19.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/1


RIALACHÁN (AE) 2021/250 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine shealadach ó na rialacha maidir le húsáid sliotán in aerfoirt an Aontais i ngeall ar ghéarchéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, tá laghdú géar ar an aerthrácht i ngeall ar an titim shuntasach ar éileamh agus ar bhearta díreacha atá déanta ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha chun leathadh COVID-19 a choinneáil faoi smacht. Tá drochthionchar á imirt ar aeriompróirí ón 1 Márta 2020, agus is dócha go leanfaidh sé seo ar aghaidh sna blianta amach romhainn.

(2)

Níl neart ag aeriompróirí ar na cúinsí sin agus, dá dheasca sin, cuireadh a gcuid aersheirbhísí ar ceal go deonach nó go héigeantach. Go háirithe, le cealuithe deonacha, cosnaítear sláinte airgeadais aeriompróirí agus seachnaítear tionchar diúltach comhshaoil de bharr eitiltí atá folamh nó beagnach folamh, nach n-oibrítear ach chun sliotán na n-aeriompróirí a choinneáil.

(3)

Léirítear leis na figiúirí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol, arb é an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna líonra aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair é, go bhfuil titim leanúnach bliain ar bhliain de thart ar 74 % san aerthrácht ó lár mhí an Mheithimh 2020.

(4)

Ní féidir a thuar, ar bhonn réamháirithintí a bhfuiltear ar an eolas fúthu, ar bhonn réamhaisnéisí ó Eurocontrol ná ar bhonn réamhaisnéisí eipidéimeolaíocha, cén uair is dócha a bheidh deireadh le tréimhse an éilimh mhórmheathlaithe arb í géarchéim COVID-19 is siocair léi. De réir na réamhaisnéisí is déanaí ó Eurocontrol, beidh an aerthrácht i mí Feabhra 2021 cothrom le thart ar leath den leibhéal a bhí ann i mí Feabhra 2020. Braitheann na réamhaisnéisí a théann thar an dáta sin ar líon tosca nach bhfuiltear ar an eolas fúthu, amhail infhaighteacht vacsaíní COVID-19. Faoi na cúinsí sin, maidir le haeriompróirí a mainníonn orthu a gcuid sliotán a úsáid i gcomhréir leis an ráta úsáide sliotán a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 (3), níor cheart go gcaillfeadh siad an tosaíocht go huathoibríoch, i leith shraith na sliotán, a leagtar síos in Airteagail 8(2) agus 10(2) den Rialachán sin, ar tosaíocht í a mbainfidís leas as murach sin. Ba cheart rialacha sonracha chuige sin a bhunú leis an Rialachán seo.

(5)

Ba cheart do na rialacha sin aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar iomaíocht aeriompróirí. Go háirithe, tá gá lena áirithiú go gceadófar d’aeriompróirí atá toilteanach seirbhísí a chur ar fáil gabháil d’acmhainneacht neamhúsáidte agus go mbeidh an t-ionchas acu sliotáin den sórt sin a choinneáil san fhadtéarma. Ba cheart go gcoinneodh sé sin dreasachtaí na n-aeriompróirí chun úsáid a bhaint as acmhainneacht aerfoirt, rud a rachadh chun tairbhe do thomhaltóirí.

(6)

Is gá, dá bhrí sin, i gcomhréir leis na prionsabail sin agus ar feadh tréimhse theoranta, na coinníollacha a leagan síos faoina leanfaidh aeriompróirí ar aghaidh de bheith i dteideal sraith sliotán faoi Airteagail 8(2) agus 10(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, agus ceanglais a bhunú d’aeriompróirí lena mbaineann ar mhaithe le hacmhainneacht neamhúsáidte a scaoileadh.

(7)

Ar feadh na tréimhse ar lena linn a dhéanfar tionchar diúltach a imirt ar an aeriompar de dheasca ghearchéim COVID-19, ba cheart an sainmhíniú ar an téarma “iontrálaí nua” a leathnú chun líon na n-aeriompróirí atá cumhdaithe a mhéadú, agus ar an gcaoi sin an deis a thabhairt do níos mó aeriompróirí a gcuid oibríochtaí a bhunú agus a leathnú más mian leo. Mar sin féin, is gá na pribhléidí a chomhfhreagraíonn d’aeriompróirí atá cumhdaithe ag an sainmhíniú sin a shrianadh d’fhíor-iontrálaithe nua trí eisiamh a dhéanamh ar aon aeriompróir a bhfuil ina seilbh aige, i gcomhpháirt le haon mháthairghnóthas, nó lena fhoghnóthais féin nó le foghnóthais mháthairghnóthais, níos mó na 10 % d’iomlán na sliotán arna leithroinnt an lá i dtrácht in aon aerfort ar leith.

(8)

Le linn na tréimhse ina gcuirfear díolúine ó na rialacha maidir le húsáid sliotán i bhfeidhm, ba cheart don chóras leithroinnte sliotán aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na n-aeriompróirí a rinne eitiltí a oibriú trí úsáid a bhaint as sliotáin atá mar chuid de shraith a bhfuil aeriompróir eile ina teideal faoi Airteagail 8(2) agus 10(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, ach a cuireadh ar fáil don chomhordaitheoir sliotán le haghaidh ath-leithroinnt shealadach. Ba cheart, dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt d’aeriompróirí a rinne ar a laghad cúig shliotán de shraith a oibriú i gcás leithroinnt na sraitheanna sin sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile, ar choinníoll nach ndéanfaidh an t-aeriompróir atá ina dteideal faoi na hAirteagail sin iarraidh ina leith.

(9)

Trí bhearta sláintíochta atá sonrach do COVID-19 a fhorchur ag aerfoirt, d’fhéadfadh sé an acmhainneacht atá ar fáil a laghdú, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh gá a bheith le foráil a dhéanamh do pharaiméadair chomhordaithe atá sonrach do COVID-19. I gcásanna den sórt sin, agus chun cur i bhfeidhm cuí na bparaiméadar sin a chumasú, ba cheart go lamhálfaí do chomhordaitheoirí oiriúnú a dhéanamh ar amchlár na sliotán a leithroinntear ar aeriompróirí faoi Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 nó sliotáin den sórt sin a chur ar ceal don tréimhse sceidealaithe ar lena linn atá na bearta sláintíocha atá sonrach do COVID-19 i bhfeidhm.

(10)

Chun úsáid na hacmhainneachta aerfoirt le linn thréimhse sceidealaithe shamhradh 2021 a éascú, ba cheart go mbeadh cead ag aeriompróirí sliotáin stairiúla a thabhairt ar ais don chomhordaitheoir roimh thús na tréimhse sceidealaithe ionas go bhféadfar iad a ath-leithroinnt ar bhonn ad hoc. Ba cheart d’aeriompróirí a thugann sraith sliotán iomlán ar ais roimh an spriocdháta a leagtar síos leis an Rialachán seo a dteidlíocht i leith na sraithe céanna sliotán ag an aerfort sin a choinneáil do thréimhse sceidealaithe shamhradh 2022. I bhfianaise na mbeart díolúine eile maidir le sliotáin atá sa Rialachán seo, ba cheart go lamhálfaí d’aeriompróirí a bhfuil líon suntasach sliotán ag aerfort ina seilbh acu uasmhéid de leath dá gcuid sliotán a thabhairt ar ais ar an gcaoi sin.

(11)

Gan dochar d’oibleagáid na mBallstát dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a leagtar síos sna Conarthaí agus i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ní féidir iarmhairtí diúltacha na mbeart féideartha, arna nglacadh ag údaráis phoiblí na mBallstát nó tríú tíortha atá ag tabhairt aghaidh ar leathadh COVID-19 agus lena gcuirtear srian ar an gcumas chun taistil ar fíor-ghearrfhógra, a chur i leith agus ba cheart iad a mhaolú i gcás ina mbíonn tionchar suntasach ag na bearta sin ar an inmharthanacht nó ar an bhféidearthacht taistil nó ar an éileamh ar na haerbhealaí lena mbaineann. Ba cheart a áireamh leis sin bearta as a n-eascraíonn dúnadh na teorann nó an aerspáis go páirteach nó go hiomlán nó dúnadh go páirteach nó go hiomlán nó laghdú ar acmhainneacht na n-aerfort lena mbaineann, srianta ar ghluaiseachtaí criú aerlíne lena gcuirtear bac suntasach ar oibríocht aersheirbhísí nó dianbhac ar chumas paisinéirí taisteal le haon iompróir ar an aerbhealach lena mbaineann, lena n-áirítear srianta taistil, srianta ar ghluaiseacht nó bearta coraintín sa tír nó i réigiún an chinn scríbe nó srianta ar infhaighteacht na seirbhísí bunriachtanacha chun tacú go díreach le hoibríocht aersheirbhíse. Ba cheart a áireamh le maoluithe nach ngearrfar pionós ar aeriompróirí a mainníonn orthu úsáid a bhaint as sliotáin i gcás ina bhfuil an mhainneachtain sin mar thoradh ar bhearta sriantacha nach raibh foilsithe nuair a leithroinneadh na sliotáin. Ba cheart go mbeadh tréimhse theoranta ag gabháil leis an díolúine shonrach ó éifeachtaí fhorchur na mbeart sin agus, in aon chás, níor cheart go rachadh sé thar dhá thréimhse sceidealaithe i ndiaidh a chéile.

(12)

Le linn treimhsí ina bhfuil tionchar suntasach ar éileamh mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, ba cheart aeriompróirí a scaoileadh, a mhéid is gá, ó na ceanglais atá ann i dtaobh úsáid a bhaint as sliotáin chun an teidlíocht i leith na sliotán sin a choinneáil sa tréimhse sceidealaithe choibhéiseach iardain. Leis sin, ba cheart a chur ar chumas aeriompróirí seirbhísí a mhéadú nuair is féidir sin a dhéanamh de réir na gcúinsí. Ba cheart a chur san áireamh leis an íosráta úsáide níos ísle atá socraithe chun na críche sin ionchas na haerthráchta do 2021, amhail ó thus 2021, arbh ionann é agus 50 % de leibhéil tráchta 2019, an éiginnteacht a bhaineann le géarchéim COVID-19 agus athbhunú mhuinín na dtomhaltóirí agus na leibhéal tráchta.

(13)

Chun aghaidh a thabhairt ar thionchar athraitheach ghéarchéim COVID-19, agus an easpa soiléireachta atá mar thoradh uirthi a bhaineann le forbairt na leibhéil tráchta sa mheántéarma, agus chun freagairt go solúbtha, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, do na dúshláin atá os comhair na hearnála aeriompair dá thoradh sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith thréimhse chur i bhfeidhm na díolúine ón riail maidir le húsáid sliotán agus na luachanna céatadáin den íosráta úsáide laistigh de raon áirithe a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(14)

Chun bheith in ann na hullmhúcháin is gá a dhéanamh in am, caithfidh aeriompróirí agus comhordaitheoirí a bheith eolach faoi na coinníollacha a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le hoibriú na sliotán i dtréimhse sceidealaithe ar leith. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, féachaint leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a luaithe is féidir agus ba cheart dó gníomhartha den sórt sin a ghlacadh in aon chás roimh an sprioc-am do thabhairt ar ais na sliotán a leagtar síos in Airteagal 10(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93.

(15)

Ní mór d’aerfoirt, do sholáthraithe aersheirbhísí agus d’aeriompróirí faisnéis a bheith acu maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil chun críche pleanála leormhaithe. Ba cheart d’aeriompróirí aon sliotán nach bhfuil sé beartaithe acu a úsáid a chur ar fáil don chomhordaitheoir le haghaidh leithroinnt fhéideartha ar aeriompróirí eile a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 seachtaine roimh an dáta atá pleanáilte dá n-oibriú. I gcás ina mainníonn ar aeriompróirí arís agus arís eile agus d’aon ghnó an ceanglas sin, nó aon cheanglas eile de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh siad faoi réir pionóis iomchuí nó bearta coibhéiseacha.

(16)

I gcás ina bhfuil comhordaitheoir sásta go bhfuil deireadh curtha ag aeriompróir le hoibríochtaí ag aerfort, ba cheart don chomhordaitheoir na sliotáin a bhaint láithreach ón aeriompróir i dtrácht agus iad a chur i gcomhthiomsú lena n-ath-leithroinnt ar iompróirí eile.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha sonracha agus an díolúine ó na rialacha ginearálta maidir le húsáid sliotán ar feadh tréimhse theoranta ama a shuíomh chun éifeachtaí ghéarchéim COVID-19 ar aerthrácht a mhaolú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)

I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla a bhaineann le géarchéim COVID-19, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(19)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ba)

le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10a(3) ciallóidh ‘iontrálaí nua’:

(i)

aeriompróir a iarrfaidh, mar chuid de shraith sliotán, sliotán ag aerfort aon lá ar bith, dá mba rud é, i gcás go nglacfaí le hiarraidh an aeriompróra, go mbeadh níos lú ná seacht sliotán ar an iomlán aige ag an aerfort sin an lá sin; nó

(ii)

aeriompróir a iarrfaidh sraith sliotán chun seirbhís sceidealta gan stad a oibriú do phaisinéirí idir dhá aerfort an Aontais, i gcás ina bhfuil dhá aeriompróir eile ar a mhéid ag oibriú na seirbhíse sceidealta céanna gan stad idir na haerfoirt sin an lá sin, agus dá mba rud é, i gcás go nglacfaí le hiarraidh an aeriompróra, go mbeadh, ina ainneoin sin, níos lú ná naoi sliotán i seilbh an aeriompróra ag an aerfort sin an lá sin don tseirbhís gan stad sin.

Ní mheasfar gur iontrálaí nua ag an aerfort sin é aeriompróir a bhfuil, i gcomhpháirt lena mháthairghnóthas, lena fhoghnóthais féin nó le foghnóthais a mháthairghnóthais, níos mó ná 10 % d’iomlán na sliotán arna leithroinnt an lá i dtrácht ag aerfort áirithe ina seilbh aige;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(n)

Ciallóidh ‘paraiméadair chomhordaithe COVID-19’ paraiméadair chomhordaithe athbhreithnithe as a n-eascraíonn laghdú ar acmhainneacht aerfoirt atá ar fáil ag aerfort comhordaithe mar thoradh ar bhearta sláintíocha sonracha arna bhforchur ag na Ballstáit mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19.”;

(2)

in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Beidh ar aeriompróirí a bhíonn ag oibriú nó a bhfuil sé beartaithe acu oibriú ag aerfort éascaithe sceideal nó ag aerfort comhordaithe gach faisnéis ábhartha a iarrfar orthu a chur chuig an éascaitheoir sceideal nó chuig an gcomhordaitheoir faoi seach. Cuirfear an fhaisnéis ábhartha go léir ar fáil san fhormáid agus faoin teorainn ama atá sonraithe ag an éascaitheoir sceideal nó ag an gcomhordaitheoir. Go háirithe, cuirfidh an t-aeriompróir in iúl don chomhordaitheoir, tráth a n-iarrfar an leithroinnt, i dtaobh an mbainfeadh sé sochar as stádas iontrálaí nua, i gcomhréir le hAirteagal 2(b) nó (ba),i ndáil le sliotáin iarrtha.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhoclaíocht réamhráiteach na chéad fhomhíre de mhír 2:

“2.   Gan dochar d’Airteagail 7, 8a agus 9, ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(1) agus (2a) agus ag Airteagal 14, mír 1 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10a(3), déanfar, ar iarratas, sraith sliotán a tugadh ar ais don chomhthiomsú sliotán i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo ag deireadh na tréimhse sceidealaithe (an ‘tréimhse sceidealaithe tagartha’) a leithroinnt don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile ar aeriompróir a d’oibrigh ar a laghad cúig shliotán den tsraith i dtrácht tar éis chur i bhfeidhm Airteagal 10a(7) le linn na tréimhse sceidealaithe tagartha, ar choinníoll nár leithroinneadh an tsraith sliotán cheana féin ar an aeriompróir a bhí i seilbh na sraithe sin ar dtús don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

I gcás ina gcomhlíonann níos mó ná iarratasóir amháin ceanglais na chéad fhomhíre, tabharfar tosaíocht don aeriompróir a d’oibrigh an líon is mó sliotán den tsraith sin.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6a.   Laistigh den tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag paraiméadair chomhordaithe COVID-19 agus chun cur i bhfeidhm cuí paraiméadair chomhordaithe den sórt sin a chumasú, féadfaidh an comhordaitheoir amchlár sliotán iarrtha nó leithroinnte a thagann faoin tréimhse a shonraítear in Airteagal 10a(3) a leasú nó iad a chur ar ceal tar éis dó éisteacht leis an aeriompróir lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an comhordaitheoir na rialacha agus treoirlínte breise dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo san áireamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann.”;

(4)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 8a, mír 3:

“3.

(a)

Ní fhéadfar sliotáin arna leithroinnt ar iontrálaí nua mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(b) nó (ba) a aistriú de réir mar a fhoráiltear dóibh i mír 1(b) den Airteagal seo ar feadh tréimhse arb ionann í agus dhá thréimhse sceidealaithe choibhéiseacha, ach amháin i gcás táthcheangal gníomhaíochtaí gnóthais fhéimhithe, rud atá údaraithe de réir an dlí.

(b)

Ní fhéadfar sliotáin arna leithroinnt ar iontrálaí nua mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(b)(ii) agus (iii) nó in Airteagal 2(ba)(ii) a aistriú go haerbhealach eile dá bhforáiltear i mír 1(a) den Airteagal seo do thréimhse arb ionann í agus dhá thréimhse sceidealaithe choibhéiseacha ach amháin dá mba rud é gur tugadh an tosaíocht chéanna don iontrálaí nua ar an aerbhealach nua agus a tugadh dó ar an aerbhealach tosaigh.

(c)

Ní fhéadfar sliotáin arna leithroinnt ar iontrálaí nua mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(b) nó (ba) a mhalartú de réir mar a fhoráiltear dóibh i mír 1(c) den Airteagal seo ar feadh tréimhse arb ionann í agus dhá thréimhse sceidealaithe choibhéiseacha, ach amháin chun amchlár na sliotán a fheabhsú do na seirbhísí seo i ndáil leis na hamchláir a iarradh i dtosach.”;

(5)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   In ainneoin mhír 2, le sraith sliotán arna leithroinnt don tréimhse sceidealaithe ón 28 Márta 2021 go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2021, beidh an t-aeriompróir i dteideal na sraithe sliotán céanna don tréimhse sceidealaithe ón 27 Márta 2022 go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2022 más rud é gur chuir an t-aeriompróir an tsraith sliotán iomlán ar fáil don chomhordaitheoir lena n-ath-leithroinnt roimh an 28 Feabhra 2021. Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le sraith sliotán a leithroinneadh ar an aeriompróir céanna don tréimhse sceidealaithe ón 29 Márta 2020 go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2020. Déanfar líon na sliotán ar ina leith a fhéadfaidh an t-aeriompróir i dtrácht tairbhe a bhaint astu faoin mír seo a theorannú do líon atá coibhéiseach le 50 % de na sliotáin a leithroinneadh ar an aeriompróir céanna don tréimhse sceidealaithe ón 29 Márta 2020 go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2020 seachas i gcás aeriompróir a leithroinneadh níos lú ná 29 sliotán in aghaidh na seachtaine air ar an meán le linn na tréimhse sceidealaithe coibhéisí roimhe sin ag an aerfort i dtrácht.”;

(b)

leasaítear mír 4 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10a(3), le tabhairt isteach bearta ag údaráis phoiblí atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar leathadh COVID-19 ag ceann scríbe amháin d’aerbhealach ar lena aghaidh a bhí na sliotáin i dtrácht á n-úsáid nó beartaithe le húsáid, ar choinníoll nach raibh na bearta foilsithe nuair a leithroinneadh na sliotáin, go bhfuil tionchar suntasach ag na bearta sin ar an inmharthanacht nó ar an bhféidearthacht taistil nó ar an éileamh ar na haerbhealaí lena mbaineann agus gur cúis iad le haon cheann díobh seo a leanas:

(i)

dúnadh na teorann nó an aerspáis go páirteach nó go hiomlán, nó dúnadh go páirteach nó go hiomlán nó laghdú ar acmhainneacht an aerfoirt, le linn cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe ábhartha,

(ii)

dianbhac ar chumas paisinéirí taisteal le haon iompróir ar an aerbhealach díreach sin le linn cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe ábhartha lena n-áirítear,

srianta taistil atá bunaithe ar náisiúntacht nó áit chónaithe, toirmeasc ar thaisteal uile seachas taisteal bunriachtanach, nó toirmeasc ar eitiltí ó nó chuig tíortha nó limistéir gheografacha áirithe,

srianta gluaiseachta nó bearta coraintín nó leithlisithe laistigh den tír nó réigiún ina bhfuil aerfort an chinn scríbe lonnaithe (lena n-áirítear pointí idirmheánacha),

srianta ar infhaighteacht na seirbhísí atá bunriachtanach chun tacú go díreach le hoibriú aersheirbhíse,

(iii)

srianta ar ghluaiseachtaí criú aerlíne a chuireann bac suntasach ar oibriú aersheirbhísí ó nó chuig na haerfoirt a bhfónann siad dóibh, lena n-áirítear toirmisc thobann ar iontráil nó sáinniú criú i suíomhanna neamhthuartha de bharr bearta coraintín.”

(ii)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Beidh feidhm ag pointe (e) laistigh den tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear sa phointe sin agus, laistigh de na teorainneacha dá dtagraítear sa tríú, sa cheathrú agus sa chúigiú fomhír, do thréimhse bhreise suas go 6 seachtaine. Mar sin féin, i gcás ina scoirfidh na bearta dá dtagraítear i bpointe (e) d’fheidhm a bheith acu tráth nach lú ná 6 seachtaine roimh dheireadh na tréimhse sceidealaithe, ní bheidh feidhm ag pointe (e) maidir leis an gcuid eile den tréimhse 6 seachtaine ach amháin i gcás ina n-úsáidfear na sliotáin sa tréimhse sceidealaithe iardain don aerbhealach céanna.

Ní bheidh feidhm ag pointe (e) ach amháin i gcás sliotáin a úsáideadh le haghaidh aerbhealaí ar lena n-aghaidh a d’úsáid an t-aeriompróir iad cheana roimh fhoilsiú na mbeart dá dtagraítear sa phointe sin.

Scoirfidh pointe (e) d’fheidhm a bheith aige i gcás ina n-úsáidfidh an t-aeriompróir na sliotáin i dtrácht chun athrú chuig aerbhealach nach ndearna bearta na n-údarás poiblí difear dó.

Féadfaidh aeriompróirí údar cuí a thabhairt do neamhúsáid sliotáin i gcomhréir le pointe (e) maidir le dhá thréimhse sceidealaithe i ndiaidh a chéile ar a mhéid.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 6:

“I measc na n-iarrataí ó iontrálaithe nua, tabharfar tús áite d’aeriompróirí atá i dteideal stádas a fháil mar iontrálaí nua faoi Airteagal 2(b)(i) agus (ii), faoi Airteagal 2(b)(i) agus (iii) nó faoi Airteagal 2(ba)(i) agus (ii). ”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10a:

“Airteagal 10a

Leithroinnt sliotán mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19

1.   Chun críocha Airteagail 8(2) agus 10(2), measfaidh comhordaitheoirí go bhfuil sliotáin a leithroinneadh don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 27 Márta 2021 oibrithe ag an aeriompróir ar leithroinneadh air ar dtús iad.

2.   Chun críocha Airteagail 8(2) agus 10(2), measfaidh comhordaitheoirí go bhfuil sliotáin a leithroinneadh don tréimhse ón 23 Eanáir 2020 go dtí an 29 Feabhra 2020 oibrithe ag an aeriompróir ar leithroinneadh air ar dtús iad, a mhéid a bhaineann le haersheirbhísí idir aerfoirt san Aontas agus aerfoirt atá i nDaon-Phoblacht na Síne nó i Sainréigiún Riaracháin Hong Cong de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne.

3.   I ndáil le sliotáin nár cuireadh ar fáil don chomhordaitheoir lena n-ath-leithroinnt i gcomhréir le hAirteagal 10(2a), le linn na tréimhse ón 28 Márta 2021 go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2021 agus chun críocha Airteagail 8(2) agus 10(2), má léiríonn aeriompróir chun sástacht an chomhordaitheora gur oibrigh sé an tsraith sliotán i dtrácht, de réir mar a rinne an comhordaitheoir é sin a imréiteach, ar feadh ar a laghad 50 % den am le linn na tréimhse sceidealaithe dá leithroinneadh í, beidh an t-aeriompróir i dteideal na sraithe sliotán céanna don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile.

I ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh na luachanna céatadáin dá dtagraítear in Airteagal 10(4) agus i bpointe (a) d’Airteagal 14(6) ionann le 50 %.

4.   I ndáil le sliotáin a bhfuil dáta acu ón 9 Aibreán 2020 go dtí an 27 Márta 2021, ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás inar thug an t-aeriompróir na sliotáin ábhartha nár úsáideadh ar ais don chomhordaitheoir lena n-ath-leithroinnt ar aeriompróirí eile.

5.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol, arb é an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna líonra aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair é, go bhfuil an laghdú ar leibhéal na haerthráchta i gcomparáid leis an leibhéal sa tréimhse chomhfhreagrach in 2019 ag leanúint ar aghaidh agus, ar bhonn réamhaisnéisí tráchta ó Eurocontrol, gur dócha go leanfaidh sé ar aghaidh, agus go gcinnfidh sé freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, gurb é tionchar ghéarchéim COVID-19 is siocair leis an staid seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 12a chun an tréimhse a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo a leasú dá réir.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, i gcás ina bhfuil fíorghá leis chun aghaidh a thabhairt ar thionchar athraitheach ghéarchéim COVID-19 ar leibhéil aerthráchta, gníomhartha tarmligthe a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na luachanna céatadáin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a leasú laistigh de raon idir 30 % agus 70 %. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún na hathruithe a tharla ón 20 Feabhra 2021 san áireamh, ar bhonn na n-eilimintí seo a leanas:

(a)

dáta arna fhoilsiú ag Eurocontrol maidir le leibhéil tráchta agus réamhaisnéisí tráchta;

(b)

forbairt na dtreochtaí aerthráchta le linn na dtréimhsí sceidealaithe, agus an fhorbairt bhreathnaithe ó thús ghéarchéim COVID-19 á cur san áireamh; agus

(c)

táscairí a bhaineann le héileamh ar aeriompar paisinéirí agus lastais, lena n-áirítear treochtaí maidir le méid an chabhlaigh, úsáid an chabhlaigh, agus tosca ualaigh.

Glacfar gníomhartha tarmligthe de bhun na míre seo tráth nach déanaí ná 31 Nollaig don tréimhse sceidealaithe samhraidh ina dhiaidh sin agus tráth nach déanaí ná 31 Iúil don tréimhse sceidealaithe geimhridh ina dhiaidh sin.

6.   Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag géarchéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair san Aontas, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.

7.   Le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh aeriompróirí aon sliotán nach bhfuil sé beartaithe acu a úsáid, tráth nach lú ná 3 seachtaine roimh dháta na hoibríochta, ar fáil don chomhordaitheoir chun é a ath-leithroinnt ar aeriompróirí eile.”;

(7)

in Airteagal 12a, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10a a thabhairt don Choimisiún go dtí an 21 Feabhra 2022.”;

(8)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Déanfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha nó bearta coibhéiseacha a shuíomh agus a chur i bhfeidhm i leith aeriompróirí a mainníonn orthu arís agus arís eile agus d’aon ghnó an Rialachán seo a chomhlíonadh.”;

(b)

i mír 6, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c)

Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10a(3), i gcás ina gcinneann comhordaitheoir, ar bhonn faisnéise atá ar fáil dó, go bhfuil deireadh curtha ag aeriompróir lena oibríochtaí ag aerfort agus nach bhfuil sé in ann na sliotáin a leithroinneadh air a oibriú, bainfidh an comhordaitheoir an tsraith sliotán i dtrácht ón aeriompróir sin don chuid eile den tréimhse sceidealaithe agus cuirfidh sé leis an gcomhthiomsú iad, tar éis dó éisteacht leis an aeriompróir lena mbaineann.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Tuairim an 27 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Feabhra 2021.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.