15.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 12/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/28 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Eanáir 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1362/2000 ón gComhairle maidir le taraif-chuóta an Aontais a mhéid a bhaineann le bananaí de thionscnamh Mheicsiceo
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1362/2000 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme le haghaidh an Chomhphobail forálacha maidir le taraif Chinneadh Uimh. 2/2000 ón gComhairle Chomhpháirteach faoin gComhaontú Eatramhach maidir le Trádáil agus nithe a bhaineann le Trádáil idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach an 1 Iúil 2013 a chur san áireamh, thug an Chomhairle i gcrích, le Cinneadh (AE) 2019/573 (2), thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Tríú Prótacal breise a ghabhann leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, Comhordú Polaitiúil agus Comhar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo den pháirt eile (3), a síníodh an 27 Samhain 2018, agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2020. |
(2) |
Le Cinneadh (AE) 2019/104 (4), d’fhormheas an Chomhairle an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Chomhpháirteach faoin gComhaontú maidir le Comhpháirtíocht Eacnamaíoch, Comhordú Polaitiúil agus Comhar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo den pháirt eile, maidir le leasuithe is gá ar an gComhaontú chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh. |
(3) |
Le Cinneadh Uimh. 1/2020 ó Chomhairle Chomhpháirteach AE-Mheicsiceo (5), foráiltear do mhéadú i dtaraif-chuóta an Aontais is infheidhme ar bhananaí de thionscnamh Mheicsiceo lena scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1362/2000 a leasú chun méadú an taraif-chuóta a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/2020 ó Chomhairle Chomhpháirteach AE-Mheicsiceo a chur chun feidhme. Ós rud é gur ídithe atá taraif-chuóta na bliana 2020 maidir le bananaí, ní mór uimhir ordaithe ar leith a shannadh don mhéid breise le haghaidh na bliana sin. |
(5) |
Chun go gcuirfear an taraif-chuóta sin i bhfeidhm gan aon mhoill neamhriachtanach, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith aige ón tríú lá tar éis fhoilsiú Chinneadh Uimh. 1/2020 ó Chomhairle Chomhpháirteach AE-Mheicsiceo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1362/2000 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na líne a bhfuil an uimhir ordaithe 09.1834 aici:
|
(2) |
cuirtear an líne seo idir an líne a bhfuil an uimhir ordaithe 09.1834 aici agus an líne a bhfuil an uimhir ordaithe 09.1847 aici:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 13 Lúnasa 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L157, 30.6.2000, lch. 1.
(2) Cinneadh (AE) 2019/573 ón gComhairle an 8 Aibreán 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Tríú Prótacal breise a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Comhpháirtíocht Eacnamaíoch, Comhordú Polaitiúil agus Comhar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 100, 11.4.2019, lch. 3).
(3) IO L 325, 20.12.2018, lch. 3.
(4) Cinneadh (AE) 2019/104 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhairle Chomhpháirteach AE-Mheicsiceo a bunaíodh faoin gComhaontú maidir le Comhpháirtíocht Eacnamaíoch, Comhordú Polaitiúil agus Comhar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú Chinneadh Uimh. 2/2000 agus Chinneadh Uimh. 2/2001 ón gComhairle Chomhpháirteach chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 21, 24.1.2019, lch. 23).
(5) Cinneadh Uimh. 1/2020 ón gComhairle Chomhpháirteach AE-Meicsiceo an 31 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2/2000 (2020/1180) (IO L 259, 10.8.2020, lch. 40).