26.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 24/19 |
RIALACHÁN (AE) 2021/57 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Eanáir 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) i dtaca le luaidhe in urchair ghunna i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 68 (1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 srianta maidir le substaintí, meascáin agus earraí contúirteacha áirithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid. In iontráil 63 den Iarscríbhinn sin tá srianta maidir le luaidhe (Uimh. CAS 7439-92-1, CE Uimh. 231-100-4) agus maidir le comhdhúile luaidhe. |
(2) |
Tá an tAontas agus 23 Bhallstát ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (2) (AEWA). Ceanglaítear ar Pháirtithe Conarthacha faoi mhír 4.1.4 den Phlean Gníomhaíochta atá i gceangal le AEWA féachaint le deireadh a chur de réir a chéile le hurchair ghunna luaidhe a úsáid le haghaidh fiach i mbogaigh a luaithe is féidir i gcomhréir le tráthchláir atá féin-fhochurtha agus foilsithe. |
(3) |
Le hAirteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ceanglaítear ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chosaint na mbogach, agus go háirithe ar chosaint na mbogach a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo, maidir le bearta caomhnúcháin a dhéanamh i ndáil le speicis imirceacha a fhaightear go rialta. |
(4) |
An 3 Nollaig 2015, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 sainchomhad a ullmhú d’fhonn síneadh a chur leis an srian ar luaidhe agus ar chomhdhúile luaidhe in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin d’fhonn rialú a dhéanamh ar an riosca don chomhshaol agus do shláinte an duine a eascraíonn as úsáid a bhaint as luaidhe nó as comhdhúile luaidhe in urchair ghunna a úsáidtear le haghaidh lámhach i mbogaigh (“sainchomhad Iarscríbhinn XV”). Ag an am céanna, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht freisin tús a chur le faisnéis a bhailiú maidir le húsáidí eile armlóin luaidhe, lena n-áirítear fiach i dtír-raonta seachas bogaigh agus lámhach targaidí, agus maidir le meáchain luaidhe a úsáid le haghaidh iascaireachta. |
(5) |
An 21 Meitheamh 2017, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht sainchomhad (4) Iarscríbhinn XV ina moltar go dtabharfaí isteach srian ar luaidhe agus ar chomhdhúile luaidhe a úsáid in urchair ghunna chun gránghunna a lámhach laistigh de bhogach nó i gcás ina dtitfeadh urchair ghunna chaite laistigh de bhogach. Mhol an Ghníomhaireacht freisin srian a chur ar sheilbh a bheith ag duine ar urchair ghunna ina bhfuil tiúchan luaidhe 1 % nó níos mó ná sin (“urchair ghunna luaidhe”) i mbogaigh chun gur fearr a bheifear in ann an srian atá beartaithe ar úsáid luaidhe in urchair ghunna le haghaidh lámhaigh a chur i bhfeidhm. Maidir le luaidhe a úsáid in urchair ghunna, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gur baol atá sa luaidhe chaite d’éin uisce a shlogann urchair ghunna, agus go bhféadfadh éifeachtaí tocsaineolaíocha a bheith ann dá bharr, lena n-áirítear bás. |
(6) |
Milliún in aghaidh na bliana líon na n-éan uisce a mheastar a fhaigheann bás san Aontas de nimhiú luaidhe. Nuair a úsáidtear luaidhe in urchair ghunna, is baol freisin do speicis a bheathaíonn iad féin le héin atá éillithe le hurchair ghunna luaidhe, agus is baol do dhaoine a itheann éin uisce a lámhachtar le hurchair ghunna luaidhe, cé nach ndearna an Ghníomhaireacht an baol deireanach sin a mheas ach go cáilíochtúil. Tá baint ag nochtadh don luaidhe i gcás an duine le héifeachtaí néarfhorbartha, le feidhm dhuánach agus torthúlacht lagaithe, le hipirtheannas, le torthaí díobhálacha toirchis agus leis an mbás. |
(7) |
Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go bhfuil roghanna malartacha urchar gunna atá saor ó luaidhe, amhail urchair ghunna chruaiche agus bhiosmait, atá ar fáil go forleathan, indéanta go teicniúil agus níos fearr i dtaca le sláinte an duine agus le guais chomhshaoil agus le próifílí riosca ná mar atá urchair ghunna luaidhe. Thairis sin, tá urchair ghunna chruaiche, an rogha mhalartach is dóichí a úsáidfear, ar fáil ar phraghas atá inchomparáide le praghas na n-urchar gunna luaidhe. |
(8) |
I dtromlach na mBallstát, is ann d’fhorálacha lena dtoirmisctear nó lena sriantar luaidhe a úsáid in urchair ghunna i mbogaigh, ach bíonn leibhéil dhifriúla laghdaithe riosca ann de thoradh na n-éagothromaíochtaí eatarthu. Ina theannta sin, is gnách go dtrasnaíonn bealaí imirce na n-éan imirceach roinnt Ballstát agus dá bhrí sin d’fhéadfadh na héin urchair ghunna luaidhe chaite a shlogadh sna Ballstáit nach bhfuil aon bhearta teoranta i bhfeidhm iontu nó ina bhfuil bearta níos teoranta i bhfeidhm iontu. Léiríodh i sainchomhad Iarscríbhinn XV go bhfuil gníomhaíocht ar fud an Aontais ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar bhealach comhchuibhithe ar na rioscaí a bhaineann le luaidhe a úsáid in urchair ghunna i mbogaigh. Ba cheart reachtaíocht um chomhchuibhiú a bhunú, áfach, ar ardleibhéal cosanta. Níor cheart, dá bhrí sin, é a bheith de thoradh ar an gcomhchuibhiú oibleagáid a chur ar na Ballstáit a bhfuil forálacha náisiúnta níos déine acu maidir le luaidhe a bheith in urchair ghunna, deireadh a chur leis na forálacha sin, ós é a thiocfadh as sin go mbeadh laghdú ann ar leibhéal cosanta an chomhshaoil agus na sláinte sna Ballstáit sin. |
(9) |
Mhol an Ghníomhaireacht tréimhse 3 bliana chun an srian a thabhairt isteach. |
(10) |
An 9 Márta 2018, ghlac Coiste um Measúnú Riosca (RAC) na Gníomhaireachta tuairim de bhun Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV. De réir na tuairime sin, d’aontaigh RAC le conclúid na Gníomhaireachta go mbíonn éifeachtaí tocsaineolaíocha ann, lena n-áirítear bás, de thoradh éin a bheith ag slogadh urchair ghunna luaidhe chaite. I dtaca le sláinte an duine, chinn RAC go bhfuil an luaidhe an-tocsaineach agus nár bunaíodh aon tairseach maidir leis na héifeachtaí néarafhorbartha atá aige i gcás leanaí ná maidir leis na héifeachtaí brú fola nó na héifeachtaí duánacha atá aige i gcás daoine fásta, agus dá bhrí sin, is riosca é aon nochtadh do luaidhe. Tháinig RAC ar an gconclúid gur beart uile-Aontais iomchuí é an srian atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta. |
(11) |
Thacaigh RAC go láidir le tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mhol an Ghníomhaireacht. Ba é an chúis a tugadh go scaoilfí thart ar 4 000 tona luaidhe breise isteach i limistéir bhogaigh le gach bliain mhoille, rud a d’fhágfadh go bhfaigheadh thart ar aon mhilliún éan bás. |
(12) |
An 14 Meitheamh 2018, ghlac Coiste na Gníomhaireachta um Anailís Shocheacnamaíoch (SEAC) tuairim de bhun Airteagal 71(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 inar cinneadh gur beart iomchuí uile-Aontais é an srian atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta, agus é á chur san áireamh go mbeadh sochair shocheacnamaíocha an bhirt i gcomhréir leis an gcostas socheacnamaíoch. Ina theannta sin, bhain SEAC de thátal gurb iad sealgairí is mó a sheasfadh costas an tsriain atá beartaithe, agus go raibh an méadú ar chostas na sealgairí réasúnta. |
(13) |
Mheas SEAC go bhféadfadh tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mholtar i sainchomhad Iarscríbhinn XV a bheith ina dhúshlán ó thaobh cur chun feidhme de i gcás na mBallstát sin nach bhfuil ach toirmeasc teoranta nó nach bhfuil aon toirmeasc acu ar urchair ghunna luaidhe a úsáid i mbogaigh faoi láthair, cé gur admhaigh SEAC freisin go bhféadfadh idirthréimhse níos giorra a bheith indéanta, ós rud é go bhfuil urchair ghunna atá saor ó luaidhe ar fáil ar an margadh cheana féin agus, i dtaca le costas méadaithe i gcás gunnaí a athsholáthar go luath, nach mbeadh ach tionchar beag ag tréimhse níos giorra. |
(14) |
Chuathas i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú le linn an phróisis srianta i gcomhréir le hAirteagal 77(4)(h) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus cuireadh a mholtaí san áireamh. |
(15) |
An 17 Lúnasa 2018, chuir an Ghníomhaireacht tuairimí RAC agus SEAC (5) faoi bhráid an Choimisiúin. |
(16) |
Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV, tuairimí RAC agus SEAC, an tionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht roghanna malartacha á gcur san áireamh, measann an Coimisiún go bhfuil riosca do-ghlactha ann don chomhshaol agus go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine de thoradh scaoileadh na n-urchar gunna luaidhe i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh, ar riosca é nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, srian a thabhairt isteach ar scaoileadh na n-urchar gunna luaidhe i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh. |
(17) |
I bhfianaise a dheacra atá sé do na húdaráis fhorfheidhmithe breith ar shealgairí le linn dóibh a bheith ag scaoileadh urchair ghunna go hiarbhír, ba cheart a chur san áireamh leis an srian urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine le linn dó a bheith ag lámhach. Leis sin, beifear in ann an srian ar scaoileadh urchair ghunna a fhorfheidhmiú ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí agus, dá bhrí sin, áiritheofar leis éifeachtacht an tsriain ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a shainaithnítear don chomhshaol agus do shláinte an duine. Níor cheart an srian a nascadh le cearta úinéireachta. Ba cheart, dá bhrí sin, an téarma “iompar” a úsáid in ionad “seilbh”, arbh é an téarma a mhol an Ghníomhaireacht é. |
(18) |
Ba cheart, áfach, feidhm a bheith ag srian ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine go háirithe maidir le hurchair ghunna a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach, murab ionann agus urchair a bheith ar iompar aige i gcomhthéacs éigin eile, agus urchair ghunna á n-iompar trasna na mbogach chun iad a sheachadadh in áit eile, cuir i gcás. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart nasc díreach a bheith idir an srian ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine agus an cineál áirithe lámhaigh a thagann faoi raon feidhme an tsriain (lámhach i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh). Is amhlaidh atá ós rud é gur léiríodh, leis na tuairimí a cuireadh isteach le linn an chomhairliúcháin phoiblí maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV, gur dócha, i roinnt Ballstát, i gcás sealgairí a bhfuil baint acu le cineálacha eile lámhaigh, go siúlfaidh siad trí chineálacha éagsúla tír-raoin, bogaigh chomh maith le tír-raonta eile san áireamh, le linn gnáthlá lámhaigh. Chun cabhrú leis an bhforfheidhmiú, measann an Coimisiún freisin gur cheart go gcumhdófaí leis an srian ar urchair ghunna a bheith ar iompar ag duine ní hamháin na hurchair sin a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach i mbogach, ach iad a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag dul ag lámhach i mbogach freisin, i bhfocail eile i gcás ina mbeidh dlúthnasc idir é agus an lámhach iarbhír. Chumhdódh sé sin, mar shampla, urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine agus é ag dul chun lá lámhaigh a dhéanamh sa bhogach, nó le linn dó a bheith ag filleadh abhaile ó lá lámhaigh, nó na hurchair sin a bheith ar iompar ag duine éigin atá ag cabhrú le sealgairí ar thuras lámhaigh. |
(19) |
I bhfianaise na ndeacrachtaí praiticiúla a bhaineann leis an gcineál áirithe lámhaigh a bhfuil sé ar intinn a dhéanamh ag duine a dtagtar air agus urchair ghunna luaidhe ar iompar aige, is iomchuí toimhde dhlíthiúil a bhunú, i dtaca le haon duine a dtagtar air i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh agus urchair ghunna luaidhe ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach nó ag dul ag lámhach, toimhdítear go bhfuil na hurchair sin ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach i mbogach, nó le linn dó a bheith ag dul ag lámhach i mbogach. I bhfocail eile, bheadh ar an duine sin a léiriú go raibh sé ar intinn aige dul ag lámhach áit éigin eile agus nach raibh sé ach ag gabháil tríd an mbogach chun dul ag lámhach áit éigin eile. |
(20) |
Maidir leis an raon feidhme geografach, mhol an Ghníomhaireacht gur cheart feidhm a bheith ag an srian ar urchair ghunna luaidhe a scaoileadh ní hamháin i mbogaigh ach i limistéir “ina dtitfeadh urchair ghunna chaite laistigh de bhogach”. Tugann an Coimisiún dá aire go raibh roinnt tacaíochta i RAC chun crios maolánach seasta a shainiú go cainníochtúil timpeall ar bhogaigh seachas brath ar thástáil bunaithe ar an áit ina dtitfeadh urchair chaite. Aontaíonn an Coimisiún gur dócha go mbeidh sé níos éasca an srian a chomhlíonadh agus é a fhorfheidhmiú de thoradh crios maolánach seasta. Ba cheart feidhm a bheith ag an srian maidir le hurchair ghunna luaidhe a scaoileadh ní hamháin i mbogaigh ach i gcrios maolánach seasta timpeall ar bhogaigh freisin, arna shainmhíniú go cainníochtúil. Agus an gá le comhréireacht a áirithiú á chur san áireamh, ba cheart méid an chreasa mhaolánaigh sheasta a shocrú ag 100 méadar thart ar bhogaigh. |
(21) |
I bhfianaise na mbuntáistí forfheidhmiúcháin agus éifeachtacht an tsriain toisc nach gá breith ar shealgairí le linn dóibh a bheith ag scaoileadh urchair ghunna luaidhe, measann an Coimisiún gurb iomchuí an srian a chur i bhfeidhm ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine, ní hamháin maidir le hurchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine i mbogaigh ach maidir le hiad a bheith ar iompar ag duine i gcrios maolánach seasta timpeall ar bhogaigh freisin. |
(22) |
Ós rud é nach ndéantar urchair ghunna a dhearadh ná a chur ar an margadh go sonrach nó go heisiach lena n-úsáid i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh, dhéanfadh an srian ar luaidhe in urchair ghunna a chur ar an margadh difear don lámhach i ngach tír-raon. Dá bhrí sin, ba cheart an srian a bheith teoranta d’urchair ghunna luaidhe a scaoileadh agus é a bheith ar iompar ag duine. |
(23) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an srian seo maidir le hurchair ghunna ina bhfuil tiúchan luaidhe le 1 % nó níos mó ná sin. Is é 1 % an teorainn tiúchain a chuirtear i bhfeidhm chun críocha an phróisis ceadúcháin maidir le hurchair ghunna “neamhthocsaineacha” i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun baol suntasach tocsaineachta d’éin imirceacha agus d’fhiadhúlra eile, nó dá ngnáthóga, a sheachaint. Thairis sin, meastar gur leor tairseach tiúchain 1 % le haghaidh an tsriain chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hábhar urchar gunna ina bhfuil luaidhe, rud is féidir le táirgeoirí urchar gunna malartach a bhaint amach go héasca freisin ós rud é gur dócha go mbeidh luaidhe ina neamhíonacht i roinnt de na roghanna malartacha sin. |
(24) |
Is iomchuí léiriú a thabhairt ar an sainmhíniú ar “bhogaigh” a úsáidtear sa Choinbhinsiún maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo (Coinbhinsiún Ramsar) a síníodh i Ramsar an 2 Feabhra 1971 chun críocha an tsriain, mar a mhol an Ghníomhaireacht agus mar a dearbhaíodh i dtuairimí RAC agus SEAC, ós rud é go bhfuil an sainmhíniú sin cuimsitheach agus go gcumhdaíonn sé gach cineál bogaigh (lena n-áirítear tailte portaigh, áit a bhfuil go leor éan uisce le fáil freisin), agus ós rud é go bhfuil córas aicmithe le haghaidh cineálacha bogaigh forbartha ag an gCoinbhinsiún Ramsar chun cuidiú le bogaigh a aithint. |
(25) |
Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do gheallsealbhóirí bearta iomchuí a dhéanamh chun an srian a chomhlíonadh agus ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit ullmhú dá fhorfheidhmiú. Agus na tuairimí a chuir RAC agus SEAC in iúl maidir le hindéantacht agus oiriúnacht tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mhol an Ghníomhaireacht á gcur san áireamh, agus aird ar leith á tabhairt ar an tionchar measta a bheadh ann gach bliain dá dtabharfaí isteach níos mó luaidhe i mbogaigh trí úsáid a bhaint as urchair ghunna luaidhe, ba cheart cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar go ceann 24 mhí. |
(26) |
I mí Mheán Fómhair 2018, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht torthaí tuarascáil (6) imscrúdaithe ina ndearnadh athbhreithniú ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil faoi úsáidí éagsúla luaidhe, lena n-áirítear, i measc nithe eile, in urchair ghunna a úsáidtear i tír-raonta lasmuigh de bhogaigh, eadhon timpeallachtaí talún. Ós rud é gur léiríodh sa tuarascáil imscrúdaithe, inter alia, gur tugadh le fios san fhaisnéis a bhí ar fáil gur baol do shláinte an duine agus don chomhshaol araon urchair ghunna luaidhe a úsáid i dtimpeallachtaí talún, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht in 2019 sainchomhad Iarscríbhinn XV a ullmhú ionas go bhféadfaí srian a chur ar luaidhe a chur ar an margadh agus a úsáid san armlón agus i bhfearas iascaireachta (7). |
(27) |
Thairis sin, ina dtuairimí ar shainchomhad Iarscríbhinn XV maidir le luaidhe a úsáid le haghaidh lámhach i mbogaigh, chuir RAC agus SEAC in iúl go gcomhaontaíonn siad le dearcadh na Gníomhaireachta go mbeadh leibhéal níos airde cosanta comhshaoil ann dá ndéanfaí toirmeasc ar urchair luaidhe a chur ar an margadh agus a úsáid i ngach tír-raon agus go mbeadh sé níos éifeachtaí ó thaobh praiticiúlachta agus in-fhorfheidhmitheachta de. |
(28) |
I roinnt Ballstát, d’fhéadfadh deacrachtaí ar leith eascairt as an srian a thugtar isteach leis an Rialachán seo de thoradh na ndálaí geografacha sonracha sna Ballstáit sin. I gcás na mBallstát a bhfuil cion suntasach bogaigh ina gcríoch, d’fhéadfadh éifeacht chomhchosúil iarbhír a bheith ag toirmeasc ar urchair ghunna luaidhe a scaoileadh agus iad a bheith ar iompar ag duine i mbogaigh agus ina ngiorracht le toirmeasc iomlán ar gach lámhach ar fud na críche go léir, ós rud é gur rídhócha go dtarlódh sé sealgairí de gach cineál a bheith i mbogaigh nó gar do bhogaigh go minic. Ina theannta sin, maidir leis na hacmhainní a chaithfí a úsáid chun srian a fhorfheidhmiú nach bhfuil dírithe ach ar limistéir i mbogaigh agus i ngiorracht dóibh, d’fhéadfadh sé nach mbeidís i bhfad níos lú, agus go deimhin, d’fhéadfadh sé gur mó a bheidís ná na hacmhainní a theastaíonn chun srian lena gcumhdaítear a gcríoch ina hiomláine a fhorfheidhmiú. |
(29) |
I bhfianaise na ndeacrachtaí a thuairiscítear, an gá atá leis an mbeart ní hamháin a bheith éifeachtach ach freisin a bheith simplí agus cothrom ar an bpobal fiaigh ina iomláine, agus i bhfianaise thorthaí thuarascáil imscrúdaithe na Gníomhaireachta agus tuairimí RAC agus SEAC freisin, measann an Coimisiún gur cheart an rogha a thabhairt do na Ballstáit sin ar dócha go n-eascróidh deacrachtaí den sórt sin iontu srian éagsúil a chur ar a gcríoch, ar srian é lena gcuirfí toirmeasc ar urchair ghunna luaidhe a chur ar an margadh in áit éigin eile, agus ar scaoileadh urchar gunna luaidhe freisin agus ar urchair ghunna a bheith ar iompar ag duine ar fud a gcríche, cibé acu i mbogaigh nó in aon áit eile, maidir le haon chineál lámhaigh. |
(30) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, tá sé tábhachtach na Ballstáit atá le bheith incháilithe chun leas a bhaint as an rogha sin a shainaithint go soiléir. Ba cheart an rogha a bheith ar fáil do na Ballstáit sin a bhfuil ar a laghad 20 % dá gcríoch comhdhéanta de limistéir bhogaigh. Le tairseach 20 %, ba cheart go gcumhdófaí na Ballstáit sin ar dócha go mbeidh deacrachtaí acu de thoradh na gcoinníollacha geografacha sonracha. |
(31) |
Ós rud é go mbeadh an srian a d’fhéadfadh na Ballstáit sin a fhorchur níos déine ná an srian a bheadh teoranta do limistéir i mbogaigh agus i ngiorracht dóibh, is iomchuí tréimhse níos faide a shocrú chun an srian sin a thabhairt isteach. Ba cheart an tréimhse sin a shocrú ag 36 mhí, rud a chomhfhreagraíonn don tréimhse a mhol an Ghníomhaireacht ar dtús i sainchomhad Iarscríbhinn XV. |
(32) |
Ar chúiseanna trédhearcachta agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a bhaineann úsáid as an rogha fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena rún agus na bearta a ghlacfaidh siad chun éifeacht a thabhairt dó a chur in iúl laistigh de sprioc-amanna áirithe, agus ba cheart don Choimisiún na fógraí maidir le rún chomh maith le téacsanna na mbeart náisiúnta a ghlacfaidh siad a chur ar fáil go poiblí gan mhoill. |
(33) |
Tá forálacha náisiúnta i bhfeidhm ag roinnt Ballstát lena dtoirmisctear nó lena sriantar luaidhe in urchair ghunna chun an comhshaol nó sláinte an duine a chosaint ar bhealach níos déine ná mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá gcuirfí iallach ar na Ballstáit sin an leibhéal cosanta atá ann cheana a laghdú chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé go méadófaí ar úsáid luaidhe in urchair ghunna sna Ballstáit sin. Ní bheadh an toradh sin ag luí leis an ardleibhéal cosanta a cheanglaítear le hAirteagal 114(3) den Chonradh. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha níos déine den sórt sin a choinneáil. |
(34) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin. |
(35) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) https://www.unep-aewa.org/sites/default/files/basic_page_documents/agreement_text_english_final.pdf
(3) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(4) https://echa.europa.eu/documents/10162/6ef877d5-94b7-a8f8-1c49-8c07c894fff7
(5) https://echa.europa.eu/documents/10162/b092e670-3266-fb5d-6296-544eaccb5d4a
(6) https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/lead_ammunition_investigation_report_en.pdf/efdc0ae4-c7be-ee71-48a3-bb8abe20374a
(7) https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/rest_lead_ammunition_COM_request_en.pdf/f607c957-807a-3b7c-07ae-01151001d939
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, in iontráil 63, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach sa dara colún:
|
|