabhthas chun iad a dhéanamh faoin Airteagal sin. Ar an gcúis chéanna, fágann deacrachtaí a bhaineann le cártaí tiománaí a athnuachan agus a athsholáthar, de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, go bhfuil bonn cirt le breis ama a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát chun na gcríoch sin. Sna cásanna sin, ba cheart a chur ar chumas na dtiománaithe, agus ba cheart an oibleagáid a chur orthu, dul i muinín bealaí malartacha inmharthana chun an fhaisnéis is gá a thaifead maidir le ham tiomána, am oibre agus tréimhsí scíthe, go dtí go bhfaigheann siad cárta nua.

(10)

Le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) , leagtar síos rialacha maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta le haghaidh mótarfheithiclí agus a gcuid leantóirí. Cúram casta atá sa tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta, a ceapadh chun a áirithiú go gcoimeádtar bail atá slán agus inghlactha ó thaobh an chomhshaoil de ar fheithiclí fad atá siad in úsáid. Ó tharla gur deacair tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta a dhéanamh de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, ba cheart na tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta, ar chóir iad a bheith déanta idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus 30 Meitheamh 2021, a dhéanamh anois dáta is faide anonn, ach tráth nach déanaí ná 10 mí tar éis na teorann ama a ceapadh ar dtús agus ba cheart go leanfadh na deimhnithe lena mbaineann de bheith bailí go dtí an dáta sin is déanaí.

(11)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh. Mar gheall ar mharthanacht phaindéim COVID-19 agus ar an ngéarchéim ghaolmhar sláinte poiblí tar éis an 31 Lúnasa 2020, fágann sé nach gcomhlíonann roinnt gnóthas iompair na ceanglais a thuilleadh maidir leis an bhfeithicil ná na feithiclí atá le bheith ar fáil dóibh agus lena n-úsáid acu. Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag na himthosca sin do staid airgeadais na hearnála, agus níl an ceanglas maidir le seasamh airgeadais á chomhlíonadh a thuilleadh ag roinnt gnóthas iompair. Ó tharla go bhfuil an leibhéal gníomhaíochta níos ísle de dheasca na géarchéime sláinte poiblí, féadfar a thuar go mbainfidh sé tamall níos faide ná mar is gnáth as gnóthais a léiriú go sásófar na ceanglais maidir leis an bhfeithicil ná na feithiclí atá le bheith ar fáil dóibh sin agus lena n-úsáid acu nó an ceanglas maidir le seasamh airgeadais arís ar bhonn buan. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na huasteorainneacha ama, arna mbunú chun na gcríoch sin i bpointí (b) agus (c) in Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, ó 6 mhí go 12 mhí, a mhéid a bhaineann le measúnú ar na ceanglais maidir leis an bhfeithicil nó feithiclí le bheith ar fáil do na gnóthais iompair de bhóthar agus lena n-úsáid ag na gnóthais sin lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal (5), pointí (b) agus (c), den Rialachán sin, agus ar an gceanglas maidir le seasamh airgeadais na ngnóthas sin, a mhéid a chumhdaíonn na measúnuithe sin an tréimhse ar fad nó cuid den tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021. I gcás inar suíodh mainneachtain chun aon cheann de na ceanglais sin a chomhlíonadh cheana agus nach bhfuil an teorainn ama arna socrú ag an údarás inniúil dulta in éag fós, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil in ann síneadh go 12 mhí san iomlán a chur leis an teorainn ama sin.

(12)

Le Rialacháin (CE) Uimh. 1072/2009 (12) agus (CE) Uimh. 1073/2009 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar agus le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus, faoi seach. Tá iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar agus iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus faoi réir, inter alia, seilbh ar cheadúnas Comhphobail agus, i gcás tiománaithe ar náisiúnaigh tríú tíortha iad a bhfuil oibríochtaí iompair lasta ar bun acu, faoi réir fianaithe tiománaithe. Tá údarú de choinníoll ar sholáthar seirbhísí tráthrialta de bhus agus de chóiste freisin. Féadfar na ceadúnais, na fianuithe agus na húdaruithe sin a athnuachan tar éis a fhíorú go bhfuil na coinníollacha ábhartha fós á gcomhlíonadh. Ó tharla gur deacair na ceadúnais agus na fianuithe a athnuachan de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, is gá síneadh a chur lena mbailíocht ar feadh 10 mí óna ndáta éaga, chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le hiompar de bhóthar.

(13)

Le Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), leagtar síos rialacha maidir le sábháilteacht iarnróid. Mar thoradh ar na bearta gaibhniúcháin mar aon leis an ualach oibre breise a bhaineann le marthanacht phaindéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020 a shrianadh, tá deacrachtaí roimh na húdaráis náisiúnta, gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair i ndáil le deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan agus, i bhfianaise go bhfuiltear ag teannadh le dul in éag na n-údaruithe sábháilteachta atá ann cheana, i ndáil leis na húdaruithe sin a eisiúint le haghaidh tréimhse ina dhiaidh sin a chumhdaítear le hAirteagail 10 agus 12, faoi seach, den Treoir sin. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh 10 mí a chur leis an teorainn ama a ghabhann le deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan, agus ba cheart go leanfadh na deimhnithe sábháilteachta aonair lena mbaineann, atá ann cheana, de bheith bailí dá réir. Ar an gcuma chéanna, ba cheart síneadh 10 mí óna ndáta éaga a chur le bailíocht na n-údaruithe sábháilteachta sin.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Threoir (AE) 2016/798, chuir Ballstáit áirithe síneadh le tréimhse trasuite na Treorach sin go dtí an 16 Meitheamh 2020. Le Treoir (AE) 2020/700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798 déantar foráil maidir leis an deis a thabhairt do na Ballstáit sin síneadh breise a chur leis an tréimhse thrasuí go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Lean na rialacha i dTreoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) de bheith infheidhme sna Ballstáit sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020, agus bhí na Ballstáit lena mbaineann fós i dteideal deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe sábháilteachta a eisiúint faoi Threoir 2004/49/EC. Leanfaidh deimhnithe sábháilteachta a eisítear faoi Threoir 2004/49/EC de bheith bailí go dtí a ndáta éaga, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/798. Is gá, ar an ábhar sin, foráil a dhéanamh freisin maidir le síneadh a chur leis na teorainneacha ama a bhaineann le hathnuachan na ndeimhnithe sábháilteachta agus na n-údaruithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagail 10 agus 11 de Threoir 2004/49/CE agus is gá a shoiléiriú go leanfaidh na deimhnithe sábháilteachta agus na húdaruithe sábháilteachta lena mbaineann de bheith bailí dá réir.

(15)

Le Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), leagtar síos rialacha maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Aontais. Foráiltear in Airteagal 14(5) agus Airteagal 16 den Treoir sin go bhfuil teorainn 10 mbliana le bailíocht na gceadúnas do thiománaithe traenach agus go bhfuil sí faoi réir seiceálacha tréimhsiúla. Ó tharla gur deacair ceadúnais a athnuachan de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, ba cheart síneadh a chur le bailíocht na gceadúnas lena ngabhann dáta éaga idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 ar feadh tréimhse 10 mí óna ndáta éaga. Ar an gcuma chéanna, ba cheart tréimhse 10 mí sa bhreis a thabhairt do thiománaithe traenach chun na seiceálacha tréimhsiúla a chur i gcrích.

(16)

Le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), bunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid. Faoi Airteagal 23(2) den Treoir sin, féadfaidh údaráis cheadunúcháin athbhreithniú rialta a dhéanamh d’fhonn a fhíorú go leanann gnóthas iarnróid de na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III den Treoir sin a bhaineann lena cheadúnas a chomhlíonadh. Faoi Airteagal 24(3) den Treoir sin, féadfaidh na húdaráis cheadúnúcháin náisiúnta ceadúnas a chur ar fionraí nó a chúlghairm, ar fhorais nár comhlíonadh an ceanglas maidir le folláine airgeadais, agus féadfaidh siad ceadúnas sealadach a dheonú go dtí go ndéanfar atheagrú ar an ngnóthas iarnróid ar choinníoll nach gcuirfear an tsábháilteacht i mbaol. De dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, tá deacrachtaí móra ag na húdaráis cheadúnúcháin na hathbhreithnithe rialta a dhéanamh i dtaca le ceadúnais atá ann cheana agus na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le ceadúnais nua a eisiúint tar éis do cheadúnas sealadach dul in éag. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh 10 mí a chur leis na teorainneacha ama chun na hathbhreithnithe rialta a dhéanamh, arb amhlaidh i gcomhréir leis an Treoir sin, a théann siad in éag idir 1 Meán Fómhair 2020 agus 30 Meitheamh 2021. Ar an dóigh chéanna, ba cheart síneadh 10 mí a chur le bailíocht na gceadúnas sealadach lena ngabhann dáta éaga idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021.

(17)

Ceanglaítear le hAirteagal 25(2) de Threoir 2012/34/AE ar na húdaráis cheadúnúcháin cinntí a ghlacadh maidir le hiarratais ar cheadúnais laistigh de 3 mhí tar éis gach faisnéis ábhartha, go háirithe na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, a bheith curtha isteach. Ó tharla gur deacair na cinntí ábhartha a ghlacadh de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, is gá síneadh 7 mí a chur leis an teorainn ama sin.

(18)

Tá fadhbanna leachtachta ag gnóthais iarnróid a bhí cobhsaí roimh ráig COVID-19, fadhbanna a d’fhéadfadh a fhágáil go gcuirfí a gceadúnais ar fionraí, go ndéanfaí iad a chúlghairm nó go gcuirfí ceadúnas sealadach ina n-ionad, gan riachtanas eacnamaíoch struchtúrach a bheith ann go dtarlódh sé sin. I dtaca le ceadúnas sealadach a dheonú de bhun Airteagal 24(3) de Threoir 2012/34/AE, is rud é sin a d’fhéadfadh droch-chuma a chur ar ghnóthais iarnróid, ó thaobh an mhargaidh de, i dtaca le cumas na ngnóthas sin teacht slán, agus ar an dóigh sin dhéanfaí fadhbanna airgeadais, nach mbeadh ach ina bhfadhbanna sealadacha murach sin, a chur chun donais. I ngeall ar Rialachán (AE) 2020/698 agus ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, ba cheart a fhoráil dá bhrí sin, nuair a aimsíonn an t-údarás ceadúnúcháin, ar bhonn na seiceála a rinneadh le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nach féidir le gnóthas iarnróid na ceanglais a bhaineann le folláine airgeadais a chomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart don údarás a bheith in ann cinneadh a dhéanamh, roimh an 30 Meitheamh 2021, gan ceadúnas de chuid an ghnóthais iarnróid lena mbaineann a chur ar fionraí ná a chúlghairm fad agus nach bhfuil an tsábháilteacht i mbaol, agus fad agus gur dócha go réadúil go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh den 7 mí ina dhiaidh sin. Tar éis an 30 Meitheamh 2021, ba cheart an gnóthas iarnróid a bheith faoi réir na rialacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 24(1) de Threoir 2012/34/AE.

(19)

Le Treoir 96/50/CE ón gComhairle (19) , leagtar síos na coinníollacha maidir le deimhnithe máistrí báid a fháil chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealaí intíre san Aontas. Ar theacht in aois a 65 bliana dóibh, ceanglaítear ar shealbhóirí deimhnithe máistrí báid dul faoi scrúduithe tréimhsiúla dochtúra. I bhfianaise na mbeart arna nglacadh i ndáil le marthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, agus go háirithe an rochtain theoranta ar sheirbhísí dochtúra chun scrúduithe dochtúra a dhéanamh, is féidir nach mbeidh sealbhóirí deimhnithe máistrí báid in ann dul faoi na scrúduithe dochtúra is dlite orthu laistigh den tréimhse lena mbaineann na bearta sin. Dá bhrí sin, le haghaidh cásanna ina mbeadh an teorainn ama chun dul faoi scrúduithe dochtúra dulta in éag murach é sin nó ina rachadh sí in éag murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, ba cheart síneadh 10 mí a chur leis an teorainn ama sin i ngach ceann de na cásanna lena mbaineann. Ba cheart go bhfanfadh na deimhnithe máistrí báid lena mbaineann bailí dá réir.

(20)

Le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le soithí uiscebhealaí intíre. Le hAirteagal 10 den Treoir sin, foráiltear do theorainn ar thréimhse bhailíochta deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre. Thairis sin, maidir le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2016/1629 maidir le doiciméid a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin agus a d’eisigh údaráis inniúla na mBallstát roimh an 6 Deireadh Fómhair 2018 faoin Treoir a bhí infheidhme roimhe sin, eadhon Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), foráiltear san Airteagal sin go leanfaidh na doiciméid sin de bheith bailí go dtí go rachaidh siad in éag. De dheasca na mbeart arna nglacadh i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé dofheidhmithe, nó dodhéanta ar uairibh, do na húdaráis inniúla cigireachtaí teicniúla a chur ar bun chun síneadh a chur le bailíocht deimhnithe áirithe nó, i gcás na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir (AE) 2016/1629, doiciméid a chur ina n-ionad. Dá bhrí sin, chun go bhféadfaidh na soithí uiscebhealaí intíre ábhartha leanúint de bheith ag feidhmiú is iomchuí síneadh ama 10 mí a chur le bailíocht na ndeimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre agus le bailíocht doiciméad a thagann faoi raon feidhme Airteagal 28 de Threoir (AE) 2016/1629 ar doiciméid agus deimhnithe iad a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021.

(21)

Le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), leagtar síos rialacha maidir le slándáil long agus saoráidí calafort a fheabhsú. Le Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), leagtar síos bearta chun slándáil calafoirt a fheabhsú i bhfianaise bagairtí ar theagmhais slándála. Áirithítear léi freisin go rachaidh slándáil fheabhsaithe calafoirt chun tairbhe do na bearta slándála arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 725/2004. I ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, tá deacrachtaí ag údaráis na mBallstát chun na cigireachtaí agus na suirbhéanna slándála muirí d’fhonn doiciméid áirithe a athnuachan sa réimse slándála muirí. Dá bhrí sin, is gá síneadh de thréimhse réasúnta ama a chur le teorainneacha ama le haghaidh na measúnuithe slándála agus na bpleananna slándála a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a athbhreithniú, chun na Ballstáit agus an tionscail loingis a chumasú chun cur chuige solúbtha pragmatach a ghlacadh, gan an tslándáil a chur i mbaol. Ba cheart solúbthacht a chur ar fáil freisin i dtaca le freachnaimh shlándála muirí, a gceanglaítear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais iad a dhéanamh laistigh de thréimhsí áirithe ama.

(22)

I gcás ina measann Ballstát gur dócha go bhfanfaidh cur i bhfeidhm na rialacha óna maolaíonn an Rialachán seo, a bhaineann, inter alia, le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe a athnuachan nó a shíneadh, dofheidhmithe tar éis na ndátaí a shonraítear sa Rialachán seo, de bharr bearta a rinne sé chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, ba cheart údarú a thabhairt don Choimisiún, má iarrann an Ballstát sin air faoin 31 Bealtaine 2021, a cheadú don Bhallstát lena mbaineann síneadh breise a chur leis na tréimhsí a shonraítear sa Rialachán seo, de réir mar is ábhartha, ar choinníoll nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as síneadh den sórt sin, go háirithe ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de. D’fhonn an deimhneacht dhlíthiúil agus an tsábháilteacht iompair nó an tslándáil iompair a áirithiú, ba cheart síneadh den sórt sin a bheith teoranta don mhéid is gá chun an tréimhse ar dócha go mbeidh cur i gcrích na bhfoirmiúlachtaí, na nósanna imeachta, na seiceálacha agus na hoiliúna dofheidhmithe lena linn a léiriú agus gan a bheith, in aon chás, níos faide ná 6 mhí.

(23)

Tá géarchéim COVID-19 tar éis difear a dhéanamh don Aontas ar fad ach ní go haonfhoirmeach é. Rinneadh difear do na Ballstáit ar leibhéil éagsúla agus ag amanna éagsúla. Ós rud é gur cheart na maoluithe ar na rialacha a mbeadh feidhm acu de ghnáth a theorannú don mhéid is gá, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, maidir le Treoir 2003/59/CE, Treoir 2006/126/CE, Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, Treoir 2014/45/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, Treoir (AE) 2016/798, Treoir 2004/49/CE, Treoir 2007/59/CE, Treoir 2012/34/AE, Treoir 96/50/CE, Treoir (AE) 2016/1629, Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 agus Treoir 2005/65/CE, leanúint de na gníomhartha dlí sin a chur i bhfeidhm gan na maoluithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil cur i bhfeidhm na ngníomhartha dlí sin fós indéanta. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcéanna i gcás ina raibh deacrachtaí den sórt sin ag tarraingt ar Bhallstát ach inar ghlac sé bearta náisiúnta iomchuí chun iad a mhaolú. Maidir leis na Ballstáit a roghnaíonn leas a bhaint as an bhféidearthacht sin, níor cheart dóibh, áfach, aon ghníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreoir eacnamaíoch ná de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile, a bhacadh, agus ba cheart dóibh aon deimhniú, cheadúnas agus údarú ar cuireadh síneadh lena bhailíocht leis an Rialachán seo a aithint go háirithe. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún faoina chinneadh gan na maoluithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar a chríoch féin sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme go hiomlán ar an 6 Márta 2021.

(24)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na cearta a dheonaítear le cinntí ón gCoimisiún, a glacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/698, lena n-údaraítear do na Ballstáit síneadh chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear sa Rialachán sin, a bhí ina gcúis le síntí ama a théann níos faide ná na tréimhsí sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit déileáil go pras le hathnuachan nó síneadh deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe nár cuireadh síneadh lena mbailíocht i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(26)

Tháinig deireadh leis an idirthréimhse a leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (24) an 31 Nollaig 2020, dá bhrí sin níl feidhm ag aon fhoráil de chuid an Rialacháin seo maidir leis an Ríocht Aontaithe, fiú a mhéid a bhaineann siad le tréimhsí roimh an dáta sin.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar síos i ndlí an Aontais chun tréimhse bhailíochta deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo, agus seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe a chur siar mar fhreagairt ar na himthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, i ndiaidh an 31 Lúnasa 2020, i réimsí an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus i slándáil mhuirí, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(28)

I bhfianaise na práinne atá mar thoradh ar na cúinsí eisceachtúla i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 tar éis an 31 Lúnasa 2020, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ón tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leCAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(29)

De dheasca chomh tobann agus a bhí ráig COVID-19 nach rabhthas in ann a thuar, agus an tréimhse nach rabhthas ag súil léi ach oiread, fágadh nárbh fhéidir bearta ábhartha a ghlacadh in am. Ar an gcúis sin, ba cheart a chumhdach le forálacha an Rialacháin seo an tréimhse sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Ag féachaint do chineál na bhforálacha sin, níl sárú ar ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann ina thoradh ar an gcur chuige sin.

(30)

I bhfianaise an ghá sáraitheach aghaidh a thabhairt gan mhoill ar na himthosca i ngeall ar ghéarchéim COVID-19 i réimsí an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus i slándáil mhuirí, agus, i gcás inarb ábhartha, tréimhse réasúnta ama á thabhairt do na Ballstáit chun an Coimisiún a chur ar an eolas má chinneann siad gan díolúintí áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, d’fhonn a áirithiú go bhfanfaidh an tréimhse ina mbeidh éiginnteacht dhlíthiúil a dhéanann difear do roinnt mhaith údarás agus oibreoirí in earnálacha iompair éagsúla, go háirithe i gcás ina bhfuil na teorainneacha ama ábhartha dulta in éag cheana, chomh gairid agus is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sonracha agus sealadacha is infheidhme maidir le hathnuachan agus síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta i ndáil le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe agus maidir le seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe a chur ar athló mar fhreagairt ar na himthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i réimsí an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus i réimse na slándála muirí, agus cuirtear síneadh leis le tréimhsí áirithedá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698.

Airteagal 2

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2003/59/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 8(2) agus (3) de Threoir 2003/59/CE, measfar síneadh 10 mí i ngach cás a bheith curtha leis na teorainneacha ama maidir le cur i gcrích oiliúna tréimhsiúla ag sealbhóir deimhnithe inniúlachta gairmiúla (“CPC”), a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021. Fanfaidh an CPC bailí dá réir sin.

2.   Measfar síneadh 6 mhí nó síneadh go dtí an 1 Iúil 2021, cibé acu is déanaí, a bheith curtha leis na teorainneacha ama maidir le hoiliúint thréimhsiúil ag sealbhóir CPC a chríochnú, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, trí Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm. Fanfaidh an CPC bailí dá réir sin.

3.   Maidir le bailíocht chód comhchuibhithe “95” an Aontais a mharcáil dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE, arna déanamh ag na húdaráis inniúla ar an gceadúnas nó ar an gcárta cáilíochta tiománaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2003/59/CE ar bhonn an CPC dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin, measfar síneadh 10 mí ón dáta a shonraítear ar an gceadúnas sin nó ar an gcárta cáilíochta tiománaí sin a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

4.   Maidir le bailíocht chód comhchuibhithe “95” an Aontais a mharcáil dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE, arna déanamh ag na húdaráis inniúla ar an gceadúnas tiomána nó ar an gcárta cáilíochta tiománaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2003/59/CE ar bhonn an CPC dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin, ar bailíocht í a bheadh imithe in éag murach sin, nó a rachadh in éag murach sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, trí Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm, measfar síneadh 6 mhí nó síneadh go dtí an 1 Iúil 2021, cibé acu is déanaí, a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

5.   I dtaca le bailíocht cártaí cáilíochta tiománaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/59/CE, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí ón dáta éaga riaracháin a shonraítear ar gach cárta den sórt sin a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

6.   I dtaca le bailíocht cártaí cáilíochta tiománaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/59/CE, ar bailíocht í a bheadh imithe in éag murach sin, nó a rachadh in éag murach sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, trí Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm, measfar síneadh 6 mhí nó síneadh go dtí an 1 Iúil 2021, cibé acu is déanaí, a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

7.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 oiliúint thréimhsiúil a chríochnú nó a dheimhniú, marcáil chód comhchuibhithe “95” an Aontais a dhéanamh, nó cártaí cáilíochta tiománaithe a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad arb é is aidhm dóibh scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1, 3 agus 5, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir 1 Meán Fómhair 2020 agus 30 Meitheamh 2021, nó na tréimhsí 10 mí a shonraítear i míreanna 1, 3 agus 5, de réir mar is ábhartha, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

8.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 7, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1, 3 agus 5 faoi seach, de réir mar atá bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe an oiliúint thréimhsiúil i gceist a chríochnú nó a dheimhniú, marcáil chód comhchuibhithe “95” an Aontais a dhéanamh, nó cártaí cáilíochta tiománaithe a athnuachan agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

9.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe oiliúint thréimhsiúil a chríochnú nó a dheimhniú, marcáil chód comhchuibhithe “95” an Aontais a dhéanamh, nó cártaí cáilíochta tiománaithe a athnuachan le linn na tréimhse idir 1 Meán Fómhair 2020 agus 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1, 2, 3, 4, 5 nó 6 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1, 2, 3, 4, 5 nó 6 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch ná de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín maoluithe a leagtar amach i míreanna 1, 2, 3, 4, 5 nó 6 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 3

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2006/126/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 7 de Threoir 2006/126/CE agus pointe 3(d) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, i dtaca le ceadúnais a mbeadh a mbailíocht dulta in éag murach é sin nó a rachadh a mbailíocht in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh a bheith curtha le tréimhse bhailíochta na gceadúnas sin go dtí 10 mí ón dáta éaga dá dtagraítear ar gach ceadúnas den chineál sin.

2.   I dtaca le bailíocht ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2006/126/CE agus i bpointe 3(d) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dTreoir sin, ar bailíocht í a bheadh imithe in éag murach sin, nó a rachadh in éag murach sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, trí Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm, measfar síneadh 6 mhí nó síneadh go dtí an 1 Iúil 2021, cibé acu is déanaí, a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 ceadúnais a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad arb é is aidhm dóibh scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar is iomchuí. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nó leis an tréimhse 10 mí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe ceadúnais a athnuachan, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe ceadúnais tiomána a athnuachan le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan mír 1 nó mír 2 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan mír 1 nó mír 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i mír 1 nó mír 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 4

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014

1.   D’ainneoin Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, cuirfear i gcrích na cigireachtaí rialta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin nár mhór iad a bheith curtha i gcrích murach é sin nó nár mhór iad a chur i gcrích murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 i gcomhréir leis an mír sin tráth nach déanaí ná 10 mí tar éis an dáta a bheadh siad le cur i gcrích murach é sin de réir an Airteagail sin.

2.   D’ainneoin Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, i gcás ina gcuirfidh tiománaí iarratas isteach ar chárta tiománaí a athnuachan i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát cárta nua tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dóibh an t-iarratas a fháil. Go dtí go bhfaighidh an tiománaí nua cárta nua tiománaí ó na húdaráis eisiúna cártaí, beidh feidhm ag Airteagal 35(2) den Rialachán sin maidir leis an tiománaí mutatis mutandis, ar choinníoll gur féidir leis an tiománaí a chruthú gur iarradh an cárta tiománaí a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Rialachán sin.

3.   D’ainneoin Airteagal 29(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, i gcás ina gcuirfidh tiománaí iarratas isteach ar chárta tiománaí a athsholáthar i gcomhréir le mír 4 den Airteagal sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát cárta athsholáthair tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dóibh an t-iarratas a fháil. D’ainneoin Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, féadfaidh an tiománaí leanúint de bheith ag tiomáint go dtí go bhfaighfear cárta tiománaí nua ó na húdaráis eisiúna cártaí ar choinníoll gur féidir leis an tiománaí a chruthú gur tugadh an cárta tiománaí ar ais don údarás inniúil nuair a rinneadh díobháil don charta nó nuair a bhí mífheidhm leis agus gur iarradh a athsholáthar.

4.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 na cigireachtaí rialta a dhéanamh, cártaí tiománaí a athnuachan nó cártaí tiománaí a athsholáthar mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nó leis an tréimhse 10 mí, nó i dtaca leis na spriocdhátaí is infheidhme do chárta nua tiománaí a eisiúint, nó i dtaca le haon teaglaim díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

5.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 4, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3 faoi seach, de réir mar atá bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe cigireachtaí rialta a dhéanamh, cárta tiománaí a athnuachan nó cártaí tiománaí a athsholáthar, agus ní faide an síneadh, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe cigireachtaí rialta a dhéanamh, cártaí tiománaí a athnuachan nó cártaí tiománaí a athsholáthar le linn na tréimhse idir 1 Meán Fómhair 2020 agus 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch ná de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín maoluithe a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 5

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2014/45/AE

1.   D’ainneoin Airteagal 5(1) agus Airteagal 10(1) de Threoir 2014/45/AE, in éineacht le pointe 8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama maidir le tástálacha ródacmhainneachta nár mhór iad a bheith curtha i gcrích murach é sin nó nár mhór iad a chur i gcrích murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, i gcomhréir leis na forálacha sin.

2.   D’ainneoin Airteagal 8 de Threoir 2014/45/AE agus pointe 8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta a rachaidh in éag idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh nó a dheimhniú, de bharr bearta a rinne sé chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nó leis an tréimhse 10 mí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, de bhun iarraidh arna tíolacadh i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh nó a dheimhniú, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh nó a dheimhniú le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó i gcás ina ndearna an Ballstát bearta iomchuí náisiúnta chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 6

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009

1.   D’ainneoin Airteagal 13(1), pointí (b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, i gcás ina suífidh údarás inniúil, i leith na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nach gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an bhfeithicil nó na feithiclí atá le coinneáil ar fáil don ghnóthas iompair de bhóthar nó atá le húsáid aige, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5, pointí (b) agus (c), den Rialachán sin, nó i gcás ina shuífidh sé, ar bhonn na gcuntas bliantúil agus na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2) den Rialachán sin a ghabhann leis na blianta cuntasaíochta a chumhdaíonn an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 ina hiomláine nó i bpáirt, nach gcomhlíonfaidh gnóthas iompair an ceanglas maidir le seasamh airgeadais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (c), den Rialachán sin, ní rachaidh na teorainneacha ama a leagann údarás inniúil síos chun críocha Airteagal 13(1), pointí (b) agus (c), den Rialachán sin thar 12 mhí.

2.   D’ainneoin Airteagal 13(1), pointí (b) agus (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, i gcás ina suífidh an t-údarás inniúil idir an 28 Bealtaine 2020 agus 23 Feabhra 2021 nach gcomhlíonann gnóthas iompair an ceanglas maidir leis an bhfeithicil nó na feithiclí atá le coinneáil ar fáil don ghnóthas iompair nó atá le húsáid aige, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5, pointí (b) agus (c) den Rialachán sin, nó i gcás nach gcomhlíonann sé an ceanglas maidir le seasamh airgeadais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (c) den Rialachán agus ina bhfuil teorainn ama leagtha síos aige don ghnóthas iompair an staid a leigheas, féadfaidh an t-údarás inniúil, ar choinníoll nach mbeidh an teorainn ama dulta in éag faoin 23 Feabhra 2021, síneadh a chur leis an teorainn ama sin. Ní mhairfidh an teorainn ama a gcuirfear síneadh léi amhlaidh níos faide ná 12 mhí.

Airteagal 7

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009

1.   D’ainneoin Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, i dtaca le bailíocht na gceadúnas Comhphobail a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith leo, nó a bheith curtha leo. Leanfaidh cóipeanna dílse deimhnithe de bheith bailí dá réir.

2.   D’ainneoin Airteagal 5(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, i dtaca le bailíocht fianuithe tiománaí a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith leo, nó a bheith curtha leo.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná 30 Meitheamh 2021 ceadúnais Chomhphobail nó fianuithe tiománaithe a athnuachan de bharr bearta a rinne sé chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nó leis an tréimhse 10 mí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, de bhun iarraidh arna tíolacadh i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, de léiriú ar a fhaide is dóchúil a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe ceadúnais Chomhphobail a athnuachan agus, ar aon chuma, ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe ceadúnais Chomhphobail nó fianuithe tiománaí a athnuachan le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 8

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009

1.   D’ainneoin Airteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, i dtaca le bailíocht na gceadúnas Comhphobail a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith leo, nó a bheith curtha leo. Leanfaidh cóipeanna dílse deimhnithe de bheith bailí dá réir.

2.   D’ainneoin Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, glacfaidh an t-údarás um údarú cinntí i leith iarratas ar údarú do sheirbhísí rialta arna dtíolacadh ag iompróirí idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus 30 Meitheamh 2021 laistigh de 6 mhí den dáta a dhéanfar an t-iarratas a chur isteach. D’ainneoin Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógra faoina gcinneadh i leith an iarratais don údarás um údarú laistigh de 3 mhí, údaráis inniúla ar iarradh orthu a gcomhaontú i leith an iarratais sin i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin. I gcás nach bhfaighidh an t-údarás inniúil an freagra laistigh de 3 mhí, measfar go mbeidh a dtoiliú tugtha ag na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo, féadfaidh an t- údarás um údarú an t-údarú a dheonú.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 ceadúnais Chomhphobail a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad arb é is aidhm dóibh scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nó leis an tréimhse 10 mí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe ceadúnais Chomhphobail a athnuachan, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe ceadúnais Chomhphobail a athnuachan le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan mír 1 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i mír 1 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 9

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/798

1.   D’ainneoin Airteagal 10(13) de Threoir (AE) 2016/798, i dtaca le teorainneacha ama maidir le deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin. Leanfaidh na deimhnithe sábháilteachta aonair de bheith bailí dá réir sin.

2.   D’ainneoin Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2016/798, i dtaca le bailíocht údaruithe sábháilteachta a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an b hforáil sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 deimhnithe sábháilteachta aonair a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 10(8) de Threoir (AE) 2016/798 a athnuachan nó síneadh ama a chur le tréimhse bhailíochta na n-údaruithe sábháilteachta, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 nó leis an tréimhse 10 mí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan nó síneadh ama a chur le húdaruithe sábháilteachta, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe deimhnithe sábháilteachta aonair arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 10(8) de Threoir (AE) 2016/798 a athnuachan, nó tréimhse bhailíochta na n-údarás sábháilteachta a shíneadh le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó i gcás ina ndearna an Ballstát bearta iomchuí náisiúnta chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 10

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2004/49/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 10(5) de Threoir 2004/49/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathnuachan deimhnithe sábháilteachta a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin. Leanfaidh na deimhnithe sábháilteachta de bheith bailí dá réir sin.

2.   D’ainneoin Airteagal 11(2) de Threoir 2004/49/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathnuachan údaruithe sábháilteachta a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin. Leanfaidh na húdaruithe sábháilteachta de bheith bailí dá réir sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 deimhnithe sábháilteachta nó údaruithe sábháilteachta a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nó leis na tréimhsí 10 mí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe deimhnithe sábháilteachta nó údaruithe sábháilteachta a athnuachan, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe deimhnithe sábháilteachta nó údaruithe sábháilteachta a athnuachan le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 11

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2007/59/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 14(5) de Threoir 2007/59/CE, i dtaca le bailíocht ceadúnas a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh ama a bheith curtha leis an mbailíocht sin ar feadh tréimhse 10 mí tar éis dháta dul in éag gach ceadúnais den sórt sin.

2.   D’ainneoin Airteagal 16 de Threoir 2007/59/CE agus Iarscríbhinní II agus VII a ghabhann le Treoir 2007/59/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le cur i gcrích na seiceálacha tréimhsiúla, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin i ngach cás. I dtaca leis na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 14 agus na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 15 den Treoir sin, leanfaidh siad de bheith bailí dá réir sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 ceadúnais a athnuachan nó seiceálacha tréimhsiúla a chur i gcrích, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 nó leis an tréimhse 10 mí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe ceadúnais a athnuachan nó seiceálacha tréimhsiúla a chur i gcrích, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe ceadúnais tiomána a athnuachan nó seiceálacha tréimhsiúla a chur i gcrích le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó i gcás ina ndearna an Ballstát bearta iomchuí náisiúnta chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 12

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2012/34/AE

1.   D’ainneoin Airteagal 23(2) de Threoir 2012/34/AE, i gcás ina ndearna údarás ceadúnúcháin foráil d’athbhreithniú rialta, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathbhreithniú rialta a dhéanamh, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith leo, nó a bheith curtha leo.

2.   D’ainneoin Airteagal 24(3) de Threoir 2012/34/AE, i dtaca le bailíocht ceadúnas sealadach a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis an mbailíocht sin tar éis an dáta deiridh bailíochta a shonraítear ar gach ceadúnas sealadach.

3.   D’ainneoin Airteagal 25(2) de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin cinneadh i leith iarratais a rinneadh sa tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, tráth nach déanaí ná 10 mí ón uair a gheobhaidh siad gach faisnéis ábhartha, go háirithe na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

4.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 athbhreithniú rialta a dhéanamh, nó cur ar fionraí ceadúnas a fhoirceannadh nó ceadúnais nua, i gcásanna inar rinneadh cúlghairm ar cheadúnais roimhe sin, a eisiúint, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nó leis an tréimhse 10 mí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

5.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 4, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe cur ar fionraí ceadúnas a fhoirceannadh nó ceadúnais nua, i gcásanna ina ndearnadh cúlghairm ar cheadúnais roimhe sin, a eisiúint, agus ní faide an síneadh sin ná 6 mhí, in aon chás..

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe athbhreithniú rialta a dhéanamh, nó cur ar fionraí ceadúnas a fhoirceannadh nó ceadúnais nua, i gcásanna ina ndearnadh cúlghairm ar cheadúnais roimhe sin, a eisiúint, le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 13

An láimhseáil a dhéanfar ar cheadúnais do ghnóthais iarnróid faoi Threoir 2012/34/AE i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais folláine airgeadais

D’ainneoin Airteagal 24(1) de Threoir 2012/34/AE, i gcás inar deimhin le húdarás ceadúnúcháin, ar bhonn seiceáil dá dtagraítear san fhoráil sin a rinneadh sa tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nach bhfuil gnóthas iarnróid in ann na ceanglais i ndáil le folláine airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 20 den Treoir sin a chomhlíonadh a thuilleadh, féadfaidh sé, roimh an 30 Meitheamh 2021, a chinneadh gan ceadúnas an ghnóthais iarnróid lena mbaineann a chur ar fionraí ná a chúlghairm, ar choinníoll nach ann d’aon riosca sábháilteachta agus ar choinníoll gur réalaíoch a bheith ag dréim le hatógáil shásúil airgeadais laistigh de na 7 mí ina dhiaidh sin.

Airteagal 14

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 96/50/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 6(2) de Threoir 96/50/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le dul faoi scrúdú dochtúra a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin. Leanfaidh na deimhnithe máistrí báid maidir le daoine atá faoi réir na hoibleagáide dul faoi scrúduithe dochtúra dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Treoir sin de bheith bailí dá réir sin.

2.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 scrúduithe dochtúra a chur i gcrích de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 nó leis an tréimhse 10 mí a shonraítear i mír 1, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 2, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe scrúduithe dochtúra a chur i gcrích, agus ní faide ná 6 mhí é in aon chás.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe na teorainneacha ama a chomhlíonadh maidir le dul faoi scrúdú dochtúra le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan mír 1 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i mír 1 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 15

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/1629

1.   D’ainneoin Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/1629, i dtaca le bailíocht deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

2.   D’ainneoin Airteagal 28 de Threoir (AE) 2016/1629, i dtaca le bailíocht doiciméad a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin agus a d’eisigh údaráis inniúla na mBallstát faoi Threoir 2006/87/CE roimh an 6 Deireadh Fómhair 2018, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 30 Meitheamh 2021 deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre a athnuachan, nó doiciméid eile dá dtagraítear i mír 2 a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, nó leis na tréimhsí 10 mí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe athnuachaint deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre nó athnuachaint doiciméad dá dtagraítear i mír 2 a chur i gcrích agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe deimhnithe an Aontais um loingseoireacht intíre nó doiciméid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a athnuachaint le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm, faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreora eacnamaíoch nó de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 16

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 725/2004

1.   D’ainneoin Airteagal 3(6) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh ar shlándáil saoráidí calafoirt, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin.

2.   D’ainneoin Cuid B, Ranna 13.7 agus 18.6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, i dtaca leis na teorainneacha ama 18 mí maidir le déanamh na gcineálacha éagsúla freachnaimh, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin i ngach cás ach ní rachaidh an síneadh sin thar an 30 Meán Fómhar 2021 in aon chás.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tar éis 30 Meitheamh 2021 measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 3(6) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 a dhéanamh ar shlándáil saoráidí calafoirt nó na cineálacha éagsúla freachnaimh a dhéanamh dá dtagraítear i gCuid B, Ranna 13.7 agus 18.6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí agus na sprioc-amanna a shonraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, na sprioc-amanna nó an tréimhse 6 mhí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo faoi seach, nó i dtaca le haon teaglaim díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí agus na sprioc-amanna a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe measúnuithe a dhéanamh ar shlándáil saoráidí calafoirt nó na cineálacha éagsúla freachnaimh a dhéanamh, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 3(6) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 a dhéanamh ar shlándáil saoráidí calafoirt nó na cineálacha éagsúla freachnaimh a dhéanamh dá dtagraítear i gCuid B, Ranna 13.7 agus 18.6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 17

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2005/65/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 10 de Threoir 2005/65/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe slándála calafoirt agus ar phleananna slándála calafoirt, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an Airteagal sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin i ngach cás ach ní rachaidh an síneadh sin thar an 30 Meán Fómhair 2021 in aon chás.

2.   D’ainneoin Airteagal 7(7) de Threoir 2005/65/CE agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2005/65/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama 18 mí maidir le a chríochnú, a bheadh freachnaimh oiliúna dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, measfar síneadh 10 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin i ngach cás ach ní rachaidh an síneadh sin thar an 30 Meán Fómhair 2021 in aon chás.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tar éis an 30 Meitheamh 2021 an t-athbhreithniú ar mheasúnuithe slándála calafoirt nó ar phleananna slándála calafoirt a chur i gcrích nó na freachnaimh oiliúna a chríochnú, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí agus na sprioc-amanna a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021, i dtaca leis na sprioc-amanna, nó i dtaca leis na tréimhsí 10 mí a shonraitear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, na sprioc-amanna, nó i dtaca le haon teaglaim díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus nach n-eascraíonn rioscaí díréireacha as an síneadh a iarradh, ó thaobh sábháilteachta agus slándála iompair de, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí agus na sprioc-amanna a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an tréimhse is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe an t-athbhreithniú ar mheasúnuithe slándála calafoirt nó ar phleananna slándála calafoirt a chur i gcrích nó na freachnaimh oiliúina a chríochnú, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d’fhág gur dhofheidhmithe athbhreithnithe a dhéanamh ar mheasúnuithe slándála calafoirt nó ar phleananna slándála calafoirt nó freachnaimh oiliúna a dhéanamh le linn na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 de dheasca na n-imthosca urghnácha i ngeall ar mharthanacht ghéarchéim COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoin 3 Márta 2021. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 18

Cinntí a glacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/698

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta na mBallstát faoi chinntí ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun Airteagal 2(6), Airteagal 3(3), Airteagal 4(5), Airteagal 11(4), Airteagal 16(6) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) 2020/698, a mhéid a rialaíonn na cinntí sin, ó thaobh ábhair agus teorainneacha ama ábhartha de, na cásanna céanna a rialaíonn an Rialachán seo agus a mhéid a fhorálann siad maidir le síntí thar na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

I gcás ina rialaíonn na cinntí sin, ó thaobh ábhair agus teorainneacha ama ábhartha de, na cásanna céanna a rialaíonn an Rialachán seo agus i gcás nach bhforálann siad maidir le síntí thar na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo, beidh feidhm ag an Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 6 Márta 2021.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 2(9), Airteagal 3(5), Airteagal 4(6), Airteagal 5(5), Airteagal 7(5), Airteagal 8(5), Airteagal 9(5), Airteagal 10(5), Airteagal 11(5), Airteagal 12(6), Airteagal 14(4), Airteagal 15(5), Airteagal 16(5) agus Airteagal 17(5) ón 23 Feabhra 2021.

Ní dhéanann an chéad mhír, an dara mír ná an tríú mír den Airteagal seo difear do na héifeachtaí cúlghabhálacha dá bhforáiltear in Airteagail 2 go 18.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  Tuairim an 27 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Feabhra 2021.

(3)  Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10).

(4)  Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2020/1236 an 25 Lúnasa 2020 lena n-údaraítear don Ísiltír síneadh a chur i bhfeidhm i ndáil le tréimhsí áirithe a shonraítear in Airteagail 2 agus 3 de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 282, 31.8.2020, lch. 19); Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2020/1235 an 26 Lúnasa 2020 lena n-údaraítear don Ghréig síneadh a chur i bhfeidhm i ndáil le tréimhsí áirithe a shonraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 282, 31.8.2020, lch. 17); Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2020/1219 an 20 Lúnasa 2020 lena n-údaraítear don Iodáil síneadh a chur i bhfeidhm i ndáil le tréimhsí áirithe a shonraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 26.8.2020, lch. 16); Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2020/1240 an 21 Lúnasa 2020 lena n-údaraítear don Bhulgáir síneadh a chur i bhfeidhm i ndáil le tréimhsí áirithe a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 1.9.2020, lch. 7); Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2020/1282 an 31 Lúnasa 2020 lena n-údaraítear don Fhrainc síneadh a chur i bhfeidhm i ndáil le tréimhsí áirithe a shonraítear in Airteagail 11, 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 301, 15.9.2020, lch. 9); Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2020/1237 an 25 Lúnasa 2020 lena n-údaraítear don Ríocht Aontaithe síneadh a chur i bhfeidhm i ndáil le tréimhsí áirithe a shonraítear in Airteagail 3 agus 11 de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 282, 31.8.2020, lch. 22).

(5)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí agus paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(6)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(9)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú amanna oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(10)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).

(14)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(15)  Treoir (AE) 2020/700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur lena dtréimhse thrasuí (IO L 165, 27.5.2020, lch. 27)

(16)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus maidir le muirir a ghearradh i leith úsáid bonneagair iarnróid agus deimhniúchán sábháilteachta (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(17)  Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).

(18)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(19)  Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le deimhnithe náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre sa Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 31).

(20)  Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).

(21)  Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, agus lena n-aisghairtear Treoir 82/714/CEE ón gComhairle (IO L 389, 30.12.2006, lch. 1).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).

(23)  Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Céadaoin 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le ceadúnais tiomána (Athmhúnlú) (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28).

(24)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.