14.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 11/7


RIALACHÁN (AE) 2021/25 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 39 agus Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 4, 7, 9 agus 16

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (2) glacadh caighdeáin agus léirmhíniúcháin idirnáisiúnta áirithe a bhí ann cheana an 15 Deireadh Fómhair 2008.

(2)

An 22 Iúil 2014, d’fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais an tuarascáil “Athchóiriú na Mór-Thagarmharcanna Rata Úis”, lena leagtar síos moltaí chun tagarmharcanna atá ann cheana agus rátaí tagartha féideartha eile bunaithe ar mhargaí idirbhainc a neartú agus rátaí tagartha malartacha atá saor ó riosca, nach mór, a fhorbairt.

(3)

Le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh isteach comhchreat chun cruinneas agus sláine na n-innéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta san Aontas a thomhas.

(4)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/34 ón gCoimisiún (4) eisceachtaí sealadacha agus cúnga maidir leis na ceanglais chuntasaíochta fálaithe i gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas agus Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 9 Ionstraimí Airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tuairiscithe airgeadais athchóiriú an tagarmhairc ráta úis sa tréimhse sula gcuirfear tagarmharc ráta eile in ionad an tagarmhairc ráta atá ann cheana.

(5)

An 27 Lúnasa 2020, d’fhoilsigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta Athchóiriú ar Thagarmharcanna Ráta Úis - Céim 2 - Leasuithe ar IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16 chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tuairiscithe airgeadais na rátaí tagartha malartacha a cuireadh in ionad na dtagarmharcanna ráta úis atá ann cheana.

(6)

Foráiltear leis na leasuithe sin cur chuige sonrach cuntasaíochta chun athruithe ar luach cóir ionstraimí airgeadais nó conarthaí léasa a roinnt, mar thoradh ar ionadú an tagarmhairc ráta úis le himeacht ama, rud a chuireann cosc ar thionchar gan choinne ar Bhrabús nó Caillteanas, agus ar scor de ghaolmhaireachtaí fálaithe mar thoradh ionadú an tagarmhairc ráta úis.

(7)

Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, cinneann an Coimisiún go gcomhlíonann na leasuithe ar IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas, IFRS 4 Conarthaí Árachais, IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí, Ionstraimí Airgeadais IFRS 9 agus Léasanna IFRS 16 na critéir maidir leis an nglacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 a leasú dá réir sin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Rialála Cuntasaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 mar a leanas:

(a)

Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 39 Ionstraimí airgeadais: Leasaítear Aitheantas agus Tomhas mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

Leasaítear Conarthaí Árachais an Chaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 4 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

Ionstraimí Airgeadais IFRS 7: Leasaítear Nochtaí mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(d)

Leasaítear Ionstraimí Airgeadais IFRS 9 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(e)

Leasaítear Léasanna IFRS 16 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Cuirfidh gach cuideachta na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm ó dháta tosaithe a céad bhliain airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2021, nó dá éis, ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2020/34 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 39, Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 7 agus 9 (IO L 12, 16.1.2020, lch. 5).


IARSCRÍBHINN

Athchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2

Leasuithe ar IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16

Leasuithe ar IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

Cuirtear míreanna 5.4.5 go 5.4.9, míreanna 6.8.13, 6.9.1 go 6.9.13, agus míreanna 7.1.9, 7.2.43 go 7.2.46 leis. Cuirtear ceannteideal roimh mhír 6.9.1 agus cuirtear fo-cheannteidil roimh mhíreanna 5.4.5, 6.9.7, 6.9.9, 6.9.11 agus 7.2.43.

5.4   TOMHAS COSTAIS AMÚCHTA

...

Athruithe ar an mbonn lena ndéantar na sreafaí airgid conarthacha a chinneadh mar thoradh ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis

5.4.5

Cuirfidh eintiteas míreanna 5.4.6 go 5.4.9 i bhfeidhm maidir le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais i gcás go dtiocfaidh athrú ar an mbonn lena ndéantar sreafaí airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais sin nó leis an dliteanas airgeadais sin a chinneadh mar thoradh ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis agus sa chás sin amháin. Chun na críche sin, tagraíonn an téarma “athchóiriú an tagarmhairc ráta úis” don athchóiriú a dhéantar ar fud an mhargaidh ar thagarmharc ráta úis mar a thuairiscítear i mír 6.8.2.

5.4.6

D'fhéadfadh athrú teacht ar an mbonn lena ndéantar na sreafaí airgid conarthacha a chinneadh i ndáil le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgid:

(a)

trí na téarmaí conarthacha a shonraítear tráth a aithnítear an ionstraim airgeadais den chéad uair (mar shampla, leasaítear na téarmaí conarthacha chun tagarmharc ráta malartach a chur in ionad an tagarmhairc ráta úis thagartha);

(b)

ar bhealach nár cuireadh san áireamh—nó nár beartaíodh—sna coinníollacha conarthacha tráth a ainmníodh an ionstraim airgeadais den chéad uair, gan na téarmaí conarthacha a leasú (mar shampla, athraítear an modh chun an tagarmharc ráta úis a ríomh gan na téarmaí conarthacha a leasú); agus/nó

(c)

mar thoradh ar ghníomhachtú an téarma chonarthaigh atá ann cheana (mar shampla, cuirtear tús le clásal cúltaca atá ann cheana).

5.4.7

Mar bheart praiticiúil, cuirfidh eintiteas mír B5.4.5 i bhfeidhm chun athrú a chur san áireamh maidir leis an mbonn lena ndéantar na sreafaí airgid conarthacha a chinneadh i ndáil le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais, rud is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis. Níl feidhm ag an mbeart praiticiúil sin ach maidir le hathruithe den sórt sin agus a mhéid is gá an t-athrú sin le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis (féach freisin mír 5.4.9). Chun na críche sin, is gá athrú sa bhonn lena ndéantar sreafaí airgid conarthacha a chinneadh le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo agus sa chás sin amháin:

(a)

is gá an t-athrú a dhéanamh mar thoradh díreach ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis; agus

(b)

tá an bonn nua chun sreafaí airgid conarthacha a chinneadh coibhéiseach leis an mbonn roimhe sin ó thaobh an gheilleagair de (i.e. an bonn atá díreach roimh an athrú).

5.4.8

Is iad seo a leanas samplaí d'athruithe as a n-eascraíonn bonn nua chun sreafaí airgid conarthacha a chinneadh atá coibhéiseach ó thaobh an gheilleagair de leis an mbonn roimhe sin (i.e. an bonn atá díreach roimh an athrú):

(a)

tagarmharc ráta malartach a chur in ionad tagarmhairc ráta úis atá ann cheana a úsáidtear chun na sreafaí airgid conarthacha a chinneadh i ndáil le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais—nó cur chun feidhme athchóiriú den sórt sin maidir leis an tagarmharc ráta úis tríd an modh a úsáidtear leis an tagarmharc ráta úis a ríomh a athrú—agus raon difríochta seasta atá riachtanach a chur leis chun an difríocht bhunúsach idir an tagarmharc ráta úis atá ann cheana agus an tagarmharc ráta malartach a chúiteamh;

(b)

athruithe ar an tréimhse athshocraithe, dátaí athshocraithe nó líon na laethanta idir dátaí íocaíochta cúpóin chun athchóiriú an tagarmhairc ráta úis a chur chun feidhme; agus

(c)

soláthar cúltaca a chur leis na téarmaí conarthacha i ndáil le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais chun go bhféadfar aon athrú a thuairiscítear in (a) agus (b) thuas a chur i bhfeidhm.

5.4.9

Má dhéantar athruithe ar shócmhainn airgeadais nó ar dhliteanas airgeadais de bhreis ar na hathruithe a dhéantar ar an mbonn lena ndéantar na sreafaí airgid conarthacha is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, cuirfidh eintiteas an beart praiticiúil i bhfeidhm ar dtús i mír 5.4.7 maidir leis na hathruithe is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis. Ina dhiaidh sin, cuirfidh eintiteas na ceanglais is infheidhme i bhfeidhm sa Chaighdeán seo maidir le haon athrú breise nach mbeidh feidhm ag an mbeart praiticiúil air. Mura mbeidh dí-aitheantas na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais mar thoradh ar an athrú breise, cuirfidh an t-eintiteas mír 5.4.3 nó mír B5.4.6, de réir mar is infheidhme, i bhfeidhm maidir leis an athrú breise sin a chur san áireamh. Más rud é go mbeidh dí-aitheantas na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais mar thoradh ar an athrú breise, cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais dí-aitheantais i bhfeidhm.

...

6.8   EISCEACHTAÍ SEALADACHA AR CHEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LE CUNTASAÍOCHT FHÁLAITHE A CHUR I bhFEIDHM

Deireadh cur i bhfeidhm

...

6.8.13

Scoirfidh eintiteas go hionchasach de mhíreanna 6.8.7 agus 6.8.8 a chur i bhfeidhm ag tráth níos luaithe ná:

(a)

nuair a dhéanfar na athruithe is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis ar an gcomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach, comhpháirt lena gcuirtear mír 6.9.1 i bhfeidhm; nó

(b)

nuair a scoirfear den ghaolmhaireacht fhálaithe ina n-ainmnítear an chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach.

6.9   EISCEACHTAÍ SEALADACHA BREISE ARNA nEASCAIRT AS ATHCHÓIRIÚ AN TAGARMHAIRC RÁTA ÚIS

6.9.1

De réir mar a scoirfidh na ceanglais i míreanna 6.8.4 go 6.8.8 d'fheidhm a bheith acu maidir le gaolmhaireacht fhálaithe agus nuair a thiocfaidh na ceanglais sin i bhfeidhm (féach míreanna 6.8.9 go 6.8.13), leasóidh eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe sin mar a taifeadadh roimhe sin chun na hathruithe is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis a léiriú, i.e. tá na hathruithe comhsheasmhach leis na ceanglais i míreanna 5.4.6 go 5.4.8. Sa chomhthéacs sin, ní leasófar an t-ainmniú fálaithe ach amháin chun ceann amháin nó níos mó de na hathruithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tagarmharc ráta malartach a ainmniú (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach) mar riosca fálaithe;

(b)

lena leasaítear an tuairisc ar an mír fhálaithe, lena n-áirítear an tuairisc ar an gcuid ainmnithe de na sreafaí airgid nó ar luach cóir atá á fhálú; nó

(c)

lena leasaítear an tuairisc ar an ionstraim fhálaithe.

6.9.2

Cuirfidh eintiteas an ceanglas i mír 6.9.1(c) i bhfeidhm má chomhlíontar na trí choinníoll seo a leanas:

(a)

déanann an t-eintiteas an t-athrú is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis trí chur chuige eile a úsáid seachas an bonn lena ndéantar sreafaí airgid conarthacha na hionstraime fálaithe a chinneadh (mar a thuairiscítear i mír 5.4.6);

(b)

níl an ionstraim fhálaithe bhunaidh dí-aitheanta; agus

(c)

tá an cur chuige roghnaithe coibhéiseach ó thaobh an gheilleagair de leis an mbonn lena ndéantar sreafaí airgid conarthacha na hionstraime fálaithe bunaidh a chinneadh (mar a thuairiscítear i míreanna 5.4.7 agus 5.4.8).

6.9.3

Féadfaidh na ceanglais i míreanna 6.8.4 go 6.8.8 scor d'fheidhm a bheith acu ag amanna éagsúla. Dá bhrí sin, trí mhír 6.9.1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé a bheith de cheangal ar eintiteas ainmniú foirmiúil a ngaolmhaireachtaí fálaithe a leasú ag amanna éagsúla, nó féadfaidh sé a bheith de cheangal ar eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe a leasú níos mó ná uair amháin. Nuair a dhéanfar athrú den sórt sin ar an ainmniú fálaithe, agus sa chás sin amháin, cuirfidh eintiteas míreanna 6.9.7 go 6.9.12 i bhfeidhm de réir mar is infheidhme. Cuirfidh eintiteas freisin mír 6.5.8 (le haghaidh fálú cóirluacha) nó mír 6.5.11 (le haghaidh fálú sreabhaidh airgid) chun aon athrú ar luach cóir na míre fálaithe nó na hionstraime fálaithe a chur san áireamh.

6.9.4

Leasóidh eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe mar a cheanglaítear i mír 6.9.1 faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe ina ndéantar athrú is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis i ndáil leis an riosca fálaithe, leis an mír fhálaithe nó leis an ionstraim fhálaithe. D’fhonn amhras a sheachaint, ní hionann leasú den sórt sin ar ainmniú foirmiúil gaolmhaireachta fálaithe agus deireadh a chur leis an ngaolmhaireacht fhálaithe ná ní hionann an leasú sin agus deireadh a chur le gaolmhaireacht fhálaithe nua.

6.9.5

Má dhéantar athruithe sa bhreis ar na hathruithe sin is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis maidir leis an tsócmhainn airgeadais nó leis an dliteanas airgeadais a ainmnítear i ngaolmhaireacht fhálaithe (mar a thuairiscítear i míreanna 5.4.6 go 5.4.8) nó ar ainmniú na gaolmhaireachta fálaithe (mar a cheanglaítear le mír 6.9.1), cuirfidh eintiteas na ceanglais is infheidhme sa Chaighdeán seo i bhfeidhm ar dtús lena chinneadh an bhfuil scor de chuntasaíocht fhálaithe mar thoradh ar na hathruithe breise sin. Mura gcuirfear deireadh le cuntasaíocht fhálaithe de bharr na n-athruithe breise, leasóidh eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe mar a shonraítear i mír 6.9.1.

6.9.6

Soláthraíonn míreanna 6.9.7 go 6.9.13 eisceachtaí ar na ceanglais a shonraítear sna míreanna sin amháin. Cuirfidh eintiteas na ceanglais chuntasaíochta fálaithe eile uile i bhfeidhm sa Chaighdeán seo, lena n-áirítear na critéir cháilitheacha i mír 6.4.1, maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe a raibh tionchar díreach ag athchóiriú an tagarmhairc ráta úis orthu.

Cuntasaíocht le haghaidh gaolmhaireachtaí fálaithe cáilitheacha

Fáluithe sreafa airgid

6.9.7

Chun mír 6.5.11 a chur i bhfeidhm, nuair a leasaíonn eintiteas tuairisc ar mhír fhálaithe mar a cheanglaítear i mír 6.9.1(b), measfar an méid carntha i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid a bheith bunaithe ar an tagarmharc ráta malartach ar a gcinnfear na sreafaí airgid fálaithe a bheidh ann amach anseo.

6.9.8

Maidir le gaolmhaireacht fhálaithe scortha, nuair a athraítear an tagarmharc ráta úis ar a bunaíodh na sreafaí airgid fálaithe a bheidh ann amach anseo de réir mar a cheanglaítear le hathchóiriú an tagarmhairc ráta úis, chun mír 6.5.12 a chur i bhfeidhm chun a chinneadh an bhfuiltear ag súil go mbeidh na sreafaí airgid fálaithe ann amach anseo, measfar an méid carntha i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid a bheith bunaithe ar an tagarmharc ráta eile ar a mbunófar na sreafaí airgid fálaithe a bheidh ann amach anseo.

Grúpaí míreanna

6.9.9

Nuair a chuireann eintiteas mír 6.9.1 i bhfeidhm i ngrúpaí míreanna a ainmnítear mar mhíreanna fálaithe i luach cóir nó i bhfálú sreafa airgid, leithdháilfidh eintiteas na míreanna fálaithe ar mhíreanna bunaithe ar an tagarmharc ráta úis atá á fhálú agus ainmneoidh sé an tagarmharc ráta úis mar an riosca fálaithe le haghaidh gach fo-ghrúpa. Mar shampla, i ngaolmhaireacht fhálaithe ina bhfálaítear grúpa míreanna le haghaidh athruithe ar an tagarmharc ráta úis atá faoi réir athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, d'fhéadfaí na sreafaí airgid fálaithe nó luach cóir roinnt míreanna sa ghrúpa a athrú chun tagairt a dhéanamh do thagarmharc ráta malartach sula n-athraítear míreanna eile sa ghrúpa. Sa sampla sin, trí mhír 6.9.1 a chur i bhfeidhm, d'ainmneodh an t-eintiteas tagarmharc ráta malartach mar an riosca fálaithe le haghaidh an fho-ghrúpa ábhartha sin de mhíreanna fálaithe. Leanfadh an t-eintiteas den tagarmharc ráta úis atá ann cheana a ainmniú mar an riosca fálaithe le haghaidh an fho-ghrúpa ábhartha eile de mhíreanna fálaithe go dtí go n-athrófar na sreafaí airgid fálaithe nó luach cóir na míreanna sin chun tagairt a dhéanamh don tagarmharc ráta malartach nó go dtí go rachaidh na míreanna in éag nó go gcuirfear míreanna fálaithe a ndéanann tagairt don tagarmharc ráta malartach ina n-ionad.

6.9.10

Déanfaidh eintiteas measúnú ar leithligh an gcomhlíonann gach fo-ghrúpa na ceanglais i mír 6.6.1 chun a bheith ina mhír fhálaithe incháilithe. Mura ndéanann aon fho-ghrúpa na ceanglais i mír 6.6.1 a chomhlíonadh, scoirfidh an t-eintiteas de chuntasaíocht fhálaithe a dhéanamh go hionchasach le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe ina hiomláine. Cuirfidh an t-eintiteas freisin na ceanglais i míreanna 6.5.8 agus 6.5.11 i bhfeidhm chun neamhéifeachtacht a bhaineann leis an ngaolmhaireacht fhálaithe ina hiomláine a chur san áireamh.

Comhpháirteanna riosca a ainmniú

6.9.11

Maidir le tagarmharc ráta malartach a ainmnítear mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach agus nach bhfuil inaitheanta ar leithligh (féach mír 6.3.7(a) agus mír B6.3.8) ar an dáta a ainmneofar é, measfar go mbeidh an ceanglas sin comhlíonta aige ar an dáta sin, i gcás ina mbeidh an t-eintiteas ag súil go réasúnach go mbeidh an tagarmharc ráta malartach inaitheanta ar leithligh laistigh de 24 mhí agus sa chás sin amháin. Tá feidhm ar leithligh ag an tréimhse 24 mhí maidir le gach tagarmharc ráta malartach agus tosóidh sí ón dáta a ainmníonn an t-eintiteas an tagarmharc ráta eile mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach den chéad uair (i.e. tá feidhm ag an tréimhse 24 mhí ar bhonn ráta ar ráta).

6.9.12

Má tá eintiteas ag súil go réasúnach, ina dhiaidh sin, nach mbeidh an tagarmharc ráta malartach inaitheanta ar leithligh laistigh de 24 mhí ón dáta a d'ainmnigh an t-eintiteas é mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach den chéad uair, scoirfidh an t-eintiteas den cheanglas i mír 6.9.11 a chur i bhfeidhm maidir leis an tagarmharc ráta eile sin agus scoirfidh sé de chuntasaíocht fhálaithe a dhéanamh go hionchasach ón dáta a rinneadh an t-athmheasúnú sin ar na gaolmhaireachtaí fálaithe uile ina n-ainmníodh tagarmharc ráta malartach mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach.

6.9.13

De bhreis ar na gaolmhaireachtaí fálaithe sin a shonraítear i mír 6.9.1, cuirfidh eintiteas na ceanglais i míreanna 6.9.11 agus 6.9.12 i bhfeidhm maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe nua ina n-ainmnítear tagarmharc ráta malartach mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach (féach míreanna 6.3.7(a) agus B6.3.8) nuair nach bhfuil an chomhpháirt riosca inaitheanta ar leithligh an dáta a ainmnítear í, de thoradh ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis.

7.1   DÁTA ÉIFEACHTACH

...

7.1.9

Le hAthchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2, lena leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, a eisíodh i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 5.4.5 go 5.4.9, 6.8.13, Roinn 6.9 agus míreanna 7.2.43 go 7.2.46 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin.

7.2   AISTRIÚ

...

Aistriú le haghaidh Athchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2

7.2.43

Cuirfidh eintiteas Athchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2 i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i míreanna 7.2.44 go 7.2.46.

7.2.44

Ainmneoidh eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe nua (mar shampla, mar a thuairiscítear i mír 6.9.13) go hionchasach amháin (i.e. cuirtear cosc ar eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe chuntasaíochta a ainmniú i dtréimhsí roimhe). Athbhunóidh eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe scortha, áfach, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo:

(a)

gur scoir an t-eintiteas den ghaolmhaireacht fhálaithe sin a dhéanamh de dheasca na n-athruithe is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis amháin agus nach mbeadh sé de cheangal ar an eintiteas scor den ghaolmhaireacht fhálaithe sin dá mba rud é gur cuireadh na leasuithe sin i bhfeidhm an tráth sin; agus

(b)

ag tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe seo i bhfeidhm den chéad uair (dáta a cuireadh na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair), go gcomhlíonann an ghaolmhaireacht fhálaithe scortha sin na critéir cháilitheacha le haghaidh cuntasaíochta fálaithe (tar éis na leasuithe sin a chur san áireamh).

7.2.45

Má athshonraíonn eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe scortha, agus mír 7.2.44 á cur i bhfeidhm aige, léifidh an t-eintiteas tagairtí i míreanna 6.9.11 agus 6.9.12 don dáta a ainmnítear an ráta tagarmhairc malartach mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach den chéad uair mar thagairt don dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair (i.e. an tréimhse 24 mhí le haghaidh an tagarmhairc ráta mhalartaigh a ainmníodh mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach ón dáta a chuirtear na leasuithe seo i bhfeidhm den chéad uair).

7.2.46

Ní cheanglaítear ar an eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Féadfaidh eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, aithneoidh an t-eintiteas sin aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha roimhe sin agus an tsuim ghlanluacha ag tús na tréimhse bliantúla tuairiscithe lena n-áirítear an dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí) den tréimhse bhliantúil thuairiscithe lena n-áirítear an dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair.

Leasuithe ar IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas

Leasaítear mír 102M.

Cuirtear míreanna 102O go 102Z3 agus míreanna 108H go 108K leis. Cuirtear ceannteideal roimh mhír 102P agus cuirtear fo-cheannteidil roimh mhíreanna 102P, 102V, 102Y agus 102Z1.

Eisceachtaí sealadacha ar cheanglais shonracha maidir le cuntasaíocht fhálaithe a chur i bhfeidhm

...

Deireadh cur i bhfeidhm

102M

Scoirfidh eintiteas go hionchasach de mhír 102G a chur i bhfeidhm maidir le gaolmhaireacht fhálaithe i gceachtar den dá chas a leanas, cibé acu is túisce:

(a)

i gcás nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú an tagarmhairc ráta úis maidir leis an riosca fálaithe agus maidir le huainiú agus méid na sreafaí airgid bunaithe ar thagarmharc ráta úis na míre fálaithe agus na hionstraime fálaithe; agus

(b)

nuair a scoirfear den ghaolmhaireacht fhálaithe a gcuirfear an eisceacht i bhfeidhm uirthi.

...

102O

Scoirfidh eintiteas go hionchasach de mhíreanna 102H agus 102I a chur i bhfeidhm ag ceachtar den dá chas a leanas, cibé acu is túisce:

(a)

nuair a dhéanfar na hathruithe is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis maidir leis an gcuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach lena gcuirtear mír 102P i bhfeidhm; nó

(b)

nuair a scoirfear den ghaolmhaireacht fhálaithe ina n-ainmnítear an chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach.

Eisceachtaí sealadacha breise arna n-eascairt as athchóiriú an tagarmhairc ráta úis

Cuntasaíocht fhálaithe

102P

De réir mar a scoirfidh na ceanglais i míreanna 102D go 102I d'fheidhm a bheith acu maidir le gaolmhaireacht fhálaithe agus nuair a thiocfaidh na ceanglais sin i bhfeidhm (féach míreanna 102J go 102O), leasóidh eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe sin mar a taifeadadh roimhe sin chun na hathruithe is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis a léiriú, i.e. tá na hathruithe comhsheasmhach leis na ceanglais i míreanna 5.4.6 go 5.4.8 de IFRS 9. Sa chomhthéacs sin, ní leasófar an t-ainmniú fálaithe ach amháin chun ceann amháin nó níos mó de na hathruithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tagarmharc ráta malartach a ainmniú (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach) mar riosca fálaithe;

(b)

lena leasaítear an tuairisc ar an mír fhálaithe, lena n-áirítear an tuairisc ar an gcuid ainmnithe de na sreafaí airgid nó ar luach cóir atá á fhálú;

(c)

lena leasaítear an tuairisc ar an ionstraim fhálaithe; nó

(d)

lena leasaítear an tuairisc ar an gcaoi a dhéanfaidh an t-eintiteas measúnú ar an éifeachtacht fhálaithe.

102Q

Cuirfidh eintiteas an ceanglas i mír 102P(c) i bhfeidhm má chomhlíontar na trí choinníoll seo a leanas:

(a)

Déanann an t-eintiteas an t-athrú is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis trí chur chuige eile a úsáid seachas an bonn lena ndéantar sreafaí airgid conarthacha na hionstraime fálaithe a chinneadh (mar a thuairiscítear i mír 5.4.6 de IFRS 9);

(b)

níl an ionstraim fhálaithe bhunaidh dí-aitheanta; agus

(c)

tá an cur chuige roghnaithe coibhéiseach ó thaobh an gheilleagair de leis an mbonn lena ndéantar sreafaí airgid na hionstraime fálaithe bunaidh a chinneadh (mar a thuairiscítear i míreanna 5.4.7 agus 5.4.8 de IFRS 9).

102R

Féadfaidh na ceanglais i míreanna 102D go 102I scor d'fheidhm a bheith acu ag amanna éagsúla. Dá bhrí sin, trí mhír 102P a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé a bheith de cheangal ar eintiteas ainmniú foirmiúil a ngaolmhaireachtaí fálaithe a leasú ag amanna éagsúla, nó féadfaidh sé a bheith de cheangal ar eintiteas ainmniú foirmiúil gaolmhaireachta fálaithe a leasú níos mó ná uair amháin. Nuair a dhéanfar athrú den sórt sin ar an ainmniú fálaithe, agus sa chás sin amháin, cuirfidh eintiteas míreanna 102V go 102Z2 i bhfeidhm de réir mar is infheidhme. Cuirfidh eintiteas freisin mír 89 (le haghaidh fálú cóirluacha) nó mír 96 (le haghaidh fálú sreabhaidh airgid) chun aon athrú a dhéantar ar luach cóir na míre fálaithe nó na hionstraime fálaithe a chur san áireamh.

102S

Leasóidh eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe mar a cheanglaítear i mír 102P faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe ina ndéantar athrú faoi mar is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis maidir leis an riosca fálaithe, leis an mír fhálaithe nó leis an ionstraim fhálaithe. D'fhonn amhras a sheachaint, ní thugtar le fios le leasú den sórt sin ar ainmniú foirmiúil gaolmhaireachta fálaithe go bhfuil deireadh á chur leis an ngaolmhaireacht fhálaithe ná go bhfuil gaolmhaireacht fhálaithe nua á hainmniú.

102T

Má dhéantar athruithe sa bhreis ar na hathruithe sin is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis maidir leis an tsócmhainn airgeadais nó leis an dliteanas airgeadais a ainmnítear i ngaolmhaireacht fhálaithe (mar a thuairiscítear i míreanna 5.4.6 go 5.4.8 de IFRS 9) nó ar ainmniú na gaolmhaireachta fálaithe (mar a cheanglaítear le mír 102P), cuirfidh eintiteas na ceanglais is infheidhme sa Chaighdeán seo i bhfeidhm ar dtús lena chinneadh an bhfuil scor de chuntasaíocht fhálaithe mar thoradh ar na hathruithe breise sin. Mura gcuirfear deireadh le cuntasaíocht fhálaithe de bharr na n-athruithe breise, leasóidh eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe mar a shonraítear i mír 102P.

102U

Soláthraíonn míreanna 102V go 102Z3 eisceachtaí ar na ceanglais a shonraítear sna míreanna sin amháin. Cuirfidh eintiteas na ceanglais chuntasaíochta fálaithe eile uile i bhfeidhm sa Chaighdeán seo, lena n-áirítear na critéir cháilitheacha i mír 88, maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe a raibh tionchar díreach ag athchóiriú an tagarmhairc ráta úis orthu.

Cuntasaíocht maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe cáilitheacha

Measúnú cúlghabhálach ar éifeachtacht

102V

Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht chúlghabhálach gaolmhaireachta fálaithe ar bhonn carnach lena gcuirtear mír 88(e) i bhfeidhm agus chun na críche sin amháin, féadfaidh eintiteas rogha a dhéanamh na hathruithe ar luach cóir carnach na míre fálaithe agus na hionstraime fálaithe a athshocrú go nialas nuair a scoirfidh sé de mhír 102G a chur i bhfeidhm de réir mar a cheanglaítear le mír 102M. Déantar an toghchán seo ar leithligh le haghaidh gach gaolmhaireacht fhálaithe (i.e. ar bhonn gaolmhaireacht fhálaithe aonair).

Fáluithe sreabhaidh airgid

102W

Chun mír 97 a chur i bhfeidhm, tráth a leasóidh eintiteas tuairisc ar mhír fhálaithe mar a cheanglaítear i mír 102P(b), measfar an gnóthachan carnach nó an caillteanas carnach in ioncam cuimsitheach eile a bheith bunaithe ar an tagarmharc ráta malartach ar a gcinnfear na sreafaí airgid fálaithe amach anseo.

102X

Maidir le gaolmhaireacht fhálaithe scortha, nuair a athraítear an tagarmharc ráta úis ar a bunaíodh na sreafaí airgid fálaithe a bheidh ann amach anseo de réir mar is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, chun mír 101(c) a chur i bhfeidhm d’fhonn a chinneadh an bhfuiltear ag súil go mbeidh na sreafaí airgid fálaithe ann amach anseo, measfar an méid carntha in ioncam cuimsitheach eile le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe sin a bheith bunaithe ar an tagarmharc ráta malartach ar a gcinnfear na sreafaí airgid fálaithe a bheidh ann amach anseo.

Grúpaí míreanna

102Y

Nuair a chuireann eintiteas mír 102P i bhfeidhm i ngrúpaí míreanna a ainmnítear mar mhíreanna fálaithe i luach cóir nó i bhfálú sreabhaidh airgid, leithdháilfidh eintiteas na míreanna fálaithe ar mhíreanna bunaithe ar an tagarmharc ráta atá á fhálú agus ainmneoidh sé an tagarmharc ráta mar an riosca fálaithe le haghaidh gach fo-ghrúpa. Mar shampla, i ngaolmhaireacht fhálaithe ina bhfálaítear grúpa míreanna le haghaidh athruithe ar an tagarmharc ráta úis atá faoi réir athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, d'fhéadfaí na sreafaí airgid fálaithe nó luach cóir roinnt míreanna sa ghrúpa a athrú chun tagairt a dhéanamh do thagarmharc ráta malartach sula n-athraítear míreanna eile sa ghrúpa. Sa sampla sin, trí mhír 102P a chur i bhfeidhm, d'ainmneodh an t-eintiteas an tagarmharc ráta malartach mar an riosca fálaithe le haghaidh an fho-ghrúpa ábhartha sin de mhíreanna fálaithe. Leanfadh an t-eintiteas den tagarmharc ráta úis atá ann cheana a ainmniú mar an riosca fálaithe le haghaidh an fho-ghrúpa ábhartha eile de mhíreanna fálaithe go dtí go n-athrófar na sreafaí airgid fálaithe nó luach cóir na míreanna sin chun tagairt a dhéanamh don tagarmharc ráta malartach nó go dtí go rachaidh na míreanna in éag nó go gcuirfear míreanna fálaithe a ndéanann tagairt don tagarmharc ráta malartach ina n-ionad.

102Z

Measfaidh eintiteas ar leithligh an gcomhlíonann gach fo-ghrúpa na ceanglais i míreanna 78 agus 83 chun a bheith ina mhír fhálaithe incháilithe. Mura ndéanann aon fho-ghrúpa na ceanglais i míreanna 78 agus 83 a chomhlíonadh, scoirfidh an t-eintiteas de chuntasaíocht fhálaithe a dhéanamh go hionchasach le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe ina hiomláine. Cuirfidh an t-eintiteas freisin na ceanglais i míreanna 89 agus 96 i bhfeidhm chun neamhéifeachtacht a bhaineann leis an ngaolmhaireacht fhálaithe ina hiomláine a chur san áireamh.

Míreanna airgeadais a ainmniú ina míreanna fálaithe

102Z1

Maidir le tagarmharc ráta malartach a ainmnítear mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach agus nach bhfuil inaitheanta ar leithligh (féach míreanna 81 agus AG99F) ar an dáta a ainmneofar é, measfar go mbeidh an ceanglas sin comhlíonta aige ar an dáta sin, i gcás ina mbeidh an t-eintiteas ag súil go réasúnach go mbeidh an tagarmharc ráta eile inaitheanta ar leithligh laistigh de 24 mhí agus sa chás sin amháin. Tá feidhm ar leithligh ag an tréimhse 24 mhí maidir le gach tagarmharc ráta malartach agus tosóidh sí ón dáta a ainmníonn an t-eintiteas an tagarmharc ráta malartach mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach den chéad uair (i.e. tá feidhm ag an tréimhse 24 mhí ar bhonn ráta ar ráta).

102Z2

Má tá eintiteas ag súil go réasúnach, ina dhiaidh sin, nach mbeidh an tagarmharc ráta malartach inaitheanta ar leithligh laistigh de 24 mhí ón dáta a d'ainmnigh an t-eintiteas é mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach den chéad uair, scoirfidh an t-eintiteas den cheanglas i mír 102Z1 a chur i bhfeidhm maidir leis an tagarmharc ráta eile sin agus scoirfidh sé de chuntasaíocht fhálaithe a dhéanamh go hionchasach ón dáta a rinneadh an t-athmheasúnú sin ar na gaolmhaireachtaí fálaithe uile, gaolmhaireachtaí ina n-ainmníodh tagarmharc ráta malartach mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach.

102Z3

De bhreis ar na gaolmhaireachtaí fálaithe sin a shonraítear i mír 102P, cuirfidh eintiteas na ceanglais i míreanna 102Z1 agus 102Z2 i bhfeidhm maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe nua ina n-ainmnítear tagarmharc ráta malartach mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach (féach míreanna 81 agus AG99F) nuair nach mbeidh an chuid riosca sin inaitheanta ar leithligh ar an dáta a ainmneofar í, de thoradh ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis.

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ

...

108H

Le hAthchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2, lena leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, a eisíodh i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 102O go 102Z3 agus míreanna 108I go 108K leis agus leasaíodh mír 102M. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i míreanna 108I go 108K.

108I

Ainmneoidh eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe nua (mar shampla, mar a thuairiscítear i mír 102Z3) go hionchasach amháin (i.e. cuirtear cosc ar eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe chuntasaíochta i dtréimhsí roimhe a ainmniú). Ní athbhunóidh eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe scortha, áfach, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo:

(a)

gur scoir an t-eintiteas den ghaolmhaireacht fhálaithe sin a dhéanamh de dheasca na n-athruithe a éilíonn athchóiriú an tagarmhairc ráta úis amháin agus nach mbeadh sé de cheangal ar an eintiteas scor den ghaolmhaireacht fhálaithe sin dá mba rud é gur cuireadh na leasuithe sin i bhfeidhm an tráth sin; agus

(b)

ag tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe seo i bhfeidhm den chéad uair (dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair), go gcomhlíonann an ghaolmhaireacht fhálaithe scortha sin na critéir cháilitheacha le haghaidh cuntasaíochta fálaithe (tar éis na leasuithe sin a chur san áireamh).

108J

Má athshonraíonn eintiteas gaolmhaireacht fhálaithe scortha, agus mír 108I á cur i bhfeidhm aige, léifidh an t-eintiteas tagairtí i míreanna 102Z1 agus 102Z2 don dáta a ainmnítear an tagarmharc ráta malartach mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach den chéad uair mar thagairt don dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair (i.e. an tréimhse 24 mhí le haghaidh an tagarmhairc ráta mhalartaigh sin a ainmnítear mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach ón dáta a chuirtear na leasuithe seo i bhfeidhm den chéad uair).

108K

Ní cheanglaítear ar an eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Féadfaidh eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar, agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, aithneoidh an t-eintiteas sin aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha roimhe sin agus an tsuim ghlanluacha ag tús na tréimhse bliantúla tuairiscithe lena n-áirítear an dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí) den tréimhse bhliantúil thuairiscithe lena n-áirítear an dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair.

Leasuithe ar IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí

Cuirtear míreanna 24I go 24J agus míreanna 44GG go 44HH leis agus cuirtear fo-cheannteideal roimh mhír 24I.

Nochtaí eile

...

Nochtaí breise a bhaineann le hathchóiriú an tagarmhairc ráta úis

24I

Chun go bhféadfaidh úsáideoirí ráiteas airgeadais éifeacht athchóiriú an tagarmhairc ráta úis a thuiscint maidir le hionstraimí airgeadais eintitis agus straitéis bainistíochta riosca eintitis, nochtfaidh eintiteas faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

(a)

cineál agus fairsinge na rioscaí a bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta orthu a eascraíonn as ionstraimí airgeadais atá faoi réir athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, agus mar a bhainistíonn an t-eintiteas na rioscaí sin; agus

(b)

dul chun cinn an eintitis maidir leis an aistriú chuig tagarmharcanna ráta malartacha, agus mar a bhainistíonn eintiteas an t-aistriú.

24J

Chun na cuspóirí i mír 24I a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

mar a bhainistíonn eintiteas an t-aistriú chuig tagarmharcanna ráta malartacha, an dul chun cinn atá déanta aige maidir leis an dáta tuairiscithe agus na rioscaí atá ann dó a eascraíonn as na hionstraimí airgeadais de dhroim an aistrithe;

(b)

imdhealaithe de réir thagarmharc ráta úis suntasach atá faoi réir athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, faisnéis chainníochtúil faoi ionstraimí airgeadais nach bhfuil aistrithe go fóill chuig tagarmharc ráta malartach amhail deireadh na tréimhse tuairiscithe, agus an méid seo a leanas á léiriú ar leithligh:

(i)

sócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha;

(ii)

dliteanais airgeadais neamhdhíorthacha; agus

(iii)

díorthaigh; agus

(c)

tuairisc ar na hathruithe sin, más rud é gur tháinig athruithe ar straitéis bainistíochta riosca eintitis (féach mír 22A) mar thoradh ar na rioscaí a shainaithnítear i mír 24J(a).

...

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ

...

44GG

Le hAthchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2, lena leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, a eisíodh i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 24I go 24J agus 44HH leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuirfidh sé na leasuithe i bhfeidhm ar IFRS 9, IAS 39, IFRS 4 nó IFRS 16.

44HH

Sa tréimhse thuairiscithe ina gcuireann eintiteas Athchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2 i bhfeidhm den chéad uair, ní cheanglaítear ar eintiteas an fhaisnéis a nochtadh a cheanglófaí murach sin le mír 28(f) de IAS 8.

Leasuithe ar IFRS 4 Conarthaí Árachais

Cuirtear míreanna 20R go 20S agus míreanna 50 go 51 leis. Cuirtear fo-cheannteideal roimh mhír 20R.

AITHEANTAS AGUS TOMHAS

...

Athruithe ar an mbonn lena ndéantar na sreafaí airgid conarthacha a chinneadh mar thoradh ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis

20R

Cuirfidh árachóir, agus an eisceacht shealadach ó IFRS 9 á cur i bhfeidhm aige, na ceanglais i míreanna 5.4.6 go 5.4.9 de IFRS 9 i bhfeidhm maidir le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais i gcás go dtagann athrú ar an mbonn lena ndéantar na sreafaí airgid conarthacha i ndáil leis an tsócmhainn airgeadais sin nó leis an dliteanas airgeadais sin a chinneadh mar thoradh ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis agus sa chás sin amháin. Chun na críche sin, tagraíonn an téarma “athchóiriú an tagarmhairc ráta úis” don athchóiriú a dhéantar ar fud an mhargaidh ar thagarmharc ráta úis mar a thuairiscítear i mír 102B de IAS 39.

20S

Chun míreanna 5.4.6 go 5.4.9 de na leasuithe ar IFRS 9 a chur i bhfeidhm, léifear tagairtí do mhíreanna B5.4.5 de IFRS 9 mar thagairt do mhír AG7 de IAS 39. Léifear tagairtí do mhíreanna 5.4.3 agus B5.4.6 de IFRS 9 mar thagairtí do mhír AG8 de IAS 39.

...

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ

...

50

Le hAthchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2, lena leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, a eisíodh i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 20R go 20S agus mír 51 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, déanfaidh sé an méid sin a nochtadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i mír 51.

51

Ní cheanglaítear ar an eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Féadfaidh eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, aithneoidh an t-eintiteas sin aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha roimhe sin agus an tsuim ghlanluacha ag tús na tréimhse bliantúla tuairiscithe lena n-áirítear an dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí) den tréimhse bhliantúil thuairiscithe lena n-áirítear an dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair.

Leasuithe ar IFRS 16 Léasanna

Cuirtear míreanna 104 go 106 agus míreanna C1B agus C20C go C20D leis. Cuirtear ceannteideal roimh mhír 104 agus cuirtear fo-cheannteideal roimh mhír C20C.

EISCEACHT SHEALADACH ARNA hEASCAIRT AS ATHCHÓIRIÚ AN TAGARMHAIRC RÁTA ÚIS

104

Cuirfidh léasaí míreanna 105 go106 i bhfeidhm maidir leis na modhnuithe uile ar léas a athraíonn an bonn lena ndéanfar íocaíochtaí léasa a chinneadh amach anseo mar thoradh ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis (féach míreanna 5.4.6 agus 5.4.8 de IFRS 9). Níl feidhm ag na míreanna seo ach amháin maidir le modhnuithe den sórt sin ar léas. Chun na críche sin, tagraíonn an téarma “athchóiriú an tagarmhairc ráta úis” don athchóiriú a dhéantar ar fud an mhargaidh ar thagarmharc ráta úis mar a thuairiscítear i mír 6.8.2 de IFRS 9.

105

Mar bheart praiticiúil, cuirfidh léasaí mír 42 i bhfeidhm chun modhnú ar léas a chur san áireamh faoi mar is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis. Níl feidhm ag an mbeart praiticiúil sin ach maidir le modhnuithe den sórt sin. Chun na críche sin, is gá modhnú ar léas le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo agus sa chás sin amháin:

(a)

is gá leis an modhnú mar thoradh díreach ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis; agus

(b)

tá an bonn nua chun íocaíochtaí léasa a chinneadh coibhéiseach leis an mbonn roimhe sin ó thaobh an gheilleagair de (i.e. an bonn atá díreach roimh an modhnú).

106

Má dhéantar modhnuithe ar léas sa bhreis ar na modhnuithe ar léas sin is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, cuirfidh léasaí na ceanglais is infheidhme sa Chaighdeán seo i bhfeidhm chun na modhnuithe uile ar léas a dhéantar ag an am céanna a chur san áireamh, lena n-áirítear na modhnuithe sin ar léas a cheanglaítear le hathchóiriú an tagarmhairc ráta úis.

...

DÁTA ÉIFEACHTACH

...

C1B

Le hAthchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2, lena leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, a eisíodh i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 104 go 106 agus C20C go C20D leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin.

AISTRIÚ

...

Athchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2

C20C

Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bfheidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i mír C20D.

C20D

Ní cheanglaítear ar an eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Féadfaidh eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, aithneoidh an t-eintiteas sin aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha roimhe sin agus an tsuim ghlanluacha ag tús na tréimhse bliantúla tuairiscithe lena n-áirítear an dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí) den tréimhse bhliantúil thuairiscithe lena n-áirítear an dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair